Plúirín Sneachta agus Róisín Dearg

Leagan Gaeilge le Micheál Ó Tuathail

Bhí baintreach bhocht ann fadó an lá a raibh cónaí uirthi i dteachín beag in aice na coille. Bhí dhá rós ag fás sa ghairdín aici a raibh tóir an domhain aici orthu, ceann bán agus ceann dearg. Bhí an oiread sin ceana aici orthu gur thug sí Plúirín Sneachta agus Róisín Dearg ar a beirt iníonacha. Bhí Plúirín Sneachta lách cineálta séimh agus bhíodh sí de thiar ag cabhrú lena máthair sa teach, agus bhí Róisín Dearg chomh haerach le gabhar agus gan uaithi ach a bheith ag imeacht ag fánaíocht le linn na haimsire breá.

Bhí an bheirt deifiúireacha an-mhór lena chéile agus is minic a théadh siad ag siúl isteach sa choill agus bhí an oiread sin cleachtaidh ag na hainmhithe orthu gur mhinic a thagadh siad chomh fada leo ar thóir beatha. B’in sa samhradh, ach sa gheimhreadh chuireadh a máthair an bolta ar an doras agus d’fhanadh siad cois tine agus Mamaí ag insint scéalta dóibh. Bhíodh an fia beag a bhí acu mar pheata ina luí cois tine leo.

Oíche fhuar amháin agus iad ina suí ar an teallach buaileadh an doras. “Éirigh go beo, a Róisín,” a dúirt Mamaí, “agus scaoil isteach cibé créatúr atá ansin.”

Is beag nár thit an t-anam as Róisín bhocht nuair a d’oscail sí an doras agus a chonaic sí an béar mór dubh ina sheasamh ar an tairseach. “Scaoil isteach mé le do thoil,” arsa an béar, “geallaim nach ngortóidh mé sibh agus tá mé stromptha leis an bhfuacht.”

Baineadh stangadh as Róisín, lig sí béic aisti agus dhún sí an doras arís, ach d’fhógair a máthair uirthi, “lig isteach an béar bocht” ar sise, “chuala tú a ndúirt sé, ní chuirfeá muc ná madra amach oíche mar seo.”

Isteach leis an mbéar agus sheas sé i lár an urláir. Bhí sé ag breathnú mór míllteach nuair a labhair sé. “Ar mhiste le duine agaibh an sneachta a ghlanadh de mo dhroim” ar seisean. Rinne Róisín mar a d’iarr an béar nuair a thuig sí gur béar lách a bhí ann.

Ansin réitigh Plúirín Sneachta áit ar an teallach dó agus dúirt Mamaí leis, “tá fáilte romhat fanacht anseo go mbeidh cruas an gheimhridh bailithe thart.”

B’in deireadh na scéalta an oíche sin mar gur chaith na cailíní an chuid eile den oíche ag déanamh spraoi leis an mbéar agus ba ghearr go raibh an fia féin ag déanamh spraoi leis.

Nuair a bhí sé in am codlata dúirt Mamaí leis an mbéar “fan ansin sa chlúid, beidh tú te teolaí don oíche” agus leis sin shín an béar amach é féin agus thit sé a chodladh.

Bhí an béar bailithe nuair a d’éirigh Róisín aniar ar maidin ach d’fhill sé arís tráthnóna agus chaith siad an oíche ag déanamh spraoi arís.

D’fhill an béar chuile oíche ar feadh an gheimhridh agus d’éirigh na cailíní an-gheanúil air ach tar éis lá le Bríde dúirt an béar leo “caithfidh mé imeacht anois nó go dtiocfaidh an geimhreadh arís.”

“Cá rachaidh tú?” a d’fhiafraigh Plúirín Sneachta agus na deora ag sileadh anuas léi. Aireoidh muid uainn thú.

“Tá mé ag dul i bhfad isteach sa choill,” a dúirt an béar, “tá mo chuid maoine ar fad cuthra faoi thalamh agam ansin agus bíonn sé sábháilte ann i rith an gheimhridh ach san earrach nuair a bhogann an talamh bíonn orm súil a choinneáil air mar dá bhfaigheadh na leipreacháin mínósacha sin é ní fhágfadh siad a dhath agamsa.”

