Trí ribí gruaige órga an fhathaigh mhóir

Leagan Gaeilge le Caitríona Ní Churraoin

Fadó fadó, bhí bean bhocht ann a raibh mí-ádh uirthi i gcónaí go dtí an lá ar rugadh a mac, tháinig athrú mór chun feabhais air seo. Bhí sí sona sásta lena mac óg agus dúirt bean feasa as an mbaile léi, “Tá marc beag ar bhaithis do pháiste agus insíonn sé sin dom go mbeidh an t-ádh leis i gcónaí ina shaol. Nuair a bheas sé ina fhear, pósfaidh sé iníon an Rí. ”

Ansin, níorbh fhada gur chuala an Rí é féin an méid a bhí le rá ag an mbean seo agus bhí sé ar buile. “Ní ligfidh mé céad do m’iníon gnáthbhuachaill ón mbaile a phósadh,” a gheall sé, “caithfidh an páiste sin bás a fháil.”

Ní raibh an baile, an áit a raibh an páiste óg agus a mháthair ina gcónaí, i bhfad ó phálás an Rí. Amach leis an Rí an lá ina dhiaidh sin le cuairt a thabhairt ar an mbaile. Níor lig sé air féin gurbh é féin an Rí ach lig sé air féin gurbh é ceann de na huaisle é.

Ansin tháinig sé chomh fada le teach na mná agus isteach leis. Bhí an páiste sa gcliabhán agus díreach mar a cheap an Rí bhí marc an áidh ar a bhaithis. “Is breá an buachaill beag é sin,” a deir an Rí. “Tabhair dom é agus tógfaidh mé mar thiarna é.”

Ar dtús, dhiúltaigh an bhean bhocht dó ach thairg an strainséir an oiread óir di gur thosaigh sí ag athrú a hintinne. Ar deireadh, thug sí an páiste don fhear saibhir uasal seo. “I ndiaidh chuile rud, ní tharlódh aon drochrud do mo mhac mar gheall go bhfuil an t-ádh leis agus ba mhaith liom go ndéanfadh sé tiarna iontach,” a deir sí.

Thóg an Rí an páiste leis ina ghabháil agus amach leis as an mbaile. Tháinig sé chomh fada leis an abhainn, áit ar chuir sé an páiste i mbosca adhmaid, dhún sé é le tairní agus chaith sé isteach sa bpáirt ba dhoimhne den abhainn é. Ansin d’fhill an Rí ar an bpálás, é sásta leis féin go bhfuair sé réidh leis an mbuachaill óg.

Ní dheachaigh an bosca adhmaid go tóin poill ach shnámh sé ar bharr uisce síos an abhainn go dtí gur scuabadh isteach ar an mbruach é in aice le muileann. Chomh tráthúil is a bhfaca tú riamh, bhí printíseach as an muileann in shuí ar an mbruach ag ithe lóin. Nuair a chonaic sé an bosca, tharraing sé chuige féin é, cinnte go raibh sé chun rud iontach a fháil. Ach ní bhfuair sé ach páiste óg a lig scread as agus é á thogáil amach as an mbosca.

Bhí an muilleoir agus a bhean chéile breá sásta nuair a chonaic siad an páiste. “Níl aon pháistí dár gcuid féin againn,” a deir a bhean céile. “Coinneoidh muid an bronntanas seo ó neamh agus togfaidh muid é amhail is gurbh é ár mac féin é.”

Sábháladh mac na mná boichte ón Rí gránna agus d’fhás sé suas ina bhuachaill laidir, dathúil faoi churam ghrámhar an mhuilleora agus a mhná céile.

Nuair a bhí an buachaill chomh hard leis an muilleoir agus dhá oiread chomh laidir leis, tháinig an Rí é féin ar foscadh sa muileann le linn stoirme. Thug sé faoi ndeara an t-ógánach dathúil agus rinne sé comhghairdeas leis an muilleoir. “Ní hé ár mac féin é,” a deir an muilleoir leis. “Níl a ainm ceart ar eolas againn fiú, cé go nglaonn muid Hans air. Tógadh as an abhainn é ina pháiste agus nach é sin an lá beannaithe dúinn!”

