An Bréag-Phrionsa agus an Fíor-Phrionsa

Leagan Gaeilge le Aoife Ní Chonghaile.

I mbrothall an tsamhraidh, bhí sé de nós ag daoine éirí luath, agus codladh ar feadh tréimhse ghearr arís ag meán lae, mar a dhéantaí i dtíortha teo. Bhí an rí díreach tar éis eirí agus é gléasta in éadaí éadroma, geala. Bhí sé ag siúl tríd an halla ar a bhealach chuig an seomra comhairle, nuair a casadh cúpla fear óg air, agus sheas duine acu amach chun labhairt leis.

‘A Shoilse, ar maidin agus muid ag imirt leadóige sa chúirt, an prionsa agus an fear óg seo inár measc, thosaigh argóint faoin gcluiche. Rug an fhearg bua ar an bprionsa, agus dúirt sé go leor rudaí maslacha leis an bhfear óg seo, a raibh sé ag imirt ina aghaidh, go dtí gur bhuail an fear óg san éadan é agus gur thosaigh an prionsa ag cur fola óna shrón agus óna bhéal. Bhí an oiread déistine orainn go raibh muid réidh lena mharú ar an spota, toisc gur leag sé lámh ar an bprionsa, ach sheas a sheanathair, an diúc, eadrainn agus d’ordaigh sé go n-inseodh muid dhuitse an méid a tharla.

D’éist an rí go foighneach leis an scéal, agus nuair a stad an fear óg ag caint, dúirt sé:

‘Is dóigh nach raibh aon arm ag an bprionsa leis, nó dá mbeadh, is cinnte go n-úsáidfeadh sé é?’

‘Bhí airm aige, a Shoilse; bíonn daigéar aige ina bheilt i gcónaí. Ach nuair a chonaic sé an fhuil ag sileadh óna shrón, chuaigh sé go coirnéal na cúirte agus thosaigh sé ag caoineadh, rud a cheap muid a bhí an-aisteach go deo.’

Tar éis dhó é seo a chloisteáil, shiúil an rí anonn go dtí an fhuinneog agus sheas sé ann ar feadh cúpla nóiméad, a dhroim leis an chuid eile den seomra, áit ar sheas na fir óga ina dtost. Ansin d’iompaigh an rí ar ais arís, a aghaidh geal agus cuma dhíomách air.

‘Inseoidh mé dhuit anois, agus is í an fhírinne í,’ a deir sé, ‘b’fhearr liom dá n- inseofá dhom go raibh an prionsa marbh, cé gurb é m’aonmhac é, ná fios a bheith agam go bhfulaingeoidh sé gortú mar sin gan iarracht a dhéanamh díoltas a bhaint amach. Maidir leis an bhfear óg a bhuail é, beidh air dul os comhair na cúirte agus beidh sé ag agairt a chúis héin, ach ceapaim gur dheacair uaidh pionós an bháis a sheachaint, tar éis dhó ionsaí a dhéanamh ar oidhre na rí.

D’ardaigh an fear óg a cheann, ar nós go raibh sé chun freagra a thabhairt air, ach ní éistfeadh an rí, agus d’ordaigh sé go ngabhfadh na gardaí é. Dúirt sé go bhféadfadh an príosúnach cuairt a thabhairt ar aon pháirt den chathair, chomh fada agus a bheadh garda leis, agus go gcuirfí chun trialach é os comhair na mbreithiúna ab airde sa tír faoi cheann cúig lá dhéag.

D’imigh an fear óg faoi stiúir na saighdiúirí agus go leor dhá chairde ina chuideachta, óir bhí go leor measa acu air. De réir an mholadh a tugadh dhó, chaith sé na ceithre lá dhéag ar thóir comhairle ó fhir chríonna. Bhí sé ag iarraidh a fháil amach conas pionós an bháis a sheachaint, ach ní raibh aon duine in ann teacht ar leithscéal don drochrud a rinne sé.

