Nathair na hAdhairce Buí

Leagan Gaeilge le Fiona Ní Fhátharta

Fadó fadó, bhí caisleán mór, ríoga in aice na farraige. Bhí sé déanta as marmar bán agus bhí sé chomh hálainn sin nach raibh a leithéid le fáil in aon áit eile ar domhan.

Bheadh an caisleán seo foirfe seachas rud éigin amháin. Cheap an rí agus an bhanríon go raibh na hallaí agus na gailearaithe, na lochtáin agus na balcóiní, róchiúin agus rófholamh mar nach raibh páistí acu. Níor chuir na hócáidí foirmiúla a bhíodh ar siúl beocht sna seomraí móra ach an oiread. Ba bhreá leo dá mbeadh páiste acu ach níor tharla sé. Lá amháin, tháinig seanbhacach chuig an teach chun caint leis an rí agus a bhean chéile. Bhí na searbhóntaí ag iarraidh é a chur abhaile ach nuair a chuala an rí an ruaille buaille, chuaigh sé amach ar an mbalcóin agus d’iarr sé orthu é a thabhairt isteach. Nuair a tháinig an bacach i láthair an rí, bhí cuma iomlán difriúil air. Sheas sé ní ba dhírí agus ní b’airde agus bhí guth láidir, soiléir aige.

“A mhórgacht, caithfidh tú ordú a thabhairt chun an dragan san fharraige a mharú agus a chorp a scriosadh. Ní mór an croí a thógáil amach, áfach, agus é a thabhairt do bhean óg, fhionn chun é a chócaráil agus é a ithe in éineacht leis an mbanríon. Má dhéanann sibh é sin, beidh mac ag an mbanríon. “

“Ní rud éasca é seo,” a dúirt an rí. “Tá go leor daoine ag iarraidh é a mharú ach theip orthu ar fad go dtí seo.”

“Ní bhaineann sé sin liomsa,” a dúirt an seanfhear. “Thug mé comhairle mhaith duit ach an chaoi a ndéanann tú an gníomh, fútsa atá sé,” agus d’imigh sé mar a shlogfadh an talamh é. Ní raibh an bhanríon in ann smaoineamh ar bhean óg, fhionn ar bith mar go raibh gruaig dhubh ar chuile ógbhean sa tír. Bhuail smaoineamh ansin í, áfach. Bhí iníon fhionn ag a haltra, a bhí pósta le hiascaire óg darb ainm Tonio. Thug an bhanríon ordú an lánúin a thabhairt go dtí an caisleán. Bhí Tonio breá sásta iarracht a dhéanamh an dragan a aimsiú agus a mharú toisc gur mhairnéalach é. Bhí eolas maith aige ar na hainmhithe mara agus bhí na háiteanna ab fhearr leis an dragan ar eolas aige freisin.

Tar éis cúpla mí, bhí an t-ádh air an míol a mharú nuair a bhí sé ina luí ar charraigeacha gar don chladach. D’éirigh le Tonio a chroí a thógáil amach agus dhóigh sé a chorp, ach níor bhac sé leis an ionathar. Chócaráil a bhean chéile croí an dragain agus d’ith sí agus an bhanríon é.

Tar éis tamaill, rugadh mic don bhanríon agus do bhean chéile an iascaire. Bhí ríméad orthu ar fad agus eagraíodh baisteadh mór. Emilio an t-ainm a thug siad ar an bprionsa óg agus Cannolora a thug siad ar mhac an iascaire. D’fhás na buachaillí aníos le chéile agus bhí an-chion acu ar a chéile. Bhí an bheirt acu i gcomhluadar a chéile i gcónaí agus bhí siad an-chosúil lena chéile. Chaith siad na héadaí céanna agus bhí sé an-deacair iad a aithint óna chéile mura raibh aithne mhaith agat orthu.

Nuair a bhí na buachaillí fásta suas ina bhfir dhathúla, óga, chuir sé isteach go mór ar an mbanríon go raibh mac an iascaire gléasta sna héadaí céanna a bhí ag a mac.

Ní mó ná sásta a bhí sí gur mar a chéile a chaith an rí leo agus go raibh an grá céanna ag daoine don bheirt acu. Níor thaitin Cannolora léi níos mó agus d’fhaigheadh sí locht air i gcónaí. Chuir sé seo as go mór do Cannolora agus lá amháin, labhair sé le Emilio faoi.

