Gairdín Pharthais

Leagan Gaeilge le mic léinn an Dioplóma san Aistriúchán

Fadó, fadó bhí mac Rí ann a raibh an-dúil aige in éisteacht le scéalta nuair a bhí sé óg. D’insíodh a mháthair chríonna na scéalta ab fhearr riamh dó, agus ba é an scéal mar gheall ar Ghairdín Pharthais an scéal ab ansa leis ar fad.

“Gairdín Pharthais,” a deireadh sí, “is é Gairdín Pharthais an áit is áille dá bhféadfá cuimhneamh air. Tá gach bláth ann ina cháca milis beag agus tá stair na cruinne scríofa ar chuid acu. Níl le déanamh agat ach ceann amháin díobh seo a ithe agus beidh do cheachtanna staire ar fad ar eolas agat. “

Chreideadh an buachaill beag an méid seo ag an am. Ach nuair a bhí sé ní ba shine chuala sé mar gheall ar Ádhamh agus Éabha, na chéad daoine riamh a chónaigh i nGairdín Pharthais, agus thuig sé ansin nach raibh sé díreach mar a chuireadh a mháthair chríonna síos air.

Nuair a bhí sé ní ba shine fós ní raibh aon ní sa saol ní b’ansa leis ná leabhair agus faoi aois a sheacht mbliana déag bhí cnuasach breá leabhar bailithe le chéile aige. Lá i ndiaidh lae dhéanadh sé tagairtí do Ghairdín Pharthais a chuardach sna leabhair, ach cé go raibh go leor eolais iontu faoin domhan mór, ní raibh faic iontu faoi Ghairdín Pharthais – an gairdín a mbíodh sé ag smaoineamh air an t-am ar fad.

Lá amháin, agus é ag siúl ina aonar sa choill, tháinig néalta dubha dorcha sa spéir go tobann. Ansin thosaigh sé ag cáitheadh báistí, báisteach a bhí chomh trom sin go raibh sé mar a bheadh abhainn ann, a d’fhág fliuch báite é.

Shiúil an Prionsa i bhfad ó chosán ar bith a d’aithin sé agus roimh thitim na hoíche, bhí sé caillte go huile is go hiomlán.

Shleamhnaigh sé agus baineadh tuisle as ar na clocha caonaigh. Is beag nár thit sé i laige leis an ocras. Ar deireadh, tháinig sé ar uaimh mór millteach.

I lár na huaimhe, bhí tine mhór lasta. Díreach ansin os a chomhair bhí fia fireann á róstadh ar bhior agus é á chasadh timpeall agus timpeall go mall. Bhí bean cois tine a bhí chomh hard agus chomh láidir gur cheap an Prionsa gur fear a bhí ann. Nuair a chonaic sí é, d’fhógair sí: “Gabh i leith uait. Gabh i leith anseo agus suigh síos cois tine agus triomaigh d’éadaí.”

“Go raibh maith agat,” arsa an Prionsa agus chuaigh sé isteach san uaimh agus shuigh sé síos ar an talamh in aice léi. “Nuair a d’ardaigh an stoirm chomh tobann sin, chuaigh mé ar strae áit éigin sa choill,” ar seisean.

“Anois tá tú in Uaimh na nGaoth,” arsa an bhean agus í ag caitheamh smutáin ar an tine. “Is mise Máthair na gCeithre Ghaoth. Beidh siad sa bhaile go luath.”

“Cad a dhéanann siad, an ceathrar mac sin de do chuid?” a d’fhiafraigh an Prionsa le teann fiosrachta.

“Tá siad i mbun a ngnó féin thuas ansin leis na scamaill,” arsa an bhean go borb agus chuimhnigh an Prionsa athuair nach raibh cosúlacht ar bith idir an bhean seo agus na mná ag cúirt a athar.

Cheapfá go raibh a fhios aici cad a bhí ar a intinn. “Ní thuigeann tú. Is mise a máthair agus caithfidh mé a bheith láidir chun smacht a choinneáil orthu óir is scódaithe iad mo mhic. An bhfeiceann tú na ceithre mhála mhóra ar crochadh ar an mballa?”

