An Cailín a Iompaíodh go Cloch

Aoife Ní  Chonghaile a rinne an leagan Gaeilge

Bhí Taoiseach ann fadó. Bhí iníon aige a bhí an-dathúil.

Fuair a máthair bás nuair a bhí an cailín óg.

Lá amháin, chas a hathair ar bhean eile. Phós sé í.

Níor thaitin a leasmháthair nua leis an gcailín.

Bhí éad ar an leasmháthair leis an gcailín óg, mar go raibh sí chomh dathúil sin.

Bhí an cailín ag dul fear óg a phósadh.

Ní raibh an leasmháthair sásta faoi seo.

Thug an leasmháthair cuairt ar chailleach.

D’iarr sí cúnamh ar an gcailleach. Rinne an chailleach ungadh di.

Bhí an t-ungadh in ann craiceann a iompú go cloch!

An oíche roimh an bhainis, bhí an cailín ina codladh ina seomra.

Chuaigh an leasmháthair isteach chuici.

Chuimil sí an t-ungadh ar éadan an chailín.

D’iompaigh éadan an chailín go cloch! D’éalaigh an leasmháthair léi amach as an seomra.

Dhúisigh an cailín ar maidin agus chuir sí uirthi a gúna pósta.

Bhí gach duine ag fanacht thíos an staighre chun an cailín álainn a fheiceáil.

Ach, nuair a chonaic siad í, tháinig faitíos orthu.

Níor thuig an cailín cén fáth a raibh scanradh ar gach duine roimpi.

‘Cén fáth an bhfuil chuile dhuine ag iompú uaim? Céard a rinne mé mícheart?’ arsa an cailín.

Ní raibh a hathair ag iarraidh insint di go raibh a héadan millte.  

Thosaigh an leasmháthair ag caoineadh, mar dhea.

Chuir sí a lámh suas ar a héadan.

Bhí méar na leasmháthar iompaithe go cloch.

Chonaic athair an chailín é seo agus bhí sé ar buille.

Bhí a fhios aige gurb í an leasmháthair a chuir an t-ungadh ar a iníon.

Bhí olc air agus d’ordaigh sé chun báis í.

Ghlaoigh athair an chailín ar fear feasa chun leigheas a fháil dá iníon.

Ní raibh aon leigheas ag an bhfear feasa.

‘D’úsáid an chailleach cnámha chun an t-ungadh a dhéanamh. Chun an cailín a leigheas, caithfear na cnámha uilig a aimsiú. Ach ní bheidh sé éasca iad a aimsiú,’ arsa an fear feasa.

Bhí an cailín an-bhrónach. Bhí a héadan millte.

‘Ní phósfadh aon duine anois mé,’ arsa sí.

Leis sin, bhog an cailín go dtí an fhoraois. Chónaigh sí leis na hainmhithe.

Lá amháin, bhí sí gar d’abhainn. Chonaic sí seangán beag i dtrioblóid san uisce.

Phioc sí amach as an uisce é.

‘Tochail, tochail!’ arsa an seangán beag.

Thosaigh sí ag tochailt. D’aimsigh sí cnámha. Chuir sí na cnámha ina mála.

Cúpla lá ina dhiaidh sin, chonaic sí buaf i dtrioblóid.

Bhí nathair nimhe ag dul é a ithe!

Scanraigh sí an nathair nimhe agus d’imigh sé leis.

‘Tochail, tochail!’ arsa an buaf.

Thosaigh sí ag tochailt. D’aimsigh sí tuilleadh cnámha. Chuir sí na cnámha ina mála.

Ansin, chonaic sí fia a bhí ag cur fola. Ghlan sí an fhuil ón bhfia.

‘Tochail, tochail!’ arsa an fia.

Thosaigh sí ag tochailt. D’aimsigh sí tuilleadh cnámha.

Chuir sí le chéile na cnámha. Bhí cnámharlach ann! Ach bhí an cloigeann ar iarradh fós.

Cúpla lá ina dhiaidh sin, chonaic sí púma i dtrioblóid. Bhí dealg ina chos.

Thóg sí amach an dealg. Bhí an púma an-bhuíoch.

Thug sé go dtí a phluais í. Bhí blaosc sa phluais.

Chuir sí le chéile an cnámharlach arís. Chuir sí an bhlaosc leis.

Phreab an cnámharlach ina sheasamh. Ba fear dathúil a bhí ann!

Phóg sé an cailín. D’iompaigh éadan an cailín ar ais mar a bhí sé. Bhí sí an-sásta.

Chónaigh sí leis an bhfear sa bhforaois. Chónaigh an púma leo mar pheata.

Bhí siad sona sásta le chéile.