An tIascaire agus a bhean chéile

Leagan Gaeilge le Maria Ní Laoire

Tráth dá raibh bhí cónaí ar iascaire agus a bhean chéile i mbothán beag suarach le hais na farraige. Thar iascaire ar bith eile a bhíodh ag iascaireacht san fharraige, ní raibh lá den ádh ar an iascaire seo. Bhíodh sé ag iascaireacht agus ag iascaireacht agus ag iascaireacht ó dhubh go dubh ach níor rug sé ar iasc riamh.

Ba é sin go dtí an lá úd ar tháinig sciorta den ádh air. Chaith sé an dorú amach thar bord agus ar an bpointe boise, mhothaigh sé iasc ag tarraingt air. Tharraing sé isteach ina threo é, rug sé ar an duán agus céard a bhí ann ach leith mhór órga.

Ní raibh an t-iascaire bocht ag súil leis an ádh seo ar chor ar bith agus bhí sé beagnach ag gol le lúcháir dá bharr. Nuair a bhí sé ar tí an t-iasc órga a tharraingt isteach sa bhád, tharla rud éigin eile nach raibh sé ag súil leis. Thosaigh an leith ag caint leis!

“Ná maraigh mé,” arsa an leith. “Lig dom maireachtáil. “Ní bheadh sé le do leas dá marófá mé, pé scéal é. Is cinnte nach mbeinn go deas le hithe mar is prionsa draíochta mé agus ní bheadh blas an éisc orm.”

“Go bhfóire Dia orainn!” arsa an t-iascaire de bhéic. Bhí iontas an domhan air. “Iasc a bhfuil cumas cainte aige! Cad a dhéanfainn féin le hiasc mar sin – iasc a bhfuil cumas cainte aige a deir gur prionsa é? Is cinnte nach mbeinn in ann thú a mharú. Beidh orm thú a scaoileadh saor – téigh ar ais go dtí an fharraige.”

Nuair a tháinig an t-iascaire abhaile an oíche sin lena dhá lámh chomh fada lena chéile mar ba ghnáth, rinne sé iarracht stop a chur le focail fheargacha a mhná. Rinne sé cur síos ar an iasc órga a raibh cumas cainte aige. “Ach dúirt sé gur prionsa draíochta é,” arsa an t-iascaire ach ní raibh a bhean chéile ag iarraidh tuilleadh den scéal a chloisteáil.

“Prionsa a bhí ann, ab ea?” a d’fhiafraigh a bhean. “Nach bhfuil ciall ar bith agat, a fhir? Cén fáth nár iarr tú gar air? Ar inis tú dó faoinár mbothán beag suarach atá cosúil le cró muc? Níl aon amhras ach go bhféadfadh sé rud éigin a dhéanamh faoi sin.”

Chroith an t-iascaire a cheann agus lean a bhean uirthi ag caint. “Téigh ar ais go dtí an spota ceannann céanna amárach. Má éiríonn leat breith ar an iasc a bhfuil cumas cainte aige, iarr gar air sula gcaithfidh tú ar ais san fharraige é.”

Fear maith ab ea an t-iascaire a bhí sásta gan mórán. Ní raibh a bhean chéile mar an gcéanna, áfach. Bhí sí santach agus trodach ach bhí faitíos ar an iascaire roimpi. “Ceart go leor, a Isobel,” ar seisean. “Rachaidh mé ar ais sa bhád go luath ar maidin.”

Bhí farraige dhorcha, stoirmiúil, bhagrach ann an mhaidin dár gcionn nuair a d’fhág an t-iascaire. Ní mórán dóchais a bhí aige go mbéarfadh sé ar an leith órga arís nuair a shroich sé an spota ceannann céanna inar bhuail sé leis an chéad uair. Sheas sé suas sa bhád, a bhí ag longadán go fíochmhar sna tonnta, agus d’fhógair sé:

“A leith, a leith san fharraige mhór;
Tar chugam, tar chugam, tar chugam athuair;
Shábháil mé thú ó bhás grána;
Tar chugam anois, ná bí dána.”

Ba mhór an faoiseamh don iascaire é gur tháinig an leith órga díreach chuige le meangadh gáire ar a aghaidhín. “Conas atá tú?” arsa an leith.

