An Mhaighdean Mhara Bheag

Leagan Gaeilge le Ann Fleming

Fadó, fadó, bhí maighdean mhara bheag ghleoite ann. Ba é Rí na Mara a hathair. Mhair sise in éineacht leis agus lena cúigear deirfiúracha in áit iontach sa duibheagán.

Bhí iníonacha uile Rí na Mara fíorálainn, ach ba í an iníon ab óige, an mhaighdean mhara bheag an iníon ab áille ar fad. Bhí a craiceann chomh mín le peitil róis agus a súile ar dhath an ghormáin.

Bhí an mhaighdean mhara bheag ní ba chiúine ná a deirfiúracha. Chaitheadh sí an lá ar fad ag súgradh le héisc, éisc a raibh a ngainní ar dhath an óir agus an airgid, éisc a bhíodh ag snámh isteach is amach tríd an gcaisleán ó mhaidin go hoíche. Murab ionann is a deirfiúracha, ní bhaineadh sí aon sásamh as cuairteanna a thabhairt ar longbháití, agus ghoill sé go mór uirthi aon uair a théadh long bhriste go tóin poill. Aon uair a tharlaíodh sé seo théadh sí go dtí na gairdíní áille a bhí thart timpeall chaisleán a hathar agus d’fhanadh sí ann ar feadh tamaill. Ba ann i measc na mbláthanna dearga agus dubhghorma agus i measc na dtorthaí órga a bhíodh taibhreamh na súl oscailte ar bun aici faoin lá a mbeadh sí cúig bliana déag d’aois.

Bhí cúis mhaith aici le bheith ag tnúth chomh mór sin leis, mar bhí a fhios aici go dtabharfaí cead di dul pé áit ba mhian léi ar shroicheadh aois a cúig déag di. Bheadh cead aici éirí go barr uisce dá mba mhian léi, agus suí ar na carraigeacha nó a bheith ag snámh cóngarach don talamh tirim mar a mbíodh cónaí ar neacha daonna. Uair amháin, fuair an mhaighdean mhara bheag dealbh ó shoitheach a chuaigh go tóinn poill, dealbh de bhuachaill a raibh aghaidh álainn chneasta air. Thug sí go cáiréiseach an dealbh sin ar ais go dtí a cúinne speisialta sa ghairdín, agus ba ghearr go raibh an dealbh sin ar an rud ab ansa lé dá raibh aici. Bhí fonn mór uirthi neacha daonna a fheiceáil di féin. Ba í an dealbh ba chúis leis sin.

Faoi dheireadh, tháinig an lá a raibh iníon Rí na Mara cúig bliana déag d’aois. Bhí go leor eolais faoi neacha daonna faighte aici óna máthair chríonna, agus faoi dheireadh bheadh cead aici iad a fheiceáil di féin.

“Ceapfaidh tú go bhfuil cuma ait orthu,” arsa a máthair chríonna léi ar a breithlá, agus iad ina suí le chéile. “Tá eireabaill ghalánta éisc orainne. Tá dhá thaca coirp fúthusan a dtugtar cosa orthu.”

“Mar sin, ní féidir linn a bheith díreach cosúil leo?” arsa an mhaighdean mhara bheag.

“Ní féidir,” arsa a máthair chríonna. “Nílimid ábalta deora a shileadh mar a shileann siadsan agus ní chreidimid sa bheatha shíoraí ina gcreideann siadsan. Nuair a chailltear sinn claochlaímid inár gcúr ar thonnta na farraige. Ach mairimid i bhfad níos faide ná iad – mairimid ar feadh trí chéad bliain, agus tá gach aon ní againn chun saol sona sásta a chaitheamh.”

“Is é mian mo chroí aithne a chur ar neacha daonna,” arsa an mhaighdean mhara de mhonabhar, ach lig a máthair chríonna uirthi nár chuala sí í.

“Is tusa an iníon is áille dá bhfuil ag Rí na Mara,” arsa an tseanmhaighdean mhara feasa. “Agus is tusa an mhaighdean mhara is binnghlóraí dá bhfuil ar an saol seo. Ba chóir go mbeifeá sona sásta.”