Chuir an Rí cúpla ceist eile ach bhí a fhios aige cheana féin gurbh é Hans an buachaill a raibh sé ag iarraidh deireadh a chuir leis. Agus é ag cur a chuid smaointe dorcha i bhfolach, dúirt sé leis an muilleoir, “ba mhaith liom litir a chur ag an mbanríon mar gheall nach bhfeicfidh mé í go cheann cúpla lá. Bíodh Hans anseo mar an teachtaire. Íocfaidh mé go maith air agus beidh dhá phíosa óir dhuit féin freisin.”

D’aontaigh an muilleoir leis an Rí. B’ónóir do Hans seans a fháil dul go dtí an pálas agus b’fhéidir go gcasfadh sé ar chairde nua a thabharfadh cunamh dhó a chuid airgid a dhéanamh. Scríobh an Rí an litir go sciobtha, dhún sé é agus thug sé do Hans é.

Bhí sé ag éirí dorcha nuair a d’imigh Hans agus tar éis dó píosa fada a shiúl, bhí sé cinnte go raibh sé imithe amú. Nuair a tháinig sé go dtí an fhoraois mhór, chonaic sé solas as teach beag i measc na gcrann. “Tá sé chomh maith dhom dídean na hoíche a fháil anseo,” a chuimhnigh Hans agus rith sé i dtreo an tí.

Dúirt an tseanbhean a d’freagair an doras, “níl cead agat fanacht anseo. Tá mo gharmhac ina cheannaire ar bhuíon robálaithe agus maróidh siad thú má fheiceann siad anseo thú.”

“Níl aon fhaitíos orm,” arsa Hans. “Tá mé ar mo bhealach go dtí an pálás le litir a thabhairt chuig an mbanríon ach sula ndéanfaidh mé tada eile caithfidh mé rud éigin a ithe agus mo scith a ligean. Togfaidh mé mo sheans ar na robálaithe,” arsa Hans leis an tseanbhean agus meangadh ar a aghaidh.

Bhí Hans chomh gealgháireach ag breathnú agus chomh cineálta sin, nach raibh an tseanbhean in ann é a chur chun bealaidh arís. “Tá go maith,” a deir sí faoi dheireadh. “Tabhairfaidh mé greim le hithe dhuit agus is féidir leat dul a chodladh ansin ar an urlár go dtí go dtaga na robálaithe abhaile”.

Tar éis do Hans rud éigin a ithe, shín sé é féin anuas ar an urlár agus thit sé a chodladh. Nuair a tháinig na robálaithe abhaile bhí Hans fós ina chodladh. “Ná bíodh sibh feargach, ní dhéanfaidh an buachaill aon dochar dúinn,” arsa an tseanbhean.

D’imigh an príomhrobálaí anonn chuig Hans chun é a dhúiseacht. Ansin chonaic sé litir na banríona le taobh Hans agus é fós ina chodladh ar an urlár. “Litir don bhanríon,” a scread sé.

“Sin é é,” arsa a sheanmháthair. “Tá an buachaill óg seo le litir a thabhairt go dtí an pálás.”

“Mar sin caithfidh mé an litir seo a léamh dhom féin,” arsa an príomhrobálaí agus chrom sé síos gur phioc sé suas an litir. “Is aisteach an litir í seo,” a dúirt sé leis an tseanbhean, agus í ag cur bia ar an mbord. “Tá an litir seo scríofa ag an Rí féin agus é ag insint don bhanríon an buachaill óg seo a mharú chomh luath is a thabharfaidh sé an litir di. Bhuel, feicfidh muid faoi sin.”

Shuigh an robálaí síos ag an mbord agus é ag gáire leis féin agus scríobh sé litir eile. “Tá mé ag iarraidh go bposa an buachaill seo ár n-ínion ar an bpointe,” a scríobh an robálaí agus é ag déanamh aithris mhaith ar lámhscríbhinn an Rí.