“Bheadh sé níos fearr dá n-imeoinn ar feadh scaithimh chun mo shaibhreas a dhéanamh i bhfad ón áit seo,” a dúirt Cannolora leis. “B’fhéidir go n-athróidh sí a hintinn fúm nuair nach bhfuil mé anseo chuile lá.”

“Ní féidir leat mé a fhágáil anseo liom féin!” arsa Emilio agus imní an domhain air. “Ní raibh muid scartha óna chéile riamh!”

“Ceapaim go mbeadh sé níos fearr dá rachainn,” arsa Cannolora go séimh. “Tabharfaidh mé rud éigin duit agus cuirfidh sé mé i gcuimhne duit i gcónaí.”

Sháigh sé a scian sealgaire isteach sa talamh agus thosaigh uisce gléghlan ag stealladh amach as. Thóg sé craobhóg mhiortail agus chuir sé in aice an tobair é. Chuir sí fréamacha ar an bpointe agus tháinig bláth uirthi.

“Cén chaoi ar féidir leat é sin a dhéanamh? Tá sé mar a bheadh draíocht ann,” a dúirt Emilio agus ionadh air. “Ní draíodóir mé ar chor ar bith. Is féidir liom é seo a dhéanamh mar gheall ar an ngrá atá agam duit. Beidh tú in ann cuimhne a choinneáil orm i gcónaí dá bharr. Má sheargann an miortal agus má théann an tobar i ndísc, beidh a fhios agat go bhfuil mé marbh nó i gcontúirt.”

Rug siad barróg ar a chéile agus phóg siad a chéile go muirneach. D’imigh Cannolora ar a chapall ansin. Bhí an ghrian ag ísliú sa spéir nuair a tháinig sé chuig crosbhóthar. Ní raibh sé cinnte ar chóir dó casadh ar dheis nó ar chlé ach shocraigh sé casadh ar chlé. Tháinig garraíodóir amach ó úllord ansin, áfach, agus thug sé rabhadh do Cannolora. “Ná téigh an bealach sin. Téann sé sin síos go coill mhór, dhlúth agus bíonn sé an-deacair do bhealach a dhéanamh amach.”

“Céard faoin mbealach eile?” a d’fhiafraigh Cannolora de agus thug sé píosa óir don gharraíodóir.

“Téann sé sin chuig coill draíochta. Chuaigh go leor daoine ann ach níor tháinig aon duine ar ais. Ba chóir duit dul abhaile,” a dúirt sé leis. Ní dhearna Cannolora ach meangadh gáire a dhéanamh agus

d’imigh sé síos an bealach a bhí ar thaobh na láimhe deise. Chonaic sé beirt bhuachaillí ag bualadh nathrach le cipíní. “Ná déanaigí é sin!” a d’impigh sé orthu. Léim sé den chapall agus chuaigh an nathair bheag isteach sna crainn. Thug Cannolora faoi deara go raibh rud éigin geal, lonrach ar an seanbhóthar. Píosa d’eireaball na nathrach glaise, lonraí a bhí ann. Phioc Cannolora suas é agus chuir sé ina phóca é.

Bhí an oíche ag titim nuair a tháinig sé chuig muine dhlúth. Ní raibh na crainn cosúil leis na crainn a bhí ina thír féin. Bhí dealga móra ar na crainn seo agus ní raibh duilleog ar bith le feiceáil orthu. Cheap Cannolora nach mbeadh sé in ann dul ní b’fhaide mar gheall ar na crainn ollmhóra a bhí os a chomhair. D’éirigh sé ní ba dhorcha agus ní raibh taithí aige ar fhuacht na hoíche sin. Bhí imní an domhain air go bhfaigheadh sé bás agus ní dheachaigh sé a chodladh dá bharr. Shiúil sé suas agus síos lena chapall le go bhfanfadh sé te. Go tobann, leagadh lámh ar a ghualainn. Baineadh geit uafásach as ach nuair a chas sé timpeall, bhí bean óg, álainn ann agus gúna ór agus glas uirthi. Bhí laindéar ina lámh chlé agus labhair sí go séimh leis. “Tar liom. Gheobhaidh tú cosaint ón bhfuacht agus ón dorchadas i mo theach. Beidh tú te teolaí ansin agus beidh tú in ann tú féin a chóiriú freisin.”

