An Spéirbhruinneall a cuireadh faoi gheasa an tromshuain

Leagan Gaeilge le Séamus Ó Coileáin

Fadó, fadó, bhí Rí agus Banríon ann agus ba é an mhian ba mhó a bhí acu sa tsaol leanbh a bheith acu. Nach orthu a bhí an lúcháir agus an ríméad mar sin nuair a insíodh don mBanríon lá amháin go mbeadh leanbh aici.

“Ba bhreá liom iníon a bheith agam,” arsa an Bhanríon.

“Ba bhreá liomsa buachaill beag a bheith agam,” arsa an Rí, “ach nach cuma cé acu cailín nó buachaill a bheidh againn, nach sinne a thabharfaidh grá ár gcroí dó nó di.”

Bhí go maith is ní raibh go holc. In am is i dtráth rugadh iníon don mBanríon agus bhí sí chomh gleoite sin go ndearna an Rí dearmad gur mac a bhí uaidhsean.

“Caithfimid féasta mór baiste a bheith againn,” arsa an Bhanríon. “Tabharfaimid cuireadh dár gcairde go léir, go háirithe an Seachtar Sióg Maith. Iadsan na haíonna speisialta a bheidh againn.”

“Shocraíos go bhfaighfidh na Sióga spúnóg, forc agus scian an duine, a mbeidh diamaint agus rúibín orthu,” arsa an Rí.

Bhuail an Bhanríon a dhá bois le chéile le ríméad. “Ní hamháin sin, ach cuirfimid na féiríní sin isteach i mboiscín óir,” ar sise agus lúcháir an domhain uirthi. “Nach iad na Sióga a bheidh sásta!”

Tháinig lá an fhéasta baiste agus bhí an pálás dubh le daoine agus iad gléasta go péacógach ó bhonn go baithis. Bhí loinnir an áthais ar ghrua na Banríona agus í ag tabhairt cuiridh do na haíonna suí chun boird. Bhí an Seachtar Sióg Maith ar na daoine deireanacha a tháinig isteach agus thug an Bhanríon chuig a suíocháin láithreach iad toisc go raibh an oiread sin sceitimíní uirthi a n-aghaidh a fheiceáil ach a bhfeicfidís na boiscíní óir.

Agus iad ar tí tús a chur leis an bhféasta, cé a tháinig an doras isteach ach sean-sióg chríonna a raibh aghaidh ghránna roctha agus geanc mhór fhada aici agus í ag gluaiseacht léi go mall, bacach. Chloisfí biorán ag titim sa seomra leis an tost a bhí ann uair a chonaic siad an drománach mná faoi chlóca fada dubh agus hata biorach ag teacht an doras isteach. Shín an tsean-sióg a méar i dtreo na mboiscíní óir a bhí os comhair na sióg maith agus í ag crith le teann feirge.

“Feicim nach bhfuil aon áit leagtha domsa,” ar sise go grágach ciachánach. “Ná ní fheicim aon bhoiscín óir dom ach oiread! Is oraibhse a bheidh an t-aiféala...”

D’éirigh aghaidh na Banríona mílítheach ar chloisteáil rabhadh na sean-sióige di. “Is fíor duit,” ar sise go pras, “go ndearnamar dearmad cuireadh a thabhairt duit chuig Féasta Baiste ár linbh. Leoga, rinneamar dearmad go raibh tú fós i do chónaí sa Ríocht seo againne. Mar sin féin, tá míle fáilte romhat suí chun boird linn...”

Chroith an tsean-sióg a ceann. “Ní shuífidh mé chun boird libh,” ar sise go feargach. “Níor leagadh aon áit dom agus níl aon fhéirín ann dom, ach oiread. Ach fanfaidh mé, mar sin féin. Sea, fanfaidh mé agus bronnfaidh mé féirín– féirín speisialta – uaim féin ar an leanbh ionúin sin agaibh,” ar sise go ciachánach.

Bhain focail agus meangadh gáire mailíseach na sean-sióige an oiread sin de stangadh as na daoine eile gurbh ar éigin a bhí siad in ann an bia breá blasta a cuireadh os a gcomhair amach a bhlaiseadh. Nuair a tháinig críoch leis an bhFéasta ar deireadh thiar thall, chuaigh siad go léir isteach go mear chuig an seomra ina raibh an banphrionsa ina luí sa chliabhán.