Ansin, stróic sé an chéad litir agus leag sé an dara litir le taobh Hans a bhí fós ina chodladh ar an urlár. “Píosa gáire a bheas ann,” a dúirt sé lena sheanmháthair, “agus beidh sé sách maith ag an sprionlóir de Rí sin.”

Le moch na maidine, dhúisigh an príomhrobálaí Hans, réitigh sé bricfeasta dó d’árán agus míl agus le cinéaltas chuir sé ar an mbóthar é go dtí an phríomhchathair. Agus é ag gáire leis féin mar gheall ar an gcleas a rinne sé ar an Rí ghuígh sé ádh mór ar Hans.

Ghlac Hans buíochas leis an bpríomhrobálaí agus d’imigh leis ar a bhealach. Shroich sé an chathair an mhaidin chéanna agus treoraíodh go dtí an pálás é. Chuir an bhanríon fáilte chroíúil roimhe agus léigh sí an litir. Ansin thug sí póg do Hans agus dúirt, “Tá an Rí théis ordú a thabhairt go bposa tú m’iníon gan mhoill. Tá sé uilig scríofa sa litir.”

Chomh luath is a leag Hans súil ar an mbanphrionsa álainn, bhí sé níos mó ná sásta aontú leis an bposadh mar gheall gur thit sé i ngrá léi ar an bpointe. Socraíodh an bhainis le haghaidh an tráthnóna sin agus bhí ceiliúradh iontach ann.

Ní chreidfeá chomh feargach is a bhí an Rí nuair a d’fhill sé ar an bpálás. “Bhí sé uilig scríofa i do litir,” a deir an bhanríon go mísásta. “Rinne mé díreach an rud a d’iarr tú orm.”

“Is cleas atá ann,” a deir an Rí. “Ní míse a scríobh an litir! Caithfidh an buachaill sin imeacht….” Níor thuig an Rí go raibh an banphríonsa chomh mór i ngrá le Hans. “Má imíonn seisean, imeoidh míse freisin,” a dúirt sí lena hathair.

“Tá go maith,” a deir an Rí ar deireadh. “Ach caithfidh sé scrúdú áirithe a dhéanamh má tá sé chun fanacht mar d’fhear céile.”

D’aonaigh an banphríonsa mar bhí sí cinnte go mbeadh a fear cróga nuaphósta ábalta ag an scrúdú ba dheacra a smaoineodh a hathair air.

Anois bhí an Rí cruálach agus glic, bhí an scrúdú a bhí leagtha amach aige do Hans an-deacair. “Beidh ort trí ribí gruaige an fhathaigh, a bhfuil cónaí air sa bpluais atá céad léig as seo, a fháil dhom,” a dúirt sé le Hans.

“Níl aon fhaitíos orm roimh an bhfathach,” arsa Hans. “Rachaidh mé ar an bpointe.”

D’imigh Hans leis trí ghleannta breátha agus cnoic arda go dtí gur tháinig sé go dtí an chéad bhaile mór a raibh air a dhul tríd sula mbainfeadh sé pluais an fhathaigh amach. Ach nuair a sheas sé ag geataí an bhaile mhóir, stop fairtheoir é.

“Cén fáth ar cheart dom thú a ligean thríd?” arsa an fairtheoir. “Céard a bhíonn ar bun agat?”

“Is féidir liom chuile rud a dhéanamh,” arsa Hans agus meangadh gáire air. “Agus tá chuile rud ar eolas agam”.

“Mar sin, inis dom cén fáth a bhfuil an tobar, a bhí lán le fíon dearg uair amháin, triomaithe chomh mór sin nach féidir linn fiú uisce a fháil as?”

“Lig cead dom dhul tríd do bhaile,”arsa Hans, “agus beidh freagra agam dhuit ar mo bhealach ar ais.”

Bhí an fairtheoir sásta agus leis sin lig sé cead do Hans a dhul trína bhaile.

