An Cailín a Iompaíodh go Cloch

Leagan Gaeilge le Aoife Ní Chonghaile.

Bhí cónaí ar Cacique (ciallaíonn sé seo Taoiseach) i mbaile gar do na sléibhte, agus bhí iníon aige a bhí ar cheann de na daoine ab áille ar domhan. Ba chailín álainn, béasach í. Ó cailleadh a máthair, chónaigh sí go cúthail i dteach a hathar, agus ba é an teach ba dheise sa bhaile é, toisc go mba leis an Taoiseach é.

Lá amháin, d’fhág a hathair an teach chun dul chuig ceiliúradh a bhí i bhfad ó bhaile. Anseo, chas sé le bean álainn, agus thug sé abhaile í le go bpósfadh siad.

Níor thaitin a leasmháthair nua leis an iníon, mar cheap sí gur bean chruálach agus ghránna a bhí inti, agus nach raibh sí ach ag ligeann uirthi féin go raibh sí múinte.

Níor thuig an Taoiseach é seo, agus bhí seisean ag súil go mbeadh a bhean nua cosúil le máthair ag an iníon. Ar an drochuair, tháinig éad ar an leasmháthair go raibh an cailín chomh hálainn, agus ghlac sí gráin ar an gcailín mar gheall air seo.

Tamall beag ina dhiaidh sin, shocraigh an Taoiseach go bpósfadh a iníon mac le Taoiseach a chónaigh in aice leo. B’álainn an lánúin a bhí iontu, agus bhí chuile dhuine cinnte go mbeadh saol sona sásta acu. Tosaíodh ag ullmhú na bainise ba mhó sa gceantar. Lig an leasmháthair uirthi héin go raibh sise sásta chomh maith, ach i ndáiríre, bhí sí ag éirí ní b’fheargaí toisc go raibh sí ag feiceáil an chailín ag éirí níos dathúla agus an bhainis ag druidim leo. Thosaigh an leasmháthair ag scéiméireacht le go gcuirfí stop leis an mbainis.

Oíche amháin, d’imigh an leasmháthair léi as an mbaile i ngan fhios. Thug sí cuairt ar chailleach, bean a raibh eagla ar na hIndiaigh roimpi mar go raibh an oiread eolais aici, agus mar go raibh cumhacht an asarlaí aici. Leag an leasmháthair amach cúpla bronntanas os comhair na caillí.

‘A dhuine chríonna, tabhair cúnamh dom,’ a d’impigh sí uirthi. ‘Tabhair rud éigin dom a chuirfidh cuma chomh gránna ar mo leasiníon nach mbeidh aon duine sásta í a phósadh!’

Chuir an chailleach cúpla ceist faoin gcailín agus faoina saol, ansin dúirt sí leis an leasmháthair filleadh faoi cheann cheithre lá.

‘Faoin am sin, geallaim dhuit go mbeidh sé agam,’ a dúirt an chailleach, ‘ach ní saor a bhíonn asarlaíocht mar sin.’

Is éard a bhí i gceist ag an gcailleach leis seo ná go raibh tuilleadh bronntanas uaithi, agus d’aontaigh an leasmháthair leis seo go díocasach. Ba dheacair a bhí an chéad cúpla lá eile, ag coinneáil na haghaidhe bréagaí le chuile dhuine a labhair léi faoin mbainis, ach choinnigh sí an rún uafásach ina croí istigh.

D’fhill sí ar theach na caillí tar éis cheithre lá, áit a raibh crúiscín beag lán d’ungadh tiubh bán ullmhaithe ag an gcailleach.

‘Bí cúramach leis sin, óir is é an asarlaíocht is láidre ar domhan é,’ a d’fhógair an chailleach. ‘Cibé craiceann a ghabhfadh sé i dteagmháil leis, iompóidh sé go cloch é.’

Thóg an leasmháthair an t-ungadh, agus thug sí tuilleadh bronntanas don chailleach. D’imigh sí léi abhaile agus í breá sásta léi héin, agus d’fhan sí go dtí an oíche roimh an bhainis chun an t-ungadh a úsáid. Nuair a bhí chuile dhuine sa teach ina gcodladh go sámh, go mór mór an bhrídeog, théaltaigh an leasmháthair isteach i seomra an chailín agus chuimil sí an t-ungadh ar a héadan. Níor dhúisigh an cailín agus d’imigh an leasmháthair léi arís i ngan fhios d’aon duine.

Bhí go leor ruaille buaille ann lá na bainise agus aíonna bainise ag teacht ó i bhfad ‘is i gcéin. Bhí an gúna ba dheise á chaitheamh ag an leasmháthair agus bhí sí ag breathnú thar a bheith galánta, ach ba ar an mbrídeog a bhí chuile dhuine ag faire, agus iad uilig ag súil go mór lena feiceáil. Ach mo léan, nuair a thaispeáin an cailín í héin, tháinig scéin uafáis ón slua. Cé go raibh gúna álainn uirthi, bhí a héadan crua agus duairc.