“Caithfidh mé a chinntiú gur mise an duine deireanach a bhronnfaidh bua ar an leanbh ríoga,” arsa an duine ab óige de na Sióga Maithe léi féin agus í ag moilleadóireacht léi laistiar de na sióga eile. “Níl muinín dá laghad agam as an tsean-sióg ghránna sin.”

Ba bhéas le Sióga Maithe, fadó, fadó, buanna an-speisialta a bhronnadh ar leanaí ríoga. Ba bhuanna iad nach bhféadfadh ach Sióga a bhronnadh.

“Go raibh an bua agat ar mhná na cruinne ó thaobh áilleachta de,” arsa duine de na Sióga Maithe agus í ag cromadh síos os cionn an chliabháin.

“Go raibh glór chomh binn leis an bhfiliméala agat,” arsa Sióg eile.

“Go raibh féith an rince ionat,” arsa an tríú Sióg.

“Go raibh tú lách cineálta,” arsa an ceathrú duine díobh.

“Go raibh an ghrástúlacht ag roinnt le gach ní a dhéanfaidh tú,” arsa an cúigiú Sióg.

“Go raibh bua an cheoil ar uirlis ar bith agat,” arsa an séú Sióg.

Ba ar éigin a bhí deis aici na focail sin a rá nuair a bhrúigh an tsean-sióg as an tslí í.

Chrom sí síos os cionn an chliabháin agus bhronn sí a féirín ar an leanbhín: “Gheobhaidh tú bás, bás, bás!” Lig na haíonna eile osna uafáis astu nuair a chuala siad an méid sin, ach lean an tsean-sióg uirthi ag caint, “Gheobhaidh tú bás an lá a bpriocfaidh tú do mhéar ar bhior tuirne..”

Bhí gach éinne ina dtost ar choisteáil na mallachta sin dóibh nó gur labhair an duine ab óige de na Sióga Maithe, “Ná bíodh aon imní oraibh, a Shoilsí, ní gheobhaidh an Banphrionsa bás. Níor bhronnas féirín ná bua uirthi go fóill.” Leis sin, tháinig sí aníos chuig an gcliabhán agus chrom sí síos chun an linbh agus ar sise de chogar, “Is fíor nach bhfuil sé de chumhacht agamsa mallacht mhailíseach a chur ar ceal.

Ach má phriocann bhur n-iníon a méar ar bhior tuirne, deirimse nach bhfaighfidh sí bás. Ina ionad sin, gabhfaidh sí faoi thromshuan agus beidh sí mar sin go ceann céad bliain. Ag deireadh na tréimhse sin, tiocfaidh mac rí agus dúiseoidh sé ón tromshuan le póg í.”

B’ábhar dóchais don Rí agus don mBanríon iad focail na Sióige Maithe, agus d’ordaigh an Rí, an lá dár gcionn, go gcaithfí gach tuirne sa Ríocht a dhó láithreach agus go gcuirfí chun báis aon duine a mbeadh tuirne acu dá éis sin.

Bhí go maith is ní raibh go holc. D’fhás an Banphrionsa aníos go raibh sí ina spéirbhruinneall shuáilceach sciamhach a rug bua ar mhná an domhain uile. Bhí cion ag gach éinne di agus le himeacht aimsire ba bheag nach ndearna an Rí agus an Bhanríon dearmad ar mhallacht na sióige gránna. Ní fhacthas tuirne le breis is sé bliana déag. Go deimhin fein, ní fhaca an Banphrionsa tuirne riamh.

An samhradh áirithe seo, agus an dúiche ar a fheabhas ó thaobh áilleachta agus aimsire de, bheartaigh an Rí agus an Bhanríon ar an mBanphrionsa a thabhairt chuig ceann dá gcaisleáin sna sléibhte. A thúisce a bhain siad an seanchaisleán mór maorga amach, thosaigh an Banphrionsa ag póirseáil léi. Rith sí in airde agus in airde an staighre fada casta nó gur bhain sí amach, i ndeireadh thiar thall, seomraí an túir a bhí ar bharr an chaisleáin in airde.

Ar oscailt ceann de na dóirse di, nach uirthi a bhí an t-ionadh nuair a chonaic sí seanbhean liath ina suí laistiar de roth mór.

“Cad atá tú a dhéanamh, a sheanbhean?” arsa an Banphrionsa agus í ag stánadh go fiosrach ar an roth. “Cad chuige an roth mór sin agat?”

