Heansail agus Greitil

Bhí gearrthóir crann ann tráth a raibh beirt clainne air – garsún darbh ainm Heansail agus gearrchaile darbh ainm Greitil. Bhí an-chion acu ar a n-athair. Tar éis bhás a máthar, phós sé an athuair ach ní raibh a chéile nua caoin ná cneasta.

D’oibrigh an gearrthóir crann go dian dícheallach ach ba ghearr go raibh deacracht aige a chuid adhmaid a dhíol. Agus ní ba mheasa ná sin, bhí a chuid airgid á ídiú de réir a chéile.

“Cad a dhéanfaimid in aon chor, a bhean?” ar seisean d‘och, agus iad suite chun boird sa chistin. “An t-airgead a bhí curtha i dtaisce agam, tá sé go léir ídithe anois agus níl dóthain bia sa teach againn le roinnt idir tusa agus na leanaí.”

“Mar sin, caithfimid fáil réidh leis na leanaí,” arsa a bhean ar an toirt. “Bheadh ár ndóthain againn gan iad. Ar m’anam, itheann Heansail an méid céanna bia agus a itheann tusa.”

Ní fhéadfadh an gearrthóir adhmaid an ráiteas sin a chreidiúint, ach bhí a bhean chéile meáite ar fáil réidh leo. Lean sí uirthi, ag cur brú air fáil réidh leo, agus nuair a bhí siad imithe a chodladh thosaigh sí arís. “Caithfidh tú a dtabhairt leat go lár na coille, go moch ar maidin agus a bhfágáil ann,” ar sise. “Is é sin a rud is ciallmhaire a dhéanfá. Nílimse sásta bás a fháil leis an ocras, mar gheall orthu.

Dúirt a fear léi go raibh grá aige dá leanaí, agus go mb’fhearr leis féin bás a fháil ná aon díobháil a dhéanamh dóibh, ach ní raibh aon mhaith ann. Dhiúltaigh a bhean glan éisteacht leis agus d’éirigh a guth níos airde is níos airde fós le teann feirge. Dhúisigh an bhéicíl Heansail, d’éirigh sé as an leaba agus théaltaigh sé go barr an staighre. Sheas sé ann chomh ciúin le luch agus chuala sé a leasmháthair ag rá, “ceart go leor mar sin, tabharfaimid go dtí an choill amárach iad agus fágfaimid ann iad.”

Shleamhnaigh Heansail leis ar ais sa leaba agus luigh sé ansin gan néal ar bith a dhéanamh. Ar deireadh, shleamhnaigh Greitil léi isteach in aice leis. ‘Tá mé stiúgtha leis an ocras,’ arsa Greitil de chogar. ‘Níl mé in ann titim a chodladh agus ar aon chuma, cheap mé gur chuala mé ár leasmháthair ag béicíl.’

Ansin d’inis Heansail di a mbeadh i ndán dóibh ar maidin. ‘Ach ná bí buartha, a dheirfiúr,’ ar seisean. ‘Tá plean agam cheana féin. Chomh luath is a thitfidh tost ar an teach, rachaidh mé síos sa ghairdín agus líonfaidh mé mo phócaí le méaróga bána lonracha.’

Bhí an ghealach ag lonrú chomh geal sin sa spéir go raibh an chosúlacht ar na méaróga gur fíorbhoinn airgid a bhí iontu. Chrom Heansail síos, bhain sé den talamh iad agus líon sé a phócaí go dtí go raibh siad ag cur thar maoil. Ansin chuaigh sé taobh istigh agus dhún sé an doras ina dhiaidh go deas réidh. Ansin rith sé suas an staighre go Greitil.

‘Níor chóir go mbeadh faitíos ar bith orainn,’ arsa Heansail agus é ag taispeáint cuid de na méaróga di. ‘Ach ná habair faic faoi na méaróga nuair a imeoimid chun na coille ar maidin.’

Go moch ar maidin, roimh éirí na gréine fiú, chuala Heansail agus Greitil glór géar a leasmháthar ag béicíl, ‘Brostaigí! Gléasaigí sibh féin! Táimid ag dul chun na coille inniu. Éirígí as an bpleidhcíocht agus réitígí sibh féin.’

