An Cnoc Sí

Leagan Gaeilge le Séamus Ó Coileáin

Fadó, fadó, bhí teachín dearóil ar imeall moinge, nach raibh ann i ndáiríre ach fásach mór fairsing. Bhí an teachín chomh seanchaite sin go mbeadh sé tite as a chéile ar fad murach go raibh an cnocán taobh thiar de ina thaca aige. Ba sa teachín sin a raibh cónaí ar Sheán agus ar Shorcha lena máthair. Seanbhean chríonna ab ea í sin a raibh cuma ghránna uirthi; bhí sí bacach, bhí a géaga lúbtha agus casta agus bhí cruit ar a droim aici. Ba chuma é sin go léir dá gcaitheadh sí go deas agus go lách lena leanaí, ach ní mar sin a bhí. Thugadh sí íde béil dóibh go minic agus ní thugadh sí moladh do Sheán ná do Shorcha riamh, ach bhíodh sí anuas orthu ó éirí go luí na gréine gan chúis gan údar. Ina ainneoin sin go léir, dhéanadh an bheirt leanaí a ndícheall i gcónaí í a shásamh ionas go mbeadh saol réidh aici. D’oibrídís ó dhubh dubh. Ghearradh Seán adhmad sa choill, chruinníodh sé beacáin agus sméara agus bhí an oiread scile aige le bogha agus saighead nach mbíodh an mháthair riamh gan blúire feola. Shaothraíodh Sorcha gairdín na mbláthanna agus na nglasraí timpeall an teachín. Bhaineadh sí fiaile agus tharraingíodh sí uisce i mbuicéad ón sruthán a bhí ag bun an chnoic le caitheamh ar an ngairdín.

Bhí an tseanbhean chomh bacach sin nárbh fhéidir léi lámh chúnta a thabhairt leis an obair sa choill ná sa ghairdín. D’fhanadh sí sa teachín agus scuabadh sí an t-urlár agus chócaráladh sí béilí, agus cé nach mbíodh aoibh ar a béal riamh, thugadh sí togha na haire do na leanaí; choinníodh sí na seomraí codlata chomh glan le scilling agus bhíodh togha an bhia aici dóibh i gcónaí.

Uair sa tseachtain, ghléasadh Seán an seanchapall faoin gcairt, chuireadh sé ualach beacán, bláthanna agus glasraí air agus d’imíodh sé chuig an margadh le Sorcha chun iad a dhíol. B’fhada ó bhaile a bhí an margadh sin agus bhí foraois mhór fhairsing idir an baile agus an teachín agus ní raibh bóthar ná cosán tríthi. Murach go raibh an oiread sin misnigh agus nirt ag Seán is ar éigin a thabharfadh sé faoin turas in aon chor.

Bhí cait fhiáine fhíochmhara, toirc allta agus faolchúnna craosacha san fhoraois agus babhta amháin chonaic siad béar fiú. Ach b’iontach an t-aimsiú a bhí ag Seán lena bhogha agus mharaíodh sé roinnt mhaith faolchúnna agus cat fiáin agus dhéanadh a máthair agus a deirfiúr cumhdaigh theolaí leapan as na seithí.

Ba bhreá le muintir an bhaile earraí a cheannach ó bheirt leanaí a bhí chomh dea-bhéasach agus chomh dathúil sin. Ba mhinic a chaithidís tréimhsí fada ag caint leo agus chuireadh freagraí béasacha agus eolasacha na beirte idir áthas agus iontas orthu.

Plúróg cheart ba ea Sorcha lena súile corcairghorma agus a folt fada dréimreach donn agus slataire breá ba ea Seán lena shúile dorcha macánta agus ba dheacair a shamhlú go ndéanfadh sé dochar ar bith. Bhí cion thar na bearta ag an mbeirt dá chéile agus ba threise an cion sin de bharr na hoibre a dhéanaidís, de bharr na gcontúirtí a sháraídís agus de bharr chruálacht na máthar. Nuair a thugadh an mháthair léasadh dóibh thugaidís sólás dá chéile.

Lá amháin, ach go háirithe, chaith sí chomh hainnis sin leo gur bhris ar an bhfoighne orthu. Dhíol siad a raibh d’earraí sa bhaile acu agus thug siad abhaile gach ar ordaigh an mháthair don lardrús mar aon le suim bhreá airgid. Nach ise a bheadh sásta leo an uair seo, a cheap siad. Ach ní hamhlaidh a bhí. Chuir sí ina leith gur choinnigh siad roinnt pinginí dóibh féin le caitheamh ar mhilseáin. Shéan an bheirt go ndearna siad a leithéid ach b’obair in aisce é. Rug an tseanbhean ar a maide, chaith sí Seán an doras amach agus thug sé léasadh na muc is na madraí do Shorcha nó gur éirigh a lámh traochta.

