An Trunc a d’Eitil

Leagan Gaeilge le Ann-Marie Ní Fhátharta

Bhí ceannaí ann tráth, a bhí chomh saibhir agus go mbeadh sé in ann caisleán breá óir a thógáil. Ina áit sin, choinnigh sé chuile phíosa óir a fuair sé, agus nuair a cailleadh é bhí na múrtha airgid fágtha ag an aon mhac a bhí aige.

Ní raibh an t-airgead ach faighte ag an mac, nuair a thosaigh sé ag caitheamh chuile phingin. Chuile oíche bhíodh cóisirí aige dá chuid cairde agus cheannaíodh sé deochanna dóibh ar feadh na hoíche. Chun an meas suarach a bhí aige ar airgead a thaispeáint, théadh sé síos chomh fada leis an abhainn agus dhéanadh sé sciotairín uisce, agus a chuid óir á úsáid aige in áit clocha beaga. Tar éis bliana, níorbh aon ionadh go raibh saibhreas an cheannaí caite, agus gan fágtha ag a mhac ach ceithre scillinge, agus gan giobal éadaigh aige ach seanchóta tí, agus péire shuarach slipéar.

Lá amháin, bhí an fear óg ina shuí leis féin sa teach folamh, ó thárla go raibh a chuid troscán go léir díolta aige chun a chuid fiacha a íoc. Tháinig a t-aon chara amháin a bhí fágtha aige ar cuairt chuige. ‘Tá bronntanas agam duit,’ a dúirt sé. ‘Seantrunc atá ann, beidh tú in ann do chuid éadaigh a chur isteach ann, agus tús a chur le do chuid saibhris féin a dhéanamh sa saol.’

Tar éis dá chara imeacht, chuimhnigh an fear óg, ‘Is deas an rud é sin ach níl tada bith beo le cur agam sa trunc seachas an cóta tí agus na slipéir seo,’ agus le meangadh suarach, isteach leis sa trunc é féin, agus shuigh sé síos.

Trunc draíochta a bhí sa trunc. Bheadh sé in ann eitilt dá leagfadh aon duine méar ar an nglas. Ní fada ina dhiaidh sin, gur tháinig fonn codlata ar an bhfear óg, agus thit sé a chodladh agus a dhroim ar an nglas aige. Ar iompú do bhoise, d’imigh an trunc. Suas, suas, suas tríd an simléar agus thar na scamaill. Bhailigh siad thar dhá fharraige agus d’eitil siad thar cúpla cnoc ard.

Níorbh fhada go dtáinig mac an cheannaí chomh fada le Talamh na Tuirce, agus níorbh fhada go bhfuair sé amach go raibh sé in ann an trunc a chur síos go talamh an Domhain ach an laiste a bhrú, mar a rinne sé. Tháinig an trunc anuas i bhforaois agus amach leis an bhfear óg.

Mar is eol do chuile dhuine, bhíodh muintir na Tuirce ag caitheamh cótaí tí agus slipéir ag an am. Dá bhrí sin ní raibh mac an cheannaí ag mothú aisteach agus é ag fágáil na foraoise, agus thug sé aghaidh ar an bpríomhchathair.

Ag druidim i dtreo na príomhchathrach, chonaic sé caisleán den scoth. Ní raibh d’fhuinneoga ann ach fuinneoga thuas an airde. ‘Inis dom,’ a dúirt sé leis an gcéad bhean ón Tuirc a chas dó ar an mbóthar. ‘Cé leis an caisleán ard sin?’

‘Coinníonn ár Sultán a iníon faoi ghlas thuas sa túr,’ a d’inis an bhean dó. ‘Deir na réadóirí, go bpósfaidh an banphrionsa fear nach dtabharfaidh mórán sonais ina bealach. Tá an Sultán ag iarraidh a iníon a chosaint óna leithéid seo d’fhear.

‘Go raibh maith agat,’ a dúirt mac an cheannaí. Chuaigh sé ar ais chuig an bhforaois, áit a raibh a trunc curtha faoi thalamh aige. D’oscail sé an trunc agus isteach leis arís ann. Ní fada go raibh sé ag eitilt suas i dtreo dhíon an chaisleáin. Thuirling an trunc ar an díon gan aon stró, agus bhí an fear óg in ann dul isteach trí fhuinneog sheomra an bhanphrionsa.

Bhí an banphrionsa ina codladh ar an tolg, agus chonaic sé d’aonamharc go raibh sí go hálainn. Bhí sí chomh hálainn sin agus nárbh fhéidir leis é féin a stopadh á pógadh.

D’fhéach an Banphriosa air, agus scanradh ina súile. ‘Ná bíodh aon fhaitíos ort,’ a dúirt sé. ‘Is aingeal Turcach mé. D’eitil mé tríd an spéir le bheidh in éineacht leat.’

