An Bréag-Phrionsa agus an Fíor-Phrionsa

Leagan Gaeilge le: Aoife Ní Chonghaile

Lá te, grianmhar a bhí ann.

Dhúisigh an rí agus chuir sé air a éadaí.

Shiúil sé tríd an halla, agus chonaic sé grúpa fear.

Dúirt duine de na fir: ‘A Shoilse, bhí troid taobh amuigh. Bhuail an fear seo an prionsa.’

‘An raibh aon arm ag an bprionsa?’ a d’fhiafraigh an rí.

‘Bhí daigéar aige, ach níor úsáid sé é,’ arsa an fear óg, ‘Thosaigh sé ag caoineadh mar go raibh a shrón ag cur fola.’

Ní raibh an rí sásta faoi seo.

‘Beidh an fear os comhair na cúirte i gceann ceithre lá dhéag,’ arsa an rí.

Chaith an fear óg gach lá ag cuardach cúnaimh. Bhí a fhios aige go gcuirfeadh siad chun báis é.

Ar an gceathrú oíche dhéag, bhí sé ag siúl thart sa bhaile. Bhí sé brónach.

Ansin, go tobann, chonaic sé seanbhean.

‘Tá a fhios agam do scéal,’ arsa an tseanbhean, ‘agus tá mé in ann cúnamh a thabhairt dhuit.’

‘Déanfaidh mé rud ar bith,’ arsa an feag óg.

‘Pós mé, agus beidh tú saor,’ arsa an tseanbhean.

‘Ach tá tusa sean agus tá mise óg! Níl mé ag iarraidh tú a phósadh!’ arsa an fear óg.

D’éirigh an tseanbhean olc. D’imigh sí léi.

Tháinig imní ar an bhfear óg. Thuig sé nach raibh aon rogha aige ach í a phósadh.

Rith sé i ndiaidh na seanmhná.

‘Pósfaidh mé tú,’ arsa an fear óg, ‘ach tabhair cúnamh dom le do thoil.’

Chuaigh siad chuig teach an tsagairt. Gheall sé go bpósfadh sé an tseanbhean.

Ansin, thug sí comhairle don fhear óg.

 

An lá dár gcionn, chuaigh sé go dtí an chúirt. Bhí an halla lán go béal. Thosaigh sé ag insint an scéil:

‘A rí, bhí tusa pósta leis an mbanríon. Ní raibh aon leanbh agaibh. Mar sin d'uchtaigh an bhanríon leanbh. Ní raibh a fhios agat faoi seo. Ní raibh a fhios ag aon duine, ach an sagart. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, cailleadh an banphrionsa. Is é an leanbh sin an prionsa anois.’

‘Lean ort leis an scéal,’ arsa an rí.

‘Lá amháin, bhí tú amuigh ag fiach,’ arsa an prionsa. ‘Chonaic tú cailín álainn. Thit tú i ngrá léi. Thug tú cuairt uirthi chuile lá. Faoi dheireadh, phós sibh. Ach ní raibh a fhios ag aon duine gur phós sibh.

‘Thug tú trí fháinne, agus slabhra le crois di. Chuir tú i dteachín tuí í. Thug tú cuairt uirthi chuile sheachtain. Ach ansin bhí ort dul ag troid ar son na tíre. Nuair a tháinig tú ar ais, ní raibh sí sa teachín tuí níos mó. Ní raibh a fhios ag aon duine cá raibh sí. Ach tá a fhios agamsa.’

‘Chuaigh sí ar ais chuig a hathair. Bhí a fhios ag a hathair cé tú féin. Bhí olc air nuair a chuala sé go raibh sibh pósta. Deir sé go gcoinneodh sé slán uait í, go dtí go n-inseofá di gur rí tú.’

‘Tamall ina dhiaidh sin, rugadh mise. Is é mo sheanathair a thóg mé. Seo iad na fáinní agus an chrois a thug tú do mo mháthair,’ arsa an fear óg.

Leag an fear óg an seodra os comhair an rí.

‘Tá sé fíor,’ arsa an rí, ‘seo é mo mhac, agus ní mac liom an fear eile. Agus beidh sé seo mar rí tar éis mo bháis.’

D’imigh an rí agus a mhac nua isteach i seomra eile.

‘Cén chaoi an raibh an scéal sin ar eolas agat?’ a deir an rí.

D’inis an prionsa dó faoin tseanbhean a thug an seodra dó.

D’inis sé dó gur gheall sé í a phósadh. Cé nach raibh sé ag iarraidh é sin a dhéanamh.

‘Gheall tú go bpósfá í, agus sin mar a dhéanfaidh tú,’ a deir an rí.

Ghlaoigh an rí isteach ar oifigeach.

Dúirt sé leis: ‘Cuir fios ar an sagart. Cuir ceist air cá bhfuil an tseanbhean. Ansin, tabhair isteach anseo sa bpálás í.’

D’aimsigh siad an tseanbhean agus thug siad isteach sa bpálás í.

Chuaigh siad isteach sa séipéal. Phós an prionsa an tseanbhean.

Níor chaith siad mórán ama le chéile.

Chaith an prionsa chuile lá ag fiach. D’fhan an tseanbhean sa bhaile.

Oíche amháin, bhí an prionsa ag dul a chodladh. Chuala sé torann ó sheomra na seanmhná.

Chuaigh sé isteach ina seomra. Céard a chonaic sé, ach cailín óg, álainn. Bhí iontas ar an bprionsa.

‘Is mé atá ann, is mé do bhean,’ a deir sí. ‘Inseoidh mé mo scéal duit.’

‘Is é rí Granada m’athair. Nuair a bhí mé an-óg, chuir síog mhallaithe faoi gheasa mé. Chuir sí cuma sheanchaillí orm. Thóg an bhanaltra ón phálás mé. Bhí an-mheas aici sin orm. Chónaigh muid lena chéile sa chathair seo.

‘Lá amháin, tháinig seanfhear chuig an doras. Bhí sé an-tinn. Thug an bhanaltra isteach é agus thug sí aire dó. Tháinig biseach air. D’inis sé di gur draoi a bhí ann.

‘D’inis an bhanaltra mo scéal dó. Mhol sé dom fear a fháil a gheallfadh mé a phósadh sula mbeinn cúig bliana déag d’aois. Ansin, d’iompódh mé i mo chailín óg arís.

‘Ba dheacair dom é sin a dhéanamh, go dtí gur chas mé ortsa. Bhí a fhios agam do scéal. Agus bhí mé in ann cúnamh a thabhairt duit.

Bhí áthas ar an bprionsa.

‘Anois, ba mhaith liom teachtaireach a sheoladh chuig m’athair. Táim cinnte go gcuirfeadh sé beannacht orainn,’ arsa sí.

Mhair siad go sona sásta le chéile.