Le scaitheamh anois, ba lú an léasadh agus an drochíde a thugadh sí do Sheán i gcomparáid le Sorcha; bhí an buachaill ag éirí rómhór agus thuig sí gur mhó a ghoilleadh sé air nuair a thugadh sí léasadh do Shorcha seachas dá dtugadh sí léasadh gan trua gan taise dó féin.

Chúb Seán a lámha um a dheirfiúr a bhí ag gol go faíoch agus thug sé leis í go himeall na foraoise mar ar shuigh siad síos ar chrann tite.

“Ní chuirfidh me suas a thuilleadh leis an gcaoi a gcaitheann ár máthair leat, a Shorcha,” arsa Seán. “Téanam, ragham amach faoin domhan ar thóir saibhris dúinn féin. Tá an bheirt againn in ann obair a dhéanamh agus ní fhéadfadh go mbeadh an cás ní ba mheasa ná mar atá sé anseo againn.”

Bhí Sorcha ag gol go fóill le teann péine agus bróin, ach d’fhreagair sí láithreach é. “Ach, a Sheáin, ní féidir linn ár máthair a fhágáil; tá sí críonna agus bacach agus níl ar a cumas aon obair a dhéanamh a thuilleadh agus murach an bheirt againne gheobhadh sí bás den ocras.”

“Is fíor duit,” arsa Seán agus osna á ligean aige. “Beidh orainn fanacht socair agus cur suas léi. Éist, cén torann é sin?”

Chuir siad cluas le héisteacht orthu féin agus chuala siad duine ag lorg fóirithinte san fhoraois. Léim Seán ar a chosa láithreach bonn, rug sé ar a bhogha agus rith sé i dtreo an ghutha agus Sorcha sna sála air. Tar éis tamaill tháinig siad ar bhlár agus cad a chonaic siad ach seanfhear seargtha agus é á chosaint féin lena bhata siúil ar fhaolchú fíochmhar. Bhí cóta an fhir sractha stróicthe agus bheadh a phort seinnte ar fad murach gur tharraing Seán a shaighead agus gur aimsigh sé croí na honchon. Thit an faolchú ina chnapán fuar marbh ar an talamh.

Bhí an chuma ar an seanfhear go raibh sé tnáite traochta tar éis na coimhlinte leis an bhfaolchú fíochmhar. Tharraing sé anáil mhór fhada agus arsa seisean: “Gabhaim buíochas ó chroí leat, a bhuachaill chróga, as mo thabhairt slán ón mbás. Ba dhóbair go raibh greim scórnaí ag an bhfaolchú orm ach gur chuir tú saighead ann.”

“Is fíochmhar agus is contúirteach iad na faolchúnna, go deimhin,” arsa Seán. “Bhí an t-ádh leat gur chualamar do liú.”

“Bhí go cinnte,” arsa an seanfhear, “ach tá mo chóta nua fionnaidh sractha stróicthe.”

“Tar linn abhaile,” arsa Sorcha, “agus deiseoidh mé do chóta duit agus beidh seans agat do scíth a ligean. Tabharfaidh ár máthair rud éigin le n-ithe duit.”

“Nach ormsa a bhí an t-ádh,” arsa an seanfhear agus aoibh an áthais ar a bhéal. “Tháinig buachaill breá láidir chun fóirithinte orm ar dtús agus anois is mian le gearrchaile álainn mo chóta a dheisiú agus tabharfaidh a máthair bia do thaistealaí ocrach tuirseach. N’fheadar ach gur sióga sibh! Tá tusa chomh gleoite le sióigín, a leanbh.”

“Ní haon sióg mise,” arsa Sorcha. “Níl ionainn ach deartháir agus deirfiúr bhocht a dhéanann a ndícheall cúnamh a thabhairt dár máthair. Bean bhacach is ea í agus ní féidir léi aon airgead a thuilleamh di féin.”

“Tá go maith,” arsa an strainséir cairdiúil. “Téanam anois chuig bhur dteach. Dhéanfadh béile maitheas dom.”

D’ardaigh Seán an faolchú marbh ar a dhroim agus thug siad faoin mbaile. Bhí ionadh an domhain ar na leanaí a máthair a fheiceáil agus na deora léi agus í ag réiteach an tsuipéir. Níor thúisce a chonaic sí Seán agus Sorcha, áfach, nó gur lig sí liú aisti: “Cá raibh sibh, a ghiollaí na leisce? Cuirfear a chodladh gan suipéar sibh!”

