Emelya agus an Gailliasc

Leagan Gaeilge le Séamus Ó Coileáin

Fadó, fadó bhí seanfhear sa Rúis agus bhí triúr mac aige. Bhí beirt acu an-chliste ach amadán ceart ba ea an tríú mac, Emelya.

Bhíodh an bheirt mhac ba shine ag obair i gcónaí agus chaitheadh Emelya an lá ar fad ina luí ina aice leis an sorn ar a shaimhín só.

D’imigh an bheirt deartháireacha leo chun an mhargaidh lá amháin, agus arsa na mná céile:

“Imigh leat ag triall ar uisce dúinn, a Emelya.”

Bhí Emelya ina luí ina chnap in aice leis an sorn, agus arsa seisean:

“Ní imeoidh. Níl aon fhonn orm.”

“Imigh leat, Emelya, nó ní thabharfaidh do dheartháireacha aon bhronntanais abhaile ón margadh chugat.”

“Maith go leor mar sin,” arsa Emelya.

D’éirigh sé ina sheasamh agus chuir sé air a chuid buataisí agus a chaftan. Fuair sé dhá bhuicéad agus tua agus d’imigh sé leis chun na habhann.

Rinne sé poll san oighear leis an tua, líon sé an dá bhuicéad le huisce agus ansin chrom sé síos chun féachaint isteach sa pholl. Bhí sé ag féachaint agus ag féachaint agus cad a chonaic sé ach Gailliasc ag snámh leis san uisce. Sháigh sé a lámha isteach san uisce agus rug sé caol díreach ar an nGailliasc lena dhá láimh.

“Nach breá an súp Gailléisc a bheidh againn don dinnéar inniu!” ar seisean agus áthas an domhain air.

Ach leis sin labhair an Gailliasc i nglór duine agus arsa seisean:

“Scaoil liom, Emelya, agus déanfaidh mé gar duitse lá éigin eile.”

Lig Emelya gáire as.

“Cén gar a d’fhéadfása a dhéanamh domsa? Déarfainn go dtabharfaidh mé abhaile anois díreach thú agus go ndéarfaidh mé le céilí mo dheartháireacha súp a dhéanamh díot. Is aoibhinn liom súp Gailléisc.”

Ach thosaigh an Gailliasc ag impí air arís agus ar seisean:

“Scaoil liom, Emelya, agus déanfaidh mé rud ar bith ort.”

 “Ceart go leor,” arsa Emelya, “ach ní mór duit a chruthú dom ar dtús nach bhfuil tú ag iarraidh an dallamullóg a chur orm.”

“Inis dom a bhfuil uait,” arsa an Gailliasc.

“Ba mhian liom go rachadh na buicéid abhaile astu héin gan braon uisce a shileadh.”

“Go breá, Emelya,” arsa an Gailliasc, “Pé rud atá uait, níl le déanamh agat ach an méid seo a rá:

“’A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí!’”

Agus leis sin, gan chuimhneamh gan smaoineamh, arsa Emelya:

“A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí! Imígí abhaile libh anois, a bhuicéada, asaibh héin.”

Cad a tharla ansin, ach thiontaigh na buicéid agus as go brách leo suas an cnoc.

Chuir Emelya an Gailliasc ar ais isteach sa pholl san oighear agus shiúil sé abhaile i ndiaidh na mbuicéad.

Lean na buicéid orthu tríd an sráidbhaile agus sheas lucht an tsráidbhaile agus iontas an domhain orthu agus iad ag stánadh ar na buicéid agus Emelya ag siúl ina ndiaidh agus é ag gáirí dó héin. Lean na buicéid ar aghaidh caoldíreach chuig bothán Emelya agus léim siad in airde ar an mbinse, agus chaith Emelya é féin síos in aice leis an sorn.

Tamall ina dhiaidh sin, labhair céilí na ndeartháireacha le Emelya:

“Cén fáth a bhfuil tú caite i do chnap ansin, Emelya? Imigh leat agus scoilt roinnt adhmaid dúinn.”

“Ní imeoidh. Níl aon fhonn orm,” ar seisean

“Imigh leat, Emelya, nó ní thabharfaidh do dheartháireacha aon bhronntanais abhaile ón margadh chugat.”

Ní raibh aon fhonn ar Emelya an sorn a fhágáil. Chuimhnigh sé ar an nGailliasc agus arsa seisean faoina fhiacla:

“A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí! Imigh leat, a thua, agus scoilt roinnt adhmaid, agus tagadh an t‑adhmad isteach sa teach agus léimeadh sé isteach sa sorn.”

Cad a tharla ansin, ach léim an tua amach as faoin mbinse agus amach sa chlós leis agus tosaigh sé ag scoilteadh adhmaid, agus tháinig na smutáin adhmaid isteach sa teach astu héin agus léim siad isteach sa sorn.

