Heansail agus Greitil (Leagan Simplí)

Criostóir Ó Finn a rinne an athinsint

Pictiúirí (c) Intercontinental Book Productions 1976

Uair amháin bhí gearrthóir crann ina chónaí in aice le coill.

Bhí beirt pháistí aige.

Heansail an t-ainm a bhí ar an mbuachaill.

Greitil an t-ainm a bhí ar an gcailín.

Bhí grá mór ag na paistí dá máthair.

Fuair a máthair bás nuair a bhí siad an-óg.

Phós a n-athair bean nua.

Ní raibh sí deas ar chor ar bith.

Ní raibh mórán airgid acu.

“Táim ag fáil bháis leis an ocras,” arsa an bhean shuarach oíche amháin.

“Tuigim duit ach cad is féidir a dhéanamh?” arsa an gearrthóir crann.

“Caithfimid fáil réidh leis na páistí,” arsa an bhean shuarach.

“Ní féidir linn é sin a dhéanamh!” arsa an gearrthóir crann.

Bhí an bheirt pháistí ina gcodladh.

Dhúisigh Heansail.

Chuaigh sé go dtí an chistin.

Chuala sé a thuismitheoirí ag caint.

“Gheobhaimid réidh leo mar sin,” arsa an bhean shuarach.

“Tabharfaimid sa choill iad agus fágfaimid ann iad.”

Baineadh geit as Heansail.

Chuaigh sé ar ais go dtí a leaba.

Tháinig Greitil chuige.

“Ní féidir liom dul a chodladh,” arsa Greitil.

“Tá ocras an domhain orm.”

“Chuala mé ár dtuismitheoirí ag béicíl.”

Mhínigh Heansail di céard a chuala sé.

Tháinig imní ar Ghreitil.

“Ná bí buartha” arsa Heansail.

“Tá plean agam!”

“Baileoidh mé méaróga bána sa ghairdín anocht.”

“Fágfaidh mé inár ndiaidh amárach iad.”

An oíche sin, chuaigh sé amach ar lorg méaróga.

Fuair sé go leor acu.

Bhí a bpócaí lán leo.

“Brostaígí,” arsa an bhean shuarach an mhaidin dár gcionn.

“Táimid ag dul isteach sa choill inniu.”

Thug sí cúpla ispín dóibh.

“Ná hithigí anois é,” a dúirt sí.

“Sin bhur ndinnéar.”

D’imigh siad istigh sa choill.

D’fhan Heansail siar leis na méaróga.

“Déan deifir,” arsa a athair.

Gan mhoill bhí siad domhain sa choill.

Bhí na crainn dluth ar a chéile.

Bhí an ghrian i bhfolach orthu.

Bhí sé dorcha.

“Baileoidh mé agus bhur máthair adhmaid,” arsa a n-athair.

“Fanaigí bog anseo”.

D’ullmhaigh sé tine dóibh ar dtús.

Shuigh an bheirt pháistí in aice leis an tine.

Bhí siad ag súil lena n-athair a fheiceáil arís.

D’éirigh sé dorcha.

“Tá faitíos orm,” arsa Greitil.

“Ná bíodh faitíos ort,” arsa Heansail.

“Tabharfaidh mise aire duit.”

Tháinig an ghealach amach.

“Imímis anois,” arsa Heansail.

Lean siad na méaróga.

Bhí siad sa bhaile gan mhoill.

Bhí áthas ar a n-athair na paistí a fheiceáil.

Ní raibh a máthair róshásta.

“Níl ár ndóthain bia againn,” a dúirt sí oíche amháin.

“Tá ocras an domhain orm.”

“Caithfimid fáil réidh leo arís.”

Chuala Heansail í.

An oíche sin, bhí sé le dul amach ar lorg méaróga arís.

Bhí an doras faoi ghlas, áfach.

“Céard a dhéanfaidh mé anois?” ar dúirt sé leis féin.

Smaoinigh sé ar feadh tamaillín.

“Úsáidfidh mé grabhróga aráin!”

An lá ina dhiaidh sin, chuaigh siad sa choill arís.

D’fhág Heansail na grabhróga ina dhiaidh.

Shroich siad lár na coille arís.

D’imigh a dtuismitheoirí uathu.