“Tá rud éigin uaim…bhuel, ní uaim féin ach ó mo bhean chéile, Isobel.” D’fhág an meangadh gáire aghaidh an éisc go tapa. “Dúirt sí go raibh sé de cheart agam gar a iarraidh ort inné. Tá cónaí orainn i mbothán beag suarach atá cosúil le cró muc. Ba bhreá léi a bheith ina cónaí áit éigin níos fearr – teachín, más féidir?”

“Téigh abhaile” arsa an leith go borb. “Tá an teachín aici cheana féin.” Nuair a d’fhill an t-iascaire abhaile, bhí a bhean chéile ina suí ar bhinse taobh amuigh de theachín beag néata. Phléasc sí le háthas nuair a chonaic sí a céile. “Tar isteach ann! Fan go bhfeicfidh tú é,” ar sise agus greim láidir ar lámh an iascaire aici. “Féach!” ar sise. “Tá seomra codlata agus seomra suite ceart againn agus tá an áit ar fad faoi throscán. Nach álainn an teachín é! Nach orainn atá an t-ádh dearg.”

“Fan go bhfeicfidh tú an gairdín cúil,” arsa Isobel. “Tar liom,” ar sise agus d’fháisc sí a greim ar a lámh. Bhí sé chearc ramhara agus bothán lán le harbhar sa ghairdín.

“Nach bhfuil sé go haoibhinn!” arsa a bhean le teann iontais. “Táim sona sásta anois. Ní bheidh rud ar bith eile uaim go deo.”

Chuaigh an t-iascaire amach ag iascaireacht gach lá mar ba nós leis ach ní raibh pioc imní air anois go bhfilleadh sé ar an teachín lena dhá lámh chomh fada lena chéile. Bheireadh na cearca neart uibheacha agus dhíoladh a bhean sa mhargadh iad. Shásaigh sé sin go mór í.

Coicís ina dhiaidh sin, agus í ag féachaint amach an fhuinneog, dúirt Isobel, “N’fheadar fútsa ach nuair a bhí mé ag dustáil sa seomra suite inniu, rith sé liom a laghad atá sé. Is beag nach bhfuilim in ann casadh timpeall sa chistin – tá sé beag bídeach, nach bhfuil?”

“Táimse breá sásta anseo,” arsa an t-iascaire. “Níl sé chomh beag sin. Is pálás é an teachín seo i gcomparáid leis an gcró muc!”

“B’fhéidir go bhfuil tusa breá sásta anseo,” a dúirt a bhean de bhéic. “Ach feictear domsa go bhféadfaimis a bheith i bhfad níos compordaí. Bhí sé chomh maith duit caisleán a iarraidh ar an diabhal éisc sin. Samhlaigh an saol a bheadh againn i gcaisleán mór cloiche. Bheinn i mo bhean uasal agus bheifeá i d’fhear uasal.”

Chroith an t-iascaire a cheann agus d’fhéach sé ar an urlár. Ar deireadh, dúirt sé: “Ní maith liom an chaint seo, a Isobel. Tuigim a bhfuil i gceist agat. Tá tú ag iarraidh orm dul ar ais chuig an leith ionas go dtabharfaidh sé caisleán dúinn!”

“Táim gan amhras,” ar sise de bhéic. “Agus ní chuirfidh mé béile te os do chomhair choíche arís mura labhróidh tú leis!” Ba bhrónach é an t-iascaire ag féachaint ar a bhean chéile. Ní raibh sé ar a chumas an fód a sheasamh. Mar sin, d’aontaigh sé léi. “Ceart go leor, a Isobel,” ar seisean i nglór íseal.

Bhí farraige suaite, corrach ann an mhaidin dár gcionn nuair a d’fhág an t-iascaire. Rámhaigh sé ar ais go dtí an spota ceannann céanna inar bhuail sé leis an leith an chéad uair. Sheas sé suas sa bhád, a bhí ag longadán anonn is anall sna tonnta, agus d’fhógair sé:

“A leith, a leith san fharraige mhór;
Tar chugam, tar chugam, tar chugam athuair;
Shábháil mé thú ó bhás grána;
Tar chugam anois, ná bí dána.”