Tamall ina dhiaidh sin, labhair céilí a dheartháireacha le Emelya arís:

“Níl aon adhmad fágtha againn, Emelya. Imigh leat isteach sa choill agus gearr a thuilleadh adhmaid dúinn.”

Bhí Emelya ina chnap ina aice leis an sorn, agus arsa seisean:

“Agus cad chuige sibhse anseo?”

“Cad atá i gceist agat leis sin, Emelya?” arsa na mná leis. “Ní hamhlaidh a cheapann tú go rachaimisne isteach sa choill chun adhmaid a ghearradh!”

“Muise, níl aon fhonn ormsa é a dhéanamh,” arsa Emelya.

“Ní gheobhaidh tú aon bhronnntanais mar sin,” ar siadsan leis.

Ní raibh aon leigheas aige air, d’éirigh sé ina sheasamh agus chuir sé air a chuid buataisí agus a chaftan. Fuair sé téad agus an tua, chuaigh sé amach sa chlós, léim sé isteach sa charr sleamhnáin agus ar seisean de bhéic:

“Osclaígí na geataí, a mhná!”

Agus arsa céilí a dheartháireacha leis:

“Cad atá ar siúl agat sa charr sleamhnáin, a ghamail? Níor chuir tú an capall faoi fós.”

“Is féidir liom é a dhéanamh gan chapall,” arsa Emelya.

D’oscail céilí a dheartháireacha an geata agus arsa Emelya faoina fhiacla:

“A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí! Ar aghaidh leat chuig an gcoill, a chairr shleamhnáin!”

Cad a tharla ansin, ach d’imigh an carr sleamhnáin amach an geata as a stuaim féin ar nós na gaoithe.

Bhí an choill ar an taobh eile den bhaile agus leag an carr sleamhnáin roinnt daoine agus é ag taisteal tríd an mbaile. “Stop é! Gabh é!” arsa muintir an bhaile de bhéic. Níor thug Emelya aon aird orthu ach thug sé ar an gcarr sleamhnáin taisteal níos tapúla.

Bhain sé an choill amach agus stad an carr sleamhnáin agus arsa Emelya:

“A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí! Gearr roinnt adhmaid thirim, a thua agus tagadh brosna isteach sa charr sleamhnáin agus ceanglaítear ina mburlaí iad.”

Cad a tharla ansin, ach thosaigh an tua ag gearradh agus ag scoilteadh an adhmaid thirim agus tháinig brosna isteach sa charr sleamhnáin agus ceanglaíodh le chéile ina mburlaí iad. D’ordaigh Emelya don tua ansin bata a ghearradh dó, bata a bheadh chomh trom sin gurarbh ar éigin a bheadh sé in ann é a ardú. Sheas sé in airde ar an ualach brosna agus ar seisean:

“A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí! Imigh leat abhaile anois, a chairr shleamhnáin!”

Leis sin, d’imigh an carr sleamhnáin ar nós na gaoite. Chuaigh Emelya ar ais tríd an mbaile inar leag sé an oiread sin daoine roimhe sin agus bhí siad go léir ag feitheamh leis. Ghabh siad é agus tharraing siad amach as an gcarr sleamhnáin é agus thosaigh siad ag tabhairt íde na muc is na madraí dó.

Thuig Emelya go raibh sé i gcruachás agus arsa seisean faoina fhiacla:

“A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí! Tabhair léasadh ceart dóibh, a bhata!”

Leis sin, léim an bata in airde agus thosaigh sé ag luasadh ar dheis agus ar chlé. Theith muintir an bhaile leo chomh tapa agus a bhí siad in ann agus chuaigh Emelya abhaile agus chaith sé é héin síos in aice leis an sorn.

Tamall ina dhiaidh sin chuala an Sár na nithe a bhí Emelya a dhéanamh agus sheol sé duine de na saighdiúirí amach ar a thóir chun é a thabhairt ar ais chuig an bpálás.

Tháinig an saighdiúir chuig sráidbhaile Emelya, chuaigh sé isteach ina bhothán agus arsa seisean leis:

“An tusa Emelya an tAmadán?”

Agus d’fhreagair Emelya é agus é ina luí in aice leis an sorn:

“Abair gurb ea!”

“Cuir ort do chuid éadaigh go beo agus tabharfaidh mé chuig pálás an tSáir thú.”

“Mhuise, níl aon fhonn orm dul ann,” arsa Emelya.

Bhuail racht feirge an saighdiúir agus thug sé buille sa phus do Emelya.

Leis sin, labhair Emelya faoina fhiacla:

“A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí! Tabhair léasadh ceart dó, a bhata!”

