Fleadh agus Féasta an Fhéileacáin

Leagan Gaeilge le Séamus Ó Coileáin

Lá breá samhraidh a bhí ann i mí an Mheithimh. Bheartaigh an Féileacán agus a col ceathrair, an Dreoilín Teaspaigh, go mbeadh Féasta mór acu agus go dtabharfaidís cuireadh dá gcairde go léir. Mar sin, thosaigh siad ag lorg áit chluthair chompordach a bheadh oiriúnach don chúram agus níorbh fhada gur aimsigh siad áit. Leis sin, dúirt siad leis na Creabhair, a d’fhostaigh siad chun freastal a dhéanamh ag an bhFéasta, eitilt leo agus cuireadh a thabhairt dá gcairde go léir. Bhí na Creabhair an-oiriúnach don ghnó sin óir bíonn siad de shíor ag eitilt leo ó áit go háit agus iad ag scaipeadh scéalta a chloiseann siad ar an mbealach. Gheall siad, freisin, go seinnfidís ceol ag an bhFéasta. Ba é an áit a roghnaigh siad don Fhleadh agus don Fhéasta cúinne breá cluthair a raibh gach saghas blátha mhilis ag fás ann, ina measc milleanna gabhair, airgead luachra agus seamair dhearg, díreach ar imeall na coille. Rinne siad gach iarracht a chinntiú go mbeadh dathanna gealla ar fud na háite, mar ba cheart d’ócáid chomh tábhachtach sin, agus go mbeadh sé éasca daoine nach raibh aon chuireadh acu a choinneáil amach.

Ar na chéad fheithidí ar tugadh cuireadh dóibh bhí an Fhoiche óg dhathúil, a bhí lán de mhór-is-fiú agus a raibh níos mó spéise aige ina chulaith óir ná mar a bhí aige san obair. Maistín ba ea é, freisin, toisc go raibh cealg ghéar aige. Ba chuma leis a bheith ag cur isteach ar fheithidí agus ar ainmhithe eile nó mil agus bia eile a thógáil mar ba mhian leis féin. Nuair a tháinig na Creabhair chuige leis an gcuireadh, bhí sé ag spochadh as sean-ulchabhán a bhí ag féachaint air lena dhá shúil mhóra toisc go raibh sé ag béadán agus ag cúlchaint ar éan áirithe a bhíodh amuigh déanach istoíche agus ag cur isteach ar na comharsana go léir lena chuid olagóin.

D’eitil ceann eile de na Creabhair chuig gairdín aoibhinn álainn, mar a raibh rósóga móra. Bhí Snáthaid Mhór, a raibh cuma ghalánta air ina chulaith uaine, ag eitilt os cionn na rósóg agus é ag caint le Leamhan álainn a bhí ag cleitearnach a sciathán. Bhí cith báistí ann díreach roimhe sin agus bhí cumhrán milis na rósanna san aer, rud a chuir áthas ar na feithidí, is dócha. Bhí na beacha ag obair go dian dícheallach agus iad ag imeacht ó bhláth go bláth ag bailiú an neachtair mhilis faoi sholas na gréine. Dúirt siad go léir go rachaidís chuig an bhFéasta agus go raibh siad buíoch as an gcuireadh.

Toisc nach mbeadh aon mhaitheas le Féasta mura mbeadh ann ach aíonna den chineál céanna – aíonna tapaidh sa chás seo – dúirt an Féileacán leis na Creabhair cuireadh a thabhairt do chairde eile léi a raibh cónaí orthu in aice láimhe. Clann Seilidí a bhí ann agus ba iad a bhí socair réchúiseach. Thaitin an baile go mór leo agus b’annamh a théidís ar cuairt i bhfad ó bhaile. Bhí áthas an domhain orthu nuair a fuair siad an cuireadh agus chuir siad chun bóthair láithreach bonn ionas go mbeidís ag an bhFéasta in am. Ar a mbealach chun an Fhéasta dóibh, thug siad cuairt ar Fhrog, ar Luch Féir agus ar Chaochán, agus chuaigh siad go léir chun an Fhéasta le chéile.