Ansin chuir a máthair chríonna bláthfhleasc de bhláthanna bána ar fholt fionn an Bhanphrionsa, bláthanna ar phéarlaí i ndáiríre iad, agus ghreamaigh sí ocht gcinn d’oisrí móra dá heireaball fada glioscarnach.

“Tá siad do mo ghortú!” arsa an mhaighdean mhara go clamhsánach.

“Is cuma faoi sin,” arsa a máthair chríonna go borb.

“Is comhartha d’aicme shóisialta iad na hoisrí. Ar do thaisteal duit, a luaithe a chífidh strainséirí na hoisrí beidh sé ríshoiléir dóibh gur iníon Rí thú.”

Nuair a bhí sí ullamh i gceart le himeacht, d’fhág an Banphrionsa slán ag a muintir agus ag a cairde. Ansin d’éirigh sí ar nós bolgán uisce tríd an bhfarraige ghorm go barr uisce. Nuair a d’ardaigh sí a ceann de dhroim uisce, chonaic sí na réaltaí geala agus dath bánchraorag na spéire. Ach bhí rud ann a bhí ní b’áille ná na réaltaí agus ní b’áille ná an spéir, bhí long ann a raibh trí chrann seoil uirthi, long a bhí ag luascadh go réidh agus í ar ancaire in aice láimhe. Ba é seo an chéad uair a chonaic sí long dá leithéid agus na mairnéalaigh a bhí i mbun a stiúrtha.

Bhí ceol ag teacht ón long, agus de réir mar a bhí an oíche ag éirí ní ba dhorcha, lasadh na mílte lóchrann, agus níorbh fhada go raibh an deic dubh le daoine dea-ghléasta. Tar éis tamaill tháinig ógfhear ar deic, é ag gáire go meidhreach agus gloine ina ghlac aige. Ó, bhí sé an-dathúil ar fad agus chuir sé an dealbh úd a bhí aice sa ghairdín sa bhaile i gcuimhne di. Tar éis tamaill, thuig an mhaighdean mhara bheag gur Phrionsa é agus gurbh é a bhreithlá a bhí ann an lá sin.

Bhí sé de mhisneach ag an maighdean mhara bheag snámh ní ba chóngaraí don long mhór, a heireaball fada ag glioscarnach go geal faoi sholas na lóchrann. Ach thum sí de gheit faoi na tonnta nuair a phléasc cith roicéad órga suas sa spéir go tobann, agus d’fhág na spréacha scáil ar an bhfarraige mar a bheadh na mílte réalta glioscarnach ann.

Nuair a bhí an chóisir thart, na soilse múchta agus síocháin agus suaimhneas le brath sa long arís, thuig an mhaighdean mhara bheag go raibh sé in am di filleadh ar phálás a hathar arís. Ach bhí leisce uirthi an long a fhágáil, agus mar sin shnámh sí timpeall agus timpeall, ag moilleadóireacht roimh imeacht di. Ansin chonaic sí scamaill dhorcha sa spéir, scamaill a bhí ina dtuar stoirme. Thosaigh an ghaoth ag séideadh go láidir agus d’éirigh an fharraige an-suaite ar fad.

Tháinig mairnéalaigh ar deic faoi dhithneas, d’ísligh siad na seolta móra agus stiúir siad an long trasna na dtonnta. Ach, faraor, i gcroílár na doininne, bhris na crainn seoil agus d’iompaigh an long mhaorga ar a taobh.

Shnámh an mhaighdean mhara bheag go himníoch i measc na mbíomaí adhmaid agus i measc na mbairillí a bhí ar snámh ar na tonnta bagarthacha. Thuig sí nach mbeadh aon neach daonna ábalta teacht slán as an bhfarraige gharbh.

Thuig sí go raibh an Prionsa i mbaol a bháite mura sábhálfadh sí é – chaithfeadh sí a chinntiú go ndéanfadh sí an beart.