Leis sin, léim an bata amach agus thug sé íde na muc agus na madraí don saighdiúir agus ba ar éigin a bhí sé in ann na cosa a thabhairt leis ar ais chuig an bpálás.

Bhí ionadh ar an Sár nuair a fuair sé amach nárbh fhéidir leis an saighdiúir an ceann ab fhearr a fháil ar Emelya agus chuir sé fios ar dhuine de na fir uaisle ab fhearr a bhí aige.

“Aimsigh Emelya agus tabhair ar ais chuig an bpálás é nó bainfear an cloigeann díot,” arsa an Sár leis.

Cheannaigh an fear uasal go leor rísíní agus prúnaí agus cístí meala, agus tháinig sé chuig an sráidbhaile agus isteach leis sa bhothán agus d’fhiafraigh sé de chéilí a dheartháireacha cén rud ab fhearr a thaitin le Emelya.

“Is breá le Emelya é nuair a labhraíonn duine go séimh leis,” ar siadsan. “Déanfaidh sé pé rud is mian leat ach a bheith lách leis agus caftan dearg a gheallúint dó mar bhronntanas.”

Ansin thug an fear uasal na rísíní agus na prúnaí agus na cístí meala a cheanaigh sé do Emelya, agus arsa seisean:

“Cén fáth a bhfuil tú caite i do chnap ansin, a Emelya? Tar liom le do thoil chuig pálás an tSáir.”

“Dheara, táim go breá mar a bhfuil mé,” arsa Emelya.

“A Emelya, beidh féasta cistí agus fíona den scoth ag an Sár duit. Nach dtiocfá liom.”

“Ní thiocfaidh. Níl aon fhonn orm dul leat,” arsa Emelya.

“Ach a Emelya, tabharfaidh an Sár caftan álainn dearg duit mar bhronntanas mar aon le caipín agus péire buataisí.”

Rinne Emelya a mharana ar feadh tamaill agus arsa seisean ansin:

“Maith go leor. Rachaidh mé leat ach ní mór duitse imeacht leat héin agus rachaidh mise i do dhiaidh.”

D’imigh an fear uasal leis agus chaith Emelya é héin in aice leis an sorn ar feadh tamaill eile. Tar éis tamaill, arsa seisean:

“A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí! Imigh leat chuig pálás an tSáir, a shoirn!”

Leis sin chualathas gíoscán agus pléascadh agus thosaigh an díon ag luascadh agus thit balla anuas agus d’imigh an sorn as a stuaim féin síos an bóthar agus thug sé aghaidh ar phálás an tSáir.

D’fhéach an Sár amach an fhuinneog agus ionadh an domhain air.

“Cad é sin?” ar seisean.

Agus d’fhreagair an fear uasail é:

“Sin é Emelya agus é ag marcaíocht ar shorn chuig do phálás.”

Sheas an Sár amach ar an bpóirse agus arsa seisean:

“Chuala mé go leor gearán fút, Emelya. Is cosúil gur leag tú roinnt mhaith daoine.”

“Cén fáth ar sheas siad sa bhealach ar mo charr sleamhnáin?” arsa Emelya.

Bhí iníon an tSáir, Sáraibhne Marya, ag féachaint amach an fhuinneog díreach ag an am sin agus nuair a chonaic Emelya í, labhair sé faoina fhiacla:

“A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí! Titeadh iníon an tSáir i ngrá liom.”

Ansin, ar seisean:

“Ar ais linn abhaile, a shoirn.”

Thiontaigh an sorn agus d’imigh sé ar ais chuig an sráidbhaile. Chuaigh sé isteach sa bhothán agus ar ais mar a mbíodh sé agus chaith Emelya é héin in aice leis an sorn mar ba ghnách leis.

Idir an dá linn, bhí gach aon olagón agus golfairt le cloisteáil sa phálás. Bhí Sáraibhne Marya ag gol go faíoch mar gheall ar Emelya. Dúirt sí lena hathair nárbh fhéidir léi an saol a chaitheamh gan é agus d’impigh sí air ligean di Emelya a phósadh. Bhí an Sár go mór trína chéile agus arsa seisean leis an bhfear uasal:

“Imigh leat agus tabhair Emelya anseo, beo nó marbh. Ná clistear ort nó bainfear an cloigeann díot!”

Cheannaigh an fear uasal gach saghas bia bheadaí agus fíona den scoth agus as go brách leis chuig an sráidbhaile arís. Chuaigh sé isteach sa bhothán agus chuir sé féasta ar fáil do Emelya.

