An Fear Sneachta (Leagan Simplí)

Fiona Ní Fhatharta a rinne an athinsint

Pictiúirí (c) Intercontinental Book Productions 1976

Fadó, fadó bhí fear sneachta mór ann.

Cheap sé go mbeadh sé ann go deo.

Bhí sé ina sheasamh in aice le cró madra.

“Ba bhreá liom a bheith in ann bogadh,” a dúirt sé lá amháin.

“Bogfaidh an ghrian thú,” arsa an madra.

“Chonaic mé na rudaí atá sí in ann a dhéanamh.”

Níor éist an fear sneachta leis, áfach.

“Bogfaidh mé mé féin. Ní bheidh baint ag an ngrian leis!” arsa an fear sneachta

“Fan go bhfeice tú,” arsa an madra.

Tháinig buachaill agus cailín óg amach as teach.

Bhreathnaigh siad ar an bhfear sneachta.

“Tá súil agam go mairfidh sé,” a dúirt an buachaill.

“Mise freisin,” arsa an fear sneachta leis féin.

D’inis an madra scéal dó faoin teach.

Bhí cónaí air sa teach leis an máistir uair amháin.

“Chaill siad spéis ionam nuair a thosaigh mé ag fás.

Thug siad don bhean an tí mé ansin,” arsa an madra.

Bhí cuimhní áille aige faoin teach.

“Thaitníodh an sorn go mór liom,” arsa an madra.

“Céard is sorn ann?” arsa an fear sneachta.

Níor chuala sé an focal riamh.

D’inis an madra dó a raibh i gceist leis.

“An féidir liom é a fheiceáil?” arsa an fear sneachta.

“Is féidir. Breathnaigh tríd an bhfuinneog,” arsa an madra.

Sin é an rud a rinne an fear sneachta.

Chonaic an fear sneachta an sorn álainn ansin.

“Bhí orm an teach a fhágáil,” arsa an madra.

“Bhain mé plaic as cailín a bhí ar cuairt. Ní mó ná sásta a bhí sí liom.”

Bhraith an fear sneachta go raibh ceangal aige leis an sorn.

“Ní féidir leat dul gar dó. Leáfar tú!” a dúirt an madra leis.

“Is cuma liom. Ceapaim go bhfuil mé ag leá cheana féin,” arsa an fear sneachta.

Bhreathnaigh sé ar an sorn mór, tarraingteach an lá ar fad.

An oíche fhuar sin, bhraith an fear sneachta níos fearr.

Ní raibh sé ag leá a thuilleadh.

“B’fhéidir go bhfuil seans agam bualadh leis an sorn!” arsa an fear sneachta.

“Tá a fhios agam céard atá mícheart leat,” a dúirt an madra leis an lá dár gcionn.

“Tá tinneas an tsoirn ort, nó tinneas grá.”

Níor thuig an madra an fáth a raibh fear sneachta i ngrá le sorn.

Ní raibh aon chiall leis.

Tar éis tamaill, d’éirigh an aimsir níos teo.

D’éirigh an fear sneachta níos lú.

“Is dócha gur tinneas an tsoirn is cúis leis seo,” arsa an fear sneachta.

“Is é an aimsir is cúis leis,” arsa an madra.

Ní raibh ach carn mór sneachta fágtha an lá ina dhiaidh sin.

Bhí brón ar na páistí.

“Ba é an fear sneachta ab fhearr a rinne muid riamh,” arsa an cailín.

“Smaoineamh maith a bhí ann sluasaid an tsoirn a úsáid chun cabhrú leis seasamh?” arsa an buachaill.

“Tuigim anois é!” arsa an madra leis féin.

“Bhí ceangal idir an fear sneachta agus an sorn mar gheall ar an tsluasaid.

Sin é ba chúis leis an tinneas a bhí air.”

Bhí an madra sona sásta leis féin.

Thit sé a chodladh agus níor smaoinigh sé ar an bhfear sneachta riamh arís.