Dhruid an ceathrú hoíche dhéag leo, agus éadóchas air, chuaigh sé ag siúl tríd an chathair don uair dheireanach. Shiúil sé leis, gan fios aige cá raibh sé ag dul, agus bhí a aghaidh chomh geal agus cuma chomh cantalach nach raibh sé de mhisneach ag aon duine dhá chomrádaí labhairt leis. Chaith sé roinnt mhaith ama ag fálróid thart ar an gcaoi seo. Ansin, go tobann, shiúil seanbhean timpeall an choirnéil in aice gheata na mainistreach, agus sheas sí os a chomhair. Is beag nach raibh sí cromtha go talamh, agus í chomh seargtha agus chomh rocach gur bhreathnaigh sí ar a laghad nócha, ach fós héin bhí a súile chomh lonrach agus chomh beo le cailín óg.

‘A Shoilse,’ a deir sí, ‘tá a fhios agam chuile rud a tharla dhuit, agus go bhfuil tú ar thóir dhuine éigin críonna chun cúnamh a thabhairt dhuit. Níl aon duine in ann cúnamh a thabhairt dhuit ach mise, ach caithfidh tú a ghealladh dhom go ndéanfaidh tú gach a n-iarrfaidh mé ort.’

Ag an nóiméad sin, d’airigh an príosúnach gur baineadh ualach dhá intinn.

‘Tabhair cúnamh dhom, déanfaidh mé rud ar bith!’ ar seisean de bhéic. ‘Tá sé chomh deacair an saol seo a fhágáil agus m’aghaidh a thabhairt ar an dorchadas.’

‘Ní bheidh ort é sin a dhéanamh,’ a deir an tseanbhean, ‘níl gá dhuit ach mé a phósadh, agus ansin beidh tú saor.’

‘Tusa a phósadh?’ a scread sé agus scéin ann, ‘ach – ach – níl mise ach fiche agus chaithfeadh go bhfuil tusa ar a laghad céad! Ní fhéadfainn é a dhéanamh!’

Níor smaoinigh sé air héin sular labhair sé, ach d’éirigh sé míchompordach nuair a chonaic sé chomh feargach agus a bhí sí. Mar sin féin, níor dhúirt sí ach:

‘Mar is mian leat; toisc gur dhiúltaigh tú mise, fágtar ag na préacháin thú,’ agus d’imigh sí léi síos an tsráid.

Agus é fágtha ina aonar, bhuail splanc thuisceana é agus bhí a fhios aige go gcuirfí chun báis é, agus thuig sé gurbh é an t-aon seans a bhí aige maireachtáil ná an tseanbhean a phósadh. Má tá orm é a dhéanamh, déanfaidh mé é, a deir sé leis héin, agus thosaigh sé ag rith i ndiaidh na seanchaillí. Is ar éigin a bhí sé in ann í a fheiceáil faoin am seo, fiú faoi sholas na gealaí. Cé a chreidfeadh go bhféadfadh bean chomh sean léi siúl chomh sciobtha sin? Cheapfá gur eitil sí!

Ach faoi dheireadh, tháinig sé chomh fada léi, gearranáil air agus é traochta, dúirt sé:

‘A bhean uasal, gabh mo leithscéal as an méid a dúirt mé leat; bhí mé mícheart agus glacfaidh mé le do thairiscint.’

‘Cheap mé go dtiocfadh ciall chugat,’ a d’fhreagair sí, agus a glór ait. ‘Níl mórán ama againn – tar liom anois,’ agus d’imigh siad leo go ciúin agus go tapaidh, gur tháinig siad chomh fada le teach an tsagairt. Os a chomhair, gheall an príosúnach go mbeadh an tseanbhean mar bhean aige, agus rinne sé é seo os comhair finnéithe. Ansin, d’impigh siad ar an sagart agus ar na gardaí iad a fhágáil leo héin ar feadh tamaillín, agus d’inis sí don phríosúnach a raibh le déanamh aige an mhaidin dár gcion, nuair a bheadh sé os comhair an rí agus na mbreithiúna.

