An Prionsa agus Iníon an Rí (Leagan Simplí)

Sionainn Ní Ghréacháin a rinne an athinsint

Pictiúirí (c) Intercontinental Book Productions 1976

Fadó, fadó, bhí Prionsa bocht ann.

Pól ab ainm dó.

Bhí fonn air pósadh.

“Tá iníon an Rí go hálainn. Is í an cailín is áille sa bhaile í,” arsa Pól.

“Ba mhaith liom féirín a thabhairt di.”

Bhí sé an-bhocht ach bhí smaoineamh aige.

“Tá rós amháin ag fás sa ghairdín. Tabharfaidh mé sin di,” arsa Pól.

Ansin, bhí smaoineamh eile aige.

“Tá éan sa ghairdín. Tá ceol álainn aige. Tabharfaidh mé sin di freisin.”

Chuir Pól an rós i mbosca amháin.

Chuir sé an t-éan i mbosca eile.

Ansin, chuaigh sé chuig an gcaisleán.

Ava ab ainm d’iníon an Rí.

Banphrionsa a bhí inti.

Bhí sí an-sásta féirín a fháil.

D’oscail an sí an chéad bhosca.

“Tá súil agam gur madra é,” arsa Ava.

Ní madra a bhí ann ach rós.

Bhí cailíní óga ag obair sa chaisleán.

D’fhéach siad ar an rós álainn.

“An rós ceart é?” arsa Ava.

“Is ea,” arsa na cailíní óga.

“Níl an rós seo uaim,” arsa Ava.

“Ní bheidh sé i gcónaí go hálainn.”

D’oscail sí an dara bosca.

“Tá súil agam gur cat é,” arsa Ava.

Ní cat a bhí ann ach éan.

D’fhéach na cailíní óga ar an éan álainn.

D’éist siad lena cheol.

“An éan ceart é?” arsa Ava.

“Is ea,” arsa na cailíní óga.

“Níl an t-éan seo uaim,” arsa Ava.

“Beidh sé i gcónaí ag ceol.”

Bhí brón ar an Rí.

“Níl m’iníon sásta le haon rud. Tá sí millte,” a dúirt sé.

“Níl na féiríní seo uaim,” arsa Ava.

“Ní phósfaidh mé an Prionsa.”

Chuaigh an t-éan ar ais chuig an bPrionsa.

“Níl an Banphrionsa sásta,” a dúirt sé leis.

Bhí brón ar Phól.

Ansin, bhí smaoineamh aige.

“Ligfidh mé orm gur feirmeoir mé. Ansin, rachaidh mé chuig an gcaisleán.”

Chuaigh sé ar ais chuig an gcaisleán.

Cheap an garda gur fheirmeoir é.

“Tá feirmeoir uainn anseo,” arsa an garda.

“Déanfaidh mise an obair sin,” arsa Pól.

Bhí an obair sa chaisleán an-chrua.

San oíche, chodail Pól sa teach feirme.

Lá amháin, rinne sé ceol.

Rinne sé é le pota agus le cloigíní.

Chuala Ava an ceol álainn.

“Ba mhaith liom an pota sin. Ba mhaith liom na cloigíní sin. Ba mhaith liom an ceol sin,” arsa Ava.

Bhí smaoineamh ag Ava.

D’aimsigh sí cailín óg a bhí ag obair.

“Ba mhaith liom an pota sin. Ba mhaith liom na cloigíní sin,” arsa Ava leis an gcailín.

“Cé mhéad airgid ba mhaith leis orthu?”  

Tháinig an cailín óg ar ais.

Ní raibh an pota ná na cloigíní aici.

“Cad a dúirt an feirmeoir?” arsa Ava.

“Ní bheidh tú sásta,” arsa an cailín óg.

“Ba mhaith leis deich bpóg uait.”

Smaoinigh Ava ar feadh nóiméid.

“Déanfaidh mé é,” a dúirt sí.

“Tabharfaidh mé deich bpóg dó.”

Chuaigh Ava anonn chuig an bhfeirmeoir.

Chuaigh na cailíní óga anonn chuige freisin.

Sheas na cailíní óga timpeall ar an mbeirt.

Rinne siad ciorcal timpeall orthu.

Ansin, thug Ava deich bpóg dó.

Lá eile, casadh an feirmeoir ar Ava arís.

Rinne sé ceol álainn arís.

Chuir an ceol álainn Ava ag rince.

Bhí smaoineamh aici.

D’aimsigh sí cailín óg a bhí ag obair.

“Ba mhaith liom an ceol seo,” arsa Ava leis an gcailín.

“Cé mhéad airgid ba mhaith leis orthu?”

Tháinig an cailín óg ar ais.

Ní raibh an ceol aici.

“Cad a dúirt an feirmeoir?” arsa Ava.

“Ní bheidh tú sásta,” arsa an cailín óg.

“Ba mhaith leis céad póg uait.”

Smaoinigh Ava ar feadh nóiméid.

“Ní dhéanfaidh mé sin,” a dúirt sí.

“Ní thabharfaidh mé céad póg dó.”

Ansin, thosaigh an ceol arís.

D’éist Ava leis an gceol álainn.

Thosaigh na cailíní óga ag rince.

Smaoinigh Ava arís.

“Ceart go leor,” a dúirt sí. “Tabharfaidh mé céad póg dó.”

Chuaigh Ava anonn chuig an bhfeirmeoir.

Chuaigh na cailíní óga anonn chuige freisin.

Sheas na cailíní óga timpeall ar an mbeirt.

Rinne siad ciorcal timpeall orthu.

Ag an am céanna, bhí an Rí sa chaisleán.

D’fhéach an sé amach an fhuinneog.

Chonaic sé na cailíní óga.

“Cén fáth a bhfuil siad i gciorcal?” arsa an Rí.

Chuaigh an Rí anonn chuig na cailíní óga.

Ansin, chonaic sé a iníon féin.

Bhí Ava agus an feirmeoir ag pógadh.

Ní raibh an Rí sásta.

Bhí an-fhearg air.

“Bailígí libh,” arsa an Rí leis na cailíní óga.

“Bailigh leat,” arsa an Rí leis an bhfeirmeoir.

“Agus bailigh leatsa freisin,” arsa an Rí le hAva.

“Níl cead agat fanacht sa chaisleán seo. Is Banphrionsa thú. Ach ní Banphrionsa ceart thú.”

D’fhág an feirmeoir an caisleán.

D’fhág Ava an caisleán freisin.

Ní raibh an feirmeoir sásta.

“Chaill mé mo phost,” a dúirt sé.

Ní raibh Ava sásta ach oiread.

“Níl aon chiall agam,” a dúirt sí.

“Thug Prionsa féiríní dom ach ní raibh mé sásta leo.”

Chuala an feirmeoir é seo.

Rith sé ar ais chuig an teach feirme.

Nigh sé a aghaidh.

Chuir sé éadaí deasa air.

Ansin, d’fhill sé ar Ava.

Chonaic Ava an fear breá ard seo.

Bhí sí sásta arís.

“Tá cuma Prionsa ort,” a dúirt sí leis an bhfear.

“Tá súil agam go bpósfaidh tú mé.”

“Ní phósfaidh. Ní phósfaidh in aon chor,” arsa Pól.

“Is Prionsa mé. Is mise a thug na féiríní duit. Ní raibh tú sásta leo. Is Banphrionsa millte thú.”

D’imigh Pól abhaile.

Tar éis tamaill, phós sé Banphrionsa eile.

Banphrionsa álainn a bhí inti.

Bhí sí i bhfad ní ba dheise ná Ava.

Bhí saol sona sásta acu lena chéile.