Ní raibh ach grabhróga stálaithe ann don bhricfeasta agus mar sin, níor mhair an béile i bhfad. Ansin thug a leasmháthair slisín arán stálaithe dóibh. ‘Ná hith anois é. Sin bhur ndinnéar,’ a dúirt sí de bhagairt. ‘Ní bheidh plaic eile le fáil.’

Agus iad ag imeacht leo, d’fhan Heansail siar ag láimhseáil na méaróg ina phóca agus ag súil go mbeadh sé in ann a gcaitheamh uaidh ceann ar cheann i ngan fhios d’aon duine eile.

‘Cén fáth a siúlann tú chomh mall sin?’ a d’fhógair a athair thar a ghualainn agus iad domhain istigh sa choill.

‘Bím ag tiontú ar fhaitíos go bhfeicfinn mo chaitín beag bán ar an díon,’ arsa Heansail leis.

‘Nach tusa an t-amadán!’ arsa a leasmháthair. ‘Tá do chaitín bán róghnóthach agus é ag dul sa tóir ar luchóga. Déan deifir muna bhfuil cic sa tóin uait.’

Nuair a shroich siad lár na coille, áit a raibh na crainn chomh gar dá chéile gur chuir siad an ghrian i bhfolach, d’iarr a athair orthu scíth a ligean. ‘Baileoidh mé féin agus do mháthair brosna,’ ar seisean ag breathnú ar Ghreitil go brónach. ‘Ach ar dtús, ullmhóidh mé tine daoibh ionas nach mbeidh sibh fuar inár n-éagmais.’

Shuigh Heansail agus Greitil in aice lena chéile cois tine agus iad ag súil go mór go bhfilleadh a n-athair. Chuala siad a thua ar feadh tamaillín agus é ag bualadh na gcrann. Ansin, bhí tost iomlán sa choill; bhí na héin iad féin gan cheol, fiú.

‘Tá sé ag éirí fíordhorcha,’ arsa Greitil ar deireadh. ‘Tá an-fhaitíos ag teacht orm! Níl siad ag teacht ar ais. Táim cinnte faoi sin anois.’

Rug Heansail grein ar lámha a dheirféar agus is é a dúirt sé: ‘Tá sé ródhorcha anois chun lorg mo mhéaróg a leanúint. Titimid a chodladh. Ná bíodh faitíos ort, a Ghreitil. Tabharfaidh mise aire mhaith duit.’

Dhún Greitil a súile agus luigh sí isteach lena deartháir. Choinnigh Heansail súil amach go dtí gur tháinig an ghealach amach agus las sé spéir dhorcha na hoíche.

“Tar liom,” ar seisean lena dheirfiúr de chogar, “tá sé in am dúinn imeacht. Beidh mé in ann teacht go héasca ar na méaróga anois le cabhair na gealaí.”

Dhún Greitil a súile agus luigh sí isteach lena deartháir. Choinnigh Heansail súil amach go dtí gur tháinig an ghealach amach agus las sé spéir dhorcha na hoíche. “Tar liom,” ar seisean lena dheirfiúr de chogar, “tá sé in am dúinn imeacht. Beidh mé in ann teacht go héasca ar na méaróga anois le cabhair na gealaí.”

Ar aghaidh leis an mbeirt ghasúr – greim láimhe acu ar a chéile – agus rinne sé na méaróga a chomhaireamh agus iad ag dul tharstu. “Má dhéanaimid deifir,” ar seisean, “beimid sa bhaile ar maidin.”

Go moch ar maidin, shroich Heansail agus Greitil a gceann scríbe agus, ó, nárbh iadsan a bhí sásta a n-athair a fheiceáil arís. Agus bhí áthas an domhain airsean, freisin. Thug sé croí isteach dóibh agus phóg sé iad, agus gheall sé dóibh nach n-imeoidís as radharc a chéile go deo arís.

Ach ní raibh a bhean chéile pioc sásta na gasúir a fheiceáil. Chuir sí strainc uirthi féin agus chas sí ar a sála. Bhí a fhios ag an bhfear bocht nárbh fhada go ndéanfadh sí iarracht eile na gasúir a chur amú sa choill arís. Agus bhí an ceart glan aige!