Bhain an seanfhear a hata de, chrom sé a cheann go béasach agus arsa seisean: “Bhí mé i gcruachás ceart; thug faolchú fíochmhar fogha fúm, ach chuir do mhaicín iontach saighead trína chroí.”

“Sin mar a bhíonn aige,” arsa an tseanbhean go clamhsánach, “b’fhearr leis a bheith amuigh ag fiach seachas ag déanamh oibre.”

“Ansin, gheall d’iníon álainn go ndeiseodh sí an cóta a stróic an faolchú orm,” arsa an seanfhear, “agus dúirt sí go bhféadfainn suipéar a chaitheamh libh. Ba mhór agam é dá bhféadfainn greim a fháil le n-ithe.”

“Is cuma leis na leanaí a thuilleadh oibre a tharraingt orm,” arsa an tseanbhean faoina fhiacla gan trua gan taise, “ach ó tharlaíonn go bhfuil tú anseo anois tá sé chomh maith agat suí chun boird.” Ansin leag sí glasraí úra ón ngairdín agus giorria rósta, a mharaigh Seán, ar an mbord agus bhí béile breá acu go léir. Nuair a d’ith siad a sáith, shuigh Sorcha cois fuinneoige agus chrom sí ar chóta an tseanfhir a dheisiú, d’fheann Seán an faolchú, agus ghlan an mháthair an bord agus nigh sí na gréithre.

Ní dhearna an strainséir aon rud ach a scíth a ligean cois tine. Bhí sé tnáite traochta agus nuair a rinne sé iarracht méanfach a cheilt orthu dúirt Seán leis go bhféadfadh sé luí ar a leaba féin agus go gcodlódh seisean ar an sop.

An mhaidin dar gcionn agus Séan agus Sorcha ar tí tús a chur lena lá oibre, bhí an seanfhear réidh le n-imeacht uathu. “Cad atá ag dul daoibh, a leanaí,” ar seisean, “as a ndearna sibh dom?”

“Faic na ngrást,” arsa Seán agus ábhar feirge air, “cé a lorgódh airgead ar bheagán féile?”

“Gaibh mo leithscéal,” arsa an seanfhear, “níor theastaigh uaim cur isteach ort. Cheap mé go ndéarfá a leithéid. Cogar, tabharfaidh mé rud is fearr ná airgead duit óir ní haon dóithín mé. Táim críonna ach is draíodóir mé.” Sheas Sorcha i leith a cúil le teann eagla.

“An mar sin é?” arsa Seán go magúil. “Cén fáth nár chuir tú an faolchú faoi gheasa mar sin agus tú san fhaopach?”

“Is fíor duit, a mhaicín,” arsa an seanfhear. “Bhí ar mo chumas é sin a dhéanamh ach theastaigh uaim bhur dtástáil. Theastaigh uaim do chrógacht a thaispeáint, a Sheáin, agus go raibh tú sásta teacht chun fóirithinte orm; agus theastaigh uaim do chineáltas a thástáil, a Shorcha, agus a thaispeáint go bhfuil croí mór agat. Is deas mar a dheisigh tú mo chóta fionnaidh, a chroí.”

“Is maith liom go bhfuil tú sásta,” arsa Sorcha go cúlánta.

“Ní foláir nó go gceapann tú gur draíodóir mé a dhéanann dochar do dhaoine. Seans go bhfuil eagla ort go ndéanfainn péist allta díot. Ná bíodh aon eagla ort óir ní dhearna mé a leithéid riamh. Tháinig mé anseo chun cabhrú libh. Tá a fhios agam gur bean chrua-chroíoch mhíthrócaireach í bhur máthair. Tá a fhios agam go dtugann sí íde béile do Sheán agus léasadh do Shorcha, fiú amháin nuair nach ndéantar aon ní as an tslí. An bhfuil a fhios agaibh cén fáth a ndéanann sí a leithéid? Is bean óg álainn lách í i ndáiríre, ach chuir asarlaí ainbheartach faoi gheasa í a d’athraigh a gnúis agus a colainn agus a thug uirthi caitheamh go cruálach libh.”

“A dhuine uasail lách,” arsa Sorcha d’olagón, “an saorfá í le do thoil?”

“Faraor géar, a leanbh, níl ar mo chumas a leithéid a dhéanamh,” arsa an draíodóir. “Ní féidir le draíodóir cur isteach ar obair draíodóra eile, ach tá a fhios agam conas an gheis a bhriseadh. An eol daoibh an fuarán atá ar bharr an chnoic?”

“Is eol go maith,” arsa Seán, “ach ní dheachaigh mé ann riamh. Cnocán sí atá ann agus is ann a bhíonn na haosáin ag spraoi. Níl aon eagla faolchúnna orm ach is beag is fiú mo saighde i gcoinne na n-aosán agus cé a thabharfadh aire do Shorcha agus dár máthair dá gcuirfeadh na haosáin faoi gheasa mé?”

