An tÉan Órga

Leagan Gaeilge le mic léinn an 3ú Bliain BA 2016

Fadó fadó, bhí Rí ann a raibh gairdín álainn aige agus i lár an ghairdín bhí crann mór lán le húlla órga. Dhéantaí comhaireamh ar na húlla seo i gcónaí agus ag an am a mbíodh siad aibí thugtaí faoi deara go mbíodh ceann acu imithe chuile oíche. Bhí an Rí ar buile faoi seo agus dúirt sé lena gharraíodóir a bheith ag faire i rith na hoíche.

Chuir an garraíodóir an mac ba shine leis ag faire ach thit sé a chodladh thart ar mhéan oíche agus ar maidin bhí ceann eile de na húlla ar iarraidh.

Ansin cuireadh an dara mac ag faire ach thit seisean a chodladh thart ar mheán oíche freisin agus ar maidin bhí úll eile imithe.

Ansin dúirt an mac ab óige go ndéanfadh sé féin an faire, ní raibh an garraíodóir sásta leis seo ar dtús ar fhaitíos go dtarlódh rud ar bith dó. Ach ar deireadh, thug sé cead a chinn dó agus luigh sé faoin gcrann ag faire.

Ar uair an mheán oíche, chuala sé torann san aer, tháinig éan a bhí déanta as ór agus thosaigh sé ag guilbniú de na húlla.

D’éirigh mac an gharraíodóra agus scaoil sé saighead i dtreo an éin. Níor ghortaigh an tsaighead an t-éan seo ach thit cleite órga óna eireaball agus d’eitil sé leis. Tugadh an cleite órga chuig an Rí an mhaidin ina dhiaidh sin agus tugadh an chomhairle ar fad le chéile.

D’aontaigh chuile dhuine acu gurbh fhiú níos mó an cleite seo ná airgead na ríochta uilig, ach dúirt an Rí “Níl maith ar bith sa gcleite seo dom, caithfidh mé an t-éan ar fad a fháil.”

Amach le mac ba shine an gharraíodóra agus é sa tóir ar an éan. Ba ghearr gur sroich sé an choill agus chonaic sé sionnach suite le taobh na coille. Thog sé amach an tsaighead agus fuair sé réidh lena chaitheamh.

Ansin arsa an sionnach, ‘Ná maraigh mé, óir cuirfidh mé dea-chomhairle ort; tá a fhios agam céard atá uait, is é an t-éan órga atá uait. Sroichfidh tú an baile um thráthnóna; agus feicfidh tú dhá theach ósta os comhair a chéile. Tá teach ósta amháin a bhfuil cuma álainn agus ghalánta air, ach ná baic leis. Cé go mbeidh droch-chuma ar an teach ósta eile, lig do scíth ann don oíche,” arsa an sionnach.

Ach bhí amhras ar an mac: “Cén dóigh a mbeadh eolas mar sin ag an gcréatúr seo?” Mar sin de chaith sé an tsaighead leis an sionnach ach chuaigh an tsaighead ar strae agus rith an sionnach ar nós na gaoithe i dtreo na coille. Lean sé air, bhain sé an baile amach um thráthnóna, tháinig sé a fhad leis na teach ósta. I dteach ósta amháin bhí daoine ag ceol, ag damhsa agus i mbun féasta; bhí cuma shalach agus bhocht ar an teach ósta eile. “Bheadh mé i m’amadán dul isteach sa teach seanchaite sin, agus an ait álainn seo a fhágáil,” arsa an mac. Dá bhrí sin chuaigh sé isteach sa teach galánta, agus d’ith agus d’ól sé a sháith agus rinne sé dearmad ar an éan agus ar a thír freisin.

D’imigh an t-am; agus de bharr nár tháinig an mac ba shine ar ais, agus nár chualathas aon scéala faoi, bheartaigh an dara mac ar imeacht, agus tharla an rud céanna dó. Bhuail sé leis an sionnach agus ghlac sé comhairle mhaith uaidh:  nuair a tháinig sé go dtí an dá theach ósta, bhí an deartháir ba shine ina sheasamh ag an fhuinneog, an áit a raibh siamsaíocht ar súil, agus thug sé cuireadh dó teacht isteach; agus ní fhéadfadh sé diúltú don chathú, agus chuaigh sé isteach, agus rinne sé dearmad ar an éan óga agus ar a thír, ar an gcaoi chéanna.