Ba mhór an faoiseamh don iascaire é gur tháinig an leith órga díreach chuige arís an uair seo ach ní raibh meangadh gáire ar a aghaidhín, áfach.

“Cad atá uait an uair seo?” arsa an leith go borb.

“Tá rud éigin uaim…bhuel, ní uaim féin ach ó mo bhean chéile, Isobel.”

“Cad atá uaithi anois?” arsa an leith.

“Ba bhreá léi a bheith ina cónaí áit éigin níos fearr – caisleán mór cloiche, más féidir?”

“Téigh abhaile” arsa an leith go borb. “Tá an caisleán aici cheana féin.”

Rámhaigh an t-iascaire ar ais chun an chladaigh. Díreach ansin os a chomhair, in áit an teachín beag néata, bhí caisleán mór, ard, maorga. Bhí a bhean ag croitheadh a lámh agus ag béicíl le háthas. Tharraing sé a bhád i dtír agus rith sé ina treo.

“Tar isteach ann! Fan go bhfeicfidh tú é,” ar sise agus greim láidir ar lámh an iascaire aici. “Féach!” ar sise. “Caisleán iontach atá ann. Fan go bhfeicfidh tú na cathaoireacha agus na boird. Tá siad déanta as ór. Tá na ballaí clúdaithe le pictiúir. Déarfainn go bhfuil an-cháil ar na healaíontóirí sin. Tá siléar againn, a fhir, agus tá sé lán le gach saghas dí…”

Rith Isobel suas an staighre lán de sceitimíní agus greim láidir ar lámh an iascaire aici. Tháinig meadhrán ar an iascaire nuair a chonaic sé ór agus airgead thart timpeall air.

“Ach níl ansin ach a leath!” ar sise le teann ocrais. “Tar amach sa chlós liom. D’fhéadfadh fiche teachín a bheith anseo agus spás fós fágtha! Tá capaill agus stáblaí anseo. Níl orainn aire a thabhairt dóibh ach oiread mar tá ár ngiollaí stábla féin againn.”

Shiúil an t-iascaire timpeall an chaisleáin agus é chomh ciúin le luch. Ar deireadh, shuigh sé síos chun diocán bia a ithe. Ní raibh sé in ann féachaint ar na seirbhísigh a bhí ag freastal air agus iad ag iompú bia blasta ar phlátaí órga. Ní raibh pioc náire ar a chéile, áfach. Bhain sí smeach as a méara gach dara nóiméad chun aird a tharraingt uirthi féin.

Nuair a d’fhág na seirbhísigh ina n-aonar iad, labhair an t-iascaire óna chroí amach:

“A Isobel, a stór, an bhféadfaimis a bheith sásta faoi dheireadh? Táimid ag cur fúinn i gcaisleán; saol an mhadaidh bháin atá againn! An ngeallfaidh tú dom nach mbeidh tuilleadh de dhíth ort as seo amach?”

Thosaigh Isobel ag gáire. Bhí bia glas agus donn sáinnithe idir a fiacla. “Ní gheallfaidh mé é sin, a fhir. Fan go bhfeicimid cad a tharlóidh,” ar sise de gháire magúil. “Fan go bhfeicimid.”

An mhaidin dár gcionn, bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Shocraigh an t-iascaire fanacht sa bhaile cé go raibh farraige suaimhneach, socair, gorm os a chomhair. Shiúil sé timpeall an ghairdín. Bhí bail agus bláth ar an áit ag na garraíodóirí. Chan na héin os ard agus d’eitil siad go híseal gan scanradh ar bith orthu. Líon a gceol binn aer na farraige agus cluasa an iascaire.

“Is cinnte nach mbeidh rud ar bith eile de dhíth uirthi,” ar seisean leis féin. “Cad eile a bheadh uaithi? Is cinnte go mbeidh sí sásta as seo amach.”

Faraor géar, ní raibh bean an iascaire sásta go fóill.

“Is maith liom an caisleán,” ar sise léi féin. “Ach dá mbeadh pálás againn, d’fhéadfainn a bheith i mo rí. Bíonn cónaí ar an rí i gcaisleán. Ní bheadh m’fhear céile ag iarraidh a bheith ina rí. Cén fáth nach mbeinn i mo rí?” ar sise de chogar.

