Culaith Nua an Impire

Leagan Gaeilge le Séamus Ó Coileáin

Fadó, fadó, bhí Impire ann agus bhí dúil mhór aige in éadaí. Go deimhin, ní chuireadh aon ní eile an oiread sin áthais ná gliondair ar a chroí is a chuireadh éadaí. Ba mhór an sásamh a bhaineadh sé as culaith nua a ordú trí bhabhta sa tseachtain ar a laghad. Chaitheadh sé gach aon phingin a bhíodh aige ar éadaí agus ba bheag meas a bhí aige ar na saighdiúirí, ná ar an amharclann ná ar rince.

Bhí cónaí ar an Impire i gcathair mhór mhaorga agus bhíodh an chathair sin dubh le daoine i gcónaí agus iad go léir ag súil le radharc a fháil ar an Impire féachaint cé na héadaí ba nuaí agus ab iontaí a bhíodh sé a chaitheamh. Ba mhór an spórt a bhíodh acu.

Lá amháin tháinig beirt rógairí chun na cathrach agus níorbh fhada gur chuimhnigh siad ar sheift lena bhféadfaidís bob a bhualadh ar an Impire agus lear mór airgead a fháil dóibh féin. “Ligimis orainn gur fíodóirí atá ionainn,” arsa duine acu leis an duine eile. “Rachaimid chuig an bPálás agus déarfaimid leis an Impire nach bhfuil ár sárú le fáil ar dhroim an domhain mhóir i measc fíodóirí.

Déarfaimid leis gur againne atá an t-éadach is aoibhne agus is míne dá bhfuil ann.”

Bhí go maith is ní raibh go holc. D’éirigh leis an mbeirt rógairí dul os comhair an Impire. “Tabhair dúinn snáitheanna óir agus síoda, a dhuine uasail,” arsa iad, “agus cuirfimid chun oibre anseo sa phálás. Geallaimid duit go mbeidh culaith chomh hiontach sin agat go mbeidh ionadh ar gach duine a fheicfidh í”

“Tabharfaidh, agus fáilte!” arsa an Rí. “Rud ar bith a bheidh de dhíth oraibh chun an chulaith sin a dhéanamh, beidh sé agaibh.”

“Caithfimid rud amháin a rá leat, a dhuine uasail,” arsa duine de na rógairí, “ní féidir ach leis na daoine is cliste agus is uaisle an t-éadach atá againn a fheiceáil.”

“Ó, nach iontach an rud é sin!“ arsa an Rí agus sceitimíní air. “Sin mar is fearr é!”

Leis sin, tháinig an bheirt rógairí chuig an bPalás an lá dar gcionn. Thug siad dhá sheol láimhe leo chun an t-éadach a fhí agus leag siad gach aon ní amach i seomra speisialta a thugadh dóibh. Níl cur síos ar an méid snáitheanna óir agus síoda de dhathanna iontacha a tugadh dóibh. Anuas air sin, tugadh málaí móra lán d’ór dóibh ionas go spreagfaí chun oibre iad.

Bhí an oiread sin bíse agus sceitimíní ar an Impire faoin éadach iontach sin gur inis sé do gach duine sa phálás faoi agus dúirt sé nárbh fhéidir ach leis na daoine ba chliste agus ab uaisle sa chúirt an t-éadach a fheiceáil.

Níorbh fhada go raibh scéala an éadaigh, nárbh fhéidir le dúradáin a fheiceáil, cloiste ag gach duine sa chathair.

Faoi dheireadh na chéad seachtaine don bheirt rógairí a bheith ag obair, mar dhea, theastaigh ón Impire a fháil amach conas a bhí ag éirí leo. “Ní rachaidh mé ann mé féin,” ar seisean leis féin. “Seolfaidh mé an tAire is sine agus is cliste atá sa chúirt ann. Beidh seisean in ann an t-éadach a fheiceáil gan aon dabht agus beidh sé in ann cur síos a dhéanamh dom ar a áilleacht atá sé.”

Bhí tréimhse an-fhada caite ag an Aire sin ag obair i gcúirt an Impire agus ba mhór an chúis mhórtais dó é gur roghnaigh an tImpire é. “Scrúdóidh mé an chulaith go cúramach agus tabharfaidh mé scéala ar ais chugat,” arsa seisean leis an Impire sular imigh sé leis go deifreach.

Nach airsean a bhí an t-ionadh nuair a chuaigh sé isteach sa seomra ina raibh an bheirt rógairí ina suí ag na seolta agus iad ag obair, mar dhea, agus nach raibh aon éadach le feiceáil aige. Ní fhaca sé oiread na fríde d’éadach ar cheachtar den dá sheol. “Mo léan géar,” ar seisean leis féin, “ní fheicimse faic na ngrást.” Ní ligfeadh an náire dó aon rud a rá. Ní dhearna sé ach a spéaclaí a shocrú ar a chaincín agus a cheann a sméideadh cúpla babhta.