D’iompaigh sí i dtreo a hathar agus scanradh uirthi.

‘Cén fáth an bhfuil chuile dhuine ag iompú uaim? Céard a rinne mé mícheart?’ a d’fhiafraigh sí.

Ní raibh a hathair dílis in ann breathnú uirthi, fiú.

‘Inis dom céard atá mícheart,’ a deir sí, agus í ar tí caoineadh. Ach ní raibh sé in ann teacht ar fhocail chun a insint di céard a bhí tar éis tarlú.

Thosaigh an leasmháthair ag caoineadh go hard, agus chuir sí a lámh ar a héadan, mar dhea nach raibh sí in ann breathnú ar an gcailín níos mó. Is ansin a thug an Taoiseach faoi deara go raibh méar na leasmháthar ina cloch, díreach cosúil le héadan an chailín.

Tharraing an Taoiseach a bhean isteach sa teach agus é ar buille, cheistigh sé í, agus ansin d'admhaigh sí gurbh í a bhí ciontach. D’fhan beagáinín ungtha ar a méar agus í á chuimilt ar éadan an chailín, agus is mar gheall ar sin a rugadh amach uirthi.

Ghlaoigh an Taoiseach ar fhear feasa an bhaile, a bhí ina dhraoi chomh maith, ach a d’úsáid a chumhacht chun rudaí maithe a dhéanamh.

‘Ní cheapaim go bhfuil mé in ann tada a dhéanamh faoi asarlaíocht chomh cumhachtach leis seo,’ a deir sé, agus nuair a rinne sé mionscrúdú ar an gcailín, bhí a fhios aige nach raibh tada a d’fhéadfadh sé a dhéanamh.

‘Seo an chuid eile den ungadh a d’úsáid mo bhean,’ a deir an Taoiseach, ‘nach bhféadfá é a úsáid chun leigheas a fháil?’

Thóg an fear feasa an t-ungadh, agus thug sé leis é go dtí an chailleach, agus d’iarr sé uirthi leigheas a thabhairt dó.

‘Ní féidir é a dhéanamh,’ a deir an chailleach. ‘D’úsáid mé cnámha fir mhairbh chun an t-ungadh a dhéanamh. Chun an cailín a leigheas, caithfear na cnámha uilig a aimsiú. Ach ní bheidh sé éasca, óir scaipeadh go ceithre hairde iad.’

D’fhill an fear feasa ar an mbaile, agus d’inis sé don chailín agus don Taoiseach a ndúirt an chailleach. Ar ndóigh, ní raibh bainis ar bith le bheith ann anois, agus d’imigh an fear a bhí sí le pósadh agus na haíonna bainise abhaile. Níor labhair an Taoiseach focal eile lena bhean, agus d’ordaigh sé pionós an bháis uirthi. Níor leigheas sé seo an chailín, áfach, agus bhearthaigh sí gur chóir di an baile a fhágáil.

Bhris croí a hathar nuair a chuala sé é seo.

‘Níl aon bhean anois agam,’ a deir sé, ‘Má imíonn tusa ní bheidh iníon agam ach oiread.’

‘A athair dhíl,’ a deir sí, ‘Nílim ag iarraidh tú a fhágáil, ach chonaic tú an faitíos a bhí ar mhuintir an bhaile roimh m’éadan. Millfidh sé do shaolsa chomh maith má fhanaim anseo. Lig dom cónaí sa bhforaois agus sna sléibhte, áit nach bhfeicfidh aon duine mé. Ar a laghad ní bheidh faitíos ar na héin ná na hainmhithe romham.’

D’imigh sí léi agus chónaigh sí sa bhforaois. Mhair sí ar chnónna, ar sméara, ar bhuaircíní, ar bheacáin, agus ar fhataí foraoise. Bhí cuideachta aici i gcónaí, mar bhí a fhios ag na hainmhithe nach ndéanfadh sí dochar dóibh riamh. Labhraíodh sí leo, agus ba gheall le cairde léi iad.

Lá amháin, chuaigh sí síos go bruach abhann chun deoch a fháil di héin. Agus a héadan thíos gar don uisce, chonaic sí seangán beag ag streachailt san uisce.

Bhí trua aici don seangán, mar sin phioc sí broibhín féir agus chaith sí chuige é. Chuaigh sé in airde ar an mbroibhín, agus d’fhill sé ar bhruach na habhann.

Ghread sé a sciatháin chun iad a thriomú, agus ansin d’eitil sé ceithre huaire timpeall ar cheann an chailín, agus é ag béiceadh ‘tochail, tochail,’ agus ansin d’eitil sé leis.

Bhog an cailín an ithir faoina cois agus chonaic sí cnámha geala.