An lá ina dhiaidh sin tháinig Hans chuig an dara baile a bhí faoi ghardáil ag fairtheoir. “Cén fáth ar cheart dom thú a ligean thríd?” a deir an fear faire. “Céard a bhíonn ar bun agat?”

“Is féidir liom chuile rud a dhéanamh,” arsa Hans, “agus tá chuile rud ar eolas agam.”

“Mar sin inis dom cén fáth nach bhfuil úlla ná duilleog ag fás ar chrann a mbíodh úlla órga uair amháin?” arsa an fear faire.

“Lig cead dom dhul tríd do bhaile,” a deir Hans, “agus beidh freagra agam dhuit ar mo bhealach ar ais.”

“Tá go maith,” a deir an fear faire. “Coinnigh ort.”

Nuair a bhí Hans gar do phluais an fhathaigh, thuig sé go raibh air dul trasna na habhann ar bhád. D’iarr Hans ar an bhfarantóir é a thabhairt trasna ach d’eitigh sé é. “Ní dhéanfaidh go n-inseoidh tú dom cén fáth a bhfuil orm iomramh ar cúl agus ar aghaidh agus nach bhfuil mé in ann an bád a fhágáil riamh?” a deir sé.

“Tabhair trasna na habhann mé agus beidh freagra agam dhuit ar mo bhealach ar ais,” arsa Hans. D’aontaigh an farantóir leis.

Nuair a tháinig Hans go dtí an phluais mhór dhorcha, isteach leis go dána agus bhí sé réidh chun na trí ribí gruaige órga a iarraidh ar an bhfathach. Ach ní raibh an fathach sa bhaile. Ní raibh ann ach seanmháthair an fhathaigh agus bhí sí á luascadh féin siar is aniar sa gcathaoir. Ní raibh an tseanbhean chomh scanrúil sin is a cheap Hans go mbeadh sí. Bhí seanmháthair an fhathaigh an-tógtha leis an ógánach dathúil agus a mheangadh gáire. “Céard atá uait anseo?” a deir sí.

D’inis Hans di an scéal mór fada. “Mar a fheiceann tú,” a deir sé, “mura dtabharfaidh mé ar ais trí ribí gruaige órga an fhathaigh, caillfidh mé mo bhean chéile álainn agus cinnte mo shaol chomh maith.”

“Maróidh an fathach thú má fhaigheann sé anseo thú,” a deir an tseanbhean. “Ach tabharfaidh mé cúnamh dhuit má bheidh mé in ann.” D’úsáid sí a cuid draíochta speisialta agus d’athraigh sí Hans ina shiongán beag. “Isteach leat i mo sheál,” a deir sí, “agus beidh tú sábháilte ansin nuair a thiocfaidh mo gharmhac abhaile.”

“Tá sé sin an-deas uait,” arsa Hans, ní raibh sé curtha amach agus é iompaithe ina shiongán beag. “Ach tá trí rud a chaithfidh mé a fháil amach nó ní bheidh mé in ann dul ar ais chuig an bpálás. Caithfidh mé a fháil amach an fáth a bhfuil an tobar a bhí lán le fíon dearg uair amháin triomaithe agus an fáth nach bhfuil úlla ag fás ar chrann a bhí lán le úlla órga tráth. Ar deireadh thiar, caithfidh mé a fháil amach an fáth a bhfuil ar an bhfarantóir áirithe iomramh ar cúl agus ar aghaidh agus nach bhfuil cead aige a bhád a fhágáil riamh.”

“Níl na ceisteanna sin furasta a fheagairt,” a deir seanmháthair an fhathaigh. “Ach tá eolas ag mo gharmhac ar go leor rudaí, bí ag éisteacht go cúramach anocht nuair a chuirfidh mé na ceisteanna air agus mé ag tarraingt amach na trí ribí gruaige órga.