“Is fíor duit,” arsa an seanfhear. “Ach, mar sin féin, ní mór daoibh an cnoc a thabhairt oraibh féin. Más áil libh bhur máthair a shaoradh ní mór don bheirt agaibh an cnoc a dhreapadh agus buicéad uisce a fháil ón bhfuarán atá ar a bharr in airde. Ní leor duine amháin agaibh. Ní mór don bheirt agaibh dul le chéile. A thúisce a ólfaidh bhur máthair uisce an fhuaráin beidh a cló féin uirthi arís. Ní mór daoibh imeacht ar bhuille meáin lae agus ní mór an buicéad uisce a thabhairt trasna an tsrutháin ag bun an chnoic sula mbuailfidh an clog a haon. Déanfaidh an t-ainsprid agus na haosáin a ndícheall cur isteach oraibh, ach ní bheidh siad in ann aon dochar a dhéanamh daoibh i ndáiríre toisc go bhfuil bhur gcroí glan.

A thúisce a rachaidh sibh trasna an uisce reatha ní bheidh siad in ann sibh a leanúint. Bíodh misneach agaibh agus bígí san airdeall agus beidh an lá libh, luath nó mall, cé nárbh fhurasta é.”

Leis sin, chroith sé lámh Sheáin, chuimil sé folt dréimreach Shorcha agus d’imigh sé as radharc.

An lá dar gcionn ar bhuille meáin lae, rug Sorcha ar an mbuicéad agus as go brách leo i dtreo an fhuaráin dhraíochta. Ní raibh sé an fhaid sin uathu agus murach gur chnoc sí a bhí ann níorbh fhada a ghlacfadh sé siúl suas agus anuas ann. Bhí Seán ar tinneall agus bhí crith cos is lámh ar Shorcha agus iad ag dul suas an cnoc, ach nuair nár airigh siad aon rud mhéadaigh ar a misneach. Nuair a d’éirigh leo an fuarán draíochta a bhaint amach gan aosán ná sióg ar bith a fheiceáil ba mhó fós an faoiseamh a bhí orthu.

Áit álainn a bhí ann. D’eascair an fuarán gléigeal as scailp dhorcha agus thit sé ina eas beag anuas ar lochán carraigeach. Bhí daracha glasa ar a raibh bláthanna geala timpeall ar an lochán mar aon le raithneach síodúil agus bhí fál rósóg a bhí faoi lánbhláth ar gach taobh de. Sceith an t-uisce thar bhruach an locháin síos leitir an chnoic mar ar shreabh sé isteach sa sruthán.

Líon na leanaí an buicéad go gasta agus ansin shuigh siad síos ar an bhféar faoi scáth na ndaracha go ligfidís a scíth. Tháinig siad aníos an cnoc go tapaidh agus bhí an ghrian garg. Rith iora rua síos omhna crainn agus d’fhéach sé go fiosrach ar an mbeirt. Tháinig giorria an treo agus sheas sé ar a dhá chos deiridh mar a bheadh fear beag. Chuir na hainmhithe gleoite an oiread sin áthais ar na leanaí gur bheartaigh siad ar fhanacht mar a raibh siad tamaillín eile. B’fhada an tamall é uair an chloig, pé scéal é.

“A Sheáin, is dóigh liom gur thit ár gcodladh orainn,” arsa Sorcha de liú agus í ag éirí ina seasamh de gheit. Bhí an oiread sin fuadair uirthi go ndeachaigh a cos i bhfostú i bhfáithim a gúna agus gur baineadh tuisle aisti. Leagadh an buicéad agus doirteadh an t-uisce go léir as. Bhain Seán an brach as a shúile agus chonaic sé Sorcha ag roithleagadh síos an cnoc agus an buicéad folamh ina lámh aici. Bhí sí ag fógairt fóirithinte ar Sheán agus rith sé ina diaidh, rug sé greim uirthi agus rinne sé iarracht í a chur ina seasamh arís. Ní raibh aon mhaith ann, áfach.

“Cad atá ort, a Shorcha?” arsa Seán, “Cén fáth nach féidir leat seasamh ar do chosa?”

“Ní féidir,” ar sise agus í ag scairteadh gáire, “óir tá fáithim mo ghúna fuáilte le chéile! Caithfidh go ndearna na haosáin é agus sinn inár gcodladh. Níl braon sa bhuicéad!”

“Líonfaimid arís am éigin eile é,” arsa Seán agus é ag iarraidh í a chur ar a suaimhneas. “Scaoilfidh mé na greamanna ar fháithim do ghúna agus rachaimid abhaile. Cogar, an bhfaca tú mo scian?” Chuardaigh sé thoir agus thiar, thuas agus thíos, ach ní raibh aon tásc uirthi.

