Castán Glas

Colm Ó Maoláin a rinne an leagan Gaeilge

Fadó, fadó, bhí seanfhear ann.

Bhí triúr mac ag an seanfhear.

Bhí clú agus cáil ar bheirt acu.

Bhíodh na héadaí ba dheise á gcaitheamh acu.

Ivan an tAmadán a thugtaí ar an tríú mac.

Bhí Ivan salach agus místuama.

Ba bhreá leis a bheith ag piocadh sméara.

Bhí an seanfhear ar leaba an bháis.

Labhair sé lena chlann mac.

“Nuair a gheobhaidh mé bás,” a deir an t-athair, “tar chugam le harán do na chéad trí oíche.”

Bhásaigh an seanfhear agus cuireadh é.

Tháinig babhta an mhic ba shine dul chuig an uaigh.

Ach bhí leisce air dul ann.

“Téigh i m’áitse anocht,” a deir sé le Ivan.

“Réiteoidh mise cáca milis duit má théann tú.

“Cinnte mar sin,” a d’fheagair Ivan.

D’imigh Ivan leis agus píosa aráin aige.

Ar bhuille an mheán oíche, dhúisigh an seanfhear.

“Cé atá ansin?” a deir sé. An tú mo chéad mhac? An bhfuil gach rud ceart sa bhaile?”

“Is mise atá ann,” a d’fheagair Ivan. “Do chéad mhac. Tá gach rud i gceart.”

D’ith an seanfhear an t-arán.

Luigh sé siar arís.

Chuaigh Ivan abhaile ansin agus é ag piocadh sméara ar a bhealach.

Chonaic Ivan a dheartháir sa bhaile.

“An bhfaca tú ár n-athair?” a d’fhiafraigh sé.

“Chonaic mé é, agus d’ith sé an t-arán,” a d’fheagair Ivan.

D’imigh lá eile tharstu.

Babhta an dara mac a bhí ann anois.

Ach bhí leisce airsean dul chuig an uaigh freisin.

“Téigh i m’áitse anocht,” a deir sé le Ivan. “Déanfaidh mé péire bróg breá duit.

“Cinnte mar sin,” a d’fheagair Ivan.

D’imigh Ivan leis agus píosa aráin aige.

Ar bhuille an mheán oíche, dhúisigh an seanfhear.

“Cé atá ansin?” a deir sé. “An tú an dara mac agam? An bhfuil gach rud ceart sa bhaile?”

“Is mise atá ann,” a d’fheagair Ivan. “An dara mac agat. Tá gach rud i gceart.”

D’ith an seanfhear an t-arán.

Luigh sé siar arís.

Chuaigh Ivan abhaile ansin agus é ag piocadh sméara ar a bhealach.

Nuair a tháinig sé abhaile, chonaic sé an dara deartháir.

“An bhfaca tú ár n-athair?” a d’fhiafraigh sé.

“Chonaic mé é, agus d’ith sé an t-arán,” a d’fheagair Ivan.

D’imigh lá eile tharstu.

Babhta Ivan a bhí ann anois dul chuig an uaigh.

“Caithfidh sibhse dul i m’áitse anois anocht,” a dúirt Ivan.

“Coinnigh ort thú féin, a Ivan,” a dúirt an bheirt deartháir leis.

“Tá cleachtadh maith agatsa air anois.”

“Maith go leor,” a d’fheagair Ivan. “Rachaidh mise ann mar sin.”

D’imigh Ivan leis agus píosa aráin aige.

Ar bhuille an mheán oíche, dhúisigh an seanfhear.

“Cé atá ansin?” a deir sé. “An tú atá ann, a Ivan, an tríú mac agam? An bhfuil gach rud ceart sa bhaile?”

“Is mise atá ann,” a d’fheagair Ivan. “Ivan, an mac is óige agat. Tá gach rud i gceart.”

“Tusa an t-aon mhac a rinne mar a d’iarr mé,” a dúirt an t-athair le Ivan.

“Ní raibh faitíos ort teacht chugam.”

“Téigh amach sa gharraí ansin agus abair na focail seo amach os ard:

“’A Chastáin Ghlais, tar chugam anois, nó bás atá i ndán duit!’ Téigh isteach ina chluas nuair a thiocfaidh sé chugat. Agus ansin tar amach as an gcluas eile. Ansin beidh tú i d’fhear stuama.”

Ghlac Ivan buíochas lena athair.

Chuaigh sé abhaile ansin agus é ag piocadh sméara.

D’fhiafraigh an bheirt deartháir de an bhfaca sé a athair.

“Chonaic mé é, agus d’ith sé an t-arán uile.”

Bhí féile mhór ag Sár na háite.

Bhí iníon álainn aige.

Bhí sé ag iarraidh na fir ba dhathúla a thabhairt chuig an bhféile, mar nach raibh fear céile ag a iníon.

Sáraibhne Áilleacht an t-ainm a bhí uirthi.