“A fhir,” ar sise nuair a d’fhill an t-iascaire ón ngairdín. Chuimil sí a ghruaig dhubh agus d’fhéach sí isteach ina shúile liatha. “Táim ag iarraidh a bheith i mo rí,” ar sise de chogar. Choith an t-iascaire a cheann agus croí brúite aige.

“Tá a fhios agam gur chaith an t-iasc sin go maith linn go dtí seo ach ní chuirfeadh sé as dó ár bpálás féin a thabhairt dúinn in áit an chaisleáin. Dá mbeadh pálás agam, d’fhéadfainn a bheith i mo rí. Beidh mé i mo rí; geallaim duit ó chroí.”

“A Isobel, a stór, nach bhfuil ár ndóthain againn cheana féin?” arsa an t-iascaire cé go raibh sé lánchinnte nach mbeadh sí sásta go dtí go raibh coróin órga ar a ceannín.

“Beidh mé i mo rí; geallaim duit ó chroí,” ar sise arís agus arís eile go dtí gur rith an t-iascaire ón gcaisleán agus síos chun na trá.

Bhrúigh an t-iascaire a bhád amach chun na farraige go mall agus rámhaigh sé ar ais go dtí an spota ceannann céanna inar bhuail sé leis an leith cheana. Ní farraige shuaimhneach, shocair, ghorm a bhí ann a thuilleadh, áfach. Bhí sí suaite, corrach agus bhí boladh trom stálaithe ag éirí aisti. Chuir an boladh feamainn lofa i gcuimhne don iascaire. Is beag nach raibh sé in ann análú. Sheas sé suas ach ansin thit sé anuas sa bhád a bhí ag longadán go fíochmhar sna tonnta. Ar deireadh, d’éirigh sé ar a ghlúine agus d’fhógair sé le teann faitís:

“A leith, a leith san fharraige mhór;
Tar chugam, tar chugam, tar chugam athuair;
Shábháil mé thú ó bhás grána;
Tar chugam anois, ná bí dána.”

Tháinig an leith díreach chuige arís an uair seo ach níor mhór an faoiseamh don iascaire é, faraor géar. Bhí eagla a chraicinn air.

“Cad atá uait an uair seo?” arsa an leith go borb.

“Tá rud…tá ru-uh…tá…á..á..á….” arsa an t-iascaire go stadach. Bhí creathán ina ghlór agus ní raibh sé in ann féachaint ar an leith bocht, fiú.

“Abair amach é nó imeoidh mé liom,” arsa an leith de bhéic.

“Tá rud éigin eile ó mo bhean chéile, Isobel.”

“Cad atá uaithi an uair seo?” arsa an leith.

“Ba bhreá léi a bheith ina rí, más féidir? Tá pálás agus coróin uaithi.”

“Téigh abhaile” arsa an leith go borb. “Is í an Rí cheana féin í.”

Rámhaigh an t-iascaire abhaile go mall agus faitíos air roimh a mbeadh i ndán dóibh. Chonaic sé an caisleán ag lonrú sa ghrian; cé go raibh an trá fós i bhfad uaidh. Bhí fairtheoirí ag seasamh ag na geataí móra agus bhí saighdiúirí ag máirseáil anonn is anall, anonn is anall sa chearnóg os comhair an pháláis.

Tásc ná tuairisc ní raibh le fáil ar a bhean chéile agus an t-iascaire ag siúl go neirbhíseach isteach sa phálás. Bhain sé lán a shúl as cathaoireacha snoite os a chomhair amach agus taipéisí ildaite ar crochadh ar na ballaí. Bhí fuacht an mharmair le mothú thart timpeall air. Rith cailíní agus buachaillí aimsire anseo agus ansiúd agus bhrúigh duine díobh an t-iascaire as a bhealach. Is beag nár thit an t-iascaire ar an gcairpéad ríoga.

“Más ar thóir an Rí atá tú, tiocfaidh tú ar an Rí i seomra an tsuíocháin ríoga,” arsa buachaill a raibh veilbhit dhearg air.