Chuaigh an t-am ar aghaidh, agus ba mhian leis an mac ab óige dul amach sa domhan mór ag lorg an éin órga; ach níor thug an t-athair cead dó ar feadh tamall fada, mar bhí sé an-tógtha lena mhac agus bhí faitíos air go mbeadh mí-ádh air freisin agus nach dtiocfadh sé ar ais. Faoi dheireadh, áfach, réitíodh go rachadh sé toisc nach mbeadh sé socair dá bhfanfadh sé sa mbaile; agus nuair a shroich sé an choill, bhuail sé leis an sionnach, agus chuala sé an chomhairle mhaith chéanna. Ach ghabh sé buíochas leis an sionnach agus níor bhagair sé saol an tsionnaigh mar a rinne a dheartháireacha.

‘Suigh ar m’eireaball agus taistealóidh tú níos tapúla,’ ar an sionnach. Shuigh sé síos agus thosaigh an sionnach ag rith. D’imigh siad thar stoc agus cloch chomh tapa sin go raibh a ghruaig ag feadaíl sa ngaoth.

Nuair a shroich siad an ghráig, lean an mac comhairle an tsionnaigh. Gan a bheith ag féachaint thart, d’imigh sé chuig an teach ósta seanchaite agus lig sé a scíth ansin ar feadh na hoíche. Ar maidin, bhuail an sionnach leis arís nuair a bhí sé ag tosú a thurais agus dúirt sé, ‘’Téigh díreach ar aghaidh go dtí go sroichfidh tú caisleán, a mbeidh buíon saighdiúirí ina gcodladh go sámh os a chomhair, agus iad ag srannadh; ná tabhair aon aird ar bith orthu, ach téigh isteach sa gcaisléan agus lean ar aghaidh go dtí go sroichfidh tú seomra ina mbeidh éan órga i gcaighean adhmaid; beidh caighean álainn óir i ngar dó. Ná tóg an t-éan amach as an gcaighean adhmaid lena chur sa gcaighean óir nó beidh aiféala ort.’’ Shín an sionnach a eireaball amach arís agus shuigh an fear óg síos, ar aghaidh leo ansin thar stoc agus cloch go dtí go raibh a ghruaig ag feadaíl sa ghaoth.

Bhí gach rud roimh gheata an chaisleáin mar a chuir an sionnach síos air. Mar sin, lean an mac ar aghaidh isteach an geata agus tháinig sé ar an seomra ina raibh an t-éan órga ar crochadh i gcaighean adhmaid. Faoi sin a bhí an caighean óir agus na trí húlla a chuaigh ar iarraidh in aice leis. Thosaigh sé ag smaoineamh dó féin, is ait an rud é éan chomh hálainn sin a chur i gcaighean caite mar sin. Dá bhrí sin, d’oscail sé an caighean, fuair sé greim ar an éan agus chuir sé isteach sa gcaighean óir é. Ach lig an t-éan béic chomh hard sin as gur dhúisigh na saighdiúirí go léir. Rinne siad príosúnach de agus tugadh os comhair an rí é. An chéad mhaidin eile, shuigh an chúirt chun breithiúnas a thabhairt air. Nuair a chualathas an fhianaise ar fad, dhaor an chúirt chun báis é. Ach, thug siad rogha dó: dá mbeadh sé in ann an capall órga, a bhí in ann rith ar nós na gaoithe, a thabhairt chuig an rí, ní mharófaí é. Dá mbeadh sé in ann é seo a dhéanamh, bheadh sé in ann an t-éan a choimeád dó féin.

Mar sin, chuir sé chun bóthair arís agus lig sé osna. Bhí éadóchas air. Go tobann, bhuail sé lena chara, an sionnach. “Anois, feiceann tú gach rud a tharla toisc nár éist tú liom! Fós, inseoidh mé duit cá bhfaighidh tú an capall órga, má leanann tú mo threoracha.”

‘Téigh ar aghaidh díreach go dtí go sroichfidh tú caisleán a mbeidh capall i stábla ann. In aice leis, beidh grúmaeir ina chodladh agus ag srannadh. Ansin, tógfaidh tú an capall go ciúin ach déan cinnte an tseandiallait leathair a chur air agus ní an ceann óir atá in aice leis.’ Shuigh an mac síos ar eireaball an tsionnaigh agus ar aghaidh leo thar gach rud a bhí rompu go dtí go raibh píosa bóthair caite acu.

Bhí go maith agus ní raibh go holc, agus lean an grúmaeir ar aghaidh ag srannadh agus a lámh ar an diallait óir. Nuair a d’fhéach an mac ar an gcapall, cheap sé gur mhór an trua an diallait leathair a chur air. ‘Tabharfaidh mé an ceann maith dó,’ a dúirt sé, ‘tá sé tuilte go maith aige.’

Dhúisigh an grúmaeir agus an mac ag bailiú na diallaite óir. Lig sé an oiread de scread as gur chuala na saighdiúirí é agus gur chaith siad sa bpríosún é. Ar maidin ansin, tugadh chun na cúirte é agus gearradh pionós an bháis air. D’aontaigh siad dá mbeadh sé ábalta an banphrionsa a thabhairt chucu go mbeadh sé slán agus leis sin, go mbeadh an t-éan agus an capall aige.

