Page 6 - An Mhaighdean Mhara Bheag (C)
P. 6

Thuig sí go raibh an Prionsa i mbaol a bháite mura sábhálfadh

               sí é  –  chaithfeadh  sí a chinntiú go  n-éireodh léi amhlaidh a

               dhéanamh.

                       Bhí na mairnéalaigh ag scréachaíl agus ag béicíl le go dtiocfadh


               duine i gcabhair orthu  ach níor  lig an mhaighdean mhara bheag

               uirthi gur chuala sí ar chor ar bith iad. Ní raibh sise ach ag cuardach

               an Phrionsa agus nuair a tháinig sí air faoi dheireadh, bhí sé ar an dé

               deiridh cheana féin.

                       Choinnigh sí a cheann os cionn uisce agus í á tharraingt i dtír,

               agus ansin le  cibé  neart a bhí fágtha inti tharraing sí aníos ar an

               ngaineamh buí mín é. D’fhan sí ann ar a sáimhín só ar feadh tamaill,

               an fear daonna ina gabháil aici, agus í ag féachaint síos air. Ansin,

               shleamhnaigh sí ar ais  san fharraige,  agus  chaith sí an oíche ag


               feitheamh agus ag faire.

               Le breacadh an lae, chonaic sí an Prionsa ag dúiseacht, agus níorbh

               fhada  gur tháinig  grúpa  cailíní  óga anuas chun na  trá. Nuair a

               chonaic siad an Prionsa, rith cailín amháin acu ar ais go dtí an baile
   1   2   3   4   5   6   7   8   9   10   11