“Caithfidh gur thit sí de mo chrois agus mé i mo chodladh,” ar seisean.

“Ní foláir nó gur sciob na haosáin í ionas ná féadfá na greamanna a scaoileadh,” arsa Srocha. “Ní bheimid in ann aon uisce a fháil inniu. Conas a rachaidh mé abhaile? Ní féidir liom roithleagadh síos an cnoc ar fad mar a bheadh liathróid ann.”

“Iompróidh mé thú,” arsa Seán agus leis sin d’ardaigh sé ina baclainn í. Thosaigh sé ag téaltú síos an cnoc ach toisc go raibh Sorcha sách trom bhí air stopadh anois agus arís chun a scíth a ligean. Níor thúisce trasna an tsrutháin iad nuair a bhuail an clog a haon.

“Scaoil liom, a Sheáin,” arsa Sorcha, “níl fáithim mo ghúna ceangailte a thuilleadh. Is féidir liom siúl arís.”

“Tá mo scian anseo i mo chrios. Conas nár aimsíomar ar ball í?” arsa Seán.

“Asarlaíocht a bhí ann,” arsa Sorcha, “agus tháinig deireadh leis nuair a thrasnaíomar an sruthán. Nach cuimhin leat a ndúirt an seanfhear faoin uisce reatha? Nach sinne a bhí baoth! Caithfimid a bheidh san airdeall an chéad uair eile nó ní bhfaighimid an t-uisce go brách agus beidh ár máthair faoi gheasa go deo.”

Lá margaidh ba ea an lá dar gcionn. Bhí orthu dul chun an bhaile agus dá bhrí sin ní raibh deis acu an cnoc a dhreapadh. An chéad lá eile nach raibh ualach rómhór oibre orthu, áfach, d’imigh siad leo arís agus an buicéad acu. Lá an-bhrothallach a bhí ann agus arsa Sorcha: “Téimis tríd an gcoill mar a mbeidh scáth ón ngrian ghrag againn agus ní bheidh an tuirse chéanna orainn.”

Leis sin, d’imigh siad go leitir chrannmhar an chnoic agus thosaigh siad ag dreapadh.

Bhí sé breá fionnuar ar dtús, ach ansin d’éirigh an cosán starrógach agus corrach ionas gur dheacair siúl air agus d’éirigh na sceacha chomh dlúth sin gur dheacair a mbealach a dhéanamh tríothu. Chuaigh Seán chun tosaigh chun na craobhacha a lúbadh. Chuaigh sé suas ard crochta agus thiontaigh sé chun lámh chúnta a thabhairt dá dheirfiúr, ach ní raibh tásc ná tuairisc uirthi. Mheas sé gurbh amhlaidh a chuaigh sí i bhfostú sna sceacha agus rith sé siar chuici. Ní raibh aon radharc uirthi, áfach. Ghlaoigh sé uirthi as a hainm.

Ní bhfuair sé de fhreagra ach macalla a ghutha féin. Ansin scairt an choill ina hiomláine amach ag gáire.

“Na haosáin atá ann,” arsa Seán leis féin agus cuma mhílítheach air leis an eagla. “Cár thóg siad Sorcha?” Thosaigh sé ag cuardach. D’fhéach sé faoi gach sceach, faoi gach tom, taobh thiar de gach carraig, ach tásc ná tuairisc ní raibh ar Shorcha. Shuigh sé síos ar omhna crainn agus é in umar na haimléise. Leis sin, phreab scata coiníní amach as na sceacha agus thosaigh siad ag spraoi agus ag macnas os a chomhair amach gan eagla gan faitíos. Bhí Seán ag féachaint ort beag beann ar an saol nuair a chonaic sé cat mór allta ag téaltú síos leitir an chnoic agus a súile dírithe ar na coiníní aici amhail is go raibh sé chun fogha a thabhairt fúthu. Tharraing Seán a shaighead agus mharaigh sé an cat láithreach. Theith na coiníní as radharc i bhfaiteadh na súl.

Lig Seán osna faoisimh as agus lean sé air ar thóir a dheirféar. Ní raibh ach coiscéim nó dhó curtha de aige nuair a sháigh coinín mór glas a chaincín amach as poll agus arsa seisean: “Gabhaimid buíochas ó chroí leat as an gcat sin a mharú. Is mór againn a bhfuil déanta agat óir thagadh an cat sin anseo gach lá agus d’itheadh péire againn.”