Bhreathnaigh an Prionsa ar na málaí móra agus sméid sé a cheann. “Chonaic mé ar an bpointe boise iad,” ar seisean, “ar theacht isteach san uaimh dom.”

“Cuireann na málaí sin faitíos ar mo mhic,” arsa máthair na gCeithre Ghaoth de gháire. “Nuair a chuireann siad isteach ormsa, fáiscim iad agus cuirim sna málaí móra iad. Agus fanann siad ann go dtí go mbím sásta scaoileadh leo. Is maith atá a fhios acu a tharlóidh dóibh má thugann siad neamhaird domsa nó má chuireann siad fearg orm.”

“Cén uair a thiocfaidh do mhic ar ais?” a d’fhiafraigh an Prionsa di, i ndiaidh tosta fhada.

“Seo ceann dóibh anois,” ar sise de liú, agus shéid gaoth fhuar seaca isteach go tobann. “Siod é é. Is é an mac is sine liom é, an Ghaoth Aduaidh.”

Bhain an fuacht croitheadh as an bPrionsa nuair a tháinig an Ghaoth Aduaidh isteach san uaimh. Nach ann a bhí an téagar, agus é gléasta i seithí béir agus coinlíní reo ar crochadh óna fhéasóg aige. B’as craiceann róin a bhí a bhróga déanta agus bhí sé clúdaithe i gcalóga sneachta.

“Ná téigh ró-ghar don tine,” arsa an Prionsa le teann práinne. “Loiscfear do chraiceann idir shioc agus teas thú!”

Ach phléasc an Ghaoth Aduaidh amach ag gáire in ard a ghutha, agus é ag breathnú síos ar an bPrionsa. “Cén fáth a bhfuil an dúradán sin anseo?” ar seisean lena mháthair.

“D’imigh sé ar strae,” ar sise leis, “ach tá sé ina aoi agamsa anois. Mura gcaitheann tú go deas leis, cuirfidh mé sa mhála thú.”

Agus chaith sí smután eile ar an tine. ‘Anois, inis dúinn cén áit a raibh tú. ‘

‘Thug mé cuairt ar Fharraigí na Mol,’ arsa an Ghaoth Aduaidh, agus é éirithe as an ngáire faoin mála. ‘Chaith mé seal ar Oileán na mBéar le seilgeoirí rosualt. Chuir mé an ruaig ar an mbrat ceo a chlúdaigh teach na seilgeoirí. Tógadh an teach sin as adhmad ó na longa a bádh thart ar an áit sin agus clúdaíodh le craiceann rosualt é. Bhí mé ag spochadh as an mbéar bán a rinne drannadh liom. Ansin bhrúigh mé mo longa, sin iad na cnoic oighir mhóra, go dtí gur bascadh na báid beag bídeach sin inar shuigh na fir leis na harpúin. Chlúdaigh mé le calóga sneachta iad agus chuir mé an ruaig orthu amach chun na farraige. Ní thiocfaidh siad i bhfoisceacht Oileán na mBéar arís.’

‘Ba ghránna an rud sin a rinne tú,’ arsa a mháthair de scoladh. ‘Éirigh as an scéal sin.’

‘Ní déarfaidh mé a thuilleadh, mar sin,’ arsa an Ghaoth Aduaidh agus é ag breathnú go himníoch ar na málaí. ‘Seo chugainn mo dheartháir beag ón iarthar.’

Cheap an Prionsa go raibh an chuma chéanna ar an nGaoth Aniar is a bheadh ar fhear fiáin na bhforaoisí ón gcaoi ar rith sé isteach san uaimh Bhí maide trom ar iompar aige agus bhí hata a raibh ciumhais leathan air anuas ar a shúile. Rinne a mháthair gáire mór leis agus d’fhiafraigh sí de faoin áit a raibh sé.

‘Tháinig mé ó na foraoisí glasa,’ ar seisean, ‘ón áit a luíonn na nathracha uisce san fhéar fliuch agus a snámhann na buabhaill fhiáine sna haibhneacha. Chuaigh mé sa tóir ar na lachain fhiáine agus chuir mé tús le stoirm a chinntigh gur thit na seanchrainn agus gur briseadh ina smidiríní iad. Bhain mé fíorthaitneamh as an lá.’

