An Prionsa agus Iníon an Impire

Leagan Gaeilge le Séamus Ó Coileáin

Fadó, fadó agus is fadó a bhí, bhí Prionsa ann agus bhí ríocht an-bheag aige. B’ionann sin agus a rá gur Phrionsa an-bhocht a bhí ann. Tar éis tamaillín bheartaigh sé gur mhaith leis pósadh, agus ó tharla gur fear breá dathúil a bhí ann bhí raidhse banphrionsaí ann ar mhaith leo a bheith mar bhean chéile aige. Ní raibh aon duine acu chomh sciamhach, spéiriúil le hiníon aonair an Impire, áfach.

Faraor, bhí an Prionsa chomh bocht sin nach raibh ar a acmhainn aige féiríní costasacha mórluacha a sheoladh chuig pálás an Impire. Ach, arsa seisean leis féin, ‘seolfaidh mé chuici an dá rud is luachmhaire liom féin ar thalamh an domhain mhóir, is iad sin an rósóg aoibhinn atá agam sa ghairdín agus chéirseach cheolmhar.’

Ní bhíodh an rósóg faoi bháth ach uair amháin gach cúig bliana agus duine ar bith a bhaineadh boladh den aon rós amháin a thagadh uirthi, bhíodh áthas air. Chanadh an chéirseach an ceol ba bhinne dá chuala éinne riamh agus duine ar bith a chloiseadh ag ceol é ba dhóigh leis go raibh sé ar neamh.

Ní raibh aon amhras ar an bPrionsa ach go gcuirfeadh iníon an Impire na múrtha fáilte roimh an dá fhéirín sin, agus leis sin chuir sé isteach i mboscaí airgid iad agus sheol sé chuig an mBanphrionsa iad.

Nuair a bhain na féiríní caisleán an Impire amach bhí sé féin ann rompu agus thug sé isteach chuig an halla marmair iad, mar a raibh an Banphrionsa ag imirt chártaí lena cailíní cuideachta. A thúisce a chonaic sí na boscaí, bhuail sí a dhá bos le chéile.

‘Tá súil agam go bhfuil piscín beag bán i mbosca amháin díobh,’ ar sise agus í ar bís, ‘agus go bhfuil coileáinín fadchluasach sa gceann eile.’

Ach, mo léan géar, nuair a osclaíodh an chéad bhosca airgid díobh, ní raibh ann ach rósóg agus aon rós amháin uirthi.

Mheas mná uile na cúirte gur rós álainn a bhí ann agus go raibh boladh cumhra milis uaidh. Ach ba ar éigean a d’fhéachfadh an Banphrionsa air. ‘An rós ceart é?’ ar sise.

‘Is ea go deimhin,’ arsa duine de na cailíní cuideachta. ‘Is é an rós is áille é dá bhfaca mé riamh.’

‘Bain as mo radharc é lomláithreach,’ arsa an Banphrionsa de scread agus á dhá cois á satailt ar an urlár aici faoina slipéirí gréasacha. ‘Tá an ghráin agam ar bhláthanna cearta; titeann na peitil díobh agus lobhann siad. Is suarach liom mar bhronntanas é.’

D’fhéach an tImpire anonn go brónach ar a iníon. ‘Nach í atá millte!’ ar seisean leis féin. ‘Rud ar bith a bhí uaithi i rith a saoil, tugadh di go saoráideach é agus níl meas madra aici ar rud ar bith sa tsaol anois.’ Ansin, d’oscail sé an dara bosca díobh.

Ní túisce an claibín bainte den mbosca nó gur thosaigh an chéirseach ag ceol go binn agus an tImpire ag leagan an chaighin airgid ar an mbord.

‘Nach aoibhinn é. Nach draíochtach an ceol atá aige!’ arsa mná na cúirte agus iad faoi dhraíocht aige.

Ach ba é a dúirt an Banphrionsa millte, ‘An éan meicniúil í – ceann is féidir liom a thochrais nuair is mian liom?’

‘Ní hea ná é, éan ceart atá ann,’ arsa an cailín cuideachta ab óige a bhí i láthair. ‘Agus sin é an rud is iontaí ar fad faoi. Cé a bheadh ag iarraidh bréagán de chéirseach a bheith aige seachas céirseach cheart, go háirithe nuair atá ceol aoibhinn álainn aige mar atá ag an gceann seo?’

‘Mise,’ arsa an Banphrionsa de liú agus a cosa á satailt ar an urlár aici athuair. ‘Ní theastaíonn sé uaim agus ní ghlacfaidh mé leis.’ Agus leis sin, rug sí ar an gcaighean airgid agus rith sí anonn chuig an bhfuinneog.

‘An dtabharfá domsa é, le do thoil?’ arsa an cailín ab óige de na cailíní cuideachta agus an duine ba cheanndána díobh, leis. Ach ní dhearna an Banphrionsa ach doras an chaighin a oscailt agus an t-éan a chaitheamh in airde san aer. ‘Ar ais leat chuig do mháistir,’ arsa sise leis, agus é ag eitilt uaithi. ‘Abair leis má tá sé de dhánaíocht ann teacht chuig pálás m’athar nach mbuailfidh mé leis ar ór ná ar airgead.’