Chuala an Banphrionsa screadanna léanmhara éadóchais na mairnéalach ach níor chuir sí aon nath iontu, ní raibh sise ach ag cuardach an Phrionsa agus nuair a tháinig sí air faoi dheireadh, bhí sé ar an dé deiridh cheana féin.

Choimeád sí a cheann os cionn uisce agus í á tharraingt i dtír, agus ansin le pé neart a bhí fágtha inti tharraing sí aníos ar an ngaineamh buí mín é. D’fhan sí ann ar a sáimhín só ar feadh tamaill, an fear daonna ina baclainn aici, agus í ag féachaint síos air. Ansin, shleamhnaigh sí ar ais san fharraige, mar ar chaith sí an oíche ag feitheamh agus ag faire.

Le breacadh an lae, chonaic sí an Prionsa ag dúiseacht, agus níorbh fhada gur tháinig scata cailíní óga anuas chun na trá. Nuair a chonaic siad an Prionsa, rith cailín amháin acu ar ais go dtí an baile chun cabhair a lorg dó, agus ar ball beag tháinig an lucht cabhrach, cuireadh ar shínteán é agus thug siad leo é.

Faoi bhrón, thum an mhaighdean mhara faoin uisce gan mhoill, agus d’fhill sí ar chaisleán a hathar. Chuaigh sí go dtí a gairdín speisialta féin gan a thuilleadh moille, d’fhonn a bheith gar dá dealbh ionúin, dealbh a raibh an-dealramh aige lena Prionsa dathúil.

De réir mar a shleamhnaigh na laethanta thart d’éirigh an mhaighdean mhara bheag ní ba mhachnamhaí agus ní ba chiúine fós. B’annamh a bhíodh meangadh gáire ar a haghaidh, agus dhiúltaíodh sí glan a bheith ag déanamh spóirt agus spraoi lena deirfiúracha.

“Inis do rún dúinn,” a d’impigh an deirfiúr ba shine uirthi lá. “Seans go mbeimis in ann cabhrú leat.”

“Ní féidir libh cabhrú liom,” arsa an mhaighdean mhara bheag. “Táim i ngrá le neach daonna, Prionsa ard dathúil.”

“Ach tá a fhios againn cá bhfuil cónaí air!” arsa an deirfiúr ba shine.

“Is minic a chonaiceamar ina bhád seoil é. Téanam ort, tabharfaimid chuig a phálás thú.”

Agus leis sin chuir na deirfiúracha lámha faoi ascaillí a chéile agus shnámh siad le chéile tríd an bhfarraige ghléineach go barr uisce. “Féach ansin!” arsa an deirfiúr ba shine, agus iad ag briseadh trí na tonnta. “Sin é a phálás; tá sé i mbéal toinne nach mór. Ní bhíonn sé de mhisneach againn snámh róchóngarach dó ach tagann an Prionsa amach ó am go chéile agus seasann sé ar na céimeanna marmair a théann síos chun na farraige.”

Tháinig aoibh an gháire ar aghaidh na maighdine mara bige, den chéad uair le cúpla lá anuas. “Tiocfaidh mé anseo pé uair is mian liom,” ar sise. “Táim sásta anois mar tá a fhios agam go gcífidh mé lá éigin é.”

D’éiríodh an mhaighdean mhara bheag go barr uisce gach maidin as sin amach, agus í ag tnúth go gcífeadh sí an Prionsa. Bhí sé de mhisneach aici snámh ní ba chóngaraí don mhórthír ná mar a rinne a deirfiúracha agus bhí súilaithne aici ar na hiascairí dá bharr sin. Chomh maith leis sin fuair sí eolas ar na hamanna a sheoladh an Prionsa a bhád.

“Cá fhad a mhaireann neacha daonna?” a d’fhiafraigh sí dá máthair chríonna lá amháin, agus í ag cíoradh a cuid gruaige finne.

“Ní mhaireann siad rófhada,” arsa a máthair chríonna. “Ach níl an saghas céanna báis i ndán dóibh is atá i ndán dúinn. Cad ina thaobh a bhfuil tú ag cur na gceisteanna céanna orm arís?”