Tháinig an fathach abhaile níos déanaí an oíche sin agus bhí torann a chos ar nós toirní nuair a tháinig sé isteach sa bpluais agus chaith sé é féin síos ar an gcathaoir adhmaid. Ach ar an bpointe bhí sé ina sheasamh arís agus é ag screadáil, “Faighim boladh, faighim boladh, faighim boladh duine dhaonna!!!”

“Seafóid,” a deir a sheanmháthair. “Faigheann tú boladh do shuipéir, suigh síos arís agus ith leat. Ach ní raibh an fathach sásta agus chuartaigh sé chuile chúinne den phluais mhór sular shuigh sé síos arís.

Tar éis an tsuipéir, chuir an fathach a chloigeann ar ucht a sheanmháthar mar ba ghnách leis agus thit sé a chodladh. Nuair a bhí sé ag srannadh os ard, chrom an tseanbhean agus tharraing ribe gruaige órga as a cheann. Dhúisigh an fathach ar an bpointe. “A sheanmháthair, céard atá ar súil agat,” a bheic sé.

“Bhí mé ag brionglóidigh,” a dúirt an tseanmháthair leis. “agus bhí an bhrionglóid chomh haisteach go raibh orm breith ar do chuid gruaige.”

“Céard é féin? Céard air a raibh tú ag brionglóidigh?” arsa an fathach.

“Bhí mé ag brionglóidigh go raibh tobar i mbaile áirithe a bhíodh lán le fíon dearg uair amháin agus atá anois triomaithe,” a deir an tseanbhean.

Thosaigh an fathach ag gáire. “cén fath a mbeadh a fhios acu é?” a deir sé, “Tá buaf mhór ag bun thobar an fhuaráin. Má gheobhann siad réidh leis an mbuaf seo, beidh an fíon ar fáil arís.”

“An mar sin é?” a deir an tseanbhean. “Gabh a chodladh anois arís.”

Thit an fathach a chodladh uair amháin eile agus tharraing an tseanbhean ribe gruaige órga eile as a cheann. Dhúisigh an fathach agus é ar buile arís agus dúirt a sheanmháthair go tapa “ná bíodh fearg ort, bhí brionglóid aisteach eile agam agus bhí orm an ribe a tharraingt. Chonaic mé crann a bhí lán le úlla órga uair amháin ach atá anois lom agus nach bhfuil an duilleog féin ag fás air”.

Rinne an fathach dearmad ar a chuid feirge mar gheall go raibh a sheanmháthair ag slíocadh a chuid gruaige. “Ní raibh tú sách fada ag brionglóidigh, dhá mbeadh, beadh a fhios agat céard a bhí le déanamh. Tá luch bheag ag cogaint ag bun an chrainn, dá gcuirfeadh siad deireadh leis an luch, bheadh úlla órga ar an gcrann arís.”

Tháinig meangadh gáire ar an tseanbhean. “Tit i do chodladh anois,” a deir sí. “B’fhéidir gurb é seo deireadh le mo chuid brionglóidí. Ach bhí a fhios aici go raibh uirthi an ribe gruaige órga deiridh a fháil roimh dheireadh na hoíche. Léim an fathach go feargach agus é ag scríobadh a chinn. Ach dúirt a sheanmháthair leis go réidh, “ Ní féidir leat an mhilleán a chur ormsa mar gheall go bhfuil mo chuid brionglóidí chomh aisteach sin is go mbeirim ar do chuid gruaige le haghaidh compord.

“An bhfuil a fhios agat go raibh mé ag brionglóidigh go bhfaca mé farantóir ag iomramh ar cúl agus ar aghaidh agus nach raibh sé in ann a bhád a fhágáil riamh.”

Dúirt an fathach go cantálach “an t-amadán, is é an méid atá le déanamh aige ceann de na maidí rámha a thabhairt don chéad fhear eile a shuífidh ina bhád. Beidh sé saor ansin agus beidh ar an bhfear eile a áit a thógáil.”

“Nach tú atá glic,” a deir an tseanbhean. “Anois, déanfaidh mé deoch deas te dhuit de bhrí go bhfuil an oíche beagnach caite.”