Oíche amháin, cúpla lá i ndiaidh do na gasúir filleadh ar an mbaile, dúirt a bhean chéile nach raibh tada athruithe.

“Níl a dhóthain bia sa lardrús a shásódh luch. Caithfimid a dtabhairt ar ais chuig an gcoill maidin amárach agus a chinntiú an uair seo nach ndéanfaidh siad a mbealach ar ais abhaile.”

Rinne an gearrthóir crann achainí eile ar a bhean chéile, agus arís eile thosaigh sí ag béicíl. Agus, chomh luath is a bhí an teach socair, théaltaigh Heansail go ciúin síos staighre.

“Líonfaidh mé mo phócaí le méaróga geala bána arís,” ar seisean leis féin agus é ag druidim i dtreo an dorais chúil. “Sábhálfar muid arís mar sin.”

Ar an drochuair, nuair a rinne Heansail iarracht an doras cúil a oscailt, bhí sé faoi ghlas agus bhí an eochair ar iarraidh. Céard ab fhéidir leis a dhéanamh anois? Nuair a bhí sé ar ais go sábháilte sa leaba, rinne sé machnamh domhain air. Faoi dheireadh, shocraigh sé ar úsáid a bhaint as an arán a thabharfadh a mháthair dó an lá dar gcionn.

“Fágfaidh mé lorg grabhróg taobh thiar díom,” a shocraigh sé faoi dheireadh, sular thit sé a chodladh. “Beidh na grabhróga gach pioc chomh maith leis na méaróga.”

M’anam, ach go ndearna Heansail botún mór! An mhaidin dar gcionn, agus iad ag siúl go trom níos faide agus níos faide ar aghaidh isteach sa choill, chaith Heansail grabhróg i ndiaidh grabhróige ar an talamh. An bhfuil a fhios agat céard a tharla? Tháinig éiníní beaga na coille anuas ó na crainn agus d’alp siad siar na grabhróga!

Thosaigh Greitil ag gol arís nuair a chonaic sí go raibh siad caillte leo féin sa choill thiubh dhorcha. “Ná bíodh imní ort, a dheirfiúr bheag,” arsa Heansail. “Cuideoidh an lorg grabhróg linn ár mbealach abhaile a aimsiú.”

Ach chomh luath is a las solas na gealaí an choill, fuair sé amach go raibh an lorg imithe. Ní raibh grabhróg amháin féin le feiceáil. Ach bhí sé chomh cróga sin go ndearna sé meangadh gáire, thosaigh sé ag feadaíl agus lig sé air go raibh an bealach abhaile ar eolas aige beag beann ar na grabhróga.

“N- ní d-dóigh liom go dtiocfaimid ar ár mbealach abhaile go deo,” arsa Greitil de chaoineadh, agus Heansail ag breith greim ar a lámh. “Íosfaidh mic tíre muid.”

“Tá sé ródhorcha anois chun an bóthar ceart a aimsiú,” arsa Heansail léi. “Beidh néal codlata againn agus buailfimid an bóthar ansin. Coinneoidh mé slán thú – ní call duit a bheith ag caoineadh.”

An raibh tú riamh caillte i gcoill mór millteach? Ar rith tú riamh ar bhóthar nach raibh ag dul in aon áit agus ar thit tú riamh isteach i ndíoga agus thar ghéaga? An raibh tú riamh chomh scanraithe sin gur theip ar do chosa céim eile a thógáil?

Sin é an rud a tharla do Ghreitil bhocht. Bhí sí spíonta amach is amach tar éis di a bheith ag siúl agus ag rith agus ag siúl arís ar feadh beagnach lá iomlán. Bhí an oiread sin scanraidh uirthi go raibh uirthi suí síos agus éirí as an siúl. Bhí tuirse agus faitíos ar Heansail chomh maith ach bhí sé de rún aige an lagmhisneach sin a choinneáil faoi cheilt óna dheirfiúr. “Ní féidir linn stopadh,” ar seisean faoi dheireadh. “Tiocfaimid ar an mbóthar ceart go luath.”