Níorbh fhada gur chuala an Prionsa trácht ar an gcaoi ar chaith an Banphrionsa leis na féiríní a sheol sé chuici. ‘Mura mbuailfidh an Banphrionsa liom mar atáim,’ ar seisean, ‘rachaidh mé chuici agus mé gléasta mar fheighlí muc.’

Leis sin, chuimil an Prionsa smúit agus deannach dá éadan agus ghléas sé é héin in éadaí smolchaite agus tharraing sé cáibín anuas ar a chlár éadain. As go brách leis ansin chuig pálás an Impire. ‘Nach tráthúil a casadh an treo seo thú, óir tá feighlí muc de dhíth orainn,’ arsa maor an pháláis nuair a labhair an Prionsa leis i ngairdín an Impire. ‘Tá an post agat más áil leat é.’

‘Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall,’ arsa an feighlí bréagach muc.

Leis sin, fostaíodh an Prionsa chun aire a thabhairt do mhuclach an Impire. Tugadh cead dó codladh a dhéanamh i seanbhothán suarach agus bhí sé i bhfeighil céad muc. Obair chrua shalach ba ea í ach thug an feighlí nua muc faoi le díograis agus le fonn agus nuair a bhíodh am le caitheamh aige mar ba mhian leis héin, shuíodh sé lasmuigh den seanbhothán agus é ag déanamh pota beag agus cloigíní beaga timpeall ar a imeall. Nuair a bhí an pota déanta aige, rinne sé tine bheag, agus leag sé an pota anuas uirthi.

Líon sé an pota le huisce ansin. Ní túisce an t-uisce ar fiuchadh nó gur thosaigh na cloigíní ag clingireacht go binn agus seanphort á sheinm acu.

An lá áirithe seo, bhí an Banphrionsa ag spaisteoireacht faoin aer lena baicle cailíní cuideachta nuair a chuala sí ceann de na poirt ab ansa léi á cheol chomh binn sin gur chuir sí duine de na cailíní cuideachta anonn chuig an bhfeighlí muc féachaint an dtabharfadh sé an pota di.

‘Fiafraigh de cé mhéad atá sé a lorg ar an bpota,’ arsa an Banphrionsa. ‘Abair leis gurb áil leis an mBanphrionsa a bheith aici.’

Níorbh fhada gur fhill an cailín cuideachta, agus ar sise, ‘Is ar éigean ba mhian liom a ndúirt sé a insint duit; an dailtín mí-náireach!’ agus na deora ina súile. ‘Dúirt sé nach ndíolfaidh sé an pota ar ór ná ar airgead ach go dtabharfaidh sé duit é ach deich bpóg a fháil uait.’

Bhí an oiread sin iontais ar an mBanríon go ndearna sí dearmad fearg a léiriú, mar a dhéanfadh bean uasal cheart ina leithéid de chúinsí.

‘Mucadaíl chainte í sin ó fheighlí muc!’ ar sise i ndeireadh thiar thall. ‘Níor chóir do Bhanphrionsa cuimhneamh ar a leithéid de rud a dhéanamh. . .’ ar sise nó gur chuir clingireacht cheolmhar an phota dá teoir í.

‘Ach, bhuel, is dócha go dtabharfaidh mé na deich bpóg dó más é sin an t-aon bhealach atá agam chun an pota a fháil dom féin.’ Leis sin, chuaigh an Banphrionsa uaibhreach anonn chuig an bhfeighlí muc agus sheas na cailíní cuideachta go léir timpeall ar an mbeirt ar eagla go bhfeicfeadh éinne a bheadh ag dul thar bráid iníon an Impire ag tabhairt póg d’fheighlí muc.

Seachtain dar gcionn, casadh an Banphrionsa ar an bhfeighlí muc arís. Rinne sé gliográn a sheinnfeadh gach válsa agus pólca agus port meidhreach a bhféadfaí cuimhneamh orthu ach a ndéanfaí a chroitheadh. Agus é ag siúl leis chroitheadh sé an gliográn agus chuir an ceol a rinne sé mná na cúirte, agus an Banphrionsa ina measc, ag rince agus ag luascadh.

‘Faighim an gliográn sin,’ arsa an Banphrionsa léi féin agus a cosa beaga ag preabadh ar an talamh fúithi. ‘Déanfaidh sé ceol agus siamsaíocht dom um thráthnóna agus is fearr go mór is go fada é ná na boiscíní ceoil atá agam sa mbaile.’

‘An bhfiafróidh mé de cé mhéad atá sé a lorg air?’ arsa an cailín cuideachta ab óige léi de chogar.

‘Fiafraigh, go deimhin,’ arsa an Banphrionsa.

Níorbh fhada gur fhill an cailín cuideachta ab óige ar an mBanphrionsa agus a grua dearg agus a loinnir ina súile. ‘Is deacair liom a ndúirt sé a chur in iúl duit,’ ar sise. ‘Is mór an náire é! Deir sé go gcaithfidh tú céad póg a thabhairt dó más áil leat an gliográn a bheith agat.’

