Gúinín Gorm agus an Féileacán

Fadó, fadó, bhí cailín beag gleoite ina cónaí i dteachín beag aoibhinn ag a raibh geata gorm, ag bun cnocáin féir. Bhí sí um ocht mbliana d’aois agus thugadh gach éinne Gúinín Gorm uirthi toisc go gcaitheadh sí seanghúna gorm an t-am go léir. Ar ndóigh, b’in é an t-aon ghúna a bhí aici. Bhí an gúna ag éirí an-ghioblach ó bheith á chaitheamh i gcónaí, idir Dhomhnach is dálach. Dheisíodh sí an gúna chomh maith agus a bhíodh sí in ann ach fós féin bhí cuma sheanchaite air. Bhí sí ina cónaí aisti féin gan duine sa tsaol a thabharfadh aire di. Ní raibh aici ach seanchat agus bhraitheadh sí an-uaigneach anois is arís ach is é a deireadh sí léi féin, “Ná bac sin anois!”

Lá amháin bualadh cnag ar an doras agus baineadh geit aisti, óir níor tháinig éinne ar cuairt chuici riamh. Ansin chonaic sí litir bheag ghorm ar an urlár agus is é seo an méid a bhí scríofa inti: “A Chailín Bhig, pé ainm ceart atá ort (óir tá a fhios agam nach Gúinín Gorm é), Tá a fhios agam gur cailín maith thú óir bím ag faire ort de ló is d’oíche. Tá gúna aoibhinn álainn agam duit agus ribín chun é a fháisceadh – gúna álainn nua, ach caithfidh tú imeacht agus é a aimsiú. Pé rud a tharlóidh ná caill do mhisneach, pé olc maith a bheidh cúrsaí. Geallaim duit go gcabhróidh mé leat agus go dtabharfaidh mé ar ais abhaile thú go slán sábháilte agus go sona sásta. Lean an teachtaire beag gorm aon uair a fheicfidh tú é agus tabharfaidh sé eolas na slí duit. Go raibh gach sonas ort, Is mise le meas, Banríon na Sióg.”

Ó, nach í Gúinín Gorm a bhí sásta nuair a léigh sí an litir álainn. Bhuail sí a dhá bois le chéile agus thug sí pocléim. Nach í a bhí sona sásta! Nigh sí a pláta agus a cupán beag, ghlan sí a seomra beag, scuab sí an teallach beag agus scuab an chéim lasmuigh den doras. Ansin rith sí léi ag féachaint go grinn ina timpeall ach níorbh fhéidir léi aon teachtaire beag gorm a fheiceáil. Ansin chonaic sí féileacán beag gorm ar na bláthanna a bhí thíos ag an ngeata.

Leis sin, shiúil sí amach geata an ghairdín ach ní raibh a fhios aici cá rachadh sí ansin. “Leanfaidh mé orm, pé scéal é,” ar sise léi féin, “táim cinnte go bhfeicfidh mé go luath é.” Lean sí uirthi ag siúl agus ag siúl nó gur tháinig sí chuig muileann. Bhí mac an mhuilleora, darbh ainm dó Liam, ina sheasamh ar chéimeanna arda an mhuilinn os a comhair amach.

“An bhfaca tú Teachtaire Sí ag dul thar bráid?” ar sise leis. “Tá gúna nua aige dom.”

“A óinseachín,” ar seisean léi, “seo gúna duit. Tá súil agam go bhfeilfidh sé duit.” Leis sin chaith sé seanmhála plúir síos chuici agus clúdaíodh ó bhonn go baithis í le plúr bán. Thosaigh Liam ag scairteadh gáire agus ag magadh fúithi. “An gúna nua is deise a chonaic mé riamh,” ar seisean.

Leis sin, d’imigh Gúinín Gorm léi go brónach doilíosach. Ní raibh éinne ann a thabharfadh eolas na slí di. Ach ní fhaca sí an Féileacán álainn a bhí ar foluain in aice léi.

Lean sí uirthi ar an mbóthar nó gur tháinig sí chuig teach an ghlantóra simléir. Tháinig mac an ghlantóra simléir, darbh ainm dó Marcas – buachaill mór láidir – chuig an bhfuinneog ag faire uirthi.

“An bhfaca tú Teachtaire Sí ag dul thar bráid?” ar sise leis. “Tá gúna nua aige dom.”

“Seo gúna breá nua duit,” ar seisean agus chaith sé seanmhála súiche síos chuici agus clúdaíodh ó bhonn go baithis í le smút dubh. “An dtaitníonn an súiche leat?” arsa Marcas agus thosaigh sé ag gáire agus ag magadh fúithi.

Leis sin, d’imigh sí léi agus í ag iarraidh meangadh gáire a dhéanamh ach ghlac sé tamall uirthi teacht chuici féin. Ach ní fhaca sí an Féileacán a bhí ar foluain os a cionn an t-am go léir.

Lean sí uirthi ag siúl agus ag siúl nó gur tháinig sí chuig Crosbhóthar na gCeithre Ghaoth. Shuigh Gúinín Gorm síos agus thosaigh sí ag gol toisc nach raibh a fhios aici cé acu de na ceithre bhóthar ba cheart di a thaisteal.