Bhí sé ansin go brónach nuair a tháinig an sionnach chomh fada leis agus dúirt sé, ‘Cén fáth nár éist tú liom? Dá n-éisteá liomsa bheadh an t-éan agus an capall agat. Fós féin, cuirfidh mé comhairle ort uair amháin eile.

Lean ar aghaidh díreach, agus tiocfaidh tú chomh fada le caisleán faoi thráthnóna. Ar uair an mheán oíche, téann an banphrionsa chuig an teach folctha. Téigh anonn chuici agus tabhair póg di, agus imeoidh sí leat. Bí cúramach nach gcuirfidh tú an iomarca iallach uirthi imeacht óna hathair agus óna máthair. Ansin shín an sionnach amach a eireaball, agus thaistil siad talamh na hÉireann.

Nuair a tháinig siad chomh fada leis an gcaisleán, bhí an méid a dúirt an sionnach le feiceáil, agus ar uair an mheán oíche, bhuail an fear óg leis an mbanphrionsa agus í ag dul chuig an teach folctha. Bhain sé póg di, agus d’aontaigh sí imeacht leis.

Ach chaoin sí, agus chaoin sí go raibh uirthi a hathair a fhágáil. Choinnigh sí uirthi ag caoineadh agus ar deireadh ghéill sé di. Nuair a d’fhill sí go teach a hathar, thóg na saighdiúirí é agus cuireadh isteach sa bpríosún arís é.

Tugadh os comhair an Rí ansin é, agus dúirt an Rí leis, “Ní fheicfidh tú m’iníon go brách mura mbeidh an cnocán atá taobh amuigh den chaisleán imithe taobh istigh de hocht lá. Bhí an cnocán seo chomh mór sin, nach mbeadh an domhan ar fad in ann fáil réidh leis. Nuair a bhí seacht lá oibre déanta aige, agus gan mórán dul chun cinn déanta aige, tháinig an sionnach chuige. ‘Luigh siar ansin agus gabh a chodladh duit féin agus críochnóidh mise é seo,’ a deir an sionnach. Ar maidin nuair a dhúisigh sé bhí an cnocán imithe. Chuaigh sé chuig an Rí agus é sona sásta, d’inis sé dó go raibh an cnocán imithe, agus go gcaithfeadh sé a fhocal a choinneáil faoin mbanphrionsa.

Ansin, b’éigean don Rí a fhocal a choinneáil, agus d’imigh an fear óg agus an banphrionsa; tháinig an sionnach chomh fada leis agus dúirt sé, ‘Beidh an triúr acu againn, an banphrionsa, an capall agus an t-éan.’ ‘Á!’ a dúirt an fear óg, ‘is rud iontach a bheadh ansin, ach cén chaoi a ndéanfaí é?’

“Éist liomsa,” a dúirt an sionnach, “is féidir a dhéanamh. Nuair a ghabhfaidh tú go dtí an Rí agus nuair a chuirfidh sé tuairisc an bhanphrionsa, beidh ort a rá, ‘Tá sí anseo!’ Beidh sé an-sásta; agus gabhfaidh tú ar dhroim an chapaill óir a thabharfaidh siad duit agus sínfidh tú amach do láimh chun slán a fhágáil acu, ach déan cinnte gurb í an banphrionsa an duine deireanach a gcroithfidh tú lámh léi. Croch aníos ansin í go sciobtha taobh thiar díot ar an gcapall agus imigh leat chomh sciobtha agus atá tú in ann.”

Bhí go maith agus ní raibh go holc. Is éard a dúirt an sionnach ansin, ‘Nuair a thiocfaidh tú go dtí an caisleán, áit a bhfuil an t-éan, fanfaidh mise leis an bhanphrionsa ag an doras, agus imeoidh tusa isteach ar an gcapall agus labhróidh tú leis an Rí; agus nuair a fheicfidh sé gurb é an capall ceart é, tabharfaidh sé amach an t-éan.

Ach beidh ort fanacht socair, agus abair leis go bhfuil tú ag iarraidh é a fheiceáil, go bhfeicfidh tú gurb é an t-éan órga ceart é, agus nuair a bheidh sé i do lámh agat, imigh leat go beo ar an gcapall.’

Tharla sé seo freisin díreach mar d’ordaigh an sionnach. Thug siad leo an t-éan, cuireadh an banphrionsa ar an gcapall arís agus d’imigh siad leo isteach sa gcoill mhór. Tháinig an sionnach ansin agus is éard a dúirt sé, ‘Maraigh mé, agus bain mo chloigeann agus mo chosa díom.’