“Tuirne atá ann, a leanbhín,” arsa an tseanbhean, gan tuairim dá laghad aici go raibh sí ag caint leis an mBanphrionsa. “Táim ag sníomhachán. Táim ag sníomhachán liom sa túr seo le breis is leathchéad bliain.”

“Sníomhachán?” arsa an Banphrionsa. “Níor chuala mé an focal sin riamh roimhe seo. An féidir liom triail a bhaint as? Déarfainn gur mór an spraoi é!”

“Is féidir agus fáilte,” arsa an tseanbhean agus meangadh gáire ar a haghaidh aici.

Bhí an oiread sin sceitimíní ar an gcailín gur rug sí greim ar an bhfearsaid agus phrioc sí a méar ar bhior an tuirne. Thit sí i bhfanntais láithreach agus a dhá shúil dúnta aici.

Baineadh siar as an tseanbhean agus thosaigh sí ag glaoch ar chúnamh in ard a cinn is a gutha. Tháinig searbhóntaí de ruathar agus iad ag baint na gcos dá chéile féachaint cé acu ba thúisce a thiocfadh i gcabhair ar an mBanphrionsa. Chaith cuid acu uisce ar a héadan, agus d’imigh cuid eile acu ar thóir an Rí agus na Banríona.

Ach a bhfaca an lánúin ríoga an Banphrionsa ina cnap ar an urlár, gan gíog ná míog aisti agus a dhá súil dúnta aici, chuimhnigh siad ar mhallacht mhailíseach na sean-sióige gránna.

“Is beag is féidir linn a dhéanamh,” arsa an Bhanríon agus tocht an bhróin ina glór agus na deora léi. “Déanfaidh ár n-iníon tromshuan go ceann céad bliain.”

Thug searbhóntaí an Banphrionsa chuig aoi-sheomra an chaisleáin agus leag siad anuas go cáiréiseach ar leaba óir agus airgid í.

“Is beag nach bhfuil sí níos sciamhaí anois ná mar a bhí sí nuair a bhí sí beo,” arsa an Bhanríon de chogar agus í ag olagón go faíoch.

“Ach tá sí beo go fóill,” arsa an Rí go deas séimh. “Cuirimis fios ar an tSióg is óige den Seachtar Sióg Maith féachaint an féidir léi aon chomhairle a chur orainn.”

Sheol an Rí a ghiolla dílis féin, ar abhac a bhí ann, ag triall ar an tSióg Mhaith agus a fhios maith aige go bhféadfadh an tAbhac taisteal i bhfad ní ba thapúla ná aon duine eile. Leoga, laistigh d’uair an chloig ina dhiaidh sin, bhain an tAbhac an tSióg Mhaith amach.

Tháinig an tSióg Mhaith chuig an gcaisleán i gcarbad tine agus dhá dhragún faoi.

“Is beag is féidir liomsa a dhéanamh,” arsa an tSióg Mhaith leis an Rí ar a theacht chun an chaisleáin di. “Ach is féidir liom a chinntiú go mbeidh compord ag an mBanphrionsa nuair a dhúiseoidh sí ón tromshuan.”

Tharraing an tSióg amach slaitín draíochta agus d’eitil sí léi ar fud an chaisleáin. Ba é an chéad áit a ndeachaigh sí síos isteach sa chistin ollmhór agus chniog sí an slaitín draíochta go deas éadrom ar na cailíní aimsire cistine, agus ar na maoir agus ar na cailíní aimsire fuála. Cad a tharla ansin, an dóigh leat? Thit gach aon duine díobh a chodladh go sámh agus iad i lár a gcuid oibre. Thit an cócaire a chodladh agus ladar an anraith chun a bheola aige; thit cailín aimsire na cistine a chodladh agus ceann de na plátaí óir á thriomú aici agus thit an bheirt chailíní aimsire fuála a chodladh agus iad ag cur snáithe i snáthaidí.

Thit buachaillí agus cailíní cuideachta agus pórtaeirí a chodladh mar a raibh siad ina seasamh nó ina suí. Thit a gcodladh ar na heachairí lasmuigh i gclós an chaisleáin agus iad ag grúmaeireacht na gcapall. Thit na capaill a chodladh, fiú. Bhí gadhair, cait, cearca agus éiníní beaga sna crainn ina gcodladh go sámh gan rómhoill.