Lasadh bearna sna géaga móra, dlútha le solas an laindéir. Bhrúigh siad tríothu agus tar éis tamaillín, tháinig siad go talamh bán agus bhí caisleán mór, geal os a gcomhair.

Chuaigh siad isteach go seomra te, geal agus bhí bord leagtha do bheirt ann. Shuígh Cannolora síos in aice na hógmhná agus níorbh fhada go raibh dearmad déanta aige ar a chuid deacrachtaí. Nuair a bhí a cuairteoir te agus dea-chothaithe, labhair an ógbhean álainn leis. “An chuimhin leat an nathair bheag ar shábháil tú ó na buachaillí dána, garbha? Mise a bhí ann.”

“An bhfuil an cumas sin agat?” arsa Cannolora.

“Breathnaigh, níl an lúidín ar an lámh seo. Nár aimsigh tú rud éigin agus ba leis an nathair é?”

Thóg Cannolora barr an eireabaill amach as a phóca agus chuir sé ar an lámh ciorraithe é. D’imigh an t-eireaball as radharc ar an toirt agus d’fhás méar bheag, bhan ina áit. “Cén chaoi a bhfuil duine chomh maith agus chomh hálainn leatsa in ann a bheith ina nathair?” a d’fhiafraigh Cannolora di.

“Ní féidir liom é sin a insint duit,” a d’fhreagair sí go brónach. “Téigh a chodladh anois agus nuair a dhúiseoidh tú ar maidin, ná déan iarracht mé a aimsiú ach lean ort ar do shiúlta. Ní bheidh tú i gcontúirt i rith an lae. Lean ort chomh tapa agus is féidir leat ionas go mbeidh tú imithe ón gcoill roimh thitim na hoíche nó beidh tú faoi smacht ag nathair na hadhairce buí.”

An mhaidin dár gcionn, chuardaigh sé ar fud an chaisleáin ar thóir na mná ach ní raibh tásc ná tuairisc uirthi. Faoi dheireadh, nuair a bhí an ghriain go hard sa spéir, d’imigh sé agus é faoi bhrón.

Cheap Cannolora nach dtiocfadh deireadh go deo leis na crainn arda, a bhí ag lonrú leis an sioc crua. Agus na huaireanta ag imeacht, b’fhearr leis a bheith faoin ngrian, in ionad a bheith sa choill dhorcha, uaigneach. Bhí titim na hoíche ag teacht agus bhí a fhios aige go raibh sé amaideach agus go mba chóir dó cloí le comhairle na hógmhná in ionad a chuid ama a chur amú.

Go tobann, chonaic sé nathair ollmhór. Bhí a súile lonracha ag breathnú go bagrach air. Bhí adharc mhór bhuí ar a ceann. Thóg Cannolora amach a chrosbhogha agus d’imigh an nathair as radharc ach tháinig sí ar ais beagnach láithreach i bhfad uaidh. Chuaigh Cannolora ina diaidh ach shleamhnaigh an nathair mhór an bhealach eile chomh sciobtha sin nach raibh sé in ann í a bhualadh.

D’éirigh sé an-dorcha i ngan fhios do Channolora, mar go raibh sé chomh dírithe sin ar an nathair, agus níorbh fhada gur tháinig stoirm fhíochmhar. Bhí tintreach, toirneach agus díle bháistí ann. Bhreathnaigh sé timpeall chun foscadh a aimsiú dó féin agus dá chapall. D’aimsigh sé uaimh, a bhí sách leathan don chapall, á bhuíochas le splanc thintrí. Bhí sé chomh dorcha sin nach raibh sé in ann a lámh féin a fheiceáil fiú agus thit sé in aice carn caschoille. D’éirigh leis cúpla cipín a lasadh agus bhí tine bhreá, the aige. Chuala sé uisce láidir, tulcach ní ba thúisce agus ó sholas na tine, bhí sé in ann an áit as a raibh an t-uisce ag teacht a fheiceáil. Bhí eas mór ann agus bhí an t-uisce ag titim isteach i mbabhla mór. Líonadh an babhla le cúr bán agus d’imigh sé faoin talamh. Ní raibh Cannolora in ann an áit a ndeachaigh an t-uisce a dhéanamh amach ach bhí sé ábalta níos mó uisce a chloisteáil faoin talamh.

Bhí leac dhorcha gar don eas agus fáinne iarainn ceangailte léi.