Tháinig an Ghaoth Aneas isteach le linn dóibh a bheith ag comhrá. Bhí turban á chaitheamh ar a chloigeann aige agus clóca fallaingeach aniar ar a ghuaillí. Chuir sé taistealaithe sa ghaineamhlach i gcuimhne don Phrionsa, taistealaithe a chonaic ina chuid leabhar.

“Nach é atá diabhalta fuar anseo,” a dúirt an Ghaoth Aneas agus é ag caitheamh smután eile ar an tine. “Is é mo dheartháir mór is cúis leis sin.”

“Seafóid,” arsa an Ghaoth Aduaidh. “Tá sé chomh te istigh anseo go leáfaí thú.”

“Stopaigí,” arsa a máthair de bhéic agus shín sí a méar i dtreo na málaí. “Inis dom, a Ghaoth Aneas, cá as ar tháinig tú, nó an bhfuil aon scéal nua agat dom?”

“As an Afraic,” a dúirt an Ghaoth Aneas. “Bhíodh mé ag rith rásaí leis na hostraisí, agus nuair a tháinig mé go dtí an gaineamhlach casadh carbhán orm. Bhí na daoine a bhí inti réidh chun an camall deireadh a bhí acu a mharú chun uisce a fháil. Shéid mé an gaineamh bog buí go dtí go raibh sé ina ghuairneán a bhí ag dul timpeall agus timpeall, agus chlúdaigh mé ar fad iad - an camall, an carbhán agus gach a raibh acu ann. Bhí spraoi an domhain mhóir agam. Rachaidh mé ar ais lá breá éigin agus séidfidh mé an gaineamh ar fad arís nó go bhfeicfidh mé a gcnámha beaga bána….”

“Nach agatsa atá an droch-intinn!” arsa a mháthair go feargach. “Níl déanta agat ach mínós.” Leis sin rug sí greim ar an nGaoth Aneas agus sháigh sí síos sa mhála é sula raibh deis aige anáil a tharraingt.

“Is cinnte go bhfuil do chlann mhac fiáin,” arsa an Prionsa. “Cén sórt buachalla é an Ghaoth Anoir seo? An bhfuil sé cosúil lena chuid deartháireacha?”

“Fágfaidh mé fút féin é breithiúnas a thabhairt air,” arsa máthair na nGaoth go séimh, agus an Ghaoth Anoir ag déanamh a bhealaigh isteach san uaimh.

Thug an Prionsa faoi deara nach raibh an Ghaoth Anoir chomh h-ard lena chuid deartháireacha, agus go raibh sé gléasta cosúil le Síneach.

“Anois, bhí tú sa tSín,” arsa a mháthair go ceanúil. “Ach shíl mé go raibh tú le dul go dtí Gairdín Pharthais.”

“Amárach a eitleoidh mé ansin,” arsa an Ghaoth Anoir. “Nuair a bhí mé sa tSín ní raibh an t-am agam dada a dhéanamh ach dul ag feadaíl sna foraoisí bambú agus cloigíní na mbailte móra a chur ag clingireacht. Ach ba mhór an spórt é!”

“Is amadán thú,” arsa an tseanbhean. “Táim sásta go mbeidh tú ag dul go dtí Gairdín Pharthais amárach. Seans go dtiocfaidh ciall chugat leis an gcuairt sin. Faigh buidéal beag dom, lán le huisce ón Tobar Feasa.”

“Gheobhaidh,” arsa an Ghaoth Anoir. “Ach lig mo dheartháir, an Ghaoth Aneas, saor ón mála. Ní mór dó an scéal faoin bhFéinics a insint dom, ionas gur féidir liom é a insint do Bhanríon na Sióg i nGairdín Pharthais. Ba mhaith léi scéal an Fhéinics a chloisteáil.”

“Maith go leor,” arsa a mháthair. “Is tusa an duine is ansa liom agus is fíor-dheacair dom rud ar bith a dhiúltú duit.”