Bhí ionadh an domhain ar Sheán, óir níor casadh air riamh ina shaol coinín a raibh labhairt an duine aige. Chrom an coinín mór a cheann le hómós agus lean sé air ag caint: “Mar sin, gabhaim buíochas leat thar ceann an uile choinín againn.” I bhfaiteadh na súl bhí na céadta coinín le feiceáil ar gach taobh de agus iad ag cromadh a gceann agus ag rá i nglór íseal bíogánach: “Go raibh maith agat, a mháistir Seán.”

“Táim sásta gur mharaigh mé an cat agus go bhféadfainn teacht chun fóirithinte oraibh,” arsa Seán. “Ach conas is eol daoibh m’ainm?”

“Tá cónaí ort sa teachín atá in aice an tsrutháin agus is minic a chonaiceamar thú,” arsa an coinín mór, “ach cad atá ar siúl agatsa anseo?”

“Táim ar thóir mo dheirféar,” arsa Seán leo go béasach, cé gur mheas sé go raibh na coiníní thar a bheith fiosrach. “Ba mhian linn dul suas an cnoc chuig an bhfuarán chun buicéad uisce a fháil ach níl tásc na tuairisc ar Shorcha anois. Ní foláir nó gur thóg na haosáin í.”

Thosaigh na coiníní ag caint lena chéile agus ba mhór an callán a bhí ar bun acu. D’ordaigh an coinín glas dóibh a bheith ina dtost. Nuair a bhí tost ann arís, arsa seisean: “Caithfidh sibh an cailín a lorg láitheach bonn agus tuairisc a chur chugam a luaithe a aimseoidh sibh í.”

Preab, preab, d’imigh na coiníní leo. “Ní fada go bhfeicfidh tú do dheirfiúr dhil arís, a Sheáin,” arsa an coinín mór. “Ní féidir leis na haosáin í a thabhairt den chnoc agus ní fada go n-aimseoidh mo dheartháireacha í.”

“Ach nach bhfuil eagla na n-aosán agus drochshióg oraibh?” arsa Seán.

“Níl,” arsa an coinín mór, “ní dhéanfaidh siad aon dochar dúinn. Is é an cine daonna amháin a gcuireann siad isteach orthu. Seo chugainn ar ais mo dheartháireacha anois. Níor ghlac sé i bhfad orthu.” Tháinig leath dosaein coiníní chucu de phreabanna agus iad ag liú in ard a gcinn agus a ngutha: “d’aimsíomar í, d’aimsíomar í!” Thosaigh an callán arís agus níobh fhéidir focal ar bith a dhéanamh amach. “Éistigí,” arsa an seanchoinín, “labhraíodh coinín amháin san am. Cá bhfuil sí?”

“Ní fada uainn í. Tá sí faoi thom.”

“An bhfuil sí gortaithe?” arsa Seán agus imní air.

“Ní dóigh liom é, a mháistir Seán, ach ní féidir linn í a bhogadh.”

Nuair a bhain siad amach an áit a raibh Sorcha, bhí sí ina luí ar an talamh agus í ceangailte go dlúth le corrán craipleach a bhí faoi bhláth. Bhí sí i bhfostú chomh dlúth sin nárbh fhéidir léi géag a bhogadh ná a béal a oscailt fiú. Bhí scian Sheáin ina chrios aige an uair seo, áfach. Níorbh fhada gur ghearr sé an corrán craipleach agus gur scaoil sé a dheirfiúr saor.

“Cad a tharla duit?” ar seisean.

“Chuaigh mo chos i bhfostú sa chorrán craipleach agus chrom mé síos chun í a scaoileadh,” arsa Sorcha. “I bhfaiteadh na súl bhí mé clúdaithe le mogalra dlúth den chorrán craipleach.”

“Na haosáin uafásacha sin is cúis leis seo,” arsa an coinín de liú. “Ach cén fáth a dteastaíonn uaibh uisce a fháil ó bhfuarán ansin thuas agus sruthán in aice libh thíos ansin?”

Bhí drogall ar Sheán aon rud a rá, ach arsa an coinín go séimh: “Is féidir libh a insint dom; seans gur féidir liom cabhrú libh.”

Ní raibh aon drogall ar na leanaí a thuilleadh agus d’inis siad an scéal agus ba é a dúirt Seán ar deireadh: “Leanfaimid orainn nó go n-éireoidh linn.”

“Seans go mbeidh feitheamh an-fhada oraibh,” arsa an coinín go crosta. “Tá a haosáin ar fud an chnoic go léir agus cuirfidh siad isteach oraibh i gcónaí.”

“Cad a dhéanfaimid mar sin?” arsa Sorcha go holagónach agus a lámha á mbascadh aici. “Caithfimid ár máthair a shaoradh!”