‘Chaithfeadh go bhfuil fáth éigin go ndúirt an seangán liom iad seo a fháil,’ a deir an cailín léi héin, agus chuir sí na cnámha isteach i mála go cúramach.

Cúpla lá ina dhiaidh sin bhí sí ag siúl gar do shruthán, agus chonaic sí nathair nimhe a bhí ar tí buaf a ithe. Sheas sí ar chipín, a rinne torann nuair a bhris sé. Bhain an torann geit as an nathair nimhe, agus thug sé seo deis don bhuaf éalú. Shleamhnaigh an nathair nimhe leis agus ní raibh tásc ná tuairisc air ina dhiaidh sin. Léim an bhuaf ceithre huaire 0s comhair an chailín, ag rá ‘tochail, tochail,’ agus ansin d’imigh sé leis.

Bhog an cailín an ithir faoina cois agus í ar thóir níos mó cnámha, agus is é sin a fuair sí. Gan mhoill, bhí tuilleadh cnámha aici le cur ina mála. Lean sí uirthi gur tháinig sí ar fhia óg a bhí ag cur an oiread fola go raibh sé ar tí bás a fháil. Ba shaighde a ghearr an fia, agus bhíodar fós sáite trína chraiceann. Thosaigh sí ag caoineadh nuair a chonaic sí an t-ainmhí álainn ag fulaingt. Agus í ag tarraingt amach na saighde go cúramach, ghlan a cuid deora an fhuil. Ghlan sí na gonta, agus tar éis tamaillín bhí an fia in ann seasamh, go creathach ar dtús, ach ansin ní ba láidre. Bhreathnaigh an fia uirthi agus é ag monabhar, ‘tochail, tochail,’ agus ansin d’imigh sé leis.

Don tríú huair, rinne an cailín an talamh fúithi a thochailt go bhfuair sí cnámha, a chuir sí ina mála leis an chuid eile.

‘Meastú an bhfuil mo dhóthain agam,’ a deir sí, agus chuir sí le chéile na cnámha ar an talamh. Is léir go raibh cnámharlach iomlán aici, seachas an cloigeann.

‘B’fhéidir go n-inseofar dom cá bhfuil an cloigeann’, a deir sí, agus spreag sé seo í le leanúint ar aghaidh.

Cúpla lá ina dhiaidh sin, ar chosán a bhí ag dul i dtreo na sléibhte, tháinig sí ar phúma a bhí ag greadadh thart ar an talamh agus pian air. Bhí lapa amháin ataithe go dona, agus chonaic an cailín go raibh dealg tar éis dul thríd agus go raibh sé nimhithe. Nuair a chonaic an púma í, d’fhéach sé uirthi go himpíoch.

Fuair sí an ceann is fearr ar an bhfaitíos a bhí uirthi agus chuaigh sí anonn go dtí an púma. Bhí an dealg chomh domhain ina lapa go raibh uirthi cromadh síos agus é a thógáil amach lena cuid fiacla. Nuair a tharraing sí amach é, steall an nimh amach as an ghearradh agus laghdaigh an t-at, agus tháinig feabhas ar an bpúma go tapa. Chuimil sé a theanga dá héadan, agus is beag nár thosaigh sí ag caoineadh le háthas, toisc nach raibh faitíos ar an bpúma roimh a héadan cloiche. Thug an púma isteach ina phluais í, agus thug sé uisce úr le n-ól di, a bhí á iompar aige i mblaosc idir a chuid fiacla.

D’ól sí cúpla bolgam uisce, agus í ag smaoineamh an bhféadfadh gurbh é an blaosc seo an ceann a bhí ar iarraidh ar an gcnámharlach. Leag sí amach na cnámha arís, agus, mo léan, ba é an bhlaosc ceart a bhí ann. Agus í ag cur an chnámh dheireanach den chnámharlach le chéile, phrioc dealg í a bhí ar an talamh, agus thosaigh sí ag cur fola. Thit braon fola ar an gcnámharlach agus phreab an cnámharlach ina sheasamh, agus rinneadh fear óg dathúil dhó. Bhí meangadh gáire ar a aghaidh agus é breá sásta gur scaoileadh saor é ón asarlaíocht.

Phóg sé an cailín chun buíochas a ghlacadh léi, agus d’iompaigh a héadan ar ais go dtí an chuma álainn, shlachtmhar a bhí air sular cuireadh faoi gheasa í.

Ní raibh fáth ar bith nach bhfillfeadh siad ar an mbaile, ach thaitin a saol nua sa bhforaois leis an gcailín, áit a raibh sí ag imeacht le haer an tsaoil, agus ba dheacair di dearmad a dhéanamh ar an droch-chaoi ar caitheadh léi sa mbaile. Maidir leis an bhfear óg, bhí seisean sásta maireachtáil áit ar bith a bheartaigh an cailín. Mar sin, mhair siad sna sléibhte ag déanamh a rogha ruda agus an púma dílis á gcosaint a fhad a mhair sé.