Rinne an Prionsa miongháire nuair a chonaic sé an Ghaoth Aneas agus é ag lámhacán amach as an mála, mar a bheadh gasúr dána ann. “Is féidir liom scéal an Fhéinics a insint duit,” ar seisean. “Léigh mé faoi i leabhair de mo chuid sa bhaile. Bhí an ubh as ar tháinig sé suite i nead a bhí trí thine. Bhí sé dearg te, mar rinne a mháthair a nead sa tine.”

“Tá an ceart agat,” arsa an Ghaoth Aneas. “Níl ach Féinics amháin fós beo. An uair dheiridh a chas mé leis, thug sé an duilleog phailme seo dom le tabhairt don Bhanríon.”

“Bainfidh sí taithneamh as sin,” arsa an Ghaoth Anoir, agus thóg sé an duilleog.

Bhreathnaigh an Prionsa ar an nGaoth Anoir agus é ar bís. “Abair liom faoi Ghairdín Pharthais,” ar seisean de bhéic. “Cá bhfuil sé ar chor ar bith?”

“An dteastaíonn uait dul ann?” arsa an Ghaoth Anoir, agus é ag cromadh ar chuid den fhia rósta a thug a mháthair dó a ithe.

“Is é mian mo chroí é,” arsa an Prionsa.

“Ní foláir nó gur chuala tú trácht ar Ádhamh agus ar Éabha,” arsa an Ghaoth Aniar. “Nuair a díbríodh as an ngairdín iad, slogadh an gairdín isteach sa talamh. Tá sé chomh hálainn anois is a bhí an uair sin ach is ann a bhfuil cónaí ar Bhanríon na Sióg anois. Suigh in airde ar mo dhroim amárach agus tabharfaidh mé ann thú, más áil leat é.”

Ach a raibh an suipéar caite acu, luigh na deartháireacha siar le dul a chodladh agus luigh an Prionsa in aice leo. Níorbh fhada go raibh seisean é féin ina chodladh sámh. Ar oscailt a súl dó, bhí sé ina mhaidin mhoch agus b’ábhar iontais dó go raibh sé ina shuí in airde ar dhroim na Gaoithe Anoir agus é ag eitilt go hard os cionn na scamall. Murach go raibh greim ag an nGaoth Anoir ar a lámha, is cinnte go dtitfeadh sé chun talaimh.

“Níor thug tú aon deis dom buíochas a ghabháil le do mháthair ná slán a fhágáil ag do dheartháireacha,” arsa an Prionsa ar deireadh thiar thall. “Cúis bhróin dom is ea é sin.”

“Theastaigh uaim imeacht a luaithe agus arbh fhéidir,” arsa an Ghaoth Anoir. “Is fada an t-achar atá le cur dínn againn sula mbainfimid Gairdín Pharthais amach.” Agus lean sé air ag eitilt os cionn foraoisí agus sléibhte arda agus farraigí móra.

Agus an lá ag dul chun dorchadais, is é a dúirt an Ghaoth Anoir, “Coinnigh greim maith orm anois óir táimid ag déanamh ar an sliabh is airde ar domhan. Ní fada ina dhiaidh sin go mbeimid ag Gairdín Pharthais.

“Is iontach an rud é é sin a chloisteáil,” arsa an Prionsa, a bhí lag tnáite ó bheith i ngreim na Gaoithe Anoir. “Tá boladh níos milse san aer, is cosúil, amhail is go bhfuil cumhra bláthanna agus spíosraí air.”

“Tá an ceart agat,” arsa an Ghaoth Anoir leis. “Táimid an-ghar do Ghairdín Pharthais anois.” Leis sin, thosaigh sé ag titim ón spéir agus ag eitilt ní b’ísle agus ní b’ísle nó gur thuirling sé ar an bhféar bog glas. Léim an Prionsa dá dhroim agus bhain sé searradh as féin.

“Nach aoibhinn go deo é!” ar seisean. “Tá an féar úrghlas agus tá a bhfuil de dhathanna sa bhogha ceatha ar na bláthanna.”