“Ná bí ag gol, a mhuirnín,” arsa an coinín agus é á cur ar a suaimhneas. “Chabhraigh do dheartháir linn agus cabhróidh mise libh anois. An eol daoibh an caorthann?”

“Is maith is eol dúinn é,” arsa Seán, “tá ceann ag fás sa ghairdín againn.”

“Ar fheabhas,” arsa an coinín. “Nuair a rachaidh sibh ar thóir an uisce ní mór do gach duine agaibh craobh chaorthainn a thabhairt libh. Tá eagla an chaorthainn ar na haosáin agus ní dhéanfaidh siad aon dochar daoibh má bhíonn craobh ar iompar agaibh.”

Ghlac an deartháir agus an deirfiúr buíochas leis an gcoinín as a dhea-chomhairle, bhain Seán a chlóca de agus d’umhlaigh Sorcha, óir ba gheall le duine é an t-ainmhí cliste, dar leo, agus leis sin chuaigh siad abhaile.

An lá dar gcionn chur siad chun bóthair arís den tríú huair. Bhí craobh chaorthainn ina chrios ag Seán agus chuir Sorcha blúire de ina blús. Ní raibh tásc ná tuairisc ar na haosáin ar a mbealach suas an cnoc don bheirt agus bhain siad an fuarán amach gan deacracht gan fadhb. Nuair a chrom Seán síos chun an buicéad a líonadh, áfach, thosaigh an t-uisce agus sioscarnach agus ag bruachtaíl amhail is go raibh sé ar fiuchadh. Tharraing sé siar de gheit, agus arsa seisean go crosta: “Is cosúil nach aon chúnamh é an caorthann, ach oiread.”

“Feicfimid linn,” arsa Sorcha agus roinnt sméar á mbaint de na craobhacha aici agus á gcaitheamh isteach san uisce suaite. Chuaigh an t-uisce chun suaimhnis láitheach bonn agus líon siad an buicéad gan aon deacracht. Chualathas glamhaíl agus uallfart uafáis ina dtimpeall. “Ná bíodh aon eagla ort,” arsa Seán. “Tá na haosáin ar buile toisc nach féidir leo aon dochar a dhéanamh dúinn a thuilleadh.”

Thosaigh siad ag siúl síos an cnoc go cúramach leis an mbuicéad lán uisce. D’éirigh fál dlúth sceiche aníos os a gcomhair amach a chosc a tslí orthu. Leag Sorcha a craobh chaorthainn air agus d’imigh sé as radharc láithreach. Ansin tháinig béar ollmhór ina dtreo. Bhí Seán ar tí saighead a chaitheamh leis ach arsa Sorcha: “Ná caith é; níl aon scáth ag an mbéar; níl ann ach scáil.” Bhagair sí don bhéar le craobh chaorthainn agus thiontaigh an t-ainmhí agus d’imigh sé leis. Ansin, sheas fathach a raibh lorgaid ina lámh aige amach as an gcoill. Chaith Sorcha sméar leis agus leádh é. Tháinig dragún anála tine amach as na sceacha ansin, ach nuair a bhuail Seán leis an gcaorthann é rinneadh smidiríní de. In ainneoin gur tharraing na haosáin scamaill cheo agus deannaigh anuas orthu; in ainneoin na glamaíola agus na huallfairte go léir a bhí le cloisteáil ina dtimpeall, níor lig na leanaí do na haosáin cur isteach orthu, ach lean siad orthu go deas réidh nó gur bhain siad an sruthán amach. Bhí an oiread sin calláin agus gleo ar siúl ag na haosáin gur thit úlla de na crainn agus go ndearna na clocha ar chiumhais an bhóthair cling cnag. Ní dhearnadh aon dochar don bheirt leanaí, áfach.

A thúisce a leag siad cos ar bhruach thall an tsrutháin mhaolaigh an clampar agus bhí tost ina dtimpeall. Bhí a gcroí ag bualadh go tréan agus iad ag dul isteach sa ghairdin. Bhí a máthair ina suí lasmuigh den doras agus í ag ní glasraí.

“Tabhair dom deoch uisce, a Shorcha,” ar sise ní ba shéimhe agus ba láiche ná riamh, “táim spalptha leis an tart.”

“Tabharfaidh go deimhin,” arsa Sorcha agus áthas an domhain uirthi. Leis sin thug sí deoch uisce dá máthair ón mbuicéad. Shlog an mháthair an t-uisce siar.

Níor tharla aon rud ar dtús. Ansin, thosaigh gach rud ag guairneán. Tháinig meabhrán cinn ar Sheán agus ar Shorcha agus bhí orthu a súile a dhúnadh. Ansin de gheit bhí gach rud socair arís agus bhraith Sorcha lámha uimpi agus chuala sí glór séimh á rá: “A iníon dhil, is dócha nach bhfuil insint ar an bhfulaingt atá déanta agat ag mo lámha! An maithfidh tú dom choíche é?”