Go tobann, chonaic sé an t-éan bán ba dheise dá bhfaca sé riamh ina sheasamh ar chrann díreach os a gcomhair. Ní raibh sé cosúil le héan ar bith a chonaic sé riamh agus thaispeáin sé do Ghreitil é. Thriomaigh Greitil a súile agus d’fhéach sí ar an éan.

“Féach a ghleoiteacht is atá sé,” ar sise. “Cosúil le colm bán ach níos deise fós.” Nuair a sheas sí suas rith sí i dtreo an éin ach d’eitil an t-éan go crann eile gar dóibh agus thuirling sé ar chraobh.

“Dealraíonn sé go bhfuil an t-éan ag impí orainn a leanúint,” arsa Heansail. “An leanfaimid é, a Ghreitil? Tá seans ann go dtaispeánfaidh sé bealach sábháilte amach as an gcoill dúinn.”

Lámh ar lámh, rith na páistí i ndiaidh an éin bháin ghleoite agus ar deireadh thiar thall, tháinig siad ar phaiste talamh bán sa choill, áit a raibh an teachín ab aistí suite. Thuirling an t-éan gléigeal ar an díon agus shiúil Heansail agus Greitil i dtreo an teachín.

“Féach!” arsa Greitil de bhéic agus í ag bualadh bos, “tá na ballaí déanta as arán agus clúdaithe le cistí.”

“Agus tá na fuinneoga déanta as siúcra,” arsa Heansail agus ionadh air. “Agus tá tíleanna an dín déanta as brioscaí!”

“Ó, tá ocras an domhain orm,” arsa Greitil de chogar. “Meas tú – meas tú an féidir linn greim beag a bhaint de?”

Ní dhearna Heansail ach a lámh a shíneadh in airde agus bhris sé píosa den díon agus ansin thosaigh Greitil ag ithe cuid den fhuinneog. “Tá an blas céanna air agus atá ar shiúcra eornan,” arsa Greitil de gháire. “Níl faitíos orm a thuilleadh.”

Bhí Heansail tar éis cuid mhór den díon a alpadh nuair a osclaíodh an doras agus tháinig seanbhean chromtha, rocach amach go bacach as an teachín ar dhá mhaide croise. Bhain radharc na seanmhná scread as Greitil agus thit an fhuinneog siúcra as a lámha. “Gabh mo leithscéal, a bhean uasail, níl dochar ar bith ionainn,” arsa Heansail.

Rinne an tseanbhean miongháire agus chlaon sí a cloigeann. “Tá an-áthas orm bhur bhfeiceáil, a pháistí áille,” ar sise, de ghlór grágach. “Tar isteach agus fan anseo liom. Tabharfaidh mé aire daoibh.” Agus thóg sí lámh gach páiste agus d’fháiltigh sí isteach iad.

“Tá cuma caillí uirthi,” arsa Greitil lena deartháir, “ach, cinnte, ní cailleach í, mar tá sí fíor-lách. Féach ar an mbia atá sí a thabhairt dúinn.”

Bhí an tseanbhean ag obair go crua. Chuir sí pancóga agus mil ar an mbord, agus ina dhiaidh sin thug sí borróga milse, úlla agus cnónna dóibh.

“Bí cinnte go n-íosfaidh sibh bhur sáith,” ar sise, agus í ag siúl go bacach ón gcistin go dtí an parlús agus ar ais arís. “Agus ól an bainne a thug mé daoibh. Má ólann sibh bainne fásfaidh sibh mór agus ramhar.”

Bhí cad é féasta ag na páistí, agus ina dhiaidh sin, chuaigh siad isteach i seomra eile in éineacht leis an tseanbhean agus thaispeáin sí dhá leaba dóibh; bhí pluideanna a raibh bláthanna orthu ar na leapacha.

“Codlóidh sibh anseo,” ar sise de ghrág. “Agus ar maidin ligfidh mé cead daoibh spraoi le bréagáin.”

Cailleach cheart ba ea an tseanbhean. Bhí éan chomh bán le sneachta aici, agus mhúin sí an cleas seo dó: d’eitlíodh sé timpeall, ag lorg páistí a théadh amú san fhoraois, agus nuair a chasadh sé leo, thógadh sé na páistí ar ais don tseanbhean. Agus nuair a bhíodh páistí faoina draíocht, thugadh sí an oiread sin bia dóibh go mbíodh siad ina mbolaistríní agus ansin chuireadh sí san oigheann iad.