“Níl an Gairdín bainte amach go fóill againn,” arsa an Ghaoth Anoir. “Caithfimid dul tríd an uaimh mhór sin atá os do chomhair amach, mar a bhfuil na géaga finiúna ar crochadh mar a bheadh cuirtíní. Sin é an bealach chuig Gairdín Pharthais.”

B’aisteach an uaimh é! Ar an gcéad dul síos, bhraith an Prionsa chomh fuar sin gur thosaigh a cholainn ag crith. Go tobann ina dhiaidh sin, bhí an ghrian gharg ag scalladh anuas air. Ar thaobh na huaimhe bhí bolláin mhóra, a raibh cruthanna aisteacha orthu, ina seasamh agus bhí siad chomh dlúth sin ar a chéile in áiteanna go raibh an chonair chomh cúng sin go raibh ar an bPrionsa a cholainn a shá agus a bhrú ar aghaidh eatarthu. Ansin, ar deireadh thiar thall, chonaic sé an spéir ba ghoirme dá bhfaca sé riamh os a comhair amach.

Bhí boladh cumhra rósanna le brath san aer agus an Prionsa ag teacht amach as an uaimh agus níorbh fhada go raibh sé ar bhruach abhann ina raibh uisce gléigeal ag rith agus éiscíní beaga, de dhath an

airgid agus an óir, ag snámh de ruathar isteach is amach idir clocha ildaite a bhí ag glioscarnach mar a bheadh seoda faoi sholas na gréine.

Bhí droichead marmair ag síneadh trasna na habhann agus thug an Ghaoth Anoir trasna é. “Táimid ar Oileán an Áthais anois,” ar seisean, “áit a bhfuil Gairdín Pharthais.”

“Nach aoibhinn é!” arsa an Prionsa agus é faoi gheasa aige. “Níorbh fhéidir liom a áilleacht atá sé a shamhlú.” Agus bhí aoibh an tsonais air agus é ag féachaint ina thimpeall ar na bláthanna aisteacha leochaileacha, ar na féithleoga agus ar na fíniúnacha glasa.

Shiúil scata péacóg, a raibh a dtriopall cleití ildata eireabaill ar leathadh acu mar a bheadh feananna, ina threo. Ansin, chonaic sé antalóip agus tíogair i measc na gcrann, agus iad chomh ciúin ceansaithe sin go raibh colúir choille ina seasamh ar a ndroim acu. Bhí an oiread sin iontais ar an bPrionsa nach raibh aon chuimhneamh aige ar an am.

Agus é ina sheasamh ansin, taibhsíodh dó Banríon Sióg Pharthais. Bean óg sciamhach ba ea í a raibh réalt ina folt fada fionn aici. Bheannaigh an Ghaoth Anoir di amhail is gur seanchairde a bhí iontu agus bhronn sé uirthi Duilleog Phailme an Fhéinics. Thiontaigh sé chun an Phrionsa ansin agus ar seisean, “Is cara liom é seo,” agus aoibh an gháire air. “An dtabharfaidh tú aire dó?”

Leis sin rug an tSióg ar láimh an Phrionsa agus thug sí isteach sa Phálás é. Níorbh fhada go raibh an Prionsa ina sheasamh i halla mór marmair agus cad a bhí ina cheartlár istigh ach crann a bhí ag fás aníos go hard agus go caoldíreach agus a bhí faoi ualach úll órga.

“An é seo an Crann Feasa?” ar seisean, agus tuairim mhaith aige gurbh é a bhí ann. Sméid Banríon na Sióg a ceann agus rinne sí miongháire.

“An – an féidir liom fanacht anseo go deo na ndeo?” ar seisean agus loinnir an tsonais ina shúile. “Níl de mhian agam sa saol ach é!”

“Braitheann sé sin ort féin,” arsa an tSióg. “Ní mór duit déanamh mar a déarfaidh mé leat. Mura ndéanfaidh, tá thiar orainn!”

“Déanfaidh mé mo dhícheall,” arsa an Prionsa. “Ní bhainfidh mé d’aon ní nár cheart baint de.”