Ansin, labhair duine de na rógairí. “Nach aoibhinn iad na dathanna agus na patrúin,” ar seisean. “An aontófá liom?”

“Nach é an tImpire a bheidh sásta,” arsa an duine eile acu. “An oirfidh na dathanna seo do shúile an Impire, an dóigh leat?”

D’fhan an seanfhear ina thost ar feadh tamaillín agus é ag stánadh ar an dá sheol agus gan faic orthu. “Tá an ceart agaibh,” ar seisean. “Déarfaidh mé leis an Impire gurb aoibhinn álainn í an t-éadach atá sibh a dhéanamh.”

Thosaigh an bheirt bhréagfhíodóirí ag caint ar an tslí ar cheap siad an patrún agus rinne siad cur síos ar na snáitheanna óir go léir a d’úsáid siad. “Beidh a thuilleadh snáitheanna óir agus síoda ildaite de dhíth orainn,” arsa duine acu leis an Aire i ndeireadh na dála. “An ndéarfaidh tú leis an Impire é?”

“Déarfaidh go deimhin,” arsa an tAire agus imní an domhain air go bhféachfadh na rógairí sna súile air ar eagla go sceithfí a rún air.

Bhí ríméad an domhain ar an Impire ach ar chuala sé tuairisc an Aire. Sheol sé a thuilleadh snáitheanna óir agus síoda chuig na fíodóirí agus chuir siadsan i bhfolach i málaí móra iad a thúisce a fhuair siad iad.

Faoi dheireadh an dara seachtain, bheartaigh an Impire go rachadh sé féin anonn chuig na fíodóirí féachaint an raibh an t-éadach déanta acu. Thug sé roinnt de na comhairleoirí ab fhearr a bhí sa chúirt leis mar aon le duine nó beirt eile a raibh cáil na héirime aigne agus na clisteachta orthu.

D’éirigh an bheirt rógairí dá seolta folmha agus d’umhlaigh siad go híseal os comhair an Impire nuair a tháinig sé féin agus a shlua isteach sa seomra.

“Inis dúinn, a dhuine uasail,” arsa duine de na rógairí, “cad is dóigh leat de? An gcuireann áilleacht an éadaigh iontas ort nó an gcuireann gile na ndathanna daille súl ort?”

“Cad atá ar bun anseo?” arsa an Impire leis féin agus é ag stánadh ar na seolta. “Ní fheicimse faic na fríde! An amhlaidh gur amadán atá ionam? Is olc an scéal é.

Má deirim aon ní faoi déarfaidh daoine nár chóir dom a bheith i m’Impire in aon chor! “Tá sé go haoibhinn ar fad,” arsa an tImpire.

Ba é an port céanna a bhí ag na hAirí go léir. “Tá sé go haoibhinn.” Fearacht an Impire, bhí eagla orthu an fhírinne a insint.

An lá dar gcionn, labhair duine de na hAirí ab óige sa chúirt leis an Impire. “Faoi cheann dha lá, beidh mórshiúl ar siúl agus siúlfaidh tusa, a Impire uasail, trí shráideanna na cathrach. An iarraidh tú ar na fíodóirí bailchríoch a chur ar an éadach agus culaith a dhéanamh as ionas go mbeidh tú in ann a caitheamh don mhórshiúl? Ba mhian leis na daoine an t-éadach iontach seo a fheiceáil dóibh féin.”

“Sin é go díreach an plean atá agam,” arsa an tImpire. Agus leis sin, sheol sé dhá mhála eile óir chuig na rógairí agus é ag impí orthu obair a dhéanamh de ló is d’oíche chun an t-éadach a chríochnú.

Las na breágfhíodóirí coinnle arda geala sa seomra ionas go ndéarfadh na searbhóintí leis an Impire go raibh an bheirt ag obair ar a ndícheall i rith na hoíche. Ar bhreacadh an lae, an mhaidin dar gcionn, d’fhógair na fíodóirí go raibh an t-éadach réidh acu.

Chuaigh an tImpire chun an tseomra faoi dheifir ach ar chuala sé an scéal agus lig na bréagadóirí orthu go raibh an t-éadach á bhaint den seol acu. Ansin, thóg duine de na rógairí siosúr ina láimh agus lig sé air go raibh an t-éadach á ghearradh aige fad is a bhí an duine eile acu ag tomhas an Impire agus ag fiafraí de cén fhaid ba mhian leis a bheith i bhfallaing na culaithe.