Agus tógadh caisleán mór di.

Chónaigh sí sa seomra ab airde ann.

Chuir an Sár comórtas mór ar bun.

Dá léimfeadh fear chomh hard léi bheadh cead aige í a phósadh.

Agus bheadh leath na sárlachta aige chomh maith.

Chuala deartháireacha Ivan faoin nuacht seo.

Thug siad béile coirce dá gcuid each agus ar aghaidh leo.

“Tugaigí mise libh,” a d’impigh Ivan ar a dheartháireacha.

“Tugaigí seans dom freisin.”

“Tusa, suí-ar-an-tsornóg amaideach!” a dúradar agus iad ag gáire faoi.

Dhírigh siad a hataí.

D’imigh siad leo ar a gcuid capall.

Chuaigh Ivan amach ansin sa gharraí.

Dúirt sé os ard:

“’A Chastáin Ghlais, tar chugam anois, nó bás atá i ndán duit!’”

Agus, iontas na n-iontas!

Tháinig capall cogaidh ag rith ina threo.

Bhí an capall ag séideadh lasracha as a pholláirí.

Chuaigh Ivan isteach i gcluas amháin agus amach as an gcluas eile.

Dár fia! D’iompaigh sé ina fhear breá stuama.

Chuaigh sé suas ar dhroim Chastán Glas.

Agus ar aghaidh leis go dtí pálás an tSáir.

Bhí an pálás dubh le daoine nuair a shroich Ivan é.

Tháinig an Sár amach agus labhair sé leis an slua.

“Cibé fear a éireoidh ar a chapall chomh hard le fuinneog m’iníne,

agus a leagfaidh póg ar a béal,” a deir sé, “Beidh sí aige mar bhean chéile. Agus beidh leath mo shárlachta agaibh chomh maith.”

Duine i ndiaidh duine, bhain chuile fhear triail as.

Ach, faraor, bhí fuinneog an tSáraibhne ró-ard dóibh.

Tháinig seans Ivan faoi dheireadh.

Sheol sé Castán Glas cosa in airde.

Le béic agus fead, léim sé, ach ní raibh sé baileach ann.

Bhain sé triail as arís.

Ach arís, níor léim sé baileach chomh hard léi.

Bhí geábh amháin eile ag Ivan agus an Castán Glas.

Chuir sé Castán Glas ag pramsáil agus ag rothlú timpeall ‘s timpeall.

Bhí an each téite agus ar fiuchadh le fearg anois.

Léim Ivan thar fhuinneog Áilleacht agus thug sé póg di.

Bhuail sí é le cnag ar a bhaithis lena fáinne séala.

Fágadh comhartha an fháinne air.

D’imigh Ivan ansin i scamall deannaigh.

Stop siad i ngarraí i bhfad ón gcaisleán.

Chuaigh Ivan isteach i gcluas amháin agus amach as an gcluas eile.

Creid é nó nár creid, athraíodh Ivan ar ais arís.

Agus d’imigh Castán Glas leis.

Chuaigh Ivan abhaile agus é ag piocadh sméara ar an bhealach.

Níorbh fhada gur tháinig a dheartháireacha abhaile.

Bhí an oiread le rá acu faoi gach rud a chonaic siad.

An lá dar gcionn, bhí féasta ag an Sár.

Chuir sé fios ar chuile dhuine.

Chuaigh na deartháireacha chuig an bpálás arís.

Agus arís d’fhág siad Ivan ina ndiaidh.

Ach lean sé de chos iad.

Ag an bpálás bhí Áilleacht ag dul thart ag caint le chuile dhuine.

Tháinig sí chomh fada le Ivan.

Chonaic sí an chuma a bhí ar Ivan.

Brocach agus salach agus gruaig cosúil le tuí air.

Bhí díomá an domhain uirthi.

Chonaic sí cheirt ar baithis Ivan.

“Céard a tharla duit?” a d’fhiafraigh sí de.

“Ghortaigh mé mé féin,” a d’fheagair sé.

Bhain an Sáraibhne an cheirt de.

Las luisne mhór gheal suas an pálás.

“Sin é mo chomhartha!” a bhéic sí.

“Is tú atá geallta dom mar sin.”

Bhí fearg ar an Sár nuair a chonaic sé Ivan.

“Tabhair cead dom m’éadán a ní,” a d’impigh Ivan.

Rith Ivan amach as an bpálás.

Bhéic sé amach na focail draíochta.

“’A Chastáin Ghlais, tar chugam anois, nó bás atá i ndán duit!’”

Tháinig sé agus bhí Ivan anois ina fhear bhreá stuama arís.

Rith sé ar ais isteach sa phálás arís.

Lig chuile dhuine a bhí sa phálás cnead iontach nuair a chonaic siad é.

Ní raibh dul amú ar dhuine ar bith ina dhiaidh sin.

Phós Ivan Sáraibhne Áilleacht.

Agus bhí féasta mhór ann chun a mbainis a cheiliúradh.