Page 5 - Emelya agus an Gailliasc
P. 5

Ní raibh aon leigheas aige air, d’éirigh sé ina sheasamh agus chuir sé air
            a chuid buataisí agus a chaftan. Fuair sé téad agus an tua, chuaigh sé amach

            sa chlós, léim sé isteach sa charr sleamhnáin agus ar seisean de bhéic:

              “Osclaígí na geataí, a mhná!”

              Agus arsa céilí a dheartháireacha leis:

              “Cad atá ar siúl agat sa charr sleamhnáin, a ghamail? Níor chuir tú an
            capall faoi fós.”

              “Is féidir liom é a dhéanamh gan chapall,” arsa Emelya.

              D’oscail céilí a dheartháireacha an geata agus arsa Emelya faoina fhiacla:

              “A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí! Ar aghaidh leat

            chuig an gcoill, a chairr shleamhnáin!”
              Cad a tharla ansin, ach d’imigh an carr sleamhnáin amach an geata as a

            stuaim féin ar nós na gaoithe.

              Bhí an choill ar an taobh eile den bhaile agus leag an carr sleamhnáin

            roinnt daoine agus é ag taisteal tríd an mbaile. “Stop é! Gabh  é!” arsa

            muintir an bhaile de bhéic. Níor thug Emelya aon aird orthu ach thug sé ar
            an gcarr sleamhnáin taisteal níos tapúla.

              Bhain sé an choill amach agus stad an carr sleamhnáin agus arsa Emelya:

              “A Ghailléisc an  mhórchroí, tabhair  toradh  ar mo  ghuí!  Gearr roinnt

            adhmaid thirim, a thua agus tagadh brosna isteach sa charr sleamhnáin

            agus ceanglaítear ina mburlaí iad.”
              Cad a tharla ansin, ach thosaigh an tua ag gearradh agus ag scoilteadh an

            adhmaid thirim agus tháinig brosna isteach sa charr sleamhnáin agus

            ceanglaíodh le chéile ina mburlaí iad. D’ordaigh Emelya don tua ansin bata

            a ghearradh dó, bata a bheadh chomh trom sin gurarbh ar éigin a bheadh

            sé in ann é a ardú. Sheas sé in airde ar an ualach brosna agus ar seisean:
              “A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí! Imigh leat abhaile

            anois, a chairr shleamhnáin!”

              Leis sin, d’imigh an carr sleamhnáin ar nós na gaoite. Chuaigh Emelya ar

            ais tríd an mbaile inar leag sé an oiread sin daoine roimhe sin agus bhí siad

            go léir ag feitheamh leis. Ghabh siad é agus tharraing siad amach as an gcarr
            sleamhnáin é agus thosaigh siad ag tabhairt íde na muc is na madraí dó.
   1   2   3   4   5   6   7   8   9   10