“Ní theastaíonn uaim a bheith i mo chúr ar an bhfarraige,” arsa an Banphrionsa go brónach. “Is é mian mo chroí a bheith díreach cosúil leis na neacha daonna.”

Ar chloisteáil na cainte seo, bhris ar an bhfoighne ar a máthair chríonna. “Is maighdean mhara thusa,” ar sise go giorraisc leis an mBanphrionsa.

Tá eireaball éisc ort agus ní ghlacfar leat mar neach daonna. Ní thitfidh aon fhear daonna i ngrá leat choíche mar gheall ar d’eireaball éisc – is rud gránna é, dar leo.”

An oíche sin dúirt an mhaighdean mhara bheag amhrán dá hathair agus dá deirfiúracha, agus chan sí ní ba bhinne ná mar a chan sí riamh ina saol. Díreach ina dhiaidh sin d’éalaigh sí léi go ciúin. Bhí cinneadh déanta aici. Bhí sé beartaithe aici cuairt a thabhairt ar an gcailleach mhara uafásach, cailleach a raibh eagla ar gach éinne roimpi agus a raibh clú agus cáil uirthi ar fud ríocht na mara mar gheall ar a cuid cumhachtaí.

Ní raibh aon bhláthanna ag fás san áit a raibh cónaí ar an gcailleach mhara. Ní raibh ann ach poill ghuairneáin dhoimhne dhorcha agus bhí láib dhubh shleamhain i ngach aon áit feadh an bhealaigh. Bhí teach na caillí mara suite i measc giolcach ard cas a raibh cuma nathracha buí ramhra orthu. Bhí eanaigh chontúirteacha riascacha thart timpeall air mar a raibh cónaí ar ainmhithe nimhiúla na mara.

Bhí an áit seo duairc scéiniúil agus b’éigean di a misneach a mhúscailt sular shnámh sí i dtreo an tí.

Bhí an chailleach mhara ina suí ar bhinse cnámh, binse a bhí déanta as cnámha bána na ndaoine nár tháinig slán as longa a d’imigh go tóin poill. Bhí nathracha ag snámhaíl ar a géaga agus an peata ab ansa léi, buaf ramhar ghránna ina suí ina hucht.

“Tá a fhios agam cad atá uait,” arsa an chailleach mhara, chomh luath agus a shnámh an Banphrionsa chuici. “Teastaíonn uait fáil réidh le d’eireaball éisc agus dhá thaca coirp a bheith fút chun go dtitfidh an Prionsa óg daonna i ngrá leat.”

“Teastaíonn, teastaíonn!” arsa an mhaighdean mhara bheag de chogar. “Sin é díreach atá uaim. An gcabhróidh tú liom?”

“Cabhróidh, cabhróidh mé leat,” arsa an chailleach mhara, “má tá tú toilteanach díol as.”

“Tá, táim toilteanach díol as,” arsa an Banphrionsa.

“Mar sin, réiteoidh mé deoch dhraíochta duit. Caithfidh tú a hól nuair a bheidh tú ar thalamh tirim,” arsa an chailleach mhara. “Éireoidh d’eireaball seargtha agus ansin tiocfaidh deireadh leis. Beidh dhá chos fút ina áit. Ach beidh tú i bpian mhór. An bhfuil tú toilteanach fulaingt.”

“Tá, táim toilteanach fulaingt,” arsa an mhaighdean mhara de chogar.

“Pé uair a shiúlfaidh tú beidh sé mar a bheadh claíomh géar á sá sna cosa agat,” arsa an chailleach mhara. “Ach ní bheidh a fhios ag éinne mar gheall air seo, mar beidh coisíocht agus rince an-ghrástúil agat agus rachaidh do chuid gluaiseachtaí aoibhne i bhfeidhm go mór ar na neacha daonna.”

“Táim réidh chun an phian a fhulaingt,” arsa an mhaighdean mhara. “Ach cén praghas atá le díol agam as tabhartas seo an dá chos?”

“Caithfidh tú do ghlór a thabhairt dom,” arsa an chailleach. “ Is é an glór is binne i ríocht na mara é, agus tá sé uaim.”

