Page 10 - Emelya agus an Gailliasc
P. 10

Cad a tharla ansin ach tiontaíodh  Emelya ina fhear óg  dathúil nach

            bhfacthas a leithéid riamh.

               Um an dtaca sin chuaigh an Sár amach ag seilg agus níorbh fhada gur

            tháinig ar phálás áit nach bhfaca sé pálás riamh roimhe sin.
               “Cé hé an t-amadán a thóg pálás ar mo chuid talún?” ar seisean agus seol

            sé duine dá shaighdiúirí amach féachaint cé a rinne é.

               Rith an saighdiúir chuig an bpálás, sheas sé faoi fhuinneog agus

            d’fhiafraigh sé de Emelya cérbh é héin.

               “Abair leis an Sár teacht chugam go gcloisfidh sé ó mo bhéal féin cé hé
            mise,” arsa Emelya.

               Rinne an Sár amhlaidh agus bhuail Emelya leis ag geata an pháláis. Thug

            sé isteach sa phálás é, chuir sé ina shuí cois boird é agus chuir sé féasta ar

            fáil dó. D’ith agus d’ól an Sár a sháith agus bhí iontas an domhain air.

               “Cé thú héin, a fhir mhaith?” a d’fhiafraigh an Sár de i ndeireadh thiar

            thall.
               “An cuimhin leat Emelya an tAmadán a tháinig ar cuairt chugat ar bharr

            soirn?” a d’fhiafraigh Emelya de. “An cuimhin leat gur ordaigh tú go gcuirfí

            i mbairille é in éineacht le d’iníon Sáraibhne Marya agus go ndúnfaí le tarra

            é agus gcaithfí amach san fharraige iad? Is mise Emelya. Más mian liom é,

            is féidir liom do ríocht ar fad a dhó go talamh.”
               Bhí eagla an domhain ar an Sár agus d’impigh sé ar Emelya maithiúnas a

            thabhairt dó.

               “Féadfaidh tú m’iníon a phósadh agus féadfaidh tú mo ríocht ar fad a

            bheith agat chomh maith má fhágann tú mo bheatha agam, Emelya,” arsa

            seisean.

               Ansin, cuireadh féasta mór ar siúl, a leithéid nach bhfacthas riamh ar
            dhroim an domhain mhóir.

               Pósadh Emelya agus Sáraibhne Marya agus bhí ceannas acu ar an ríocht

            ar fad agus mhair siad go sona sásta as sin amach.
   5   6   7   8   9   10   11