Dá mbíodh níos mó eolais ag Heansail agus Greitil faoi chailleacha, d'aithnídís na súile dearga agus thuigidís a raibh inti. Ach níor chas siad le cailleach cheana, agus mar sin ní raibh a fhios acu.

An mhaidin ina dhiaidh sin, áfach, ba léir an fhírinne dóibh. Chomh luath agus a bhí siad gléasta, rug an chailleach greim ar Heansail agus thug sí lasmuigh é.

“Isteach leat,” ar sise de ghrág, agus chuir sí Heansail isteach i gcaighean go garbh. “Nuair a bheidh tú deas ramhar íosfaidh mé thú le haghaidh dinnéir.”

Chuaigh sí ar ais chuig Gretel. “Faigh uisce dom ón tobar,” ar sise go húdarásach.

“Déan deifir, a leadaí linbh. Ó, amach anseo beidh tú i do shearbhónta agam. Agus nuair a bheidh do dheartháir ite agam, íosfaidh mé tusa.”

Thosaigh Greitil bhocht ag caoineadh, ní nach ionadh. D’impigh sí ar an gcailleach gan an deartháir a ithe, ach thosaigh an chailleach olc ag gáire agus d’ordaigh di uisce a fháil gan mhoill.

Na laethanta ina dhiaidh sin, bhí an chailleach an-ghnóthach ag cócaireacht. Ar bhuille na huaire, d’fhaigheadh Heansail pióg úll a bhí clúdaithe le huachtar agus d’fhaigheadh sé sicín agus prátaí bácáilte go minic freisin. Ach ní fhaigheadh Greitil dada ach crústa aráin stálaithe le hithe agus cupán uisce le hól.

Ag deireadh na seachtaine, chuaigh an chailleach amach chuig an gcaighean a raibh Heansail ann agus dúirt sí de bhéic, “A Heansail, a Heansail, sín do mhéar amach agus feicfidh mé an bhfuil tú ramhar fós!”

B’fhéidir go gceapfá go raibh sé sórt ait go mbeadh an chailleach ag cuimilt mhéar Heansail, ach is é fírinne an scéil nach bhfuil amhrac na súl thar mholadh beirte ag cailleacha.

Ní amháin go raibh Heansail cróga ach bhí sé cliste chomh maith agus in áit a mhéar a shíneadh chuig an gcailleach, sháigh sé cnámh sícín amach chuici.

“Níl mé in ann bun ná barr a fháil air seo,” arsa an chailleach, “d’íosfá an chloch faobhair agus níl tú ag cur unsa meáchain ort.” Bhí an oiread sin cantail uirthi gur bhrúigh sí Greitil bhocht isteach i gcúinne agus níor thug sí blaiseadh de bheatha na muc féin di.

Nuair a tháinig deireadh na míosa ní raibh an chailleach in ann fanacht ní b’fhaide. “Tá mé chun do dheartháir a ithe inniu,” ar sise “bíodh plaic bheag nó plaic mhór ann.” Leis sin, chuir sí iallach ar Greitil dul chuig an tobar agus d’fhadaigh sí féin an tine.

Nuair a d’fhill Greitil dúirt an chailleach léi dul isteach san oigheann chun a fháil amach an raibh sé sách te chun Heansail a bhruith ach bhí barúil ag Greitil go raibh sé ar intinn aici í féin a ithe ar dtús agus mar sin is é a dúirt sí: “níl a fhios agamsa cén chaoi a rachaidh mé isteach anseo, nach bhfuil tú chun é a thaispeáint dom?”

“Cén sórt oinsí tú féin ar chor ar bith?” a dúirt an chailleach “Féach ormsa!” agus chrom sí síos agus sháigh sí a cloigeann isteach san oigheann.

Bhí a fhios ag Gretel nuair a bhí an t-iarann te go gcaithfeadh sí a bhualadh agus mar sin thug sí sonc don chailleach a chuir i ndiaidh a mullaigh isteach san oigheann í. Dhún sí an doras, agus dá fheabhas cleasanna na caillí ní raibh sí in ann éalú agus chuir sin deireadh leis an gcailleach.