Théaltaigh an t-iascaire isteach i seomra an tsuíocháin ríoga ar a bharraicíní. Ansin os a chomhair, shuigh a bhean chéile ar ríchathaoir órga. Bhí coróin diamaint ar a ceann. Lonraigh a méara le fáinní geala agus lonraigh a súile le háthas.

Sheas dháréag ban coimhdeachta timpeall na ríchathaoireach agus d’umhlaigh siad don iascaire nuair a tháinig sé ina dtreo. “Bhuel, a Isobel,” arsa an t-iascaire. “Is tusa Rí na Tíre anois. Tá tusa i gceannas orainn ar fad. Abair liom go bhfuil tú sásta leis an méid sin?”

“Is cinnte gur mise Rí na Tíre,” arsa a bhean. “Agus táim bródúil as mo phálás ach ní leor é, a fhir. Tar éis an tsaoil, tá duine ann atá níos fearr ná mise.”

“Táim ag iarraidh a bheith i m’impire. Beidh mé i m’impire.” Sheas sí suas agus scread sí: “Beidh mé i m’impire.” Chlúdaigh an t-iascaire a chluasa ach lean sí uirthi ag screadaíl.

“Téigh ar ais chuig an diabhal éisc sin agus abair leis go bhfuilim ag iarraidh a bheith i m’impire. Tá an t-ádh dearg air go bhfuil sé fós beo!” ar sise.

“Ní féidir liom, a Isobel, a stór. Táimid ag dul thar fóir. Níl sé cothrom!” arsa an t-iascaire go cróga.

“Cothrom! Níl sé cothrom! Mura bhfuil sé cothrom, a fhir, bainfear an ceann díot gan aon stró. Ní dóigh liom go mbeadh fonn ar aon duine eile neamhaird a thabhairt ar mo rialacha ansin.”

“Ceart go leor, a Isobel,” arsa an t-iascaire agus é ag féachaint ar an urlár.

Nuair a d’fhill an t-iascaire cráite ar an spota ceannann céanna, bhí an fharraige dubh dorcha. D’fhógair sé:

“A leith, a leith san fharraige mhór;
Tar chugam, tar chugam, tar chugam athuair;
Shábháil mé thú ó bhás grána;
Tar chugam anois, ná bí dána.”

Tháinig an leith órga díreach chuige. “Bhuel, cad atá uait an uair seo?” arsa an leith agus é ag léim suas is anuas san fharraige dhubh ghrána.

“Tá rud éigin uaim…bhuel, ní uaim féin ach ó mo bhean chéile, Isobel,” arsa an t-iascaire le teann náire.

“Cad atá uaithi anois?” arsa an leith.

“Rinne tú rí di ach anois b’fhearr léi a bheith ina himpire.”

“Téigh abhaile,” arsa an leith go borb. “Is í an tImpire cheana féin í.”

Rámhaigh an t-iascaire ar ais chun na trá. Bhí pálás os a chomhair a bhí a dhá oiread níos iontaí ná an ceann a d’fhág sé tamaillín ó shin. Lonraigh a bhallaí órga sa ghrian amhail is dá mbeadh siad trí thine. Chaoch an t-iascaire na súile agus chas sé timpeall. Bhí saighdiúirí thart timpeall air agus éidí breátha á gcaitheamh acu.

Chuaigh an t-iascaire isteach sa teach sa tóir ar a bhean chéile agus a cheann cromtha síos. Ar deireadh, tháinig sé uirthi. Bhí sí suite ar chathaoir ríoga déanta go hiomlán as ór.

Shéid saighdiúirí trumpaí airgid agus é ag siúl tharastu. Chonaic sé coróin ar a ceann; coróin a bhí chomh hard le crann óg agus a bhí ag glioscarnach le diamaint agus smaragaidí chomh mór le huibheacha.

“A bhean,” ar seisean agus é ag druidim níos gaire don chathaoir ríoga, “an tusa an tImpire anois?”

“Is mé,” a d’fhreagair sí go mall agus ag hardnósach, “Is mise an tImpire!”

“Bí sásta ionat féin mar sin,” ar seisean. “Ná hiarr rud ar bith eile ón leith.”