Agus é ag breathnú ar an leac, chuala Cannolora guth beag, soiléir. “Lig isteach mé. Lig isteach mé. Tá sé an-fhuar anseo agus ba bhreá liom a bheith in aice na tine.” Bhreathnaigh Cannolora timpeall agus chonaic sé nathair bheag. “Coinnigh ort agus tar isteach anseo,” arsa Cannolora. “Ní stopfaidh mise thú.” “Tá eagla orm roimh do chrosbhogha. Fanfaidh mé anseo, fiú má tá mé préachta leis an bhfuacht.” Bhí trua ag Cannolora don nathair bheag agus shocraigh sé a chrosbhogha a chur in aghaidh an bhalla. “Is féidir leat teacht isteach anois gan eagla ar bith a bheith ort,” a dúirt Cannolora. Shleamhnaigh an nathair isteach san uaimh ach ar an bpointe boise, iompaíodh ina nathair ollmhór í agus adharc bhuí ar a cloigeann. D’fháisc sí timpeall Cannolora bocht agus chuir sí a heireaball tríd an bhfáinne iarainn chun an leac a ardú. Caitheadh isteach faoin talamh é agus dúnadh an leac.

Ní raibh a fhios ag Cannolora cá raibh sé ar chor ar bith. Bhí solas de shaghas éigin aige ón gcúr san uisce agus bhí sé in ann fir óga eile a fheiceáil os a chionn. D’inis siad dó gur tharla an rud ceannan céanna dóibh agus go mbeidís básaithe le fada an lá ach gur chothaigh an t-uisce faoin talamh iad. D’imigh an t-am thart go mall. Ní raibh na fir in ann a dhéanamh amach ar lá nó oíche a bhí ann. Chuala siad toirneach arís lá amháin agus bhí a fhios acu go maith go raibh duine eile ag teacht isteach san uaimh. Bhí croí Cannolora ag preabadh nuair a chuala sé coiscéimeanna agus brioscarnach na tine. Rinne sé a mhíle dícheall rudaí a chloisteáil tríd an leac. D’aithin sé guth Emilio go soiléir.

“Bhuel, cén fáth nach dtagann tú isteach mar sin? Níl mé chun tú a stopadh” a dúirt sé. Cé go ndearna Cannolora a dhícheall rabhadh a thabhairt dó faoin nathair, ní raibh sé in ann a ghlór a ardú thar thorann an easa.

Bhí Cannolora ar crith agus é réidh le Emilio titim tríd an poll.Níor tharla sé sin, áfach. Chuala sé saighead á scaoileadh agus ceann eile agus ansin chuala sé liú ollmhór. “Emilio, Emilio,” arsa Cannolora de bhéic. Bhrúigh sé a ghualainn i gcoinne na leice agus d’éirigh leis í a ardú, mar a bheadh draíocht ann. Tháinig na príosúnaigh ar fad amach as an bpoll. Rug Cannolora agus Emilio barróg ar a chéile agus bhreathnaigh na fir eile orthu agus ionadh an domhain orthu. Bhí na fir óga chomh cosúil lena chéile sin ó thaobh cuma agus éadaí de go raibh sé fíordheacair iad a aithint óna chéile. “Tá tú beo!” arsa Emilio agus ríméad air. “Shábháil tú mé!” a d’fhreagair Cannolora. “Inis dom an chaoi ar tháinig tú anseo.”

