An Fear Sneachta

Leagan Gaeilge le Érin O'Hara

Fadó fadó, bhí Fear Sneachta ann a bhí lánchinnte de go mbeadh sé beo go deo. Tháinig sé ar an saol um Nollaig sa chlós in aice leis an gcró madra, áit a raibh cónaí ar mhadra bhean an tí. Bhí dhá phíosa slinne aige mar shúile agus seanráca a bhí aige mar bhéal a chruthaigh fiacla a bhí sách láidir le píopa cré a choinneáil.

“Is trua é nach bhfuilim in ann bogadh,“ ar seisean leis an ngadhar, agus iad ag breathnú ar scáil na gealaí sa spéir dhubh. “Bheinn in ann rudaí iontacha a dhéanamh dá mbeinn in ann siúl.“

“Cuirfidh an ghrian an ruaig ort, fan go bhfeicfidh tú,” arsa an gadhar de ghlór garg. Ní raibh meas madra aige ar fhir sneachta. Is le mo dhá shúil féin a chonaic mé é le do leithéidse anuraidh agus arú anuraidh freisin.”

“Ní chreidim é,” arsa an Fear Sneachta. “Nuair a bhogfaidh mé, déanfaidh mé é ar mo shon féin é agus ní ar son na gréine.

“Fan go bhfeicfidh tú,” arsa an gadhar de ghlór garbh. “Airím athrú aimsire san aer. Beidh an ghaoth nimhneach sin a thaitníonn chomh mór sin leat imithe lá ar bith feasta.”

Go deimhin, d’athraigh an aimsir. Cé go raibh gaoth nimhneach fós á séideadh, tháinig an ghrian amach. Ach níor chuir sí isteach ar an bhFear Sneachta.

“Ní féidir leis an ngrian dochar a dhéanamh domsa,” arsa an Fear Sneachta go gaisciúil. “Nach ndúirt mé leat é?”

“Fan go bhfeicfidh tú,” arsa an gadhar go críonna.

Ansin, tháinig buachaill agus cailín óg isteach sa chlós agus sheas siad ag féachaint ar an bhFear Sneachta. “Nach bhfuil sé go deas mór agus ramhar?” arsa an cailín de gháire. “Rinneamar jab ceart as i mbliana,” arsa an buachaill go bródúil. “Tá súil agam go mairfidh sé…”

“Tá súil agamsa freisin é,” arsa an Fear Sneachta leis féin. “Tá súil agamsa freisin é.” Agus d’fhan sé go himníoch ar fhreagra an chailín. Ach ní dhearna an cailín ach gáire ó chroí agus pramsáil thart ar an sneachta crua le teann ríméid. Leis sin, d’imigh sí ar nós na gaoithe agus rith an buachaill ina diaidh.

“An iadsan na neacha céanna linne?” a d’fhiafraigh an Fear Sneachta den ngadhar agus é ag breathnú ina ndiaidh.

“Bhuel, is leis an máistir céanna iad,” a d’fhreagair an gadhar. “Is dócha nach mbeadh a fhios ag neacha cosúil leatsa, a rugadh lá nó dhó ó shin, tada faoi thada.

Tá a fhios agamsa faoi gach rud agus tá aithne agam ar gach duine a bhaineann leis an teach seo. Bhí uair ann, nuair nach raibh orm a bheith i mo luí anseo sa bhfuacht i laincisí.”

“Is aoibhinn liom an fuacht,” arsa an Fear Sneachta. “Ach inis dom cén fáth a raibh ort an teach a fhágáil.”

“I dtosach báire,” arsa an gadhar agus é ag déanamh toirnéise leis an slabhra, “bhíodh mé i mo luí ar chathaoir a bhí clúdaithe le veilbhit chomh mín le síoda agus bhí mé i mo pheata ceart ag an máistir agus an mháistreás. Bhíodh siad de shíor ag pógadh mo shróine agus ag glanadh mo lapaí nuair a d’éiríodh siad fliuch. Ach le himeacht ama d’éirigh mé rómhór le bheith i mo shuí ar a nglúine agus chaill siad spéis ionam. Ansin thóg an bhean an tí isteach mé.”

“Is dócha nár chuma leat faoi sin,” arsa an Fear Sneachta. “Is dócha nár thaitin an pógadh leat….”

“Níor thaitin, i ndáiríre,” a d’admhaigh an gadhar. “Agus cinnte bhí seomra iontach compordach ag bean an tí san íoslach agus bhí an bia chomh maith sin leis an mbia thuas staighre. Bhí mo chathaoir féin agam agus níos mó ama agam dom féim. Agus ní feidir liom dearmad a dhéanamh ar an sorn. Chodail mé go sámh faoin sorn i rith an Gheimhridh; ba í an uair ab fhearr den mbliain….”

“Sorn?” a cheistigh an Fear Sneachta. “Cad is sorn ann?”

“An ní is áille sa teach,” arsa an gadhar go maoithneach. “An bhfuil a fhios agat go mbíonn an sorn sin fós i mo bhrionglóidí…”

“An raibh sí – an raibh sí bán cosúil liomsa?” arsa an Fear Sneachta agus dúil mhór aige inti. “An raibh sí  ….cosúil liomsa in aon chor?”

“Ní raibh ar chor ar bith,” arsa an gadhar. “Tá an sorn chomh dubh le pic agus tá muinéal fada aici agus ceithre chos fúithi. Itheann sí smutáin tine agus tagann an tine amach as a béal ach ní dhéanfadh sí dochar duit dá gcoinneofá i leataobh uaithi nó dá rachfá fúithi.”

“An bhfuil sí – sé – fós ann?” a d’fhriafraigh an Fear Sneachta de agus spéis mhór aige inti anois.