Ach ní raibh an fear óg sásta é a dhéanamh; mar sin is éard a dúirt an sionnach, ‘Cuirfidh mé comhairle mhaith ort ar aon nós, bí ar an airdeall faoi dhá rud; ná sábháil aon duine ón gcroch agus ná suigh síos ar bhruach aon abhann.’ Ansin d’imigh sé leis. ‘Ní bheidh aon deacracht agam é sin a dhéanamh,’ a deir an fear óg.

Lean sé ar aghaidh agus an banphrionsa ina cúlóg aige, nó gur tháinig siad chuig an ngráig inar fhág sé an bheirt deartháireacha. Nuair a bhain sé an áit amach bhí cad é clampar agus liútar éatar ar bun; agus d’fhiafraigh sé de na daoine cad é go díreach a bhí ar siúl, agus arsa duine acu leis, ‘Crochfar beirt fhear anseo inniu.’ Agus é ag teannadh leis an gcroch, cé a chonaic sé ach a bheirt deartháireacha ar tí a gcrochta agus dúradh leis gur robálaithe a bhí iontu.

‘An bhfuil bealach ar bith ann a sábháil?’ ar seisean, ach dúirt na daoine leis nach raibh, ach amháin go n-úsáidfeadh sé a chuid airgid go léir chun saoirse na beirte rógaire a cheannach. Níor ghá a rá leis an dara babhta agus thug sé ar láimh an t-airgead a iarradh air, agus saoradh an bheirt deartháireacha agus thug siad go léir aghaidh ar an mbaile.

Nuair a bhain siad amach an choill inar casadh an sionnach orthu an chéad uair riamh, bhí an áit chomh fionnuar agus chomh haoibhinn sin gur labhairt an bheirt deartháireacha: “Suímis síos ar bhruach na habhann agus ligimis ár scíth, agus beidh rud éigin le hithe agus le hól againn.”

“Go breá,” ar seisean agus dearmad á dhéanamh aige ar chomhairle an tsionnaigh agus suigh siad síos ar bhruach na habhann. Ansin de gheit tháinig an bheirt deartháireacha aniar aduaidh air agus chaith síos le fána bhruach na habhann é agus theith siad leo leis an mbanphrionsa, leis an gcapall, agus leis an éan agus as go brách leo abhaile chuig a máistir, an rí, agus arsa siadsan: ‘Féach a bhfuil bainte amach againn!’ Rinneadh an-cheiliúradh ansin, ach ní íosfadh an capall aon ní, ní chanfadh an t-éan, agus ní stadfadh an banphrionsa de ghol.

Idir an dá linn, thit an mac ab óige go leaba na habhann: ar ámharaí an tsaoil ba bheag uisce a bhí ann, ach bhí a cholainn basctha brúite agus bhí fána bhruach na habhann chomh crochta sin nárbh fhéidir leis teacht aníos. Ansin, taibhsíodh an sean-sionnach os a comhair uair amháin eile agus thug sé íde na muc is na madraí dó toisc nár lean sé a dhea-chomhairle; dá ndéanadh ní bheadh sé san fhaopach ina raibh sé. ‘Ina ainneoin sin,’ arsa an sionnach, ‘ní thig liom d’fhágáil anseo. Beir greim docht ar m’eireaball.’ Leis sin, tharraing sé aníos as an abhainn é, agus arsa seisean leis, nuair a bhí sé ar bhruach na habhann: “Tá do dheartháireacha ar faire agus tá rún acu do mharú má fheiceann siad na ríocht thú.” Leis sin, chuir sé cuma fear déirce air, agus thug sé aghaidh ar chúirt an rí i ngan fhios. Níor thúisce sa gcúirt é nó gur thosaigh an capall ag ithe, gur thosaigh an t-éan ag canadh agus gur éirigh an banphrionsa as an olagón. Chuaigh sé chuig an rí agus chuir sé rógaireacht agus feallaireacht na ndeartháireacha in iúl dó. Leis sin gabhadh iad agus cuireadh pionós orthu agus tugadh an banphrionsa dó arís; agus nuair a fuair an sean-rí bás rinneadh rí de agus bhí sé i gceannas ar an ríocht go léir.

Tamall fada ina dhiaidh sin, shiúil sé isteach sa gcoill lá amháin agus casadh an sean-sionnach air, agus d’impigh sé air a mharú agus a chloigeann agus a lapaí a bhaint de. I ndeireadh thiar thall ghéill sé dó agus níor thúisce an beart déanta aige nó go ndearnadh fear den sionnach, agus cé a bhí ann ach deartháir an bhanphrionsa a chuaigh ar iarraidh na blianta fada roimhe sin.