Bhí an banphrionsa den tuairim go gcaithfeadh gur aingeal é an fear óg – cén chaoi eile a mbeadh sé tar éis teacht isteach sa seomra? D’iarr sí air suí lena taobh ar an tolg, agus thug sí cead dó breith ar a lámh chaol.

Ba scéalaí den scoth a bhí sa bhfear óg. D’inis sé scéalta di faoi chathracha móra, ina gcaitheann na fir treabhsair in áit cótaí tí, chomh maith le scéalta faoi aibhneacha doimhne agus sléibhte arda sneachtúla. D’inis sé don bhanphrionsa faoi na stoirc a thabharfadh páistí óga chuig lánúineacha uaigneacha, agus banphrionsaí áille a thitfeadh i ngrá leis na haingil.

Ansin dúirt sé, ‘An bpósfaidh mé?’

Dúirt an banphrionsa go bpósfadh, ach go gcaithfeadh sé teacht ar ais Dé Sathairn. ‘Tagann m’athair, an Sultán, agus mo mháthair, Bean an tSultáin, le haghaidh tae. Beidh siad fíor-bhródúil go bhfuil mé chun aingeal Turcach a phósadh. Déan cinnte go mbeidh tú in ann scéal a insint dóibh mar a d’inis tú domsa. Baineann siad sásamh as a bheith ag éisteacht le scéalta.

‘Tabharfaidh mé liom scéal in áit bronntanas bainise,’ a dúirt sé, agus é ag ullmhú le dhul amach sa bhfuinneog. Thug an banphrionsa claíomh seodmhar dó i dtruaill, a bhí bróidnithe le hór, sular imigh sé.

Cheannaigh an fear óg cóta tí galánta a raibh réalta agus dragúin air, chomh maith le péire slipéar, leis na píosaí óir. Chuir sé an trunc sa gcoill ansin, agus chaith sé an chuid eile den tseachtain ag siúl thart timpeall na príomhchathrach, ag ól caife álainn tiubh na Tuirce agus ag ithe a dhóthain.

Cé go raibh sé ar mhuin na muice, ba dheacair leis gan smaoineamh ar an gcineál scéil a d’inseodh sé don Sultán agus do Bhean an tSultáin ar an Satharn. ‘Caithfidh sé a bheith thar cionn,’ a smaoinigh sé, toisc go bhfuil go leor ag brath air. Is cinnte go dtabharfidh an Sultán agus Bean an tSultáin cead dom a n-iníon álainn a phósadh má shásaíonn mo scéal iad.

Tráthnóna Sathairn, chuaigh mac an cheannaí isteach ina thrunc, agus d’eitil sé chomh fada le díon an chaisleáin. Isteach leis chuig seomra an bhanphrionsa ón bhfuinneog. Bhí an banphrionsa, a máthair, a hathair agus cúpla bean aimsire ag fanacht leis. Thosaigh sé ar a scéal ar an bpointe boise.

‘Tráth den tsaol,’ a d’fhógair sé, ‘bhí glaic lasán ann, a bhí an-bhródúil as a gcuid sinsear. Chreid siad go dtáinig siad ó chrann ollmhór giúise sa bhforaois. Bhí siad cinnte go raibh siad i bhfad Éireann níos fearr ná aon rud eile a bheadh i seanchistin.’

‘Ní chreidim é,’ a scairt an banphrionsa, agus í ag bualadh bos. D’fhógair an Sultán uirthi a bheith ciúin.

Bhí na lasáin leagtha idir bosca brosna agus seanphota iarainn,’ a dúirt an scéalaí. ‘Bhí an pota iarainn ag iarradh béim a chur ar a thábhacht féin, nuair a thosaigh na lasáin ag cur síos ar an tábhacht a bhain leo féin. ‘Ba mise a bhí sa teach ar dtús, agus is mór an pléasúr dom suí i m’áit bheag néata,’ a d’fhógair an pota iarainn.

‘Tuigim go maith sásamh agus pléisiúr an phota,’ a d’fhógair duine de na mná aimsire. ‘Níl tada níos slachtmhara ná pota atá sciúrtha, nite, glan agus snasta.’

Lean mac an cheannaí ar aghaidh lena scéal, ag déanamh neamhaird den bhean aimsire. ‘Bhí na lasáin chomh bródúil astu féin gur mhinic a dhúnaidís a gcluasa agus an pota iarainn ag insint a scéil féin. Bhí na plátaí ag gleo le holc faoi na lasáin. Chuir scuab an chairpéid fleasc peirsil ghlas timpeall ar an bpota, chun ceacht a mhúineadh do na lasáin.

Thosaigh an tlú ag damhsa, agus an taephota ag feadaíl. Ní raibh tada le rá ag na lasáin seachas go raibh siad ina gcónaí le daoine suaracha uirísle, agus níor labhair siad focal eile...

