Page 5 - An Mhaighdean Mhara Bheag (C)
P. 5

Bhí ceol ag teacht ón long, agus de réir mar a bhí an oíche ag
               éirí ní ba dhorcha, lasadh na mílte laindéar, agus níorbh fhada go


               raibh an deic dubh le daoine dea-ghléasta. Tar éis tamaillín tháinig
               ógfhear ar deic, é ag gáire go meidhreach agus gloine ina ghlac aige.


               Ó, bhí sé an-dathúil ar fad agus chuir sé an dealbh úd a bhí aice sa
               ghairdín sa bhaile i gcuimhne di. Tar éis tamaill, thuig an

               mhaighdean mhara bheag gur Phrionsa é agus gurbh é a bhreithlá a

               bhí ann an lá sin.



                       Bhí sé de mhisneach ag an maighdean mhara bheag snámh ní

               ba ghaire don long mhór, a heireaball fada ag glioscarnach go geal

               faoi sholas na lóchrann. Ach thum sí de gheit faoi na tonnta nuair a

               phléasc cith roicéad órga suas sa spéir go tobann, agus d’fhág na

               spréacha scáil ar an  bhfarraige mar  a  bheadh na mílte  réalta

               glioscarnach ann.

                       Nuair  a  bhí an  chóisir  thart,  na soilse  múchta  agus  síocháin

               agus suaimhneas le brath  ar bhord na loinge  arís, thuig an


               mhaighdean mhara bheag go raibh sé in am di filleadh ar phálás a

               hathar arís. Ach bhí  leisce uirthi an long a fhágáil, agus mar  sin

               shnámh sí  timpeall agus timpeall, ag moilleadóireacht roimh

               imeacht di. Ansin chonaic sí scamaill dhorcha sa spéir. Bhí stoirm ar

               an mbealach. D’ardaigh an ghaoth agus bhí oibriú i bhfarraige.

                       Tháinig mairnéalaigh ar deic faoi dheifir, stríoc siad na seolta

               móra  agus  ghabh  siad an long trasna  na dtonnta.  Ach,  faraor, i

               gcroílár na doininne, bhris na crainn seoil agus d’iompaigh an long

               beal fúithi.


                       Shnámh an mhaighdean mhara bheag go himníoch i measc na

               mbíomaí adhmaid agus i measc na mbairillí a bhí ar snámh ar na

               tonnta móra géara. Thuig sí nach mbeadh aon neach daonna in ann

               teacht slán as an bhfarraige ropánta.
   1   2   3   4   5   6   7   8   9   10