Lig Greitil béic aisti le ríméad agus rith sí chuig an deartháir chun a scaoileadh saor agus rith siad beirt ar ais chuig an teach. “Tá a fhios agamsa cá bhfuil a cuid maoine i bhfolach aici,” arsa Greitil, “chonaic mé na péarlaí agus diamaintí agus rúibíní. Meas tú ar cheart dúinn cuid acu a thabhairt abhaile go dtí Daid?”

“De réir an tseanchais, pé duine a fhaigheann maoin caillí is féidir leo a coinneáil,” arsa Heansail agus leis sin thosaigh siad ag líonadh a gcuid pócaí go dtí go raibh siad ag cur thar maoil agus rith siad leo isteach sa choill.

Tar éis tamall fada siúil, thainig siad go dtí abhainn. “Céard a dhéanfaidh muid anois?” arsa Gretel, “níl muid in ann snámh trasna agus níl bád beag ná bád mór le feiceáil thart san áit seo.

Shuigh Heansail síos chun smaoineamh ar phlean agus thosaigh Greitil ag féachaint ina timpeall, agus ba ghearr gur tháinig lachóigín bhán chomh fada leo agus arsa Greitil:

A lachín, a lachín, gaibh i leith chugainn

Tá Heansail agus Greitil ag iarraidh éalú.

Níl aon bhád ná aon droichead trasna na habhann,

Níl aon rogha againn ach síob ar do dhrom.

Rinne an lachín a bealach anall chucu agus sheas Heansail in airde de léim agus é ríshásta. “Meas tú an dtabharfaidh sí anonn muid?” ar seisean.

“Tá mé cinnte go dtabharfaidh,” arsa Greitil go meidhreach. “Ceapam go mbeadh muid ró-throm di má théann an bheirt againn in éineacht ar a droim. Fág agam an chéad turas agus cuirfidh mé ceist uirthi a theacht ar ais faoi do choinne ansin.”

Sin mar a tharla, thug an lachín chineálta Heansail agus Greitil beirt anonn chuig an taobh thall den loch go slán sábháilte; bhí Heansail lán-chinnte go ndéanfadh sé a bhealach abhaile as sin.

Níorbh fhada gur tháinig siad ar chosán a thabharfadh chomh fada le teach a n-athar iad agus ba ghearr go bhfaca siad rompu é suite sa choill.

Thosaigh Greitil ag rith agus ba ghearr go raibh Heansail sna sála uirthi agus é ag gleo le gliondar.

Isteach leo sa chistin faoi fhuadar agus bhí a n-athair rompu sa chistin agus é ina shuí ag an mbord san áit cheannann chéanna agus a bhíodh sé i gcónaí. Bhí a chloigeann faoi aige agus é ag caitheamh i ndiaidh a chuid páistí a bhí imithe uaidh.

Bhí sé cinnte gur ag brionglóideach a bhí sé nó gur fháisc lámha te teolaí Ghreitil timpeall ar a mhuinéal agus bhí Heansail ar a dhícheall ag folmhú a chuid pócaí le rúibíní, diamaint agus péarlaí a dhéanfadh saibhir iad.

“Tá bhur leasmháthair básaithe,” arsa an gearrthóir adhmaid ar deireadh. “Táimse uaigneach anseo liom féin. Tá lá i ndiaidh lae caite agam anseo go brónach agus mé cinnte go raibh mo chuid gasúr imithe uaim go brách. D’inis Heansail an scéal dó ó thús deireadh agus is é dúirt an gearrthóir adhmaid: “Is cuma sa tsioc liom faoi na clocha luachmhara. Ní raibh uaim ach go mbeadh mo chuid gasúr ar ais sa bhaile liom go slán sábháilte. Beidh muid sona sásta as seo amach.” Sin mar a bhí.

Bhí a ndóthain le hithe agus le hól acu as sin amach mar gur dhíol an gearrthóir adhmaid na clocha luachmhara agus d’fhág sin nach raibh aon ní de dhíth orthu an chuid eile dá saol.