‘Gabhann uabhar roimh thubaiste,’ a dúirt an Sultán. ‘Bíodh a fhios agat go bhfuil taephota againn féin a bhíonn ag feadaíl nuair a bhíonn sé lán d’uisce fiuchta.’

Bhí fead níos deise ag an gciteal ná mar a bhí ag an taephota,’ a d’fhreagair mac an cheannaí. Lena thuairim faoi na lasáin a léiriú dóibh, chas sé amhrán ard d’fheadaíl. Bhí sé chomh hard agus gur rith an bhean aimsire isteach lasta sa gcistin.

Rug sí ar na lasáin agus las an tine leo. Ní chreidfá chomh héasca agus a las siad d'aon bhladhm! Anois tuigeann sibh chomh tábhachtach agus atá muid, a bhéic an lasán deireanach. ‘An bhfeiceann sibh muid ag lonrú!’ Dódh ansin é, agus ní raibh fágtha ach píosa gualach.

Stop mac an cheannaí, agus bhreathnaigh sé ar Bhean an Sultáin. ‘Céard a cheapfá faoi mo scéal,’ a d’fhiafraigh sé di. Ní raibh focal den scéal nár bhain mé sásamh as,’ a ghlaoigh sí. ‘Chuir sé i gcuimhne m’óige dom, nuair a bhí mé ag obair mar chailín cistine sular thit an Sultán i ngrá liom….’

‘Scéal den scoth,’ a d’fhógair an Sultán. ‘Pósfaigh tú m’iníon gan dabht.’ Thosaigh na mná aimsire ag bualadh bos.

Socraíodh lá na bainise, agus bhí brait agus soilse daite le feiceáil thart timpeall na cathrach an trathnóna roimh ré. Caitheadh cácaí agus brioscaí milse amach i measc na sluaite, agus chuile dhuine ag caitheamh na gcótaí tí ab fhearr a bhí acu. Bhí sé chomh hálainn agus go raibh mac an cheannaí ag iarraidh rud éigin a dhéanamh chun cur leis an ócáid.

‘Nuair a bhí mise i mo ghasúr, chuireadh taispeántas tinte ealaíne gliondar ar mo chroí,’ a chuimhnigh sé. Amach leis agus cheannaigh sé bleaist roicéad, pléascóg, agus go leor tinte ealaíne eile a chuir dath órga ar an spéir. Chur sé na tinte ealaíne isteach sa trunc, agus d’eitil sé isteach os cionn na cathrach arís.

Ní raibh na daoine ar an tsráid in ann a chreidiúint go raibh an spéir dhorcha lasta suas leis na mílte réalta reatha. Bhí na gasúir chomh tógtha leis, gur thosaigh siad ag rith suas agus síos an tsráid ag béicíl. ‘Hurá, hurá, tá an t-aingeal Turcach tar éis na réalta a chur a damhsa dúinn.’

Bhí na tuismitheoirí ag caint eatarthu féin. ‘Is iontach go bhfuil ár mbanphrionsa ag pósadh aingil! Is cinnte go mbeidh rudaí íontacha i ndán dúinn sa todhchaí.’

An lá dar gcionn, phós mac an cheannaí agus an banphrionsa. Chuaigh an bhainis ar aghaidh ó mhoch na maidine go deireadh na hoíche. Ar deireadh, bhí lucht na bainise ag titim ina gcodladh agus iad ina seasamh, agus d’fhill an banphrionsa ar ais ar a seomra túirín. ‘Fanfaigh mé ansin leat,’ a dúirt sí lena céile, nuair a dúirt sé gur mhaith leis píosa beag a chaitheamh leis féin.

Rinne mac an cheannaí deifir ar ais chuig an bhforaois chun dul isteach ina thrunc agus eitilt suas chuig a bhrídeog. Ar an drochuair, nuair a tháinig sé chomh fada leis an áit a raibh an trunc fágtha aige, ní raibh le feiceáil ach luaith!

Nár thit splanc ó na tinte ealaíne ar a thrunc breá, agus dhóigh sé é. Bhí sé i gcruachás anois, mar nach bhféadfadh sé eitilt chuig a bhean chéile a bhí ag fanacht leis. Bhí a lá deiridh mar aingeal Turcach feicthe aige, chomh maith lena phósadh!

Tá daoine ann a chreideann go bhfuil an Banphrionsa fós ag fanacht lena haingeal teacht ar ais, ach tá daoine eile ann a chreideann go bhfuair an Sultán fear céile eile di tar éis deich mbliana.

Is féidir a rá go cinnte, nár fhill mac an cheannaí ar a thír féin níos mó. Chaith sé a chuid laethanta ag spaisteoireacht tríd an Oirthear mar scéalaí. Mar sin fein, níor inis sé scéal na lasán riamh arís. Is beag an t-iontas é sin, mar gur dóigh go raibh sé ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar an rud ar fad.