Tháinig dath an bháis ar aghaidh an Bhanphrionsa. “Ach mura mbeidh glór agam conas a inseoidh mé don Phrionsa go bhfuilim go mór i ngrá leis?” ar sise go crithghlórach.

“Aithneoidh sé an grá i do shúile,” arsa an chailleach. “Ní bheidh gá le focail. Féachfaidh sé díreach isteach i do dhá shúil agus cífidh sé an grá iontu.”

“Is praghas daor é,” arsa an Banphrionsa ar deireadh, “ach táim toilteanach díol as.”

“Tá go maith,” arsa an chailleach. “Ach cuimhnigh air seo, mura dtitfidh an Prionsa i ngrá leat agus má phósann sé bean eile, fágfar croíbhriste thú agus i ndeireadh na dála claochlóidh tú i do chúr ar an bhfarraige.” Ní féidir leat filleadh ar chaisleán d’athar go deo na ndeor.”

“Tuigim,” arsa an mhaighdean mhara bheag de ghlór íseal. “Tuigim.”

Thug an chailleach a coire amach agus thosaigh sí ag réiteach na dí, an deoch dhraíochta a chlaochlódh an mhaighdean mhara ina cailín daonna. Chaith sí an iliomad ainmhithe aite gránna isteach sa choire a bhí ar fiuchadh. Chuir an mhaighdean mhara bheag a lámha ar a súile ionas nach bhfeicfeadh sí an leacht a bhí ar fiuchadh, leacht a bhí ag siosarnach leis agus a raibh gal ag teacht as fad is a bhí an chailleach á mheascadh is á mheascadh. Faoi dheireadh, nuair a bhí an deoch dhraíochta réidh, thum an chailleach buideál beag isteach sa choire agus líon sí leis an leacht é.

“Seo!” arsa an chailleach.” Beir leat an buidéal seo. Ná hól a bhfuil ann go mbeidh tú ar thalamh tirim.”

Thóg an mhaighdean mhara an buidéal as lámh na caillí ach ní raibh sí ábalta buíochas a ghabháil léi mar bhí a guth caillte aici cheana féin. Bhí sí balbh.

Choimeád an mhaighdean mhara bheag greim docht daingean ar an mbuidéal, agus shnámh sí díreach go pálás an Phrionsa. Tharraing sí í féin aníos ar an gcéad chéim den staighre marmair mar a raibh an Prionsa feicthe aici go minic roimhe sin. Ansin chrom sí ar ól na dí draíochta go dtí go raibh an buidéal diúgtha aici.

Ansin, tharla sé, díreach mar a dúirt an chailleach. Mhothaigh sí pianta uafásacha nuair a thosaigh a heireaball éisc ag seargadh. Bhí na pianta chomh géar sin nárbh fhéidir léi a bhfulaingt níos mó agus thit sí i laige. Bhí an mhaidin gheal ann sular oscail sí a súile arís, agus cad a chonaic sí ach an Prionsa féin agus é ina sheasamh os a cionn.

Chabhraigh sé léi éirí ina seasamh, agus nuair a d’fhéach sí síos chonaic sí go raibh cosa beaga seanga geala fíneálta fúithi.

Bhí an Prionsa an-tógtha leis an maighdean mhara bheag. Bhaist sé a dhílleachta mara uirthi, mar cheap sé gur tháinig sí slán as longbhriseadh éigin. Ón uair gur léir dó go raibh sí balbh, dhéanadh sé peataireacht uirthi agus bhíodh sé ina choda beaga timpeall uirthi. Thugadh sé gúnaí gleoite síoda di le caitheamh agus slipéir órga le cur ar a cosa beaga.

Níorbh fhada go raibh gach éinne ag cúirt an Phrionsa an-gheanúil ar an maighdean mhara bheag. Nuair a bhíodh sí ag rince, bhíodh a gluaiseachtaí chomh grástúil sin go gcuiridís an Prionsa faoi gheasa. “Níl rince chomh foirfe leis sin feicthe agam riamh i mo shaol,” a deireadh sé léi. Agus leis sin d’fhéachadh an mhaighdean mhara bheag air, a súile lán de ghrá, ach choimeádadh sí an tinneas coise faoi cheilt, pianta a bhíodh mar a bheadh claíomh á sá sna cosa aici ar bhogadh na gcos di.