“Cén fáth a bhfuil tú ag seasamh ansin cosúil le hamadán?” arsa a bhean de bhéic. “Is mise an tImpire ach níl an chumhacht agam stop a chur leis an bhfarraige ná éirí agus luí na gréine a chur i bhfeidhm. Téigh ar ais chuig an leith agus inis dó go bhfuilim ag iarraidh a bheith ar chomhchéim le Dia.”

Mhothaigh an t-iascaire bocht lag leis an uafás. Chuaigh creathán tríothu agus é guagach ar a chosa. Ach níor léirigh a bhean trua ar bith dó. Bhí sí sna feilimintí feirge; chomh feargach sin gur chaith na saighdiúirí iad féin ar an talamh béal faoi agus scéin orthu.

“Níl sé ar chumas na leithe é sin a dhéanamh,” arsa a fear céile de chogar, ar deireadh. “Tá sé in ann rí agus impire a dhéanamh díot ach ní féidir leis thú a chur ar chomhchéim le Dia.”

“Imigh leat!” arsa a bhean de scréach. Bhí an coróin ard ag bogadh a fhad is a bhí sí ag éirí ina seasamh. Nach scanrúil an chuma a bhí uirthi! “Imigh leat! Imigh leat! Imigh leat!”

Rith an t-iascaire ón bpálás síos chuig an bhfarraige ar nós geilte. Bhrúigh sé a bhád amach agus tormáil toirní agus splanc thintrí i seilbh na spéire.

Bhí na tonnta ollmhóra dubh le stríoca liatha orthu. Nuair a d’fhógair an t-iascaire don leith iontach, is beag nár chuala sé a ghlór féin:

“A leith, a leith san fharraige mhór;
Tar chugam, tar chugam, tar chugam athuair;
Shábháil mé thú ó bhás grána;
Tar chugam anois, ná bí dána.”

Stríoc tintreach an spéir dhubh dhorcha le splancacha lonracha a fhad is a bhí an leith ag teacht aníos ón bhfarraige. “Bhuel,” ar seisean, “cad atá uait anois?”

“Tá sí…tá sí…tá sí ag iarraidh a bheith ina Dia,” arsa an tiascaire de chogar agus é ar crith ó bhaithis go bróg.

“Imigh leat!” arsa an leith. “Tiocfaidh tú uirthi sa bhaile; sa chró muc a bhíodh aici.”

Is beag nár ghuigh an t-iascaire go n-alpfadh na tonnta ollmhóra é agus é ag rámhaíocht ar ais chun na trá. Agus é ag tarraingt an bháid aníos ar an trá, chonaic sé go raibh an pálás álainn órga imithe as radharc. Nach lom a bhí an áit. Ní raibh aon shaighdiúirí ag máirseáil; ná sluaite tiarnaí ná mná uaisle! Ina áit, ní raibh ach an bothán beag suarach; an cró muc, inar chaith sé féin agus Isobel an oiread sin dá saol.

Ansin chonaic sé í. Bhí cion ina chuimhne aige don Isobel a bhí os a chomhair. Bhí sí ag caitheamh an ghúna phaisteáilte chéanna a chaitheadh sí nuair a chuir sé aithne uirthi. Chroch sé síos dá slipéir bhriste agus chuir sé cuma ard uirthi. Ach nach liath agus rocach an aghaidh s’aici! Agus an ghruaig s’aici – bhí sé casta sa chocán grána céanna ar bharr a chinn, rud a chuir isteach níos mó air le himeacht aimsire. “Bhí gach aon rud aici ar feadh scaithimh, ach chaill sí gach aon rud de bharr na sainte,” a smaoinigh an t-iascaire agus é ag druidim ina treo.

Chaitheadh an t-iascaire an dorú amach go minic sna blianta ina dhiaidh sin. Ach cé go mbíodh sé ag iascaireacht agus ag iascaireacht ó dhubh go dubh, ní fhaca sé an leith riamh arís agus níor labhair sé faoin leith lena bhean riamh arís ach an oiread. Ach uaireanta nuair a shuíodh siad le chéile, cuachta thar tine shuarach, deireadh Isobel, “Sea, sea, bhí mé i m’impire tráth agus bhí mé i gceannas ar an domhan ar fad.”