Bhí seamair chré ghorm ag fás ar thaobh an bhóthair Ó Thuaidh; bhí méaracáin ghorma ag fás ar thaobh an bhóthair Soir; agus bhí bréanla gorm ag fás ar thaobh an bhóthair Ó Dheas. Ní fhaca sí aon bhláthanna ag fás ar thaobh an bhóthair Siar ach bhí srutháinín ann agus chonaic Gúinín Gorm a scáil san uisce. Ní raibh cuma ná caoi uirthi! Ba dhóbair di gol. Bhí sí breac le smáil dhubha súiche agus le smáil bhána phlúir agus le deannach an bhóthair. “Caithfidh mé tamaillín beag anseo,” ar sise léi féin, “agus nífidh mé mé féin. Ba cheart dom. Cad a déarfadh Banríon an Sióg dá bhfeicfeadh sí mé agus mé clúdaithe le smúit! Leis sin, bhain sí di a gúna agus nigh sí é nó go raibh sé glan arís, rud a ghlac tamall an-fhada uirthi. Ansin chroch sí in airde ar ghéag crainn é faoi sholas na gréine. Nigh sí a lámha agus a haghaidh agus arsa sise léi féin, “Braithim níos fearr anois!”

Shíl sí ar dtús nach raibh aon bhláthanna ag fás ar an mbóthar Siar ach bhí sí in ann go leor bláthanna a fheiceáil ann anois ann. Bhí lus míonla ag fás ar bhruacha an tsrutháinín. Istigh i measc na mbláthanna sin chonaic sí féileacáin bheaga ghorma ag eitilt ó bhláth go bláth.

Agus í ag cur a gúna uirthi féin arís, chonaic sí buachaillín agus seanchóta gioblach á chaitheamh aige. Brian an t-ainm a bhí air. “An tusa a teachtaire a sheol Banríon na Sióg chugam?” ar sise leis de bhéic. Labhair sé léi i measc na gcrann: “Ní thuigim thú,” ar seisean, “táim ag iarraidh breith ar an bhféileacán seo agus tá sé do mo thabhairt ar fud na háite!” Agus leis sin, rith sé leis i ndiaidh an fhéileacáin agus a sheanhata giobalach ina láimh aige. Ansin, rug sé air agus bheadh sé marbh aige ach amháin gur lig Gúinín Gorm liú aisti, “Ná déan!” ar sise.

“Ná gortaigh é. Tabhair domsa é! Nach é atá beag agus aoibhinn!”

“Tabhair domsa do mhuince bheag ghorm,” ar seisean, “agus scaoilfidh mé saor an féileacán, nó tabharfaidh mé duitse é – níl aon ghnó agamsa leis pé scéal é.”

Ba í an mhuince sin a raibh coirníní gorma air an t-aon rud luachmhar a bhí ag Gúinín Gorm sa tsaol riamh. Ach arsa sise, “Tabharfaidh mé an mhuince duit agus fáilte,” cé gur chuir sé brón uirthi i ndáiríre. Bhain sí dá muineál í agus thug sí don bhuachaill é agus d’imigh sé leis ag rá “Tá déanta go maith agam!” Thóg Gúinín Gorm an féileacán ina láimh agus í sásta léi féin.

Leis sin, d’éirigh an féileacán in airde agus thosaigh sé ag at agus ag méadú agus arsa seisean, “téigh in airde ar mo dhroim! Is mise an Teachtaire Sí.

Bhí mé in éineacht leat an t-am ar fad!” Leis sin, chuaigh sí in airde ar a dhroim agus d’eitil sé leis thar chnoic, thar pháirceanna agus thar ghleannta. D’eitil sé chomh tapa sin agus chomh hard sin sa spéir gur imigh an dath de leicne Ghúinín Ghorm. Dhún sí a dhá súil agus rug sí greim daingean air ar eagla go dtitfeadh sí. D’oscail sí arís iad nuair a stad siad agus nach uirthi a bhí an t-iontas. Bhí siad lasmuigh de dhoras a tí féin arís. An ndearna an teachtaire botún? Ní dhearna. “Tá tú ar ais sa bhaile arís,” ar seisean agus searradh á bhaint aige as a sciatháin.

Chuaigh Gúinín Gorm isteach sa teach agus bhí an seomra beag lán de rudaí aoibhne áille – cathaoireacha, agus brat urláir agus cuirtíní a bhí chomh gorm le sciatháin an Teachtaire Sí. Bhí plátaí agus cupáin ghorma, bláthanna gorma i bpotaí gorma, tíleanna gorma agus ballaí gorma ann. Bhí leaba ann a

bhí chomh gorm leis an lus míonla agus ar chúl cathaoireach bhí an gúna gorm ba dheise dá bhfaca éinne riamh.

“Is leatsa iad,” arsa an Féileacán. “Is í Banríon an Sióg a sheol chugat iad.” D’fhéach Gúinín Gorm in airde agus leath a dhá súil le hiontas. Buachaill Sí a bhí ann anois seachas féileacán agus é seang dathúil. “Tá súil agam go bhfuil tú sásta leis na rudaí a d’aimsigh tú,” ar seisean léi. Leis sin rug sé greim láimhe uirthi agus rinne siad rince meidhreach ar fud an tseomra.

Ní dóigh liom go mbeidh uaigneas ar Ghúinín Gorm arís go deo. Tá bia agus deoch na sióg le hithe agus le hól aici agus bláthanna sí os comhair an dorais aici. Tagann an Buachaill Sí ar cuairt chuici agus tugann sé féiríní deasa chuici. Uaireanta, tugann sé ag eitilt í agus fanann sé i gcomhair cupáin tae i gcónaí.