Page 1 - An Mhaighdean Mhara Bheag (C)
P. 1

An Mhaighdean Mhara Bheag


                       Fadó, fadó, bhí maighdean mhara bheag ghleoite ann. Ba é Rí

               na Mara a hathair. Mhair sise in éineacht leis agus  lena cúigear

               deirfiúracha in áit iontach sa duibheagán.

                       Bhí iníonacha uile Rí na Mara fíorálainn, ach ba í an iníon ab


               óige, an mhaighdean mhara  bheag an  iníon ab  áille ar fad. Bhí a

               craiceann chomh mín le peitil róis agus a súile ar dhath an ghormáin.

                       Bhí an mhaighdean mhara bheag ní  ba chiúine ná  a

               deirfiúracha. Chaitheadh sí an lá ar fad ag súgradh le héisc, éisc a

               raibh a ngainní ar dhath an óir agus an airgid, éisc a bhíodh ag

               snámh isteach  is amach tríd an  gcaisleán ó mhaidin go hoíche.
   1   2   3   4   5   6