‘Ní dhéanfaidh ná é!’ arsa an Banphrionsa. Tá an braobaire imithe thar fóir an uair seo.’ Ach fad a bhí sí ag caint chroith an feighlí muc an gliográn agus thosaigh na cailíní cuideachta go léir ag pocléimneach agus an pramsáil leis an gceol. ‘Mar sin féin, is iontach go deo an gliográn é,’ arsa an Banphrionsa. ‘Ceart go leor, íocfaidh mé é. Ach ní mór daoibh uile seasamh i mo thimpeall agus bhur ngúnaí a tharraint amach ar eagla go bhfeicfeadh éinne a bheadh ag dul thar bráid iníon an Impire ag tabhairt póg d’fheighlí muc a hathar.’

Leis sin, chuaigh an Banphrionsa anonn chuig an bhfeighlí muc agus chruinnigh mná uile na cúirte ina dtimpeall agus tarraing siad amach a ngúnaí.

Idir an dá linn, agus an Banphrionsa ag pógadh an fheighlí muc, ar Phrionsa a bhí ann i ndáiríre, sheas a hathair amach ar bhalcóin an chaisleáin. Chuimil sé a dhá shúil agus chuir sé air a spéaclaí. ‘Cad atá ar bun ag na cailíní cuideachta sin?’ ar seisean leis héin. ‘Cé na cleasanna atá ar bun anois acu?’

Sháigh sé a dhá chois isteach ina shlipéirí agus síos leis go beo trí chlós na cúirte. Bhí an oiread sin deifir á dhéanamh aige go raibh saothar air, ach ba bheag torainn a rinne sé sna slipéirí boga a bhí air agus bhí na cailíní cuideachta ró-ghafa agus iad ag comhaireamh na bpóg agus dá bhrí sin níor airigh siad ag teacht é.

Sheas an tImpire ar a bharraicíní agus chuir a bhfaca sé an oiread sin goimhe air gur bhain sé ceann dá shlipéirí de agus gur thosaigh sé ag bualadh na gcailíní cuideachta ar a gceann.

‘Bailígí libh,’ ar sisean de bhéic agus fearg an domhain air. ‘Bailígí libh!’

Thuig an tImpire ansin a raibh air a dhéanamh ionas go dtuigfeadh an iníon an tuaiplis a rinne sí. ‘Cuirim cosc ort filleadh ar an bpálás,’ ar seisean leis an mBanphrionsa, ‘ní hin an t-iompar a bhíonn faoi bhanphrionsaí!’

Cuireadh an ruaig ar an bhfeighlí muc, leis, ní nach ionadh. Ní túisce lasmuigh de gheataí an pháláis é nó gur thosaigh sé ag tabhairt íde béil don Bhanphrionsa tollmhórach agus dúirt sé léi gur mar gheall uirthi-se a briseadh as a phost é. Leis sin, chrom an Banphrionsa ar an olagón.

‘Nach mise an óinseach,’ ar sise de phusaireacht. ‘Bhí deis agam Prionsa dathúil a phósadh ach ní bhuailfinn leis toisc gur sheol sé féiríní gan dealramh chugam.’

D’fhág an feighlí muc ina suí faoi chrann í agus í ag gol go faíoch sa bháisteach. D’fhill sé ar an seanbhothán chomh tapaidh agus arbh fhéidir leis agus nigh sé an smúit agus an deannach dá éadan agus chaith sé na héadaí sraoilleacha de. Ansin, chuir sé culaith aoibhinn de veilbhit mhín air agus bhí cuma Prionsa ceart air, cé nach raibh aige ach ríocht an-bheag, agus d’fhill sé ar an mBanphrionsa a bhí ag caoineadh uisce a cinn.

A thúisce a chonaic sí fear breá ard dathúil ag déanamh uirthi, thriomaigh sí na deora agus tháinig aoibh ar a beola. ‘Níl a fhios agam cé thú héin,’ ar sise leis, ‘ach tá cuma Prionsa ort agus tá súil agam go dtabharfaidh tú chuig do phálás mé.’

‘Ní dhéanfaidh mé é dá fhaid a mhairfeas mé,’ arsa an Prionsa. ‘Ní raibh aon ghlacadh agat leis an féiríní a chuir mé chugat. Ní raibh meas madra agat ar an rós ná ar an gcéirseach. Mar sin féin, bhí tú breá toilteanach feighlí muc a phógadh ach a dtabharfadh sé pota le cloigíní agus gliográn duit. Mise, faoi bhréagriocht, a bhí san fheighlí muc sin agus tá a fhios agam anois go tusa an Banphrionsa is millte agus is féinchúisí a chuir cos i mbróg riamh.’

Leis sin, d’fhill an Prionsa ar a ríocht bheag héin agus, le himeacht aimsire, phós sé Banphrionsa a bhí gach pioc chomh sciamhach le hiníon an Impire ach raibh aon mhór-is-fiú ag baint léi.