Page 3 - Emelya agus an Gailliasc
P. 3

Bhí sé ag féachaint agus ag féachaint

                                                              agus cad a chonaic sé ach Gailliasc ag

                                                              snámh leis san uisce. Sháigh sé a

                                                              lámha isteach san uisce agus rug sé
                                                              caol díreach ar an nGailliasc lena dhá

                                                              láimh.

                                                                 “Nach breá an súp Gailléisc a

                                                              bheidh  againn don  dinnéar inniu!”

                                                              ar  seisean agus  áthas an domhain
                                                              air.

                                                                 Ach leis  sin labhair an Gailliasc i

                                                              nglór duine agus arsa seisean:

                                                                 “Scaoil      liom,     Emelya,        agus

                                                              déanfaidh mé gar duitse lá éigin

                                                              eile.”
                                                                 Lig Emelya gáire as.

               “Cén gar a d’fhéadfása a dhéanamh domsa? Déarfainn go dtabharfaidh

            mé abhaile anois díreach thú agus go ndéarfaidh mé  le  céilí mo

            dheartháireacha súp a dhéanamh díot. Is aoibhinn liom súp Gailléisc.”

               Ach thosaigh an Gailliasc ag impí air arís agus ar seisean:
               “Scaoil liom, Emelya, agus déanfaidh mé rud ar bith ort.”

                “Ceart go leor,” arsa Emelya, “ach ní mór duit a chruthú dom ar dtús

            nach bhfuil tú ag iarraidh an dallamullóg a chur orm.”

               “Inis dom a bhfuil uait,” arsa an Gailliasc.

               “Ba mhian liom go rachadh na buicéid abhaile astu héin gan braon uisce
            a shileadh.”

               “Go breá, Emelya,” arsa an Gailliasc, “Pé rud atá uait, níl le déanamh agat

            ach an méid seo a rá:

               “’A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí!’”

               Agus leis sin, gan chuimhneamh gan smaoineamh, arsa Emelya:
               “A Ghailléisc an mhórchroí, tabhair toradh ar mo ghuí! Imígí abhaile libh

            anois, a bhuicéada, asaibh héin.”
   1   2   3   4   5   6   7   8