Go moch an mhaidin ina dhiadh sin, d’fhág an fathach an phluais. Chomh luath is a bhí sé imithe, thug an tseanbhean an siongán amach as a seál agus d’iompaigh sé ar ais ina dhuine daonna é. “Tá an t-ádh leat mar ghasúr,” a dúirt sí le Hans. “Tá na trí ribí gruaige órga anseo dhuit agus tá freagraí na gceisteanna agat. Anois, bí ar do bhealach sula dtaga an fathach ar ais.”

Ghlac Hans buíochas ó chroí léi, phóg sé a lámh agus gheall sé di nach ndéanfadh sé dearmad uirthi go deo. Ansin chuir sé na trí ribí gruaige órga isteach ina sparán agus thosaigh sé ag déanamh a bhealaigh abhaile.

Ansin bhí sé ar bhruach na habhann móire agus dúirt sé leis an bhfarantóir, “Tá freagra na ceiste agam dhuit, ach caithfidh tú mé a ligean trasna na habhann ar dtús.” Nuair a bhí siad thall ar an taobh eile den abhainn agus é slán sábháilte, dúirt sé, “Is féidir leat ealú ón mbád sin má thugann tú ceann de na maidí ramha don chéad fhear eile a shuífidh isteach sa mbád.”

Ansin tháinig Hans chuig an mbaile ina raibh an crann lom ó na húlla órga. “Seo é freagra na ceiste,” a dúirt sé leis an bhfairtheoir. “Faigh réidh leis an luch sin atá ag cogaint ag bun an chrainn.”

Tharla an méid a dúirt sé ar an toirt agus bhí muintir an bhaile sona sásta nuair a chonaic siad na húlla órga ag fás ar ais. Bhí muintir an bhaile chomh buíoch sin gur thug siad dhá asal do Hans le málaí óir a bhí lán go béal.

Ansin nuair a thug Hans aghaidh ar an gcéad bhaile eile, dúirt sé le fairtheoir an bhaile, “Tá buaf mhór ag bun thobar an fhuaráin. Faigh réidh leis an mbuaf seo agus beidh fíon dearg go flaithiúil ag teacht amach as an tobar arís.”

Rinneadh an méid a dúirt sé agus arís ghlac muintir an bhaile a mbuíochas leis. Thug siadsan freisin dhá asal do Hans le málaí óir a bhí lán go béal. Ar aghaidh le Hans ansin go dtí gur tháinig sé go dtí an Pálás.

“Seo hiad ribí gruaige órga an fhathaigh mhóir,” arsa Hans leis an Rí a bhí ar buile ag an am seo. “Níor fhill mé ar ais anseo i m’fhear bocht mar tá an oiread sin óir taobh amuigh agam a dhéanfadh pálás chomh breá leis an gceann seo,” a dúirt Hans leis an Rí.

Bhreathnaigh an Rí go cruinn ar Hans agus nuair a bhí sé cinnte gurbh í an fhírinne a bhí á hinsint aige, dúirt sé leis “Inis dom anois, cá bhfuair tú an méid sin óir agus an bhfuil níos mó de ar fáil.”

“Tá neart de ar fáil,” arsa Hans. D’inis sé don Rí go raibh air bealach a fháil chun dul trasna na habhann. “Nuair a bheas tú ann, abair leis an bhfarantóir tú a thabhairt go dtí an taobh eile den abhainn agus beidh flúirse óir le fáil agat ansin,” a dúirt sé leis an Rí.

Ón lá sin amach, ní fhaca Hans tásc ná tuairisc ar an Rí a thug aghaidh ar an dturas fada a bhí amach roimhe.

Ach má thagann tú trasna ar abhainn choíche a bhfuil farantóir le coróin ar a cheann, beidh tú cinnte faoin méid a tharla dó.

Ach maidir le Hans, bhí an t-ádh leis gur chreid na daoine go ndéanfadh sé Rí maith agus dár ndóigh bhí an ceart ar fad acu.