Page 2 - Emelya agus an Gailliasc
P. 2

F
                                            adó, fadó bhí seanfhear sa Rúis agus bhí triúr mac aige.

                                            Bhí beirt acu an-chliste ach amadán ceart ba ea an tríú

                                            mac, Emelya.

                                          Bhíodh an bheirt mhac ba shine ag obair i gcónaí agus

                                       chaitheadh Emelya an lá ar fad ina luí ina aice leis an sorn
                                       ar a shaimhín só.

                                          D’imigh an bheirt deartháireacha leo chun an mhargaidh

                                       lá amháin, agus arsa na mná céile:

                                          “Imigh leat ag triall ar uisce dúinn, a Emelya.”

                                          Bhí Emelya ina luí ina chnap in aice leis an sorn, agus arsa
                                       seisean:

                                          “Ní imeoidh. Níl aon fhonn orm.”

                                          “Imigh leat, Emelya, nó ní thabharfaidh  do

                                       dheartháireacha aon bhronntanais abhaile ón margadh

                                       chugat.”
                                          “Maith go leor mar sin,” arsa Emelya.

                                          D’éirigh sé ina sheasamh agus chuir sé  air a chuid

                                       buataisí agus a chaftan. Fuair sé dhá bhuicéad agus tua

                                       agus d’imigh sé leis chun na habhann.

                                          Rinne sé poll san oighear leis an tua, líon sé an dá
                                       bhuicéad le huisce agus ansin chrom sé síos chun féachaint

                                       isteach sa pholl.
   1   2   3   4   5   6   7