“Imeoidh an Ghaoth Anoir anocht,” arsa an tSióg. “Ní fhillfidh sé go ceann céad bliain. Is fada an feitheamh é.”

“Ní bheidh sé i bhfad ag imeacht,” arsa an Prionsa. “Tabhair cead dom fanacht le do thoil.”

“Má fhanann,” arsa an tSióg, “beidh orm glaoch ort gach aon tráthnóna agus mé ag fágáil.

Is é a déarfaidh mé, “Tar liom”, ach níor chóir duit aon aird a thabhairt orm. Ní mór duit fanacht mar a mbeidh tú.”

“Tuigim thú,” arsa an Prionsa agus é ar bís. “Geallaim duit nach leanfaidh mé thú.”

“Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall thú a mhealladh,” arsa Banríon na Sióg. “Má leanann tú mé, tiocfaidh tú orm faoi Chrann an Eolais. Crom síos agus bain póg díom agus slogfaidh an talamh Gairdín Pharthais agus ní fheicfidh go deo arís é.”

“Geallaim nach dtiocfaidh mé chugat,” arsa an Prionsa. “Is cuma cá mhinic a ghlaofaidh tú orm.”

Tháinig an Ghaoth Anoir ar an láthair agus is é dúirt sé, “Buailfimid le chéile anseo arís i gcionn céad bliain. Tabhair aire duit féin.” Agus leis sin, shearr sé a dhá sciathán mhóra amach agus d’eitil sé leis.

Chaith Banríon álainn na Sióg an chuid eile den lá aoibhinn i dteannta an Phrionsa agus iad ag damhsa i measc na mbláthanna agus ina suí ina aice leis faoi bhun na gcrann glas. Nuair a chuaigh an ghrian faoi, thug sí isteach i seomra é, áit a bhí lán le lilí bána agus órga, agus thug cuid dá cailíní aimsire torthaí agus fíon chuige.

“Cogar,” ar sise, “tá sé in am domsa imeacht.” Díreach agus í ag fágáil an tseomra chuala an Prionsa a glór binn ag glaoch air, “Tar liom! Tar liom!” Agus dearmad á dhéanamh aige ar an ngeallúint a thug sé, bhrostaigh sé ina diaidh.”

Nuair a shroich sé an Halla Mór mar a raibh Crann an Eolais, chonaic sé ina luí ar leaba luachra, faoi ghéaga an chrainn, í. Cé go raibh a súile dúnta amhail is go raibh sí ina codladh, bhí meangadh gáire uirthi. Bhí sí chomh hálainn sin nach raibh an Prionsa in ann guaim a choinneáil air féin agus chrom sé síos agus bhain sé póg di.

Go tobann, chualathas rois challánach toirní a chuir an oiread sin faitís ar an bPrionsa gur thit sé chun talaimh agus a shúile dúnta aige.

Nuair a d’oscail sé arís iad, bhí báisteach fhuar ag stealladh anuas ar a aghaidh agus bhí sé ag creathadh amhail is go raibh fiabhras air. Chuir sé a chosa faoi, ar éigin, agus thug sé faoi deara go raibh sé san fhoraois gar d’Uaimh na nGaoth. Ansin chonaic sé máthair na nGaoth agus í ag stánadh go fíochmhar air. “Theip glan ort,” ar sise. “Agus gan ann ach an chéad tráthnóna duit! Dá mba liom thú chuirfinn isteach sa mhála thú!”

“Is ea go deimhin, theip orm,” arsa an Prionsa go brónach. “Tá gach ní caillte agam. An mbeidh deis eile go deo agam?”

“Cá bhfios?” arsa máthair na nGaoth. Leis sin, d’imigh sí léi isteach san uaimh agus d’fhág sí san fhoraois ina aonar é.

Meas tú céard a tharla don Phrionsa? Deir daoine áirithe gur thaistil sé an domhan go fánach ar feadh céad bliain agus é ar thóir Ghairdín Pharthais, nach raibh tásc ná tuairisc air. Ach deir daoine eile, gur ghlac an Ghaoth Anoir trua dó agus gur iompar sé ar a dhroim é ionas go mbeidh deis eile aige i ndeireadh na dála.