Bhí an halla thar maoil nuair a chuaigh an príosúnach isteach ann, agus bhí iontas ar chuile dhuine go raibh a éadan chomh geal sin. D’fhiafraigh an rí de an raibh aon leithscéal aige don ardtréas a rinne sé nuair a bhuail sé oidhre an rí, agus má bhí, gur chóir dhó é a insint anois. Agus é ag umhlú go talamh os comhair an rí, d’fhreagair sé go soiléir:

‘A Thiarna agus a rí na ngrás, agus sibhse, a fheara críonna agus a uaisle na tíre, fágaim mo chúis go muiníneach in bhur lámha, agus fios agam go n-éistfidh sibh agus go ndéanfaidh sibh an cinneadh ceart, agus go ligfidh sibh dom labhairt sula ndéanfaidh sibh aon chinneadh.’

‘Ar feadh ceithre bliana, a rí, bhí tusa pósta leis an mbanríon, agus ní raibh aon pháiste agaibh, rud a chuir as go mór dhuit. Thug an bhanríon é seo faoi deara, agus freisin, thuig sí nach raibh an oiread grá agat di agus a bhí cheana. Chaith sí oíche agus lá ag iarraidh plean a chur le chéile chun an mothú seo a leigheas. Faoi dheireadh, nuair a bhí tusa imithe ag troid i dtíortha i bhfad ó bhaile, bheartaigh sí leanbh a uchtú ó chairéalaí bocht. Rinne sí é seo faoi rún, agus ansin sheol sí teachtaireacht chugat ag insint dhuit go raibh mac agat. Ní raibh duine ar bith amhrasach faoi seo, ach an sagart, toisc gur inis an bhanríon an fhírinne dósan. Tar éis cúpla seachtain, buaileadh síos tinn í, agus cailleadh í, agus d’fhág sé seo go dtógfaí an leanbh mar phrionsa. Agus anois, le cead uaitse, inseoidh mé mo scéalsa dhuit.’

‘Tá an méid atá ráite agat an-aisteach go deo,’ a deir an rí, ‘agus is deacair a chreidiúint go bhfuil mórán eile le rá agat, ach lean ort le do scéal.’

‘Lá amháin, go gairid i ndiaidh bhás na banríona, bhí do Shoilse amuigh ag fiach, agus bhí tú chun tosaigh ar gach duine eile agus tú ag leanúint fia. Ní raibh mórán eolais agat ar an bpáirt sin den tír agus dá bhrí sin, nuair a tháinig tú ar úllord bándearg lán d’úlla agus a chonaic tú cailín ag spraoi, chuaigh tú anonn chuici chun treoracha a fháil. Nuair a d’iompaigh an cailín i do threo chun freagra a thabhairt ort, d’imigh gach rud as d’intinn, óir bhí sí chomh dathúil agus nach raibh tú in ann díriú ar thada ach í. Chuaigh tú ar ais chun í a fheiceáil arís agus arís eile, agus faoi dheireadh, d'áitigh tú uirthi thú a phósadh. Cheap sise nach raibh ionat ach ridire bocht, agus d’aontaigh sí an pósadh a choinneáil faoi rún, toisc gurbh é a bhí uait.

‘Tar éis na bainise, thug tú trí fháinne di, chomh maith le slabhra le crois air, agus chuir tú i dteachín ceann tuí sa bhforaois í, lena coinneáil slán.

‘Ar feadh roinnt míonna, thug tú cuairt uirthi chuile sheachtain; ach thosaigh eirí amach tamall maith uait sa ríocht, agus bhí do thaithí ag teastáil ann. Nuair a d’fhill tú ar an dteachín ceann tuí arís, bhí sé folamh, agus ní raibh a fhios ag aon duine cá raibh do bhrídeog imithe. Ach anois, tá mise in ann é sin a insint dhuit,’ stop an fear óg ag caint agus d’fhéach sé ar an rí, a bhí ag deargadh ina éadan. ‘Chuaigh sí ar ais chuig a hathair, an sean-diúc, a bhíodh mar mhaor teallaigh agatsa uair amháin, agus nuair a chonaic sé an chrois ar a cliabhrach, bhí a fhios aige cé thú héin. Bhí sé thar a bheith feargach nuair a chuala sé scéal a iníne, agus gheall sé go gcoinneodh sé slán uait í, go dtí go dtiocfadh an lá go dtabharfadh tú teideal na banríona di go poiblí.

‘Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur rugadh mise, agus is é mo sheanathair a thóg mé i gceann de na tithe móra a bhí aige. Seo hiad na fáinní a thug tú do mo mháthair, agus is í seo an chrois, agus beidh a fhios agat uathu seo an mise do mhac nó nach ea.’