D’ith agus d’ól Emelya a sháith den bhia agus den fhíon iontach agus ansin tháinig meabhrán cinn air agus luigh sé siar agus thit sé a chodladh. Chuir an fear uasal isteach ina charráiste é agus d’imigh sé leis chuig pálás an tSáir.

D’ordaigh an Sár go dtabharfaí isteach bairille mór a raibh bandaí iarainn timpeall air. Cuireadh Emelya agus Sáraibhne Marya isteach sa bhairille agus cuireadh tarra ar an mbairille agus caitheadh amach san fharraige é.

Tamall ina dhiaidh sin, dhúisigh Emelya. Bhí sé sa doircheacht agus ba bheag slí a bhí aige.

“Cá bhfuilim?” ar seisean.

Agus d’fhreagair Sáraibhne Marya é:

“Nach orainne atá an mí-ádh, a Emelya, a ghrá! Chuir siad isteach i mbairille a clúdaíodh le tarra agus caitheadh amach san fharraige mhór sinn.”

“Agus cé thú héin?” arsa Emelya.

“Is mise Sáraibhne Marya,”

Labhair Emelya ansin:

“A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí! Tar anseo, a ghaotha fiáine, caithigí an bairille i dtír agus leag anuas ar chladach tirim gainimh é.”

Leis sin, thosaigh na gaotha fiáine ag séideadh, d’éirigh an fharraige suaite agus caitheadh an bairille i dtír agus leagadh anuas ar chladach tirim gainimh é. Sheas Emelya agus Sáraibhne Marya amach as an m bairille, agus arsa Sáraibhne Marya:

“Cá mbeidh cónaí orainn, a Emelya, a ghrá? Tóg bothán éigin dúinn.”

“Ní thógfaidh. Níl aon fhonn orm.” arsa Emelya.

Ach d’impigh sí agus d’impigh sí air agus i ndeireadh na dála, arsa Emelya:

“A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí! Tógtar foirgneamh cloiche a bhfuil díon óir air!”

Ní túisce a tháinig na focail as a bhéal nó gur éirigh pálás cloiche a raibh díon óir air as an talamh os a gcomhair amach.

Bhí gairdín glas mórthimpeall air ina raibh bláthanna aoibhne ag fás agus bhí cantaireacht na n-éan le cloisteáil. Chuaigh Sáraibhne Marya agus Emelya isteach sa phálás agus shuigh siad síos ar leac fuinneoige.

“Ó, a Emelya, an bhféadfá a bheith beagán níos dathúla?”

“A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí! Déantar fear ard dathúil díom!” arsa Emelya.

Cad a tharla ansin ach tiontaíodh Emelya ina fhear óg dathúil nach bhfacthas a leithéid riamh.

Um an dtaca sin chuaigh an Sár amach ag seilg agus níorbh fhada gur tháinig ar phálás áit nach bhfaca sé pálás riamh roimhe sin.

“Cé hé an t-amadán a thóg pálás ar mo chuid talún?” ar seisean agus seol sé duine dá shaighdiúirí amach féachaint cé a rinne é.

Rith an saighdiúir chuig an bpálás, sheas sé faoi fhuinneog agus d’fhiafraigh sé de Emelya cérbh é héin.

“Abair leis an Sár teacht chugam go gcloisfidh sé ó mo bhéal féin cé hé mise,” arsa Emelya.

Rinne an Sár amhlaidh agus bhuail Emelya leis ag geata an pháláis. Thug sé isteach sa phálás é, chuir sé ina shuí cois boird é agus chuir sé féasta ar fáil dó. D’ith agus d’ól an Sár a sháith agus bhí iontas an domhain air.

“Cé thú héin, a fhir mhaith?” a d’fhiafraigh an Sár de i ndeireadh thiar thall.

“An cuimhin leat Emelya an tAmadán a tháinig ar cuairt chugat ar bharr soirn?” a d’fhiafraigh Emelya de. “An cuimhin leat gur ordaigh tú go gcuirfí i mbairille é in éineacht le d’iníon Sáraibhne Marya agus go ndúnfaí le tarra é agus gcaithfí amach san fharraige iad? Is mise Emelya. Más mian liom é, is féidir liom do ríocht ar fad a dhó go talamh.”

Bhí eagla an domhain ar an Sár agus d’impigh sé ar Emelya maithiúnas a thabhairt dó.

“Féadfaidh tú m’iníon a phósadh agus féadfaidh tú mo ríocht ar fad a bheith agat chomh maith má fhágann tú mo bheatha agam, Emelya,” arsa seisean.

Ansin, cuireadh féasta mór ar siúl, a leithéid nach bhfacthas riamh ar dhroim an domhain mhóir.

Pósadh Emelya agus Sáraibhne Marya agus bhí ceannas acu ar an ríocht ar fad agus mhair siad go sona sásta as sin amach.