Lá i ndiaidh lae, choimeádadh an Prionsa an mhaighdean mhara lena ais. Théidís ag siúl le chéile san fhoraois ghlas nó théidís ag marcaíocht i measc na gcnoc. Ní raibh an oiread sin áthais ar an maighdean mhara riamh roimhe sin. Ach cé go ndeireadh an Prionsa léi go minic go raibh grá aige uirthi, ba é an saghas céanna grá is a bhí aige ar a dheirfiúracha beaga. Ní bhíodh sé ag cuimhneamh uirthi riamh mar bhean chéile.

Lá amháin, d’inis an Prionsa di go mbíodh a chomhairleoirí ag rá leis go gcaithfeadh sé bean a roghnú le pósadh go luath.

“Níl aon fhonn pósta orm,” ar seisean le gáire. “Tá mo dhílleachta mara ionúin agam mar chomhluadar, agus déanann sí rince dom. Cad ina thaobh a mbeadh fonn pósta orm?”

Ní raibh an Banphrionsa mara ábalta ach a ceann a sméideadh agus miongháire a dhéanamh agus rinne sí tréaniarracht a bheith gealgháireach fad is a bhí an Prionsa ag labhairt ar an ábhar seo. “Dealraíonn sé go bhfuil banphrionsa fíorálainn i dtír in aice láimhe agus deirtear go bhfuil sí oiriúnach dom mar bhean chéile. Deir an Príomh-Aire agam go bhfuil sé de dhualgas orm cuairt a thabhairt ar a hathair, rí na tíre sin agus bualadh lena iníon.”

Nuair a bhí an long mhór deasaithe chun an Prionsa a thabhairt thar toinn, chuir sé fios ar an maighdean mhara bheag. “Ba dheas liom dá dtiocfá i mo theannta,” ar seisean. “Caithfidh mé súil thapa ar an mBanphrionsa seo agus fillfidh mé abhaile ina dhiaidh sin. Giorraíonn beirt bóthar, mar a déarfá.”

B’ait agus b’iontach leis an maighdean mhara a bheith ag seoladh ar long mhór trasna na mara.

Uair amháin, agus í ina seasamh ar deic ina haonar, chonaic sí a cúigear deirfiúracha ag snámh tríd an uisce faoina déin. D’fhéach siad uirthi, cuma bhrónach ar a n-aghaidh, agus shín siad a ngéaga geala ina treo. Ach ní raibh an mhaighdean mhara bheag ábalta beannú dóibh, ar an ábhar go raibh sí balbh. Ní raibh sí ábalta ach miongháire a dhéanamh agus a lámha a chroitheadh.

Nach í a bhí go himníoch agus í ag fanacht leis an uair a chasfadh an Prionsa ar an mBanphrionsa seo. Cinnte le Dia ní thitfeadh sé i ngrá léi. Siúráilte chasfadh sé ar a sháil agus thosódh sé ag déanamh socruithe chun filleadh abhaile. Bhí iníon an Rí ag feitheamh ag an gcé chun fáilte a chur roimh an bPrionsa. Ach, faraor géar, nuair a leag an mhaighdean mhara súil uirthi chaith sí a admháil gur spéirbhean mhaisiúil go deimhin í. Bhí sí ní b’áille ná aon chailín eile ag cúirt an Phrionsa.

Faoi dheireadh an lae, ba léir do gach éinne a bhí i láthair go raibh an Prionsa óg dathúil faoi gheasa aici. Ní hamháin go raibh sí fíorálainn ach bhí sí caoin cneasta leis agus bhí sí an-lách leis an maighdean mhara bheag.