Nuair a bhí an tSióg sásta go raibh a raibh sa chaisleán ina gcodladh, d’fhill sí ar an Rí agus ar an mBanríon. “Is beag eile is féidir liom a dhéanamh,” ar sise. “Nuair a dhúiseoidh bhur n-iníon, dúiseoidh a bhfuil sa chaisleán freisin agus ní bheidh uaigneas ná faitíos uirthi.”

Tar éis dóibh buíochas a ghabháil leis an tSióg Mhaith, d’fhág siad an caisleán agus d’imigh siad leo ina gcóiste agus chuaigh an tSióg Mhaith in airde ar a carbad tine, agus an dá dhragún faoi. Bhí a raibh le déanamh aici beagnach déanta. Ní raibh ach aon rud amháin eile le déanamh aici sula bhfágfadh sí an caisleán. D’úsáid sí a cuid draíochta go léir agus d’fhás mothar driseacha agus gas deilgneach aníos ón talamh timpeall ar an gcaisleán ionas nach gcuirfeadh duine ná deoraí isteach orthusan a bhí laistigh.

D’imigh céad bliain. Cailleadh an Rí agus an Bhanríon agus uncailí agus aintíní uile an Bhanphrionsa. Bhí Rí eile i gceannas ar an ríocht agus níorbh eol dó beag ná mór gurbh ann do Bhanphrionsa an tromshuain.

Bhí mac ard dathúil ag an Rí sin agus bhí suim mhór aige sa tsealgaireacht. Lá amháin, agus é ag seilg sna coillte, níorbh fhéidir leis an bPrionsa dul ní b’fhaide toisc go raibh driseacha agus sceacha deilgneacha ag cur bac leis.

“Cad atá ar an taobh eile den mothar seo, an dóigh leat?” arsa an Prionsa le duine de na sealgairí a bhí ina theannta. “Is dóigh liom go bhfaca mé caisleán trí na sceacha sin.”

Chroith an sealgaire a cheann ach chuala fear coille ceist an Phrionsa agus ar seisean “Deir daoine gur chónaigh torathar sa chaisleán sin tráth dá raibh. Deir daoine eile go bhfuil sé lán de thaibhsí agus de chailleacha. Cá bhfios?”

“Ní ghéillimse do thaibhsí ná do chailleacha,” arsa an Prionsa agus é ag gáire. “Cuimhnigh, a dhuine,” ar seisean, “caithfidh go bhfuil scéalta eile á n-insint faoin áit seo.”

Ní dúirt an fear coille faic go ceann tamaill. “Fadó, fadó, agus is fadó a bhí,” arsa seisean go mall, “d’inis m’athair scéal aduain dom faoi

Bhanphrionsa spéiriúil sciamhach a fágadh laistigh den gcaisleán agus í ina tromshuan. Dúirt sé go raibh sí faoi gheasa éigin.”

Rinne an Prionsa gáire arís. “Is fearr é seo ná seilg ar bith,” ar seisean go lúcháireach.

“Banríon spéiriúil sciamhach, a deir tú? Táim chun an mothar seo a ghearradh agus an scéal a fhiosrú mé féin.”

Leis sin, tharraing an Prionsa amach a chlaíomh agus d’ardaigh sé san aer é agus é ar tí conair a dhéanamh trí na sceacha. Go tobann, scar na sceacha ó chéile agus bhí cosán lúbach os a chomhair amach.

Bhí ionadh ar an bPrionsa ach lean sé an cosán, gan scáth gan eagla, nó gur bhain sé an caisleán amach. Chuir a bhfaca an Prionsa a sheacht sá iontais air. Bhí idir chait is ghadhair ina gcodladh go sámh ar fud chlós an chaisleáin. N’fheadair sé ar ina dhúiseacht nó ag brionglóideach a bhí sé, go háirithe nuair a chonaic sé na heachaithe ina seasamh in aice na gcapall agus a lámha in airde san aer acu agus a súile dúnta, gan gíog na míog astu. Bhí tost aduain le brath sa chlós agus ar fud an chaisleáin. Thosaigh doras mór tosaigh an chaisleáin ag díoscán agus an Prionsa a shá isteach roimhe.