Ach a raibh na toisí go léir ag na rógairí, gheall an bheirt go mbeadh an chulaith réidh don mhaidin dar gcionn, lá an mhórshiúil.

An mhaidin dar gcionn, d’éirigh an tImpire le breacadh an lae agus anonn leis chuig seomra na bhfíodóirí. Lean beirt searbhóntaí é agus scáthán fada ar iompar acu.

D’umhlaigh na rógairí go talamh ar a theacht isteach don Impire agus d’iarr siar air, go hómósach, a chuid éadaí a bhaint de ionas go bhféadfaidís an chulaith nua a thriail air. Rinne an tImpire amhlaidh agus shín duine de na rógairí a leathlámh amach agus arsa seisean: “Seo dhuit an treabhsar, a Impire uasail. Níl meáchan nead damháin alla ann.”

“Seo agat an seaicéad. Nach aoibhinn iad na dathanna atá air!” arsa an dara duine díobh agus a dhá láimh fholmha á síneadh amach aige.

Leis sin, chabhraigh mo bheirt leábharaic, mar dhea, leis an Impire an chulaith a chur air agus ba é a dúirt na hAirí go léir a tháinig isteach sa seomra taobh thiar den Impire, “Nach álainn go deo an chulaith í, a Impire uasail! Oireann sí go seoigh duit. Bí ag caint ar dhathanna!”

D’fhéach an tImpire air féin sa scáthán fada agus ba léir dá shúile go raibh sé chomh lomnocht is a bhí sé an chéad lá ar tháinig sé ar an saol ach ní ligfeadh an eagla dó an fhírinne a insint. Ní dúirt sé ach, “Go deimhin féin, oireann siad go hiontach dom. Tá siad ar fheabhas.”

Leis sin d’iompaigh sé chun na beirte rógairí agus arsa seisean, “bronnaim oraibh, mar luach saothair, an teideal Fíodóirí Cúirte na hImpireachta agus gheobhaidh sibh a thuilleadh óir sula dtosóidh an mórshiúl.”

Ansin labhair an an tAire ba shine agus ba shinsearaí de na hAirí agus is é a dúirt sé, “Tá na sluaite ar na sráideanna, a Impire uasail, tá na ceoltóirí réidh agus tá gach ní faoi réir.”

Roghnaíodh beirt chun fallaing an Impire a choimeád in airde ón talamh agus chrom siad síos agus lig siad orthu go raibh siad á baint den talamh. Leis sin, d’fhág an tImpire an pálás agus shiúil sé síos na céimeanna agus amach ar an tsráid.

“Nach é an tImpire atá gléasta go triopallach inniu!” arsa an slua a bhí ar na sráideanna. “Nach é atá gléasta go péacógach! Nach álainn an chulaith í! Bí ag caint ar dhathanna!” Ní raibh sé de mhisneach ag éinne an fhírinne a rá agus an tImpire ag gluaiseacht leis go mall faoi scáth.

Ansin, de gheit, arsa buachaillín beag de bhéic, “Ach tá sé lomnocht! Níl snáth éadaigh á chaitheamh ag an Impire!”

Rinne a athair iarracht é a chur ina thost ach bhí an dochar déanta. Thosaigh leanaí eile ag liúraigh agus an scairteadh gáire. “Lomnocht. Tá an tImpire lomnocht!”

Níorbh fhada go raibh an port céanna ar bhéal gach éinne a bhí i láthair agus thosaigh cuid mhaith acu ag gáire. Chuala an tImpire a raibh á rá acu. Go tobann, bhí a fhios aige ina chroí istigh go raibh an fhírinne á ra acu. Agus mo léan géar, nach airsean a bhí an náire agus an brón! Ba léir dó gur bhuail na fíodóirí bob air. Ach ba é an dúil a bhí aige in éadaí nua a rinne amadán de i ndáiríre.

Mar sin féin, ba é an tImpire é agus níorbh fhéidir leis an mórshiúl a fhágáil. Bheadh air siúl leis trí na sráideanna amhail is nach raibh aon ní as cor. Leis sin, lean an tImpire air ag siúl agus shiúil an bheirt searbhóntaí taobh thiar de agus bun na fallainge á iompar acu, mar dhea!

Ina dhiaidh sin, ní raibh an dúil chéanna ag an Impire in éadaí nua toisc go raibh a chiall ceannaithe aige. Ní dhéanfaidh muintir na cathrach maorga sin dearmad go fada an lá ar an mórshiúl sin. Ach cad a d’imigh ar mo bheirt leábharaicí? Sular tháinig an mórshiúl chun deiridh chonacthas an bheirt acu ar muin capall agus iad ag imeacht cosa in airde amach as an gcathair agus a ndóthain óir ina málaí acu a shásódh go lá a mbáis iad.