Cúpla lá ina dhiaidh sin, dúirt an Prionsa leis an maighdean mhara, “taibhsítear dom go bhfuil tú ag éirí an-cheanúil ar an mBanphrionsa. Tá a fhios agam go bhfuil gean aicise ortsa cheana. Nuair a bheimid pósta, leanfaidh tú ort ag maireachtáil sa chaisleán in éineacht linn. Ní athróidh aon ní.”

Mar fhreagra, phóg an mhaighdean mhara lámh an Phrionsa, ach níor fhéach sí sna súile air ionas nach n-aireodh sé go raibh sí croíbhriste. Theip uirthi a phósadh. Bhí ráite ag an gcailleach mhara léi go bhfaigheadh sí bás dá bpósfadh an Prionsa aon bhean eile. Anois, ní bheadh sí ach ina cúr bán ar thonnta na farraige sula i bhfad.

Ba ghalánta an bhainis a bhí ag an bPrionsa agus a bhrídeog agus tar éis a bpósta chuaigh siad ar bord loinge chun filleadh ar phálás an Phrionsa. D’imigh an mhaighdean mhara bheag ina dteannta, a cuid bróin á choimeád faoi cheilt aici.

An oíche sin níor chodail an mhaighdean mhara. Bhí sí faoi scamall bróin. Bhí sí croíbhriste agus thuig sí go raibh an bás i ndán di ag breacadh an lae. Agus í ina seasamh ina haonar ar dheic na loinge móire, cad a chonaic sí ach a deirfiúracha féin ag éirí aníos as an bhfarraige. Bhí dath an bháis ar a n-aghaidh agus ní raibh a mbláithfholt fada ag sileadh leo síos ná ag séideadh sa ghaoth mar ba ghnách.

“Táimid tar éis ár mbláithfholt a thabhairt don chailleach mhara,” arsa an deirfiúr ba shine de bhéic, thar ghlór na dtonnta, “ionas gur féidir linn teacht i gcabhair ort”.

Ní gá duit bás a fháil anocht, tar éis an tsaoil. Thug an chailleach a scian airgid dúinn agus ní mór duit a sá i gcroí an Phrionsa roimh éirí na gréine. Déanfar eireaball éisc de do chosa nuair a thitfidh an fhuil orthu. Beidh tú i do mhaighdean mhara arís agus tiocfaidh tú ar ais chugainn.”

Thit an scian airgid ag cosa na maighdine mara agus fad is a bhí sí á piocadh suas thum a deirfiúracha faoi na tonnta. Ar nós taibhse, shleamhnaigh an mhaighdean mhara isteach i gcábán an Phrionsa mar a raibh sé ina chodladh, a bhrídeog álainn taobh leis. Sheas an mhaighdean mhara bheag ann ar feadh nóiméid, an scian ina láimh aici díreach os cionn a chroí. Ansin chas sí ar a sáil agus theith sí ón gcábán. Chaith sí scian na caillí i bhfad amach san fharraige. Fad is a bhí an scian ag dul faoi, léim an mhaighdean mhara bheag isteach san fharraige ina diaidh.

Ach, i ndeireadh na dála, níor chlaochlaigh an mhaighdean mhara stuama ina cúr bán ar na tonnta. Bhí áit speisialta i measc sprideanna maithe an tsaoil eile san aer bainte amach aici de thoradh a croí chineálta.

“Cá bhfuil mo thriall?” a d’fhiafraigh sí, agus í ag éirí go deas réidh in airde san aer. Agus dúirt na sprideanna léi, “Is duine againn féin anois thú toisc gur ghráigh agus gur fhulaing tú a lán.”

Ar maidin, chuardaigh an Prionsa dá chompánach ionúin i ngach aon áit, ach cuardach in aisce a bhí ann. “Is ait an rud é,” ar seisean lena bhean chéile óg. “Cé nach bhfuil sí in aon áit ar an long seo, braithim go bhfuil sí cóngarach dom i gcónaí.”

“Tá, táim,” arsa an mhaighdean mhara bheag de chogar, agus í ag cuimilt a éadain go muirneach. Ach ní raibh a fhios ag éinne gur labhair sí ach amháin an ghaoth agus an mhuir.