Ba é an scéal céanna é gach aon áit a ndeachaigh sé ar fud an chaisleáin istigh. “Tá fírinne éigin sna scéalta sin,” ar seisean leis féin. “Tá an caisleán seo faoi gheasa éigin, ach cá bhfuil an Banphrionsa spéiriúil seo?”

Ansin, ar a shiúl isteach sa seomra deiridh dó, chonaic sé ina luí ar leaba óir agus airgid í agus baineadh an Prionsa ó bhonn. Ba í an bhruinneall ba spéiriúla agus ba sciamhaí í dá bhfaca sé nó dá shamhlaigh sé riamh.

Théaltaigh sé anonn chuig an leaba agus bhain sé póg d’aghaidh mhílítheach na spéirbhruinnille. Ní túisce a theagmhaigh a beola le grua an chailín nó gur lig sí osna mhór aisti. Ansin, d’oscail sí a súile agus shuigh sí aniar sa leaba.

“Tháinig tú chugam i ndeireadh thiar thall,” ar sise go séimh agus a dhá láimh á síneadh amach aici. “Táim céad bliain ag feitheamh ort.”

Agus í ag labhairt léi, dhúisigh a raibh sa chaisleán freisin. Lean an cócaire air ag blaiseadh an anraith – a bhí sách fuar – agus chuir na cailíní aimsire na snáitheanna isteach i gcró na snáthaidí agus rith na maoir agus na pórtaeirí anonn is anall. Bhí gadhair ag amhastrach agus cait ag sceamhaíl agus grúmaeirí ag tindeáil ar na capaill sa chlós lasmuigh.

Leis sin, shiúil bean chuideachta isteach sa seomra ina raibh an Banphrionsa agus d’fhiafraigh sí di ar mian léi go ndéanfaí a gruaig a chíoradh mar ba ghnách agus rinne an Banphrionsa miongháire agus sméid sí a ceann amhail is nach raibh codladh ar bith déanta aici.

Faoi dheireadh an lae sin d’fhoilsigh an Prionsa a ghrá don mBanphrionsa agus pósadh an mhaidin dár gcionn iad i séipéal an chaisleáin. Bhí cuma aoibhinn, álainn, spéiriúil ar an mBanphrionsa in ainneoin go raibh a gúna pósta breis is céad bliain d’aois! Chaith an lánúin seachtain aoibhinn le chéile sa chaisleán agus ansin dúirt an Prionsa leis an mBanphrionsa go gcaithfeadh sé filleadh ar a bhaile féin.

“Níl cead agat teacht liom, faraor,” ar seisean, “óir is aisteach agus is éadmhar an duine í mo mháthair agus ní bheadh aon fháilte aici romhat. B’fhearr go mór is go fada go bhfanfá anseo sa chaisleán seo go dtí go mbeidh deis agam an scéal a chur ina cheart.”

Thoiligh an Banphrionsa leis an méid sin ach ar gheall an Prionsa go dtiocfadh sé ar cuairt chuici gach aon lá.

Ach ar fhill an Prionsa abhaile, d’fhéach an mháthair go feargach air le teann fiosrachta. Bhí eagla air a rún a scaoileadh léi ar eagla go ndéanfadh sí dochar dá bhean chéile álainn.

B’amhlaidh a bhí ar feadh dhá bhliain. Théadh an Prionsa chun an chaisleáin gach aon lá agus ba dhoimhne agus ba dhaingne a bhí an grá eatarthu lá i ndiaidh lae. Bhí beirt leanaí orthu, cailín darbh ainm Caoinfhlaith agus buachaill darbh ainm Fionnlaoch.

Nuair a bhí na leanaí um thrí nó ceithre bliana d’aois, fuair athair an Phrionsa bás agus rinneadh Rí den bPrionsa. Thapaigh sé an deis sin chun a chlann rúnda a thabhairt abhaile leis chun a pháláis féin.

Ón uair a leag an Bhanríon óg spéiriúil a cos thar thairseach an pháláis, ghlac Máthair an Rí fuath agus gráin di. Go deimhin, bhí an oiread sin nimhe ina croí gur iompaigh sí ina torathar, a raibh cumhachtaí diamhra mailíseacha aici.