Agus é ag caint, leag an fear óg an seodra os comhair an rí, agus tháinig na huaisle agus na breithiúna thart timpeall air chun iad a fheiceáil. Níor bhog an rí óna chathaoir, toisc go ndearna sé dearmad ar halla na mbreithiúna, agus é ag smaoineamh siar fiche bliain ó shin ar an úllord agus ar an gcailín álainn óg ag spraoi. D’éirigh an seomra ciúin go tobann, agus is ansin a thug sé faoi deara go raibh chuile dhuine ag breathnú air.

‘Tá sé fíor; seo é mo mhac, agus ní hé an fear eile é,’ a deir sé, ‘agus iarraim ar chuile fhear anseo glacadh leis ina rí, tar éis mo bháis.’

Leis sin, d’umhlaigh chuile dhuine os a chomhair agus mhionnaigh siad go nglacfadh siad leis mar rí. Cuireadh teachtaireacht chuig an mac eile ag cur cosc air é héin a thaispeáint go deo arís sa chúirt, agus tugadh pinsean flaithiúil dhó.

Faoi dheireadh, chríochnaigh an searmanas, sheas an rí agus rinne comhartha lena mhac nua é a leanúint isteach i seomra eile.

‘Inis dom cén chaoi an raibh an scéal sin ar eolas agat?,’a deir sé, agus chaith sé é héin isteach i gcathaoir snoite, a bhí lán le cúisíní corcairdhearga. D’inis an prionsa dhó faoin tseanbhean a thug an seodra dhó. D’inis sé dhó gur gheall sé dhi os comhair sagart go bpósfadh sé í, cé nach raibh sé ag iarraidh é sin a dhéanamh, mar go raibh difríocht mhór san aois eatarthu, agus go mb’fhearr leis brídeog a fháil a phiocfadh an rí dhó. Ach chuir an rí straois air féin, agus d’fhreagair sé go borb:

‘Gheall tú go bpósfá í dá sábhálfadh sí do shaol, agus cibé rud a tharlós, caithfidh tú do ghealltanas a chomhlíonadh.’ Ansin, bhuail sé sciath airgid a bhí ar crochadh gar dhó, agus dúirt leis an oifigeach a tháinig díreach isteach sa seomra:

‘Cuir fios ar an sagart a bhfuil cónaí air gar do dhoras an phríosúin, agus cuir ceist air cá bhfuil an tseanbhean a thug cuairt air aréir, agus nuair a aimseoidh tú í, tabhair isteach sa bpálás í.’

Thóg sé tamall maith an tseanbhean a aimsiú, ach faoi dheireadh rinneadh é, agus nuair a shroich sí an pálás leis an oifigeach, cuireadh fáilte ríoga roimpi, mar a dhéanfaí le brídeog phrionsa. Bhí iontas ar na gardaí nuair a chonaic siad an tseanbhean sceoite agus í cromtha le haois; ach ba mhó an t-iontas a bhí orthu nuair a chonaic siad chomh héadrom agus a bhí sí ar a cosa agus í ag scipeáil suas an staighre go dtí an doras mór, áit ina raibh an rí ina sheasamh, agus an prionsa lena thaobh. Má baineadh geit as an mbeirt sin nuair a chonaic siad an tseanbhean, ní thabharfá faoi deara é. Thóg an rí a lámh, agus é ag umhlú di, agus thug sé go dtí an séipéal í, áit ina raibh easpag ag fanacht lena bpósadh.