Bhí meall ar a gcroí agus an béar ag imeacht as amhrac.

Cúpla lá ina dhiaidh sin agus na cailíní ag siúl leo sa choill tháinig siad trasna ar fheairín beag a raibh a chuid féasóige i bhfostú sna driseacha.

“Cén sórt óinseacha sibhse in bhur seasamh ansin ag breathnú orm,” a dúir sé de bhéic, “tarraing amach as seo mé.”

Ba chuma céard a thriail siad ní raibh aon mhaith déanta. Leis sin thug Plúirín Sneachta siosúr as a póca agus ghearr sí íochtar a chuid féasóige. Ach in ionad a bheith buíoch do na cailíní ní dhearna an feairín beag ach iad a mhaslú. Chaith sé mála a bhí lán le h-ór buí ar a dhroim agus bhailigh sé leis.

Bhí aiféala ar Róisín Dearg nár fhág siad sáite sna driseacha é ach níor mhaith le Plúirín é sin a dhéanamh.

Lá arna mhárach agus na cailíní thíos ag an sruthán cé a d’fheicidís arís ach an feairín beag céanna agus mar bharr ar an mí-ádh nach raibh sé i bhfostú sa dorú a bhí aige ag iascaireacht. Dá mbeadh rogha ag Róisín an uair seo d’fhanfadh sé ann, ach arís ní raibh sé de chroí ag Plúirín é a fhágáil, agus nuair a thosaigh an feairín beag ag scréachaíl chinn siad cúnamh a thabhairt dó arís.

Rinne siad chuile iarracht é a tharraingt aníos ón uisce ach arís ní raibh aon mhaith déanta.

“Níl aon rogha eile againn,” a dúirt Róisín, “caithfidh tú an siosúr sin a úsáid arís.”

“Is dóigh nach bhfuil,” a dúirt Plúirín agus ghearr sí beagán eile dá fhéasóg.

“Rinne sibh d’aonturas é,” arsa an feairín beag de bhéic agus é dearg le fearg faoin tráth seo de bharr a chuid féasóige a bheith gearrtha arís.

Bhí fonn ar Róisín píosa den teanga a thabhairt dó ach bhí beagán scátha aici roimhe agus ní dúirt sí faic. Leis sin rith sé i dtreo áil mhór, chroch sé mála mór suas a dhroim ar thit lán glaic de phéarlaí amach as.

Níor oscail na cailíní a mbéal lena máthair faoin méid a tharla ar fhaitíos nach mbeadh cead acu dul ag siúl sa choill leo féin níos mó.

“Ní cheapfainn go bhfuil mórán dochair ann ar aon nós,” a dúirt Róisín “ach níl múineadh air ach oiread.”

“Muise níl a fhios agam faoi sin,” arsa Pluirín Sneachta, “ceapaim go bhfuil sé sách urchóideach, agus meas tú cá bhfuair sé na péarlaí agus an t-ór? Ní chreidfinn ón saol mór gur leis féin iad.”

Cúpla lá ina dhiaidh sin, d’iarr Mamaí orthu dul síos chuig an siopa beag a bhí ar an mbaile agus is breá sásta a bhí Róisín agus Plúirín é sin a dhéanamh. Nuair a bhí siad ag siúl ar bhruach na coille chonaic siad iolar ag déanamh a bhealaigh i dtreo na talún.

“Ó, tá súil le Dia agam nach ag faire ar cheann dár gcairde beaga sa choill atá an t-iolar sin,” arsa Róisín.

Ansin chuala siad glór ag fógairt agus ag tóraíocht cúnaimh, rith siad ina threo agus cé a bhí ann ach an feairín beag cantalach agus an t-iolar réidh chun é a chrochadh leis. Cé gur beag an fonn a bhí orthu, rug na cailíní ar an bhfeairín agus thosaigh siad ag streachailt leis an iolar agus choinnigh siad leis go brách nó go bhfuair siad an ceann is fearr air.