An lá áirithe seo, bhí ar an Rí a chlann a fhágáil toisc go raibh cogadh ar siúl agus gur iarr na saighdiúirí air a bheith ar thús na cadhnaíochta cogaidh. “Fágaim mo bhean chéile dhil agus mo bheirt leanaí ionúine faoi do chúram,” ar seisean lena mháthair, gan fios dá laghad aige go raibh nimh ina croí aici dóibh. “Tabhair aire mhaith dóibh óir tá dhá chroí agam dóibh.”

A thúisce a d’imigh an Rí chuir an tSean-Bhanríon dhúchroíoch fios ar a hiníon chéile agus ar an mbeirt leanaí.

“Caithfimid na seachtainí seo romhainn amach i mo theachsa faoin tuath,” ar sise. “Beimid breá sábháilte ansin.”

Ní túisce a bhí siad socraithe i dteach iarghúlta san fhoraois ná gur chuir Máthair an Rí fios ar dhuine dá searbhóntaí. “Ba mhian liom Caoinfhlaith bheag a ithe do mo shuipéar anocht,” ar sise leis an sealgaire.

Baineadh siar as an sealgaire agus d’fhéach sé ar Mháthair an Rí agus sceoin ina chroí. Chonaic sé den gcéad uair riamh a bhuíocht agus a fhaide a bhí a cuid fiacla agus gur mhó gur chosúil le tarathar ná le duine daonna í.

“Ní fhéadfainn a leithéid de ghníomh fealltach a dhéanamh,” arsa seisean nuair a tháinig an chaint chuige. Ach chuir Máthair an Rí isteach air.

“Do bheatha féin nó beatha an linbh,” ar sise go bagrach agus theith sé amach as an seomra.

Nuair a fhill an fear bocht ar a theachín ag bun an gairdín, labhair sé lena bhean chéile. “Tá an-chion agam don leanbhín sin,” arsa seisean lena bhean. “Ó tháinig sí chun an tí seo cúpla lá ó shin chuaigh sí i gcion go mór orm.”

“Más mar sin atá,” arsa an bhean mhórchroíoch, “caithfimid teacht ar bhealach chun í a thabhairt slán.”

I ndeireadh na dála, chuimhnigh an sealgaire ar sheift. Mharaigh sé uan óg agus thug sé dá bhean chéile é. Chócaráil an bhean é agus rinne sí anlann blasta lán de spíosraí, a dhoirt sí anuas ar an bhfeoil.

“Tabhair é sin chuig an máistreás,” arsa sise lena fear céile. “Sula ndéanfaidh tú an méid sin, tabhair an leanbh anseo agus cuirfidh me i bhfolach sa teachín seo í.”

D’alp Máthair an Rí an mhias feola sin siar dá suipéar an tráthnóna sin agus bhí súil ag an sealgaire go raibh deireadh leis mar scéal. An mhaidin dár gcionn, áfach, chuir Máthair an Rí fios air athuair.

“Ba mhian liom Fionnlaoch a ithe do mo shuipéar anocht,” ar sise leis an sealgaire agus cuma an tarathair uirthi ní ba mhó na riamh.

“Caithfimid an dallamullóg a chur uirthi arís anocht,” arsa bean chéile an tsealgaire leis ar a fhilleadh abhaile dó. “Tabhair an buachaill i leith anseo chugam agus cuirfidh mé i bhfolach é.”

Mharaigh an sealgaire meannán gabhair agus chócaráil an bhean chéile san oigheann é nó go raibh an fheoil breá bog. Cuireadh an dallamullóg ar Mháthair an Rí agus mhaígh sí gur bhain sí an-taitneamh go deo as an suipéar. Dá olcas an méid sin, ba sheacht measa an méid a bhí fós le titim amach. Anois go raibh leanaí na Banríona scriosta aici, dar léi, bheartaigh Máthair an Rí ar dheireadh a chur leis an mBanríon féin, an bhean a raibh a mhac dúnta i ngrá léi.

“Ba mhian liom an Bhanríon a ithe do mo shuipéar anocht,” ar sise leis an sealgaire agus é os a comhair arís eile. “Ach a ndéanfaidh mé é sin, beidh suaimhneas agam i ndeireadh thiar thall.”

Bhí a fhios ag an sealgaire go mbeadh sé an-deacair air an dallamullóg a chur ar Mháthair an Rí an uair seo de bhrí go raibh an Bhanríon breis is céad bliain d’aois, in ainneoin go raibh sí an-sciamhach.