Bhí siad ina n-aonar arís.

D’éirigh sé dorcha.

Bhí Greitil neirbhíseach.

“Beimid i gceart,” arsa Heansail.

Tháinig an ghealach amach.

Thosaigh siad ag siúl.

Ní raibh na grabhróga ann níos mó.

D’ith na héin iad.

D’éirigh siad beirt neirbhíseach.

Lean siad orthu ag siúl.

“Tá sé ródhorcha,” arsa Heansail.

“Téimis a chodladh anseo don oíche.”

D’éirigh siad go moch.

“Féach,” arsa Greitil.

“Tá éan sa spéir.”

Lean siad an t-éan.

Shroich siad teach.

Bhí na ballaí déanta d’arán.

Bhí na fuinneoga déanta de shiúcra.

Bhí na tíleanna déanta de bhrioscaí.

“Tá ocras an domhain orm,” arsa Greitil.

“An féidir linn greim a ithe?”

D’ith Heansail greim cheana.

“Tá sé blasta,” a dúirt sé.

D’ith Greitil píosa den fhuinneog.

Tháinig seanbhean amach.

“Tá brón an domhain orainn,” a dúirt siad.

Lig sí miongháire di.

“Ná bígí buartha,” a dúirt sí.

“Tar isteach liom.”

“Tabharfaidh mé aire daoibh.”

Chuaigh siad isteach sa teach.

“Is cailleach í,” arsa Greitil.

“Ráiméis,” arsa Heansail.

“Bean dheas lách is ea í.”

D’ullmhaigh an tseanbhean neart bia dóibh.

“Ithigí agus olaígí,” a dúirt sí.

“Ithigí agus olaígí.”

D’ith na páistí go leor bia.

D’éirigh siad tuirseach.

“Téigí a chodladh,” arsa an tseanbhean.

“Is féidir libh súgradh amárach.”

Cailleach cheart a bhí inti.

Bhí éan bán aici.

Mheall an t-éan páistí chuici.

Níor bhuail na páistí le cailleach riamh.

Níor aithin siad a súile dearga.

Bhí an tseanbhean an-suarach leo an lá dár gcionn.

“Faigh uisce dom ón tobar,” a dúirt sí le Greitil.

Chuir sí Heansail isteach i gcaighean.

Thug sí a lán bia dó.

Bhí sí ag iarraidh a ithe.

Ní bhfuair Greitil tada.

Tar éis seachtaine, sheiceáil an tseanbhean meáchan Heansail.

Bhí sí beagán dall.

Thug Heansail cnámh sicín di.

Rug an tseanbhean greim air.

“Tá tú róthanaí fós,” a dúirt sí.

Chuaigh cúpla seachtain thart.

Ní raibh an tseanbhean in ann fanacht níos mó.

“Íosfaidh mé do dheartháir inniu,” a dúirt sí le Greitil.

“Faigh uisce dom ón tobar ar dtús.”

Las an tseanbhean an t-oigheann.

Tháinig Greitil ar ais.

“Gabh isteach san oigheann,” arsa an tseanbhean le Greitil.

“Conas a dhéanfaidh mé é sin?” arsa Greitil.

“An dtaispeánfaidh tú dom é?”

“Féach ormsa,” arsa an tseanbhean.

Chrom sí síos.

Bhrúigh Greitil isteach san oigheann í.

Bhí ríméad ar Ghreitil.

Bhí an chailleach marbh.

Lig sí a dheartháir saor.

Chonaic Heansail péarlaí.

“An dtógfaimid iad?”

“Tógfaidh,” arsa Greitil.

D’imigh siad ón teach.

Shroich siad abhainn.

Ní raibh bád ann.

Ní raibh droichead ann.

“Céard a dhéanfaimid?” arsa Heansail.

Chonaic siad lacha.

Thug an lacha trasna ar a droim iad.

Chonaic siad a dteachín arís.

Rith siad chuige go tapaidh.

Bhí a n-athair sa chistin.

Bhí áthas an domhain air.

“Fuair bhur máthair nua bás,” a dúirt sé.

“Bhí mé uaigneach liom féin.”

D’inis Heansail an scéal ar fad dó.

“Táimid saibhir anois,” a dúirt sé.

Ní raibh ocras orthu as sin amach.