“Cinnte,” arsa an gadhar. “Is féidir leat an sorn a fheiceáil tríd an íoslach ón áit a bhfuil tú i do sheasamh.”

D’fhéach an Fear Sneachta i dtreo an íoslaigh agus chonaic sé an sorn geal, álainn agus tine bhreá ag bladhmadh inti. Agus tháinig mothú aisteach air. Ba chosúil go raibh aithne aige ar an sorn le tamall fada agus go raibh sí á ghlaoch chuici.

“Cén fáth ar fhág tú í?” a d’fhiafraigh an Fear Sneachta de nuair a bhí sé in ann labhairt arís. “Conas a bhí tú in ann í a fhágáil?”

“Bhris an braon salach amach ionam maidin amháin leis an nia is óige atá ag an mbean tí,” arsa an gadhar de ghnúsacht. “Rinne sé iarracht an chnámh a bhí agam a ghoid uaim agus níor lig mé dó. Chun an fhírinne a rá, tháinig racht feirge orm agus bhain mé plaic – plaic an-bheag an dtuigeann tú – as a chos chlé. Ach bhí bean an tí ar buile liom. Tharraing sí amach mé an mhaidin sin chun na háite seo agus ceanglaíodh mé de shlabhra sa chró madra. Tharla sé sin blianta ó shin nuair a bhí mé sách óg ach tá cuimhne na seacht nduine ag mná tí, an dtuigeann tú.”

“Tuigim,” arsa an Fear Sneachta, “agus tá brón orm.” Ach ba bheag suim a bhí aige sa scéal anois. Bhí a chuid airde dírithe ar an sorn arís agus ar a ceithre chos leochaileacha. “Tá sí thart ar an méid céanna liomsa,” arsa an Fear Sneachta de chogar ceanúil. “Agus níl sí mórán níos airde ná mé féin!”

“Cad a dúirt tú?” arsa an gadhar.

“Tada a bhí tábhachtach,” a d’fhreagair an Fear Sneachta. “Airím ceangal láidir leis an sorn. Airím chomh splanctha sin ina diaidh gur bhreá liom a bheith in éineacht léi.

“Má théann tú gar di,” arsa an gadhar ag tabhairt foláirimh dó, “leáfaidh tú ar an bpointe.”

“Is cuma liom,” arsa an Fear Sneachta. “Airím mé féin ag titim as a chéile cheana féin.”

Chaith an Fear Sneachta an lá sin ar fad ag breathnú isteach trí fhuinneog an íoslaigh agus le titim na hoíche, thosaigh an sorn ag bladhmadh sa seomra dorcha díreach mar a bheadh sí ag iarraidh é a mhealladh chuici. Bhí an oíche sin chomh fuar feanntach sin go raibh an Fear Sneachta go deas préachta agus smaoinigh sé dó féin, “Nílim ag titim as a chéile ar chor ar bith. Tá beocht ionam fós. Tá seans ann go mbuailfidh mé leis an sorn fós.”

Ar maidin, bhí fuinneoga an íoslaigh clúdaithe le leac oighir agus bhí an sorn as radharc. Chuaigh creathán fuachta tríd an bhfear sneachta. Is ag dul i léig ar fad a bhí an chuma ramhar agus mheidhreach a bhí air. “Tá a fhios agam go maith céard atá cearr leat, tá tinneas an tsoirn ort,” arsa a chara, an gadhar. “Sin an cineál tinnis a bhíonn ar dhaoine uaireanta ach tinneas grá an t-ainm atá air. Ach caithfidh mé a admháil gurb í an chéad uair í a chonaic mé Fear Sneachta ag titim i ngrá le sorn. Tá mearbhall orm. Ar aon chaoi, tiocfaidh athrú ar an aimsir – seans nach bhfeilfidh sé duit in aon chor.

Go deimhin, d’athraigh an aimsir. Thosaigh an sneachta ag leá agus de réir a chéile ba ag éirí níos tanaí a bhí an Fear Sneachta. “Táim ag éirí níos lú agus níos lú,” a d’adhmaigh an Fear Sneachta leis an ngadhar agus imní an domhain air. “Caithfidh gur tinneas an tsoirn atá mar chúis leis.”

“Is é an aimsir é,” arsa an gadhar go cliste. “Chonaic mé cheana féin é. Ní bheidh rian fágtha amárach díot.”

Níor fhreagair an Fear Sneachta é mar anois bhí sé in ann breathnú trí fhuinneog an íoslaigh agus an sorn dubh, bladhmach a fheiceáil.

An mhaidin dar gcionn, ní raibh fágtha den bhFear Sneachta ach meall sneachta ar an talamh. Rith an buachaill agus an cailín amach as an teach chun breathnú ar an gcarn mór sneachta agus chun an píopa cré a shábháil le haghaidh bliana eile. “Is brónach an rud é slán a ghabháil lenár bhFear Sneachta,” arsa an cailín. “Ba é an cheann ab fhearr a rinneamar riamh é.”

“Agamsa a bhí an smaoineamh é a thógáil timpeall polla,” arsa an buachaill.

“Agamsa a bhí an smaoineamh an tsluasaid a cheangal den bpolla chun cabhrú leis seasamh suas go díreach,” arsa an cailín. “Ní mór dúinn an tsluasaid a fhágáil ar ais ag an sorn. Sin an áit as ar tháinig sí.”

“Á,” a smaoinigh an gadhar dó féin, agus é ina luí síos ag éisteacht leo. “Tuigim gach rud anois! Ba leis an sorn rud éigin a bhí istigh sa bhFear Sneachta. Míníonn é sin tinneas an tsoirn a bhí air; tá sé go breá soiléir anois.

Agus é sásta go raibh an rún réitithe aige, rinne sé dearmad glan ar an bhFear Sneachta agus thit sé a chodladh.