“Inseoidh mé duit cinnte. Chuaigh mé chuig an tobar agus an crann miortail chuile lá. Lá amháin, áfach, thug mé faoi deara go raibh an tobar tirim agus an miotal feoite agus bhí faitíos m’anama orm. Dúirt mé le m’athair, “tá Cannolora i bponc ceart. Caithfidh mé dul agus é a aimsiú nó ní bheidh mé ar mo shuaimhneas riamh arís.” D’imigh mé ar mo chapall ansin go dtí gur tháinig mé chuig an gcrosbhóthar. Thóg mé an bóthar ní ba leithne ar chlé ach rith garraíodóir i mo dhiaidh. Thosaigh sé ag béicíl, “an bhfuil dearmad déanta agat faoin méid a dúirt mé leat an lá cheana nuair a thug tú an píosa óir dom? Caithfidh tú an bóthar ar dheis a thógáil nó rachaidh tú chuig an gcoill chontúirteach agus ní bheidh tú in ann teacht ar ais.” Bhí a fhios agam ansin gur thóg tú an bóthar ar dheis agus rinne mé an rud céanna. Bhuail mé le beirt ógbhan áille sa choill sceiche. Bhí duine acu gléasta i ngúna glás, síoda. Thug sí deartháir Cannolora orm agus chuir sí fáilte mhór romham. D’impigh mé uirthi eolas a thabhairt dom fút ach ní dúirt sí ach, “téigh agus scaoil Cannolora saor. Tá sé sáinnithe i ngáibéal.” “Ná téigh amú mar gheall ar ghliceas na nathrach a bhfuil adharc bhuí uirthi, áfach,” a dúirt a deirfiúr. Agus leis sin, d’imigh siad. Lean mé orm tríd an gcoill dhorcha go dtí go bhfaca mé an nathair leis an adharc bhuí. Rinne mé iarracht í a mharú ach d’éalaigh sí. Tháinig stoirm fhíochmhar agus bhí orm dul i bhfolach san uaimh. Chonaic mé nathair bheag bhídeach agus d’fhiafraigh sí díom teacht isteach le bheith in aice na tine. Bhí mé ar tí mo chrosbhogha a chur i leataobh nuair a chuimhnigh mé ar rabhadh na hógmhná. Scrúdaigh mé an nathair bheag agus céard a thug mé faoi deara ach adharc bheag, bhuí ar a cloigeann. D’ardaigh mé mo chrosbhogha láithreach agus scaoil mé saighead léi. Breathnaigh uirthi anois agus í ag uair a báis.”

Thug an nathair amharc nimhneach amháin eile ar na buachaillí sular thit a ceann go talamh agus fuair sí bás. Chualathas rois toirní ansin agus caitheadh an nathair isteach sa gháibéal. Nuair a chuaigh na deartháireacha amach as an uaimh leis na hógánaigh eile, ní raibh an choill sceiche ann níos mó. Cuireadh ionadh agus alltacht ar na hógánaigh. Bhí abhainn bhreá, ghlan ann agus bhí móinéir ghlasa ar feadh fad a radhairc uathu. Bhí caisleán mhór, ghalánta le feiceáil freisin.

Tháinig beirt ógbhan álainn chucu agus thóg siad a lámha. “Tar linn, a chairde,” arsa an bhean sa ghúna glas, lonrach.

“Tá Emilio tar éis muid a shábháil mar gheall ar a ghníomh cróga.

Tá muid saor ónár ndeargnamhaid, an nathair.

Is de na sióga muid. Nuair a mharaigh Tonio an dragan, rinne sé dearmad ar an ionathar. D’fhás an nathair as an ionathar sin. Ní raibh sí in ann dada a dhéanamh san uisce ach bhí sí i bhfad ní ba láidre agus ní ba chontúirtí ar an talamh. Dá n-éiríodh léi teagmháil a dhéanamh le duine againn, déanfí nathracha beaga dínn. D’fhanaimis mar sin chomh fada agus a bheadh an ghriain ag taitneamh. Bhí mé ag súil go sábhálfadh do mhisneach mé ach d’imir an nathair cleas ort. Tháinig Emilio ansin agus thug mo dheirfiúr rabhadh dó agus d’inis sí go raibh baol ann go ndéanfí nathair di. Mháraigh Emilio an nathair, áfach, agus tá muid saor anois. Breathnaigh timpeall, Cannolora agus Emilio!” Bhí siad ar lochtán an chaisleáin agus bhí an fharraige ag glioscarnach agus bhí siad in ann a gcaisleán ríoga féin a fheiceáil freisin.

Bhailigh siad leo i dtreo an chaisleáin agus lúcháir orthu. Bhí an rí agus an bhanríon i halla dorcha agus iad ag caoineadh na mbuachaillí mar gur cheap siad go raibh siad marbh. Baineadh siar astu nuair a tháinig na buachaillí isteach agus iad slán sábháilte agus na sióga áille in éineacht leo. Bhí ceiliúradh mór acu chun fáilte a chur rompu agus phós na fir óga na sióga go gairid ina dhiaidh sin. Bhí Emilio agus a bhean chéile i gceannas ar an gcaisleán in aice na farraige agus chuaigh Cannolora chun cónaí i gcaisleán a mhná. Níor scar grá ná fuath iad riamh arís mar go raibh na tíortha chomh gar sin dá chéile. D’fhan na fir óga an-chosúil lena chéile agus b’fhir chróga agus lách iad go dtí deireadh a saoil.