Má cheap na cailíní go raibh an feairín chun buíochas a ghlacadh leo, bhí dul amú orthu.

“An bhfuil tada idir bhur gcluasa agaibh,” a dúirt sé leo go feargach, “tá mo chóta stróicthe, mo ghiall gortaithe de bharr a bheith ag tarraingt mo chuid féasóige, tuige nach ndearna sibh go réidh liom?” agus rith sé leis agus é ag árdú mála eile leis a bhí caite ar an talamh.

Bhí Plúirín Sneachta sásta mar sin féin gur chabhraigh siad leis.

Iontas na n-iontas, ar a mbealach ar ais ón siopa cé a chonaic siad arís ach an feairín beag agus é ag folmhú péarlaí aníos as ceann de na málaí.

Cé go ndeachaigh na cailíní i bhfolach taobh thiar de chrann chonaic an feairín iad agus ní mó ná sásta a bhí sé.

“Cé air a bhfuil sibhse ag faire, a ghadaithe?” ar seisean de bhéic, “greadaigí libh.”

“Glacaim padún leat,” arsa Rósín, “ní gadaithe muidne, níl muid ag iarraidh tada de do chuid agus bheinn buíoch mura mbeadh tú chomh gránna linn.”

Ansin labhair Plúirín, “shábháil muidne tusa trí bhabhta agus níorbh fhiú leat buíochas a ghabháil linn.”

Bhí an oiread sin cantail agus feirge air nach bhfaca an feairín an béar mór dubh ag teacht anair aduaidh air go dtí gur rug sé air lena chrúba móra. Bhí sé éasca labhairt leis ansin, agus nuair a rug an béar air thosaigh sé ag croitheadh ó mhullach a chinn go ladhracha a chos.

“Ná gortaigh mé, a bhéir, ní raibh sé i gceist agam cur as duit, tóg na péarlaí seo is fiú go leor iad agus croch leat an dá óinseach sin freisin más mian leat,” a dúirt sé agus é ag fuarchaoineadh.

Níor aithin Róisín ná Plúirín an béar.

Agus é fós i ngreim sa bhfeairín beag labhair an béar leo.

“Nach n-aithníonn sibh mé,” a dúirt sé leo, “is mise a bhíodh ag fanacht in éineacht libh.”

Leis sin chaith sé an feairín beag go talamh agus rinne sé gé de, agus ar an bpointe boise tharla athrú aisteach.

D’imigh an béar mór a raibh fionnadh mór fada air, agus sheas fear óg dathúil a raibh culaith bhreá éidigh á caitheamh aige os a gcomhair.

Sheas na cailíní ansin agus a mbéal oscailte acu le hiontas ag breathnú ar an bhfear breá seo go dtí gur labhair sé leo arís.

“Chuir an leipreacháinín gránna sin ortha orm fadó,” a dúirt sé leo, “ionas go mbeadh mo chuid maoine ar fad aige agus go mbeadh mise i mo bhéar go deo. Is féidir liom dul ar ais chuig pálás m’athar anois.”

“Ba breá le Mamaí thú a fheiceáil sula rachaidh tú ar ais mura miste leat,” arsa Plúirín Sneachta go cúthaileach.

“Ba bhreá liomsa ise a fheiceáil freisin,” arsa an fear óg “mar ba mhaith liom ceist a chur uirthi.”

Chuaigh siad ar fad ar ais chuig an teach agus d’iarr an fear óg cead a máthar Plúirín Sneachta a phósadh, rud a fuair sé ar an bpointe. Chuaigh Plúirín agus a fear céile chun cónaithe sa phálas agus thug siad cuireadh do Róisín agus dá máthair teacht leo, rud a rinne siad. Bhí ríméad an domhain mhóir ar a máthair nuair a chuir an Prionsa dhá rós sa ghairdín, ceann dearg agus ceann bán díreach mar a bhí ina gairdín féin tráth den saol.