Chuimil Sorcha a súile. In ionad na caillí gránna bhí ógbhean álainn os a comhair amach, agus í gléasta in éadach gealdaite.

“A mháthair ionúin,” arsa Sorcha agus deora an áthais léi, “níl aon ní le maitheamh. Bhí tú faoi gheasa agus ní raibh aon neart agatsa air.”

“Ní raibh in aon chor,” arsa an ógbhean go sollúnta.

“A Sheáin, a mhic, gabh anseo agus tabhairt maithiúnas dom freisin. Tá a fhios agam go ngoilleadh sé go mór ort nuair a thugainn léasadh do Shorcha. Suígí beirt anseo le m’ais anois agus inseoidh mé daoibh ar tharla.

“Nuair a cailleadh bhur n-athair, ní raibh ionat ach buachaillín beag, a Sheáin. Shaothraigh mé an talamh leis an gcomharsa – fear maith a chabhraigh go mór liom. Tháinig draíodóir cumhachtach chun an tí lá amháin agus d’iarr sé orm é a phósadh. Dhiúltaigh mé dó agus alltacht orm ag rá: “Ní phósfaidh mé thú choíche. Is iad mo leanaí is tábhachtaí liom sa saol.”

Ba é a dúirt an fear mailíseach ansin: “Bíodh agat! Déantar cailleach ghránna díot a thabharfaidh íde agus léasadh dóibh agus nach ndéarfaidh focal deas leo choíche. Má dhéanann tú a mhalairt déanfar dealbha cloiche díobh.”

D’imigh ár dteach féin agus teach na comharsan as radharc agus ina n-áit bhí an teachín ainnis seo. Bhí cuma dhifriúil ar an tírdhreach go léir. Níorbh ann a thuilleadh de na goirt threafa ná de na gairdíní glasa a bhíodh lán de bhláthanna. Ní raibh ann ach fásach, foraois agus fraochmhá feidheartha. Ní raibh aon rogha agam, a mhuirníní, ach fanacht anseo agus íde agus léasadh a thabhairt daoibh in ainneoin briseadh croí a bheith orm. Nuair a bhíodh sibh as baile bhínn ag gol go faíoch agus ba mhinic a deirinn liom féin gurbh fhearr mo lámha a chúbadh umaibh agus sibh a phógadh fiú dá ndéanfaí dealbha cloiche díbh. B’fhearr a bheith in bhur dealbha cloiche gan chiall gan tuiscint ná a bheith ag fulaingt de shíor, ach dhéanainn athchomhairle ansin agus b’fhearr liom fanacht nó go nbrísfí an gheis. Táim saor anois agaibh, a leanaí cróga, agus tá deireadh lenár dtrioblóidí.”

Baineadh croitheadh as an talamh, bhúir an sruthán mar a bheadh tarbh agus shéid gaoth mhór tríd an bhforaois. Arís eile bhí an chuma air go raibh gach rud ag guairneán. Nuair a tháinig deireadh leis bhí an fásach agus an fhraochmhá, an teachín agus an cnoc, agus gach a raibh ann imithe. Bhí teach breá ina sheasamh i lár gairdín a bhí lán le bláthanna agus bhí móinéir agus goirt chuithneacha le feiceáil ar gach taobh. D’éirigh scaird uisce ghléighil aníos as fuarán. Shiúil fear ard bánfhéasógach amach as an gcoill agus shín sé a lámh i dtreo mháthair na leanaí.

“Is é m’athair baiste atá ann,” ar sise go lúcháireach agus rith sí anonn chuige. “Ní foláir nó gur tusa a chabhraigh leis na leanaí teacht chun fóirithinte orm.”

“Bhí a fhios agam go raibh tú ag streacailt,” arsa an seanfhear. “Chonaic mé a chrógacht agus a fheabhas a bhí na leanaí, agus chabhraigh mé leo a oiread agus arbh fhéidir liom.

Ba iadsan amháin a d’fhéadfadh an chuid ba dheacra den chúram a dhéanamh. Téanam isteach sa teach go beo agus ceiliúraimís an lá iontach seo.”

Níorbh fhada go raibh Seán ar an bhfeirmeoir ab fhearr agus ab eagnaí a bhí riamh sa taobh sin tíre agus ionas nach dtiocfadh aon ainsprid i ngiorracht dóibh choíche arís, chuir sé craothainn sa ghairdín agus ar chiumhais na gcosán go léir sna páirceanna. Tá siad fós le feiceáil ar an bhfraochmhá sa lá atá inniu ann.