“Beidh an mháistreás ag súil le feoil righin a bheith ar a pláta anocht aici,” ar seisean lena bhean chéile agus iad ag cur is ag cúiteamh faoin scéal an tráthnóna sin.

“Níl aon dul go bhféadfaimis an dallamullóg céanna a chur uirthi trí bhabhta as a chéile. Níl aon rogha agam an babhta seo ach an méid a d’ordaigh sí a dhéanamh. Mo bheatha féin nó beatha na Banríona atá ann.” Leis sin, rug sé ar scian fhada ghéar agus d’imigh sé de ruathar ón teachín.

Nuair a bhain sé an teach eile amach bhí an Bhanríon roimhe ina suí ar leac na fuinneoige. Bhí sí ag gol go faíoch toisc gur mheas sí go raibh a beirt leanaí imithe go deo uaithi.

“Tá a fhios agam a bhfuil le déanamh anois agat,” arsa sise go séimh. “Maraigh anois mé. Fáiltím roimh an mbás óir tá mo bheirt leanaí marbh agus ní fiú faic mo shaol dá n-éagmais.” Thit sí ar a glúine ansin agus bhain sí a seál dá muineál seang álainn.

Bhain brón agus méala na Banríona siar as an sealgaire bocht agus thosaigh sé ag gol. “Ná bí ag gol, a Shoilse,” ar seisean, “Tá do l eanaí slán sábháilte. Tá siad curtha i bhfolach agam i mo theachín. Téanam ort agus cuimhneoidh mé ar sheift éigin chun an ceann is fearr a fháil ar an máistreás mhailíseach sin.”

Ach ar chuala an Bhanríon an dea-scéala, léim sí ar a cosa agus lean sí an sealgaire go fonnmhar chun a theachín, áit a bhfaca sí a beirt leanaí arís. Chuaigh an sealgaire isteach san fhoraois agus mharaigh sé oisín agus rinne a bhean chéile é a róstadh chomh maith sin go raibh cuid den bhfeoil righin agus cuid di bog.

Cuireadh an dallamullóg ar Mháthair an Rí arís eile agus nuair a bhí an suipéar ite aici chuir sí fios ar an sealgaire agus threáslaigh sí an dea-obair a rinne sé leis. “Ach a bhfillfidh mo mhac-sa ón gcogaíocht,” ar sise, “déarfaidh tú leis gur thug madraí allta fogha faoin mBanríon agus faoi na leanaí agus iad ag siúl san fhoraois agus gur alpadh, idir chraiceann, feoil agus chnámha, iad.”

Cá bhfios cén toradh a bheadh ar an scéal ach go raibh an torathar de bhean ag siúl sa ghairdín in aice le teachín an tsealgaire, lá. Go tobann chuala sí gáire linbh agus bhí a fhios aici láithreach bonn gurbh í Caoinfhlaith a bhí ann agus thuig sí ansin gur cuireadh an dallamullóg uirthi.

Thosaigh sí ag crith ó bhonn go baithis leis an racht feirge a tháinig uirthi agus dheargaigh a haghaidh ó smigín go clár éadain. D’ordaigh sí go dtabharfaí an chlann faoina bráid. Ansin, d’ordaigh sí go ndéanfaí umar mór a thochailt sa talamh agus go líonfaí le gach saghas ainmhí allta agus nathrach nimhe é. “Feicfidh mé bhur ndeireadh anois le mo dhá shúil féin,” ar sise de scread.

Ní túisce na focail sin ráite aici nó gur tháinig an Rí féin isteach sa ghairdín. Bhí an bua aige sna cogaí agus d’fhill sé abhaile ar luas lasrach chuig a bhean chéile agus a leanaí. Ní fhéadfadh a Mháthair a holcas agus a cealgaireacht a cheilt air a thuilleadh óir chonaic sé lena dhá shúil féin an mianach a bhí inti i ndáiríre. Cad a rinne sí ar a fheiceáil di ach scread a ligean aisti agus léim a chaitheamh isteach san umar, mar ar ith na haimhithe allta agus nathracha nimhe láitheach í.

Mar sin, sa deireadh thiar thall bhí críoch shona shásta le scéal na Spéirbhruinnille a cuireadh faoi gheasa an tromshuain. Thug an Rí ar ais chun a pháláis í agus gheall sé agus mhóidigh sé di nach bhfágfadh sé go deo arís í, agus go bhfios dúinn, chomhlíon sé an gheallúint sin.