Nuair a bhain gach duine an áit amach, bhí an dinnéar leagtha amach ar bheacán mór leathan agus ba dheas an bord é. Bhí sé clúdaithe le gach cineál bia beadaí a bhféadfaí cuimhneamh air. Ba iad na Seilidí an dream deireach a bhain an áit amach toisc gur thaistil siad chomh mall réchúiseach sin agus chuir siad moill ar an dinnéar. Mar sin féin, cuireadh tús leis an bhFéasta agus leis an bhFleadh agus itheadh an bia beadaí blasta go fonnmhar. Go deimhin, d’ith agus d’ól an Frog breis agus a dhóthain. Ba ar éigin a bhí sé in ann éirí ina sheasamh chun óráid a thabhairt agus sláinte na n-aíonna a ól.

Nuair a bhí deis ag na haíonna go léir a scíth a ligean tar éis an dinnéir mhóir a bhí acu, cuireadh tús leis an bhFleadh agus tháinig a thuilleadh aíonna isteach. Mar a dúradh roimhe seo, chuir an Féileacán agus a col ceathrair, an Dreoilín Teaspaigh, dua nach beag orthu féin chun áit oiriúnach agus mhaisithe a roghnú don Fhleadh. Bhí iliomad bláthanna fiáine a bhí ag glioscarnach faoi sholas na gréine ina siogairlíní os cionn an urláir rince. Bhí craobhacha agus duilleoga glasa fite fuaite ar a chéile ionas go mbeadh scáth acu ó theas na gréine agus chun cuileoga agus míoltóga gránna a choinneáil amach. Bhí Lampróg ann a bhí sásta an bealach abhaile a shoilsiú dóibhsean a bheadh ag fágáil an Fhéasta sa dorchadas. Nuair a thit an dorchadas bhí Sciathán Leathair ar faire ar eagla go dtiocfadh daoine isteach gan cuireadh.

Bhí an t-urlár rince sách beag agus dá bhrí sin ní raibh cead ach ag na rinceoirí ab fhearr a bheith air. Bhí an Frog, a bhí lán de theaspach arís, agus an Luch Féir ag déanamh ríle ar an urlár; thriail na Seilidí rince an-mhall a dhéanamh ach ní raibh aon mhaith ann. Chuaigh Ciaróigín cróga anonn chuig iníon an Fhéileacáin agus d’iarr sé amach ag válsáil í. Bhí na Beacha agus na Foichí agus an tSnáthaid Mhór agus roinnt de na Leamhain ag eitilt anonn is anall os a gcionn agus iad breá sásta leo féin agus bhí Damhán Alla luafar ag luasadh ar shnáithe síoda. Ansin, rinne an Féileacáin, an Dreoilín Teaspaigh, an Bhumbóg agus roinnt eile Ionsaí na hInse agus is iadsan a bhí go maith chuige.

Bhain gach a raibh ann an-taitneamh as an bhFleadh iontach agus bhí an Féileacán agus an Dreoilín Teaspaigh an-sásta leo féin. Bhí na haíonna go léir sásta agus bhí tuirse orthu agus bhí siad réidh le dul abhaile. Faoin am sin bhí an ghrian ag dul faoi agus tháinig scata cuileog ghránna agus thosaigh siad ag dordán agus ag cleitearnach a sciathán agus ag cur isteach ar gach éinne. Bheartaigh siad ar dheireadh a chur leis an bhFleadh ansin agus ghlac gach éinne buíochas leis an bhFéileacán agus leis an Dreoilín Teaspaigh. Thosaigh na haíonna ag canadh chun buíochas a ghabháil leis an mbeirt agus bhí ‘ní rachaimid abhaile go maidin’ á chanadh ag na Seilidí, fiú. Tháinig Cuileanna Gorma chun cuid de na haíonna a thabhairt abhaile. D’ith agus d’ól cuid eile an iomarca, faraor, agus níorbh fhéidir leo tabhairt faoin mbaile. Ina measc bhí an Frog, a rinne leaba dó féin faoi thriopall luachra, agus an Luch Féir agus an Caochán a chuaigh a chodladh ar an bhféar in aice leis. D’ith an Luch Féir an iomad cáise roimhe sin agus chaith sí an oíche ar fad ag srannadh agus baineadh geit uafásach aisti ar maidin nuair a dhúisigh sí agus nuair a chonaic sí a cara, an Caochán, in aice léi. Cheap sí ar feadh soicind gur Easóg a bhí ann!