Is beag a chonacthas den phrionsa go ceann cúpla seachtain, toisc gur chaith sé chuile lá ag fiach, agus ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar a sheanbhean sa mbaile. Maidir leis an mbanphrionsa, níor chuir aon duine aon tuairisc fúithi, agus chaith sise chuile lá léi héin ina hárasán, mar dhiúltaigh sí seirbhís na mban coimhdeachta a thairg an rí di. Oíche amháin, d’fhill an prionsa tar éis fiach ní b’fhaide ná b’iondúil, agus bhí sé chomh tuirseach go ndeachaigh sé díreach a chodladh. Dúisíodh go tobann é nuair a tháinig torann ón seomra, agus cheap sé gur gadaí a bhí ann, mar sin léim sé amach as an leaba agus rug sé ar a chlaíomh, a bhí in aice na leapa aige. Thug sé faoi deara gur ón seomra eile a bhí an torann ag teacht, seomra an bhanphrionsa, seomra a raibh solas tóirsí ann. Théaltaigh sé chomh fada lena doras, agus d’fhéach sé isteach ina seomra. Bhí an banphrionsa ag luí go ciúin, agus coróin órga le péarlaí ar a cloigeann. Bhí na roic uile imithe óna héadan, a bhí ní ba ghile ná sneachta, agus chomh luisneach le cailín óg. An bhféadfadh gurb í seo a bhean– an tsamhail sciamhach, spéiriúil seo?

Bhí an prionsa fós ag breathnú uirthi, agus iontas air, nuair a d’oscail sise a súile agus rinne sí gáire leis.

‘Is mé atá ann, is mise do bhean chéile,’ a deir sí, ar nós go raibh a fhios aici céard air a raibh sé ag smaoineamh, ‘agus tá deireadh leis an asarlaíocht. Anois, inseoidh mé dhuit cé mé héin, agus cén fáth a raibh cuma seanmhná orm.

‘Is é rí Granada m’athair, agus rugadh sa phálás mé atá suite os cionn Vega. Ní raibh mé ach cúpla mí d’aois nuair a chuir sióg mhallaithe faoi gheasa mé, toisc go raibh nimh sa bhfeoil aici do mo thuismitheoirí. Chuir sí lúb i mo dhroim agus roic ar m’éadan, go dtí go raibh cuma seanchaillí orm. Bhí cuma chomh gránna sin orm gur ordaigh an rí go dtógfadh an bhanaltra ón phálás mé. B’ise an t-aon duine a raibh meas aici orm, agus chónaigh muid lena chéile sa chathair seo, agus gan againn ach pinsean beag a cheadaigh an rí dúinn.

‘Nuair a bhí mé thart ar thrí bliana d’aois, tháinig seanfhear chuig an doras againn, agus d’impigh sé ar an mbanaltra é a ligeann isteach chun scíth a thógáil, mar nach raibh sé in ann siúl ní b’fhaide. Thug an bhanaltra faoi deara go raibh sé an-tinn. Chuir sí sa leaba é agus thug sí aire mhaith dhó go dtí go raibh sé láidir arís. Lena bhuíochas a ghlacadh, d’inis sé di gur draoi a bhí ann, agus go ndéanfadh sé rud ar bith di, seachas beatha nó bás. D’fhreagair sí gurbh fhada léi go bhfaighinnse réidh le mo chuid roicne, agus go mbeinn chomh hálainn agus a bhí mé nuair a rugadh mé. D’fhreagair sé go mbeadh sé seo deacair a dhéanamh, toisc gur asarlaíocht a cuireadh orm. Dúirt sé dá n- aimseoinn fear a gheallfadh mé a phósadh mar a bhí mé sula mbeinn cúig bliana déag, go saorfaí ón asarlaíocht mé.

‘Mar a shamhlófá, ba dheacair dhom é seo a dhéanamh, toisc nach mbreathnódh aon duine orm den dara huair mar go raibh cuma ghránna orm. Bhí éadóchas orm héin agus ar an bhanaltra, óir go raibh mo bhreithlá ag teannadh linn, agus gurbh ar éigin a labhair mé le fear riamh. Faoi dheireadh, tháinig an draoi ar cuairt chugainn, agus d’inis sé dúinn an méid a tharla duitse sa chúirt, agus dúirt sé liom a dhéanamh cinnte go gcuirfinn mé héin os do chomhair agus tú ag titim in éadóchas, agus mo chúnamh a thairiscint dhuit, fad agus go n- aontófá mé a phósadh.

‘Sin é mo scéal, agus anois caithfidh tú impí ar an rí teachtaireacht a sheoladh go Granada láithreach, chun a insint do m’athair faoinár bpósadh, agus cheapainn nach ndiúltóidh sé beannacht a chur orainn,’a deir sí, agus meangadh gáire ar a haghaidh.